|
+Airteagal 13 5. |
Airteagal 13 5.Ón 1 Eanáir 2032 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó, le haghaidh trealamh cuisniúcháin do-aistrithe, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chothabháil agus a sheirbhísiú. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi – 50 °C nó trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun gléasraí cumhachta núicléiche a fhuarú. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas:
(a)
gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, cé is moite d’fhuaraitheoirí, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);
(b)
gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó acu agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh na gáis sin ón trealamh sin; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú, nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|