+Airteagal 103 An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
---+Airteagal 103 1.
---+Airteagal 103 2.
---+Airteagal 103 3.
---+Airteagal 103 4.
---+Airteagal 103 5.
---+Airteagal 103 6.
---+Airteagal 103 7.
---+Airteagal 103 8.
|
Airteagal 103 An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 103 1.
|
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
|
|
Airteagal 103 2.
|
Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais agus ar bhonn inniúlachta agus taithí doiciméadaithe a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta, as liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Chun críche an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht. Sula ndéanfar an ceapachán, iarrfar ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.
|
|
Airteagal 103 3.
|
Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo. Leath bealaigh tríd an bpróiseas, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a fhreagairt óna chomhaltaí maidir le feidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.
|
|
Airteagal 103 4.
|
Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú a dtagraítear dó i mír 3 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh 5 bliana ar a mhéad. Sula ndéantar síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, cuirfidh an Bord Bainistíochta in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá rún aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Laistigh de mhí roimh aon síneadh den sórt sin, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil na Parlaiminte agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste a fhreagairt.
|
|
Airteagal 103 5.
|
Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena chonradh, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse iomláine.
|
|
Airteagal 103 6.
|
Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin tar éis cinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.
|
|
Airteagal 103 7.
|
Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar bhonn tromlaigh dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.
|
|
Airteagal 103 8.
|
Féadfaidh Stiúrthóir amháin nó níos mó ná Stiúrthóir amháin cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, glacfaidh duine de na Stiúrthóirí a ionad nó a hionad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|