|
+Airteagal 13 4. |
Airteagal 13 4.Ón 1 Eanáir 2026, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó, chun trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil a chothabháil nó a sheirbhísiú. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas go dtí an 1 Eanáir 2032:
(a)
gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);
(b)
gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh na gáis sin ón trealamh sin; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|