+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 3.

Cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu, chun trealamh cuisniúcháin, ag a bhfuil méid luchta arb ionann é agus 40 tona de choibhéis CO2 nó níos mó, a sheirbhísiú nó a chothabháil. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu, chun aon trealamh cuisniúcháin a chothabháil nó a sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi – 50 °C.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas go dtí an 1 Eanáir 2030:

(a) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

(b) 

gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh ón trealamh sin iad; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh cuisniúcháin ar deonaíodh díolúine ina thaobh i gcomhréir le hAirteagal 11(5).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas