+Airteagal 4 Astaíochtaí a chosc
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.

Airteagal 4 Astaíochtaí a chosc

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Cuirfear toirmeasc ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a scaoileadh san atmaisféar d’aon turas i gcás nach bhfuil gá leis an scaoileadh go teicniúil don úsáid atá beartaithe dó.

Má tá gá le scaoileadh d’aon ghnó don úsáid atá beartaithe, déanfaidh oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó saoráidí ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe gach beart atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar a scaoileadh isteach san atmaisféar, lena n-áirítear trí na gáis a astaítear a athghabháil.

Airteagal 4 2.
I gcás toitriú le fluairíd sulfairile, déanfaidh oibreoirí an úsáid a bhaintear as bearta gabhála agus bailithe a dhoiciméadú nó na cúiseanna a shonrú nach raibh bearta gabhála agus bailithe indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch. Coinneoidh oibreoirí an fhianaise thacaíochta ar feadh 5 bliana agus cuirfidh siad ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.
Airteagal 4 3.
Oibreoirí agus monaróirí trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó oibreoirí saoráidí ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe, chomh maith le gnóthais a bhfuil trealamh den sórt sin ina seilbh acu le linn a iompair nó a stórála, glacfaidh siad na réamhchúraimí uile is gá chun scaoileadh neamhbheartaithe na ngás sin a chosc. Déanfaidh siad gach beart atá indéanta ar bhonn teicniúil agus eacnamaíoch chun sceitheadh na ngás a laghdú.
Airteagal 4 4.
Le linn gáis ceaptha teasa fhluairínithe a tháirgeadh, a stóráil, a iompar agus a aistriú ó choimeádán nó ó chóras amháin go coimeádán nó córas eile, go trealamh nó go saoráid, glacfaidh an gnóthas lena mbaineann na réamhchúraimí go léir is gá chun scaoileadh gás ceaptha teasa fluairínithe a theorannú a mhéid is mó is féidir. Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás ina dtáirgtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe mar sheachtháirgí.
Airteagal 4 5.
I gcás ina n-aimseofar sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe, áiritheoidh oibreoirí agus monaróirí trealaimh agus oibreoirí na saoráidí ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe, agus na gnóthais a bhfuil trealamh den sórt sin ina seilbh acu le linn a iompair nó a stórála, go ndeiseofar an trealamh nó an tsaoráid ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe gan moill mhíchuí.

I gcás ina bhfuil an trealamh faoi réir seiceálacha sceite faoi Airteagal 5(1) agus ina bhfuil sceitheadh sa trealamh deisithe, áiritheoidh oibreoirí an trealaimh go ndéanfaidh duine nádúrtha atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10 seiceáil ar an trealamh, ar a luaithe tar éis tréimhse oibriúcháin 24 uair an chloig a bheith caite ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an deisithe chun a fhíorú go raibh an deisiú éifeachtach. I gcás trealamh soghluaiste a liostaítear in Airteagal 5(3), pointí (a), (b) agus (c), féadfar seiceáil sceite a dhéanamh go díreach tar éis deisithe.

Airteagal 4 6.
Gan dochar d’Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, cuirfear toirmeasc ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh, mura gcuirfidh táirgeoirí nó allmhaireoirí fianaise ar fáil d‘údarás inniúil an Bhallstáit tráth a chuirtear na gáis sin ar an margadh, gur scriosadh nó gur aisghabhadh le húsáid arís aon trífhluaraimeatán arna tháirgeadh ina sheachtháirge mar chuid de phróiseas táirgthe na ngás ceaptha teasa fluairínithe, lena n-áirítear le linn tháirgeadh na mbunábhar chun na gáis sin a tháirgeadh, lena n-úsáidtear na teicnící is fearr atá ar fáil.

Chun an fhianaise sin a sholáthar, déanfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dearbhú comhréireachta a tharraingt suas, a mbeidh doiciméadacht tacaíochta ag gabháil leis:

(a) 

tionscnamh na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá le cur ar an margadh a bhunú;

(b) 

saoráid táirgthe tionscnaimh na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá le cur ar an margadh a shainaithint, lena n-áirítear sainaithint na saoráidí tionscnaimh sin d’aon substaintí réamhtheachtacha a bhaineann le clóradéfhluaraimeatán (R-22) a ghiniúint mar chuid den phróiseas táirgthe chun na gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá le cur ar an margadh a tháirgeadh;

(c) 

cruthúnas a thabhairt maidir le hinfhaighteacht agus oibriú na teicneolaíochta laghdaithe ag na saoráidí tionscnaimh atá coibhéiseach le modheolaíocht bhonnlíne AM0001 arna formheas ag UNFCCC chun sruthanna dramhaíola trífhluaraimeatáin a loscadh nó lena gcruthaítear an mhodheolaíocht gabhála agus scriosta lena n-áirithítear go scriostar astaíochtaí trífhluaraimeatáin i gcomhréir leis na ceanglais faoin bPrótacal;

(d) 

maidir le haon fhaisnéis bhreise lena n-éascaítear rianú an gháis ceaptha teasa fhluairínithe roimh allmhairiú.

Coinneoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht tacaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear ar an margadh iad agus cuirfear ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún iad, arna iarraidh sin dóibh.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta agus leis an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 4 7.
Deimhneofar daoine nádúrtha a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), i gcomhréir le hAirteagal 10 agus glacfaidh siad bearta réamhchúraim chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chosc agus, nuair a úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe i lascthrealamh leictreach, in Iarscríbhinn III freisin.

Deimhneofar daoine dlítheanacha a dhéanann an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (e), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú, a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus glacfaidh siad bearta réamhchúraim chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a chosc.

Beidh fianú oiliúna ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, den Rialachán seo ag daoine nádúrtha a dhéanann cothabháil nó seirbhísiú agus deisiú ar threalamh aerchóiriúcháin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus ar threalamh soghluaiste a liostaítear in Airteagal 5(3), pointe (c), den Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas