|
+Airteagal 34 Loingsithe dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt |
Airteagal 34 Loingsithe dramhaíola atá beartaithe lena diúscairtAirteagal 34 Loingsithe dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt I gcás ina ndéantar loingsiú laistigh den Aontas agus ina ndéantar idirthuras trí thríú tír amháin nó níos mó, agus ina bhfuil an dramhaíl beartaithe lena diúscairt, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 4 go 17 agus Airteagail 19 go 30, faoi réir na n-oiriúnuithe agus na gceanglas breise seo a leanas:
(a)
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 38(2), pointí (a), (c), (d) agus (g) agus Airteagal 38(3), pointe (a);
(b)
i gcás inar Páirtí i gCoinbhinsiún Basel í an tríú tír agus má chinn an tír lena mbaineann gan réamhthoiliú i scríbhinn a éileamh agus má chuir sí na Páirtithe eile i gCoinbhinsiún Basel ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Choinbhinsiún sin, beidh 60 lá ag údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas ón dáta a tharchuirfear a admháil go bhfuarthas fógra arna chomhlánú go cuí chun toiliú intuigthe a thabhairt nó chun toiliú i scríbhinn a thabhairt le coinníollacha nó gan choinníollacha; nó
(c)
i gcás nach Páirtí i gCoinbhinsiún Basel an tríú tír, fiafróidh an t-údarás inniúil seolta den údarás inniúil idirthurais sa tríú tír sin an mian leis a thoiliú i scríbhinn a sheoladh maidir leis an loingsiú laistigh de thréimhse arna comhaontú idir na húdaráis inniúla. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|