1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagail 1 agus 3, Airteagal 4, pointí (2), (7), (9), (14), (15), (16), (18), (21) go (30), (33), (34) agus (41) go (45), Airteagail 5 go 8, Airteagal 9(1), (2), (3) agus (5) go (9), Airteagail 10, 11 agus 12, Airteagal 13(1), (2), (3), (5), (6) agus (7), Airteagal 15, Airteagal 16(1), (2) agus (4), Airteagal 17(4), Airteagail 18 go 21, Airteagal 22(1), (2), (3) agus (5), Airteagail 23 go 29 agus Iarscríbhinní I go X a chomhlíonadh faoin 11 Nollaig 2026. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí do na Treoracha a aisghairtear leis an Treoir seo i ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.