+Airteagal 76 Tuairisciú don Choimisiún
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.
---+Airteagal 76 5.
|
Airteagal 76 Tuairisciú don Choimisiún
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 76 1.
|
Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le ceallraí inaistrithe, ceallraí LMT, ceallraí SLI, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha ar fáil go poiblí i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir le gach bliain féilire agus san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 5, de réir catagóirí ceallraí agus a gceimice:
(a)
an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, lena n-áirítear iad sin a ionchorpraítear i bhfearais, feithiclí nó táirgí tionsclaíocha, ach gan ceallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh, a áireamh;
(b)
an líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 61, agus na rátaí bailithe arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;
(c)
an líon ceallraí tionsclaíocha dramhaíola agus an líon ceallraí feithiclí leictreacha dramhaíola arna bhailiú agus arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
(d)
na luachanna le haghaidh na n-éifeachtúlachtaí athchúrsála a bhaintear amach dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn XII agus na luachanna le haghaidh na haisghabhála ábhar a bhaintear amach dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XII, maidir leis na ceallraí arna mbailiú sa Bhallstát sin.
Cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin ar fáil laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbailítear na sonraí. Cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil go poiblí agus go leictreonach san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, trí úsáid a bhaint as seirbhísí sonraí atá inrochtana go héasca. Beidh na sonraí inléite, insórtáilte agus inchuardaithe ag meaisín, agus urramófar leo caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a chuirtear na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le mír 5. Sa bhreis ar na hoibleagáidí faoi Threoracha 2000/53/CE agus 2012/19/AE, áireofar le sonraí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den Airteagal seo ceallraí atá ionchorpraithe i bhfeithiclí agus i bhfearais, agus ceallraí dramhaíola a bhaintear as na feithiclí agus na fearais sin i gcomhréir le hAirteagal 65.
|
|
Airteagal 76 2.
|
Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú ar an éifeachtúlacht athchúrsála agus ar an aisghabháil ábhar dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d).
|
|
Airteagal 76 3.
|
Beidh tuarascáil maidir le seiceáil ar cháilíocht a bheidh le cur i láthair san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5 ag gabháil leis na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 76 4.
|
Baileoidh agus athbhreithneoidh an Coimisiún an fhaisnéis arna cur ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar eagrú bhailiú na sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit chomh maith le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feabhais a bheith sa mheasúnú sin. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas laistigh de 6 mhí tar éis do na Ballstáit na sonraí a thuairisciú ar dtús agus gach 4 bliana dá éis sin.
|
|
Airteagal 76 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2025, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar síos an fhormáid maidir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a thuairisceofar don Choimisiún, chomh maith le modhanna measúnaithe agus dálaí oibríochtúla a bhaineann le bailiú agus cóireáil ceallraí dramhaíola, chun críocha mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|