+TREOIR (AE) 2019/904 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Airteagal 1 Cuspóirí
---+Airteagal 2 Raon Feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Tomhaltas a laghdú
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 5 Srianta ar chur ar an margadh
---+Airteagal 6 Ceanglais i dtaca le táirgí
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
------+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 7 Ceanglais marcála
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 8 Freagracht leathnaithe táirgeora
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
------+Airteagal 8 5.
------+Airteagal 8 6.
------+Airteagal 8 7.
------+Airteagal 8 8.
------+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 9 Bailiú ar leithligh
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 10 Bearta múscailte feasachta
---+Airteagal 11 Oibreacha a chomhordú
---+Airteagal 12 Sonraíochtaí agus treoirlínte maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide
---+Airteagal 13 Córais faisnéise agus tuairisciú
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
------+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 14 Pionóis
---+Airteagal 15 Meastóireacht agus athbhreithniú
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 16 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 17 Trasuí
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm
---+Airteagal 19 Seolaithe
---+IARSCRÍBHINN
|
English -
European Union -
Environment -
TREOIR (AE) 2019/904 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TREOIR (AE) 2019/904 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2019
maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Cuspóirí
|
Airteagal 1
Is iad na cuspóirí atá leis an Treoir seo an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol, ar an gcomhshaol uisceach go háirithe, agus ar shláinte an duine a chosc agus a laghdú, mar aon leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí bhíthin samhlacha gnó, táirgí agus ábhair nuálacha agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh freisin le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh.
|
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
|
|
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
|
Airteagal 3
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “plaisteach” ábhar ina bhfuil polaiméir mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar an phríomhghné struchtúrach de tháirgí deiridh, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;
(2)
ciallaíonn “táirge plaisteach aon úsáide” táirge atá déanta, go hiomlán nó go páirteach, as plaisteach agus nár ceapadh, nár dearadh ná nár cuireadh ar an margadh chun turais nó uainíochtaí iomadúla a dhéanamh, laistigh dá saolré, trína thabhairt ar ais chuig an táirgeoir lena athlíonadh nó trína athúsáid chun na críche céanna ar ceapadh é;
(3)
ciallaíonn “plaisteach ocsó-díghrádaithe” ábhair phlaisteacha ina bhfuil breiseáin, lena dtarlaíonn, trí ocsaídiú, ilroinnt an ábhair phlaistigh i micrea-bhloghanna nó dianscaoileadh ceimiceach;
(4)
ciallaíonn “trealamh iascaireachta” aon earra nó píosa trealaimh a úsáidtear san iascaireacht nó sa dobharshaothrú chun díriú ar acmhainní bitheolaíocha na farraige, iad a ghabháil nó iad a thógáil nó atá ar snámh ar dhromchla na farraige agus a imscartar d’fhonn na hacmhainní bitheolaíocha farraige sin a mhealladh agus a ghabháil nó a thógáil;
(5)
ciallaíonn “dramhthrealamh iascaireachta” aon trealamh iascaireachta a chumhdaítear faoin sainmhíniú ar dhramhaíl i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear gach comhpháirt, substaint nó ábhar ar leithligh a bhí ina gcuid, nó ceangailte, den trealamh iascaireachta sin nuair a caitheadh amach é, lena n-áirítear nuair a tréigeadh nó nuair a cailleadh é;
(6)
ciallaíonn “cur ar an margadh” táirge a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh Ballstáit;
(7)
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
(8)
ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (1)(c) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
(9)
ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(10)
ciallaíonn “scéim freagrachta leathnaithe táirgeora” scéim freagrachta leathnaithe táirgeora mar a shainmhínítear i bpointe 21 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(11)
ciallaíonn “táirgeoir”:
(a)
aon duine nádúrtha nó dlítheanach bunaithe i mBallstát a mhonaraíonn, a líonann, a dhíolann nó a allmhairíonn go gairmiúil, beag beann ar an teicníc dhíolacháin a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhithin cianchonarthaí mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), agus a chuireann táirgí plaisteacha aon úsáide, táirgí plaisteacha líonta aon úsáide nó trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach ar mhargadh an Bhallstáit sin, seachas daoine a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
); nó
(b)
aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe i mBallstát amháin nó i dtríú tír, a dhíolann go gairmiúil táirgí plaisteacha aon úsáide, táirgí plaisteacha líonta aon úsáide nó trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach go díreach le teaghlaigh phríobháideacha nó le húsáideoirí eile seachas teaghlaigh príobháideacha i mBallstát eile, trí mheán cianchonarthaí mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Treoir 2011/83/AE, seachas daoine a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(12)
ciallaíonn “bailiú” bailiú mar a shainmhínítear i bpointe 10 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(13)
ciallaíonn “bailiú ar leithligh” bailiú ar leithligh mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(14)
ciallaíonn “cóireáil” cóireáil mar a shainmhínítear i bpointe 14 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(15)
ciallaíonn “pacáistíocht” pacáistíocht mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE;
(16)
ciallaíonn “plaisteach in-dígrádaithe” plaisteach atá in ann dianscaoileadh fisiceach, bitheolaíoch a dhéanamh, sa chaoi is go ndianscaoilfidh sé ar deireadh ina dhé-ocsaíd charbóin (CO2), bithmhais agus uisce agus atá, i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha don phacáistíocht atá inghnóthaithe, trí mhúiríniú agus trí dhíleá anaeróbach;
(17)
ciallaíonn “saoráidí glactha calafoirt” saoráidí glactha calafoirt mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2000/59/CE;
(18)
ciallaíonn “táirgí tobac” táirgí tobac mar a shainmhínítear iad i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2014/40/AE.
