+Airteagal 19 Táirgí nó trealaimh arna réamhluchtú le hidreafluaracarbóin
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
|
Airteagal 19 Táirgí nó trealaimh arna réamhluchtú le hidreafluaracarbóin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Trealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin, teaschaidéil agus análóirí dáileoige méadraithe arna réamhluchtú le substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ní chuirfear ar an margadh iad ach amháin má chuirtear na substaintí sin ar réamhluchtaíodh na táirgí nó an trealamh leo san áireamh laistigh den chóras cuótaí dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le hanálóirí dáileoige méadraithe den sórt sin ón 1 Eanáir 2025.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Agus táirgí nó trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur ar an margadh, áiritheoidh monaróirí agus allmhaireoirí táirgí nó trealaimh go ndéanfar comhlíonadh le mír 1 a dhoiciméadú go hiomlán agus déanfaidh siad dearbhú comhréireachta a tharraingt suas ina leith sin. Trí dhearbhú comhlíonta a tharraingt suas, gabhfaidh monaróirí agus allmhaireoirí táirgí nó trealaimh freagracht orthu féin maidir leis an mír seo agus le mír 1 a chomhlíonadh. Coimeádfaidh monaróirí agus allmhaireoirí táirgí nó trealaimh an doiciméadacht agus an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear na táirgí nó an trealamh sin ar an margadh agus cuirfidh siad ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún iad.
|
|
Airteagal 19 3.
|
I gcás nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sna táirgí nó sa trealamh dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh roimh luchtú na dtáirgí nó an trealaimh, áiritheoidh allmhaireoirí na dtáirgí nó an trealaimh sin, faoin 30 Aibreán 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, go ndearbhófar cruinneas na doiciméadachta agus an dearbhaithe comhréireachta agus fírinneacht a dtuarascála de bhun Airteagal 26(7), don bhliain féilire roimhe sin, ar leibhéal réasúnta cinnteachta ag iniúchóir neamhspleách a chláraítear sa Tairseach F-gás. Beidh an t-iniúchóir neamhspleách sin:
(a)
creidiúnaithe de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
); nó
(b)
creidiúnaithe chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta dá dtagraítear i mír 2, leis an bhfíorú ag an iniúchóir neamhspleách agus le creidiúnú iniúchóirí a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
|
Airteagal 19 5.
|
Déanfaidh allmhaireoir táirgí nó trealaimh dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas, ionadaí aonair a cheapadh a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas agus a ghlacann an fhreagracht iomlán maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí ceaptha de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gnóthais a chuir níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin ar an margadh, in aghaidh na bliana, arna choinneáil sna táirgí nó sa trealamh dá dtagraítear i mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|