4. I gcás ina sainaithnítear sa tuarascáil maidir le seiceálacha breise dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo míráitis, neamh-chomhréireachtaí nó míríomhanna a mbíonn mar thoradh orthu neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 4 nó 6 agus, dá thoradh sin, go ngearrtar pionós FuelEU nó go ndéantar méid pionóis FuelEU a íocadh cheana a mhodhnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo fógra don chuideachta lena mbaineann faoi mhéid comhfhreagrach an phionóis FuelEU nó faoi mhéid an phionóis mhodhnaithe FuelEU. Áiritheoidh na Ballstáit go n-íocfaidh an chuideachta atá freagrach as an long le linn na tréimhse atá faoi réir na seiceálacha breise méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU nó leis an bpionós modhnaithe FuelEU sin laistigh d’aon mhí amháin tar éis fógra a fháil ina leith, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 23.