|
+IARSCRÍBHINN VI Córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh |
IARSCRÍBHINN VI Córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh
IARSCRÍBHINN VI Córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh 1. Sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí Soláthróidh na Ballstáit sainmhíniú soiléir ar an méid a mheastar a bheith ina dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí. Leis an sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí áiritheofar an méid seo a leanas:
(a)
Seiceáil bhailíochta ar shonraí ionchuir (lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair) an fhoirgnimh a úsáidtear chun an deimhniú feidhmíochta fuinnimh a eisiúint agus na torthaí atá luaite sa deimhniú;
(b)
bailíocht na ríomhanna;
(c)
uasdiall d’fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna shloinneadh de rogha leis an táscaire uimhriúil ar úsáid fuinnimh phríomhúil (kWh/(m2.y));
(d)
líon íosta eilimintí atá difriúil ó luachanna réamhshocraithe nó ó luachanna caighdeánacha. Féadfaidh na Ballstáit eilimintí breise a áireamh sa sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí, mar shampla diall uasta do luachanna sonracha sonraí ionchuir. 2. Cáilíocht an chórais rialaithe neamhspleách le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh Tabharfaidh na Ballstáit sainmhíniú soiléir ar na cuspóirí cáilíochta agus ar an leibhéal muiníne staidrimh ba cheart do chreat an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach. Áiritheofar leis an gcóras rialaithe neamhspleách go mbeidh ar a laghad 90 % de dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh eisithe ag a mbeidh muinín staidrimh 95 % don tréimhse a ndearnadh meastóireacht uirthi, tréimhse nach faide ná bliain amháin. Déanfar leibhéal cáilíochta agus leibhéal muiníne an chórais rialaithe neamhspleách le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a thomhas trí shampláil randamach agus tabharfaidh sé cuntas ar na heilimintí ar fad arna soláthar sa sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí. Éileoidh na Ballstáit fíorú tríú páirtí chun meastóireacht a dhéanamh ar 25 % ar a laghad den sampla randamach i gcás inar tarmligeadh na córais rialaithe neamhspleácha chuig comhlachtaí neamhrialtasacha. Fíorófar bailíocht na sonraí ionchuir leis an bhfaisnéis a chuirfidh an saineolaí neamhspleách ar fáil. D’fhéadfadh deimhnithe táirge, sonraíochtaí nó pleananna tógála a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin ina mbeidh mionsonraí maidir le feidhmíocht na n-eilimintí éagsúla a áirítear sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh. Déanfar bailíocht na sonraí ionchuir a fhíorú trí chuairteanna ar an láthair, a fhéadfar a dhéanamh go fíorúil, i gcás inarb iomchuí, ar 10 % ar a laghad de na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh atá mar chuid den tsampláil randamach a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán na scéime. Chomh maith leis an íos-sampláil randamach chun an leibhéal foriomlán cáilíochta a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit straitéisí éagsúla a úsáid chun drochcháilíocht i ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a bhrath agus díriú orthu go sonrach chun cáilíocht fhoriomlán na scéime a fheabhsú. Ní féidir anailís spriocdhírithe den sórt sin a úsáid mar bhonn chun cáilíocht fhoriomlán na scéime a thomhas. Úsáidfidh na Ballstáit bearta réamhghabhálacha agus frithghníomhacha chun cáilíocht chreat foriomlán an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a áirithiú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin oiliúint bhreise do shaineolaithe neamhspleácha, sampláil spriocdhírithe, oibleagáid deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a chur isteach an athuair, fíneálacha comhréireacha agus toirmisc shealadacha nó bhuana do shaineolaithe. I gcás ina gcuirtear faisnéis le bunachar sonraí, beidh sé ar chumas na n-údarás náisiúnta an tionscnóir a chuir an fhaisnéis leis a shainaithint, chun críocha faireacháin agus fíoraithe. 3. Infhaighteacht deimhnithe feidhmíochta fuinnimh Fíorófar leis an gcóras rialaithe neamhspleách an bhfuil deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar fáil do cheannaitheoirí ionchasacha agus do thionóntaí ionchasacha chun a áirithiú gur féidir feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a mheas ina gcinneadh ceannach nó cíos a dhéanamh. Leis an gcóras rialaithe neamhspleách, fíorófar infheictheacht an táscaire feidhmíochta fuinnimh agus na haicme sna meáin fógraíochta. 4. Cóireáil na dtíopeolaíochtaí tógála Cuirfear tíopeolaíochtaí éagsúla tógála san áireamh sa chóras rialaithe neamhspleách, go háirithe na tíopeolaíochtaí tógála is forleithne i margadh an eastáit réadaigh, mar shampla cónaí aonair, ilchónaitheach, oifigí nó miondíol. 5. Nochtadh poiblí Foilseoidh na Ballstáit go tráthrialta, sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le deimhniú feidhmíochta fuinnimh, an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis an gcóras cáilíochta:
(a)
an sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí;
(b)
cuspóirí cáilíochta don scéim um dheimhniú feidhmíochta fuinnimh;
(c)
torthaí an mheasúnaithe cháilíochta, lena n-áirítear líon na ndeimhnithe a ndearnadh meastóireacht orthu agus líon coibhneasta le líon iomlán na ndeimhnithe a eisíodh le linn na tréimhse atá i gceist (in aghaidh na tíopeolaíochta);
(d)
bearta teagmhasacha chun cáilíocht fhoriomlán na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a fheabhsú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|