|
|
Airteagal 4 Tomhaltas a laghdú
|
|
|
Airteagal 5 Srianta ar chur ar an margadh
|
Airteagal 5
Srianta ar chur ar an margadh
Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn agus ar táirgí arna ndéanamh ó phlaisteach in-ocsó-díghrádaithe iad a chur ar an margadh.
|
|
Airteagal 6 Ceanglais i dtaca le táirgí
|
|
|
Airteagal 7 Ceanglais marcála
|
|
|
Airteagal 8 Freagracht leathnaithe táirgeora
|
|
|
Airteagal 9 Bailiú ar leithligh
|
|
|
Airteagal 10 Bearta múscailte feasachta
|
Airteagal 10
Bearta múscailte feasachta
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chur ar an eolas agus chun iompar freagrach a dhreasú i measc na dtomhaltóirí, d’fhonn bruscar a bhaineann le táirgí arna gcumhdach leis an Treoir seo a laghdú, agus déanfaidh siad bearta chun tomhaltóirí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid G den Iarscríbhinn agus úsáideoirí trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
infhaighteacht roghanna malartacha in-athúsáidte, córais athúsáidte agus roghanna bainistithe dramhaíola do na táirgí plaisteacha aon úsáide sin agus do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, chomh maith leis na dea-chleachtais maidir le bainistiú dramhaíola a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2008/98/CE;
(b)
an tionchar ar an gcomhshaol a bhíonn ag an mbruscar agus ag cineálacha míchuí eile diúscartha i gcás na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin agus ag trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, go háirithe ar an gcomhshaol muirí; agus
(c)
an tionchar atá ag modh diúscartha na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin ar bhealach míchuí ar an ngréasán séarachais.
|
|
Airteagal 11 Oibreacha a chomhordú
|
Airteagal 11
Gan dochar don chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) den Treoir seo, áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na bearta a dhéanfar chun an Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme comhsheasmhach le na chláir beart, agus ina gcuid lárnach de na cláir beart sin, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2008/56/CE le haghaidh na mBallstát sin a bhfuil uiscí mara acu, na cláir beart a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2000/60/CE, cláir maidir le dramhaíl a bhainistiú agus maidir le dramhaíl a chosc a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 28 agus Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE agus na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola ó longa arna mbunú faoi Threoir (AE) 2019/833 .
Beidh na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit chun Airteagal 4 go hAirteagal 9 den Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí bia an Aontais chun a áirithiú nach gcuirfear sláinteachas bia ná sábháilteacht bia i mbaol. Déanfaidh na Ballstáit úsáid na roghanna malartacha inbhuanaithe a spreagadh, i gcás inarb indéanta, seachas plaisteach aon úsáide, le haghaidh ábhair atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia.
|
|
Airteagal 12 Sonraíochtaí agus treoirlínte maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide
|
Airteagal 12
Sonraíochtaí agus treoirlínte maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide
Agus coimeádán bia á mheas chun a chinneadh an táirge plaisteach aon úsáide é chun críocha na Treorach seo, beidh tábhacht ar leith, sa bhreis ar na critéir a liostaítear san Iarscríbhinn maidir le coimeádáin bhia, ag a dhóchúla atá sé go gcríochnóidh sé ina bhruscar, i ngeall ar a thoirt nó a mhéid, go háirithe na coimeádáin ar coimeádáin aon-sciar amháin iad.
