+Airteagal 22 Allmhairí agus onnmhairí
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
|
Airteagal 22 Allmhairí agus onnmhairí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, beidh sé faoi réir ceadúnas bailí arna chur faoi bhráid údaráis chustaim arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) agus (5), ach amháin i gcás stóráil shealadach. Níl feidhm ag an mír seo maidir le táirgí agus trealamh ar sealúchas pearsanta iad.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Measfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe a allmhairítear isteach san Aontas mar gháis íona.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Ón 12 Márta 2025, cuirfear toirmeasc ar onnmhairiú cúr, aerasóil theicniúla, trealaimh cuisniúcháin dho-aistrithe, trealaimh aerchóiriúcháin dho-aistrithe agus teaschaidéal do-aistrithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 1 000 nó níos mó a GWP nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata ná maidir le táirgí agus trealamh is féidir a chur ar an margadh san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 22 4.
|
De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcásanna de chineál eisceachtúil, tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, onnmhairiú na dtáirgí agus an trealaimh dá dtagraítear i mír 3 a údarú, i gcás ina léirítear, i bhfianaise luach eacnamaíoch agus shaolré ionchasach atá fágtha ag an earra shonraigh, go gcuirfeadh toirmeasc ar onnmhairiú ualach díréireach ar an onnmhaireoir. Ní cheadófar onnmhairí den sórt sin ach amháin má bhíonn siad i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre cinn scríbe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
|
|
Airteagal 22 5.
|
Déanfaidh gnóthais a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas gach beart is gá chun a áirithiú nach sáróidh onnmhairiú trealaimh cuisniúcháin agus trealaimh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil na srianta ar allmhairí a bhfuil fógra tugtha ina leith faoin bPrótacal ag an stát allmhairiúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|