|
+Airteagal 17 1. |
Airteagal 17 1.Bunóidh na Ballstáit córas náisiúnta le haghaidh comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as cóireáil fuíolluisce uirbigh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
paraiméadair ábhartha sláinte poiblí a shainaithint, a ndéanfar faireachán orthu ar a laghad in ionraon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, agus na moltaí, i measc eintiteas eile, ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), ón Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus paraiméadair eile nach iad á gcur san áireamh amhail:
(i)
víreas SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach;
(ii)
póilióivíreas;
(iii)
víreas fliú;
(iv)
pataiginí atá ag teacht chun cinn;
(v)
aon pharaiméadair sláinte poiblí eile a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha le faireachán a dhéanamh orthu;
(b)
leithdháileadh soiléir na ról, na bhfreagrachtaí agus na gcostas i measc oibreoirí agus údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear i gcás gaol a bheith ann le sampláil agus anailís;
(c)
suíomh agus minicíocht na samplála a chinneadh don tsampláil agus anailís fuíolluisce uirbigh a dhéantar i gcás gach paraiméadair sláinte poiblí arna shainaithint i gcomhréir le pointe (a), agus na sonraí sláinte atá ar fáil agus na riachtanais atá ann i dtéarmaí sonraí sláinte poiblí agus, i gcás inarb ábhartha, na staideanna eipidéimeolaíocha áitiúla á gcur san áireamh;
(d)
na torthaí faireacháin a chur in iúl ar bhealach iomchuí tráthúil do na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus, i gcás inarb ábhartha, do na húdaráis inniúla um uisce óil chun gurbh fhusa Airteagal 8 de Threoir (AE) 2020/2184 a chur chun feidhme, agus iad a chur in iúl freisin d’ardáin an Aontais, i gcás inar ann d'ardáin dá samhail, agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|