+Airteagal 14 Tuairisciú ar risíochtaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
|
Airteagal 14 Tuairisciú ar risíochtaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Chun faisnéis ar risíochtaí móra a thuairisciú chuig cliaint agus grúpaí cliant nasctha i gcomhréir le hAirteagal 394 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Chun faisnéis ar na 20 risíocht is mó a thuairisciú chuig cliaint agus grúpaí cliant nasctha i gcomhréir le hAirteagal 394(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí, faoi réir Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Chun faisnéis ar risíochtaí, ar mó a luach ná EUR 300 milliún nó arb ionann a luach agus an méid sin ach ar lú é ná 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 394(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Chun faisnéis ar na 10 risíocht is mó a thuairisciú chuig institiúidí ar bhonn comhdhlúite agus ar na 10 risíocht is mó le heinitis scáithbhaincéireachta a dhéanann gníomhaíochtaí baincéireachta lasmuigh den chreat rialáilte ar bhonn comhdhlúite, i gcomhréir le hAirteagal 394(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII, i gcomhréir leis na Treoracha in Iarscríbhinn IX, le minicíocht ráithiúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_DA -
EULAW_DA
|