+Airteagal 3 Margaí leictreachais atá iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha agus neamh-idirdhealaitheach
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Margaí leictreachais atá iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha agus neamh-idirdhealaitheach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh a ndlí náisiúnta bacainn mhíchuí roimh thrádáil trasteorann i leictreachas, roimh rannpháirtíocht tomhaltóirí, lena n-áirítear tríd an bhfreagairt don éileamh, roimh infheistíochtaí go háirithe i nginiúint fuinnimu inathraitheach agus sholúbtha, roimh stóráil fuinnimh, ná roimh an leictrea-shoghluaisteacht ná roimh idirnascairí nua a leathadh amach idir Ballstáit, agus áiritheoidh siad go léireoidh praghsanna leictreachais an soláthar agus an t-éileamh iarbhír.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Nuair a bheidh idirnascairí á bhforbairt, cuirfidh na Ballstáit na spriocanna idirnasctha leictreachais a leagtar amach i bpointe (1) d'Airteagal 4(d) de Rialachán (AE) 2018/1999 san áireamh.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Áiritheoidh an Ballstát nach ann d'aon bhacainní míchuí laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas a mhéid a bhaineann le dul isteach sa mhargadh, oibriú an mhargaidh agus imeacht as an margadh, gan dochar don inniúlacht a choimeádann na Ballstáit i leith tríú tíortha.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit cothrom iomaíochta mar a mbeidh gnóthais leictreachais faoi réir rialacha, táillí agus cóireáil a bheidh trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, go háirithe i ndáil leis an bhfreagracht a chothromú, le rochtain ar mhargaí mórdhíola, le rochtain ar shonraí, le próisis chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus córais bhilleála agus, i gcás inarb infheidhme, le ceadúnú.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann rannpháirtithe sa margadh ó thríú tíortha, agus iad ag oibriú laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas, dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear an dlí sin a bhaineann leis an mbeartas comhshaoil agus sábháilteachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|