5. Faoin 30 Meitheamh 2032 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh EEA tuarascáil theicniúil uile-Aontais don Choimisiún ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an EEA freisin úsáid a bhaint as faisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 15 de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, agus Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE.