+Airteagal 10 Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse le haghaidh grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagail 95 agus 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
|
Airteagal 10 Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse le haghaidh grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagail 95 agus 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Na gnólachtaí infheistíochta a chuireann forálacha idirthréimhseacha Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, cuirfidh siad faisnéis isteach mar a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse, seachas an fhaisnéis maidir leis an gcóimheas luamhánaithe, a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta de chuid grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta a úsáideann Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach ar bhonn comhdhlúite:
(a)
an fhaisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 1 go 5, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 1, le minicíocht ráithiúil;
(b)
an fhaisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 6, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 2, le minicíocht leathbhliantúil.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta de chuid grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagal 95 agus gnólachtaí infheistíochta faoi réir Airteagal 96 nó de chuid grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta a úsáideann Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcomhréir le hAirteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach ar bhonn comhdhlúite:
(a)
an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 5, míreanna (1) go (5) agus míreanna (8) go (13) d’Airteagal 6(2) den Rialachán seo leis an minicíocht a leagtar síos sna hAirteagail sin;
(b)
an fhaisnéis maidir le heintitis a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 6, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 2, le minicíocht leathbhliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_DA -
EULAW_DA
|