+Airteagal 17 2.

Airteagal 17 2.

Leis an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn cumhdófar na gnéithe seo a leanas:

▼M2

(a) 

faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo ghnóthú na gcuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus i dtreo mhaoiniú agus chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart is gá lena mbaint amach, lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh;

▼B

(b) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an dul chun cinn i dtaca leis an idirphlé dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur ar bun;

(c) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20 go hAirteagal 25 agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonruithe ar bheartais agus ar bhearta, i gcomhréir leis na hAirteagail sin;

(d) 

faisnéis maidir le hoiriúnú i gcomhréir le pointe (a)(1) d'Airteagal 4;

(e) 

a mhéid is féidir, cainníochtú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart sin a bhí sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar an gcaighdeán aeir agus ar astaíochtaí truailleán aeir.

Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit tuarascálacha débhliantúla i gcomhréir le Cinneadh 2/CP.17 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, agus teachtaireachtaí náisiúnta faoi bhráid Rúnaíochta UNFCCC de réir Airteagal 12 de UNFCC.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas