+Airteagal 120 Foilsiú faisnéise
---+Airteagal 120 1.
---+Airteagal 120 2.
---+Airteagal 120 3.
---+Airteagal 120 4.
---+Airteagal 120 5.
---+Airteagal 120 6.

Airteagal 120 Foilsiú faisnéise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 120 1.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear ar fáil go poiblí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin. Déanfaidh siad fógra a fhoilsiú ina n-iris oifigiúil náisiúnta ina ndéantar cur síos conas a fhoilsítear an fhaisnéis agus cá bhfoilsítear í. Foilseofar an chéad fhógra den sórt sin faoin 21 Nollaig 2020, agus ina dhiaidh sin foilseofar fógra gach uair a dhéantar aon athrú ar an bhfaisnéis atá ann.
Airteagal 120 2.
Cuirfidh na Ballstáit cóip de na fógraí sin uile faoi bhráid an Choimisiúin tráth a bhfoilsithe. Dáilfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide mar is iomchuí.
Airteagal 120 3.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear agus go gcoinnítear cothrom le dáta ar bhealach iomchuí gach faisnéis ábhartha maidir le cearta, coinníollacha, nósanna imeachta, táillí, muirir agus cinntí a bhaineann le húdaruithe ginearálta, le cearta úsáide agus le chearta saoráidí a shuiteáil chun go mbeidh rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin.
Airteagal 120 4.
I gcás ina gcoinnítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar leibhéil éagsúla rialtais, go háirithe faisnéis maidir le nósanna imeachta agus coinníollacha i leith cearta saoráidí a shuiteáil, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta gach dícheall réasúnach, agus ag féachaint do na costais, chun forléargas atá acrach don úsáideoir den fhaisnéis uile sin, lena n-áirítear faisnéis ar leibhéil ábhartha rialtais agus na húdaráis atá freagrach chun iarratais ar chearta chun saoráidí a shuiteáil a éascú.
Airteagal 120 5.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear na hoibleagáidí sonracha a fhorchuirtear ar ghnóthais faoin Treoir seo agus go ndéantar na margaí do tháirgí agusseirbhísí sonracha agus na margaí geografacha a shainaithint. Faoi réir rúndacht tráchtála a chosaint, áiritheoidh siad go gcuirfear faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil go poiblí, ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin,.
Airteagal 120 6.
Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a chuireann said ar fáil go póiblí de bhun mhír 5 a sholáthar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm a mbeidh rochtain éasca uirthi, agus dáilfidh sé an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide mar is iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas