+Airteagal 3 4a.

Airteagal 3 4a.

Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna agus bearta tacaíochta a áireamh ann lena n-éascaítear ráta glactha comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, lena gcumasaítear leictreachas in-athnuaite a úsáid go leibhéal atá comhsheasmhach le rannchuidiú náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a)(2), de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, rachaidh an creat sin i ngleic leis na bacainní atá fós ann maidir le hardleibhéal soláthair leictreachais in-athnuaite, lena n-áirítear na bacainní sin a bhaineann le nósanna imeachta um dheonú ceadanna, agus le forbairt an bhonneagair tarchurtha, dáileacháin agus stórála is gá, lena n-áirítear stóráil fuinnimh chomhshuite. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an leictreachas in-athnuaite breise is gá chun freastal ar an éileamh in earnálacha an iompair, na tionsclaíochta, na tógála, agus an téimh agus an fhuaraithe agus maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Féadfaidh na Ballstáit achoimre ar na beartais agus ar na bearta faoin gcreat agus measúnú ar a gcur chun feidhme, faoi seach, a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17den Rialachán sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas