Airteagal 15a
Comhairle eolaíoch
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
) (“an Bord Comhairleach”), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar nó tuarascálacha a eisiúint maidir le bearta an Aontais, spriocanna aeráide, leibhéil bhliantúla astaíochtaí agus solúbthachtaí faoin Rialachán seo. Breithneoidh an Coimisiún comhairle agus tuarascálacha ábhartha an Bhoird Chomhairligh, go háirithe a mhéid a bhaineann le bearta amach anseo a bheidh dírithe ar laghduithe breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
▼B