+Airteagal 7 Seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
|
Airteagal 7 Seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Gan dochar d’Airteagail 8, 10 agus 11(6) den Rialachán seo, eintiteas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 40 agus 41 de Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 43 agus 47 faoi seach den Rialachán sin, beidh sé i dteideal seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar d’úsáideoirí aerspáis laistigh den Aontas, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) agus d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, is iad údaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil a údarás inniúil náisiúnta freagrach as an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán 2018/1139, de bhun Airteagal 62 den Rialachán sin, a bheidh freagrach as na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo i dtaca le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139.
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Gan dochar do na socruithe náisiúnta arna n-eascairt as Airteagal 4(5) agus d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, den Rialachán seo, d’fhonn a shuí an gcomhlíonann eintiteas na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú ar a mhéid a chomhlíonann na hiarratasóirí ar dheimhniú, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin agus a mheasúnú a sholáthar don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán sin;
|
|
(b)
|
de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo, maoirseacht ar shealbhóirí deimhnithe arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2018/1139, i ndáil le comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach maidir le stóinseacht airgeadais, dliteanas, cumhdach árachais, úinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus na gceanglas a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin.
|
|
|
Airteagal 7 4
|
4. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2018/1139, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don arm seirbhísí aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1139 a sholáthar san aerspás uile nó i gcuid den aerspás atá faoina bhfreagracht gan deimhniú i gcás ina dtairgeann an t-arm seirbhísí den sórt sin go príomha do ghluaiseachtaí aerárthaí seachas d’aerthrácht ginearálta. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit uile ar an eolas faoina chinneadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|