|
+Airteagal 55 2. |
Airteagal 55 2.I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór teorainn a chur le líon na gceart úsáide, bunóidh sé go soiléir na cuspóirí arna saothrú trí bhíthin an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach faoin Airteagal seo, tabharfaidh sé cúiseanna leis na cuspóirí sin, agus déanfaidh sé iad a chainníochtú, i gcás inar féidir sin, agus béim chuí á cur aige ar an ngá atá ann cuspóirí margaidh náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh. De bhreis ar an iomaíocht a chur chun cinn, beidh na cuspóirí a fhéadfaidh na Ballstáit a leagan amach d'fhonn an nós imeachta roghnúcháin a dhearadh teoranta do cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
cumhdach a chur chun cinn;
(b)
an cháilíocht seirbhíse is gá a áirithiú;
(c)
úsáid éifeachtúil an speictrim raidió a chur chun cinn, lena n-áirítear trí choinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide agus leibhéal na dtáillí a chur san áireamh;
(d)
nuálaíocht agus forbairt gnó a chur chun cinn. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile roghnú an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear aon réamhchéim chun rochtain a fháil ar an nós imeachta roghnúcháin, a shainiú go soiléir agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an roghnú sin. Luafaidh sé go soiléir freisin toradh aon mheasúnaithe ghaolmhair ar staid iomaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch an mhargaidh agus cuirfidh sé cúiseanna ar fáil le haghaidh úsáid fhéideartha na mbeart de bhun Airteagal 35 agus le haghaidh roghnú na mbeart sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|