|
(a)
|
soláthar agus infhaighteacht fhadtéarmach laistigh de chríoch an Aontais agus rochtain gan bhriseadh ar fud an domhain ar sheirbhísí cumarsáide rialtais satailíte atá slán, uathrialaitheach, ar ardcháilíocht, iontaofa agus costéifeachtach a áirithiú d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, trí chóras nascachta sláine ilfhithise a bhunú faoi rialú sibhialta agus trí thacú le bonneagair chriticiúla, de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (27), feasacht staide, gníomhaíochtaí seachtracha, bainistiú géarchéime agus feidhmchláir atá ríthábhachtach don gheilleagar, don chomhshaol, don tslándáil agus don chosaint a chosaint, agus, ar an gcaoi sin, athléimneacht agus uathriail an Aontais agus na mBallstát a mhéadú, agus a mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cumarsáide satailíte a threisiú, agus spleáchas iomarcach ar réitigh nach bhfuil bunaithe san Aontas a sheachaint, go háirithe le haghaidh bonneagar criticiúil agus rochtain ar an spás;
|