1. Tráth nach déanaí ná an 29 Samhain 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe i dtaca leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le tacair sonraí atá comhdhéanta de shonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha a d'fhéadfadh leathnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le sonraí a dhí-anaithnidiú;
|
|
(b)
|
cur chun feidhme Airteagal 4(1) ag na Ballstáit, agus go háirithe eisceacht na slándála poiblí; agus
|
|
(c)
|
na cóid iompair a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach agus soláthar éifeachtach faisnéise ag na soláthraithe seirbhísí.
|