Airteagal 13c
Rialachas
Más rud é, mar thoradh ar an athbhreithniú cuimsitheach a rinneadh in 2032, go gcinneann an Coimisiún, agus na solúbthachtaí arna n-úsáid de bhun Airteagail 12 agus 13b á gcur san áireamh, nár comhlíonadh an buiséad le haghaidh 2026 go 2029 dá dtagraítear in Airteagal 4(4), cuirfear méid arb ionann é agus méid an fharasbairr glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08, leis an bhfigiúr glanastaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát in 2030, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15.