+Airteagal 3 Dátaí íocaíochta a thuairisciú
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Dátaí íocaíochta a thuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach chuig na húdaráis inniúla faoi am dúnta gnó ar na dátaí íocaíochta seo a leanas:
(a)
tuairisciú míosúil: an 15ú lá féilire tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú;
(b)
tuairisciú ráithiúil: an 12 Bealtaine, an 11 Lúnasa, an 11 Samhain agus an 11 Feabhra;
(c)
tuairisciú leathbhliantúil: an 11 Lúnasa agus an 11 Feabhra;
(d)
tuairisciú bliantúil: an 11 Feabhra.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Más saoire phoiblí é lá na híocaíochta i mBallstát an údaráis inniúil dá bhfuil an tuarascáil le soláthar, nó más lá Satharn nó Domhnach é, cuirfear sonraí isteach an lá oibre dár gcionn.
|
|
Airteagal 3 3.
|
I gcás ina dtuairiscíonn institiúidí a bhfaisnéis airgeadais nó an fhaisnéis chun G-SIIanna a shainaithint agus chun rátaí maolánacha G-SII a shannadh agus úsáid á baint as dátaí tagartha coigeartaithe maidir le tuairisciú bunaithe ar dheireadh a mbliana cuntasaíochta mar a leagtar amach i mír 3 d’Airteagal 2, féadfar na dátaí íocaíochta a choigeartú dá réir freisin ionas go gcoinneofar ar bun an tréimhse íocaíochta chéanna ón dáta tagartha coigeartaithe maidir le tuairisciú.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Féadfaidh institiúidí figiúirí neamhiniúchta a chur isteach. I gcás nach mar a chéile na figiúirí iniúchta agus na figiúirí neamhiniúchta a cuireadh isteach, cuirfear isteach na figiúirí iniúchta athbhreithnithe gan moill mhíchuí. Is éard atá i bhfigiúirí neamhiniúchta figiúirí nach bhfuil tuairim ó iniúchóir seachtrach faighte ina leith, agus is éard atá i bhfigiúirí iniúchta figiúirí a d’iniúch iniúchóir seachtrach agus tuairim iniúchóireachta á cur in iúl aige.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Na ceartúcháin eile ar na tuarascálacha a cuireadh isteach, cuirfear isteach iad freisin chuig na húdaráis inniúla gan moill mhíchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_EL -
EULAW_EL
|