Faoin 3 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a fhoilsiú, i gcomhairle leis na Ballstáit, lena n-áirítear samplaí den rud atá le meas mar tháirge plaisteach aon úsáide é chun críocha na Treorach seo, de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 13 Córais faisnéise agus tuairisciú
|
|
|
Airteagal 14 Pionóis
|
Airteagal 14
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin 3 Iúil 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
|
|
Airteagal 15 Meastóireacht agus athbhreithniú
|
|
|
Airteagal 16 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 17 Trasuí
|
|
|
Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 18
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 19 Seolaithe
|
Airteagal 19
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
|
|
IARSCRÍBHINN
|
IARSCRÍBHINN
CUID A
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 4 maidir le laghdú tomhaltais
(1) Cupáin le haghaidh deochanna, clúdaigh agus cláir san áireamh;
(2) Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil chlúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:
(a)
atá ceaptha lena ithe láithreach, ar an láthair nó mar bhia beir leat,
(b)
arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus
(c)
atá in-ite gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, trína chócaireacht, fhiuchadh nó théamh,
lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia.
CUID B
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 5 maidir le táirgí a chur ar an margadh a shrianadh
(1) Cipíní cluaise, murab é go gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 90/385/CEE ón gComhairle (
6
) nó Threoir 93/42/CEE ón gComhairle iad (
7
);
(2) Sceanra (foirc, sceana, spúnóga, cipíní itheacháin);
(4) Sifíní, murab é go gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 90/385/CEE nó Threoir 93/42/CEE iad;
(6) Maidí atá le ceangal de bhalúin agus atá le tacú le balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile agus nach ndáiltear ar thomhaltóirí, lena n-áirítear sásraí na maidí sin;
(7) Coimeádáin bhia déanta as polaistiréin inleathnaithe, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:
(a)
atá ceaptha lena ithe láithreach ar an láthair nó mar bhia beir leat,
(b)
arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é agus
(c)
atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, trína chócaireacht, a fhiuchadh nó a théamh,
lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;
(8) Coimeádáin dí déanta as polaistiréin inleathnaithe, a gcaipíní agus a gcláir san áireamh;
(9) Cupáin le haghaidh deochanna déanta as pholaistiréin inleathnaithe, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh;
CUID C
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 6(1) go (4) maidir le ceanglais táirgí
Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí, caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) agus pacáistíocht dí ilchodach, a gcaipíní agus a gcláir san áireamh, ach ní:
(a)
na coimeádáin dí de ghloine nó de mhiotal a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaisteach,
(b)
deochanna coimeádáin atá ceaptha agus a úsáidtear le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine, mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) agus atá i bhfoirm leachtach.
CUID D
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 7 maidir le ceanglais mharcála
(1) Pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní;
(2) Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus ceirtíní tí réamhfhliuchta;
(3) Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac;
(4) Cupáin le haghaidh deochanna.
CUID E
I.
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 8(2) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora
(1) Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:
(a)
atá ceaptha lena ithe láithreach, ar an láthair nó mar bhia beir leat,
(b)
arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus
(c)
atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, amhail trína chócaireacht, trína fhiuchadh nó trína théamh,
lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;
(2) Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá ceaptha lena ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin;
(3) Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) agus pacáistíocht dí ilchodach (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) ach ní na coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh;
(4) Cupáin le haghaidh deochanna, clúdaigh agus cláir na mbuidéal san áireamh;
(5) Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear i bpointe 1c d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE.
II.
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 8(3) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora
(1) Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus ceirtíní tí réamhfhliuchta;
(2) Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile nach ndáiltear ar thomhaltóirí.
III.
Táirgí plaisteacha aon úsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(3) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora
Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac.
CUID F
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 9 maidir le bailiú ar leithligh agus le hAirteagal 6(5) maidir le ceanglais táirge
Buidéil dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, agus caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, ach:
(a)
ní na coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal agus sin a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh,
(b)
ní buidéil dí atá ceaptha agus a úsáidtear le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine, mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 agus atá i bhfoirm leachtach.
CUID G
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 10 maidir le múscailt feasachta
(1) Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:
(a)
atá ceaptha lena ithe láithreach ar an láthair nó mar bhia beir leat,
(b)
arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus
(c)
atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, amhail trína chócaireacht, a fhiuchadh nó a théamh,
lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;
(2) Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá ceaptha lena ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin;
(3) Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí, agus caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, agus pacáistíocht dí ilchodach, caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, ach ní na coimeádáin dí de ghloine nó de mhiotal sin a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh;
(4) Cupáin le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh;
(5) Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac;
(6) Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus tí réamhfhliuchta;
(7) Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile agus nach ndáiltear ar thomhaltóirí;
(8) Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear i bpointe 1c d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE;
(9) Pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|