+Airteagal 14 Córas teicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail “aonuaire”
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
---+Airteagal 14 11.

Airteagal 14 Córas teicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail “aonuaire”

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
Chun críche fianaise a mhalartú le haghaidh na nósanna imeachta ar líne a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, cuirfidh an Coimisiún córas teicniúil ar bun i gcomhar leis na Ballstáit le haghaidh malartú fianaise uathoibríoch idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla (“an córas teicniúil”).
Airteagal 14 2.
I gcás ina n-eisíonn údaráis inniúla, ina mBallstát féin agus i bhformáid leictreonach a fhágann gur féidir malartú uathoibrithe a dhéanamh, fianaise atá ábhartha maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh siad an fhianaise sin ar fáil do na húdaráis inniúla iarrthacha ó Bhallstáit eile freisin i bhformáid leictreonach lena lamhálfar malartú uathoibrithe.
Airteagal 14 3.

Déanfar an méid seo a leanas leis an gcóras teicniúil, go háirithe:

(a) 

éascófar leis iarrataí ar fhianaise a phróiseáil ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir;

(b) 

beifear in ann é a úsáid chun iarrataí a phróiseáil chun rochtain a fháil ar fhianaise nó chun fianaise a mhalartú;

(c) 

beifear in ann é a úsáid chun fianaise a tharchur idir údaráis inniúla;

(d) 

beidh an t-údarás inniúil iarrthach in ann é a úsáid chun an fhianaise a phróiseáil;

(e) 

áiritheofar rúndacht agus sláine na fianaise leis;

(f) 

tabharfar an fhéidearthachtdon úsáideoir réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise as a mbainfidh an t-údarás iarrthach úsáid agusroghnú dul ar aghaidh leis an malartú fianaise nó gan dul ar aghaidh leis;

(g) 

áireofar leis ardleibhéal idir-inoibritheachta leis na córais ábhartha eile atá ann cheana;

(h) 

áiritheofar ardleibhéal slándála leis le haghaidh fianaise a tharchur agus a phróiseáil;

(i) 

ní dhéanfar próiseáil ar fhianaise thar a bhfuil fíorghá leis go teicniúil don mhalartú fianaise, agus don tréimhse is gá chun na críche sin, agus don tréimhse sin amháin.

Airteagal 14 4.
Ní bheidh úsáid an chórais theicniúil éigeantach d’úsáideoirí agus ní cheadófar é ach amháin ar a iarraidh sin go follasach dóibh, mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta. Ceadófar do na húsáideoirí fianaise a thíolacadh ar mhodhanna eile lasmuigh den chóras teicniúil agus go díreach chuig an údarás inniúil iarrthach.
Airteagal 14 5.
Ní bheidh gá don fhéidearthacht a bheith ann réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise, mar a thagraítear dó i bpointe (f) de mhír 3 den Airteagal seo, i gcás na nósanna imeachta ina gceadaítear malartú trasteorann uathoibrithe fianaise gan a an réamhamharc sin a bheith ann faoin dlí náisiúnta is infheidhme nó faoi dhlí an Aontais is infheidhme. ►C1  Tá an fhéidearthacht réamhamharc a thabhairt ar an bhfianaise gan dochar don oibleagáid faisnéis faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar. ◄
Airteagal 14 6.
Déanfaidh na Ballstáit an córas teicniúil atá ag feidhmiú go hiomlán a chomhtháthú mar chuid de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 14 7.
Ar iarraidh fhollasach a fháil ón úsáideoir lena mbaineann, tugtha faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan débhrí, déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear i mír 1 fianaise a iarraidh go díreach ó údaráis inniúla atá ag eisiúint fianaise i mBallstáit eile tríd an gcóras teicniúil. I gcomhréir le pointe (e) de mhír 3, cuirfidh na húdaráis inniúla eisiúna dá dtagraítear i mír 2 an fhianaise sin ar fáil tríd an gcóras céanna.
Airteagal 14 8.
Beidh an fhianaise a chuirfear ar fáil don údarás inniúil iarrthach teoranta don fhianaise sin a iarradh agus ní úsáidfidh an t-údarás sin í ach amháin chun críche an nós imeachta dár malartaíodh an fhianaise. Measfar an fhianaise arna malartú tríd an gcóras teicniúil, chun críocha an údaráis iarrthaigh inniúil, a bheith barántúil.
Airteagal 14 9.
Faoin 12 Meitheamh 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil a theastaíonn le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).
Airteagal 14 10.
Ní bheidh feidhm ag mír1 go mír 8 maidir le nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal an Aontais lena bhforáiltear maidir le sásraí difriúla le haghaidh malartú fianaise ach amháin i gcás ina gcomhtháthaítear an córas teicniúil is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo sna nósanna imeachta sin i gcomhréir le rialacha ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na nósanna imeachta sin.
Airteagal 14 11.
Beidh an Coimisiún agus gach Ballstáit freagrach as forbairt, infhaighteacht, cothabháil, maoirseacht, faireachán agus bainistiú slándála a áirithiú ar na codanna faoi seach den chóras teicniúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas