+Airteagal 14 An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
|
Airteagal 14 An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Faoin 30 Meitheamh 2023, agus ina dhiaidh sin faoin 1 Eanáir 2033 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin dréacht cothrom le dáta den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi nó tabharfaidh siad údar cuí don Choimisiún maidir leis an gcúis nach gá an plean a thabhairt cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Faoin 30 Meitheamh 2024 agus ina dhiaidh sin faoin 1 Eanáir 2034 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir le tabhairt cothrom le dáta an phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi, ach amháin má bhíonn údar cuí tugtha acu maidir leis an gcúis nach gá an plean a thabhairt cothrom le dáta de bhun mhír 1.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Sa tabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh gach Ballstát modhnú ar a chuspóir, sprioc nó rannchuidiú náisiúnta i ndáil le ceann ar bith de cuspóirí, spriocanna nó rannchuidithe an Aontais a leagtar amach i bpointe (a)(1) d'Airteagal 4 chun uaillmhian mhéadaithe a léiriú i gcomparáid leis an uaillmhian a leagadh amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi. Sa tabhairt cothrom le dáta sin dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh gach Ballstát modhnú ar a cuspóir, sprioc nó rannchuidiú náisiúnta i ndáil le ceann ar bith de chuspóirí, spriocanna nó rannchuidithe an Aontais a leagtar amach in bpointe (a)(2) agus (b) d'Airteagal 4, ach amháin chun uaillmhian chomhionann nó mhéadaithe a léiriú i gcomparáid leis an uaillmhian a leagadh amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta aon drochthionchar comhshaoil a bhí le feiceáil mar chuid den tuairisciú comhtháite de bhun Airteagail 17 go 25 a mhaolú.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Ina nuashonraithe dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na Ballstáit na moltaí is déanaí a chur san áireamh a bhaineann le tíortha faoi leith agus a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon le hoibleagáidí a eascraíonn as Comhaontú Pháras.
|
|
Airteagal 14 6.
|
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus in Airteagail 10 agus 12 maidir le hullmhú agus measúnú ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 14 7.
|
Ní dochar an tAirteagal seo do cheart na mBallstát athruithe agus oiriúnuithe a dhéanamh, tráth ar bith, ar na beartais náisiúnta a leagtar amach nó dá dtagraítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar choinníoll go mbeidh na hathruithe agus na hoiriúnuithe sin ar áireamh sa tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|