+IARSCRÍBHINN II
|
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II
TREORACHA MAIDIR LE TUAIRISCIÚ AR CHISTÍ DÍLSE AGUS AR CHEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
|
Clár Ábhar
|
|
|
CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA
|
|
1.
|
STRUCHTÚR AGUS GNÁSANNA
|
|
1.1.
|
STRUCHTÚR
|
|
1.2.
|
GNÁS UIMHRIÚCHÁIN
|
|
1.3.
|
GNÁS MAIDIR LE COMHARTHAÍ
|
|
|
CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID
|
|
1.
|
FORBHREATHNÚ AR LEORDHÓTHANACHT CAIPITIL (“CA”)
|
|
1.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
1.2.
|
C 01.00 – CISTÍ DÍLSE (CA1)
|
|
1.2.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
1.3.
|
C 02.00 – CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE (CA2)
|
|
1.3.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
1.4.
|
C 03.00 – CÓIMHEASA CAIPIITL AGUS LEIBHÉIL CHAIPITIL (CA3)
|
|
1.4.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
1.5.
|
C 04.00 – ÍTIMÍ LE MEABHRÚ (CA4)
|
|
1.5.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
1.6.
|
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS IONSTRAIMÍ A MARTHANAÍODH: IONSTRAIMÍ NACH MBUNAÍTEAR STÁTCHABHAIR LEO (CA5)
|
|
1.6.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
1.6.2.
|
C 05.01 – FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA (CA5.1)
|
|
1.6.2.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍMH SHONRACHA
|
|
1.6.3.
|
C 05.02 - IONSTRAIMÍ A MARTHANAÍODH: IONSTRAIMÍ NACH MBUNAÍTEAR STÁTCHABHAIR LEO (CA5.2)
|
|
1.6.3.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍMH SHONRACHA
|
|
2.
|
GRÚPSHÓCMHAINNEACHT: FAISNÉIS AR CHLEAMHNAITHE (GS)
|
|
2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
2.2.
|
FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR AN NGRÚPSHÓCMHAINNEACHT
|
|
2.3.
|
FAISNÉIS AR RANNCHUIDIÚ EINTITEAS AONAIR LEIS AN NGRÚPSHÓCMHAINNEACHT
|
|
2.4.
|
C 06.01 – GRÚPSHÓCMHAINNEACHT: FAISNÉIS AR CHLEAMHNAITHE – IOMLÁN (IOMLÁN GRÚPSHÓCMHAINNEACHTA)
|
|
2.5.
|
C 06.02 – GRÚPSHÓCMHAINNEACHT: FAISNÉIS AR CHLEAMHNAITHE (GS)
|
|
3.
|
TEIMPLÉID MAIDIR LE PRIACAL CREIDMHEASA
|
|
3.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.1.1.
|
TUAIRISCIÚ TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAL CREIDMHEASA AG A BHFUIL IARMHAIRT AR IONADÚ
|
|
3.1.2.
|
PRIACAL CREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ A THUAIRISCIÚ
|
|
3.2.
|
C 07.00 - PRIACAIL CHREIDMHEASA AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (CR SA)
|
|
3.2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.2.2.
|
RAON FEIDHME THEIMPLÉAD CR SA
|
|
3.2.3.
|
SANNADH RISÍOCHTAÍ D’AICMÍ RISÍOCHTA FAOIN GCUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE
|
|
3.2.4.
|
SOILÉIRITHE MAIDIR LEIS AN RAON FEIDHME ATÁ AG ROINNT AICMÍ RISÍOCHTA SONRACHA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 112 DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013
|
|
3.2.4.1.
|
AICME RISÍOCHTA “INSTITIÚIDÍ”
|
|
3.2.4.2.
|
AICME RISÍOCHTA “BANNAÍ FAOI CHUMHDACH”
|
|
3.2.4.3.
|
AICME RISÍOCHTA “GNÓTHAIS CHOMHINFHEISTÍOCHTA”
|
|
3.2.5.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.3.
|
CREIDMHEAS AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE (CR IRB)
|
|
3.3.1.
|
RAON FEIDHME THEIMPLÉAD CR IRB
|
|
3.3.2.
|
MIONDEALÚ AR THEIMPLÉAD CR IRB
|
|
3.3.3.
|
C 08.01 - PRIACAIL CHREIDMHEASA AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (CR IRB 1)
|
|
3.3.3.1
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.3.4.
|
C 08.02 - CREIDMHEAS AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL: MIONDEALÚ DE RÉIR GRÁID NÓ COMHTHIOMSUITHE OIBLEAGÁIDEORA (TEIMPLÉAD CR IRB 2)
|
|
3.3.1.
|
C 08.03 – PRIACAL CREIDMHEASA AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (MIONDEALÚ DE RÉIR RAONTA PD (CR IRB 3))
|
|
3.3.1.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.3.1.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.3.2.
|
C 08.04 – PRIACAL CREIDMHEASA AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (SREABHRÁITIS RWEA (CR IRB 4))
|
|
3.3.2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.3.2.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.3.3.
|
C 08.05 – PRIACAL CREIDMHEASA AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (CÚLTÁSTÁIL PD (CR IRB 5))
|
|
3.3.3.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.3.3.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.3.4.
|
C 08.05.1 – PRIACAL CREIDMHEASA AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL: IARTHÁSTÁIL AR PD I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 180(1), POINTE (F) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 (CR IRB 5B)
|
|
3.3.4.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.3.5.
|
C 08.06 – PRIACAL CREIDMHEASA AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (CUR CHUIGE SLIOTÁNAITHE MAIDIR LE HIASACHTÚ SPEISIALAITHE (CR IRB 6))
|
|
3.3.5.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.3.5.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.3.6.
|
C 08.07 – PRIACAL CREIDMHEASA AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (RAON FEIDHME ÚSÁID NA GCUR CHUIGE IRB AGUS SA (CR IRB 7))
|
|
3.3.6.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.3.6.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.4.
|
CREIDMHEAS AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: FAISNÉIS LE MIONDEALÚ GEOGRAFACH
|
|
3.4.1.
|
C 09.01 – MIONDEALÚ GEOGRAFACH AR RISÍOCHTAÍ DE RÉIR ÁIT CHÓNAITHE AN FHÉICHIÚNAÍ: RISÍOCHTAÍ SA (CR GB 1)
|
|
3.4.1.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.4.2.
|
C 09.02 – MIONDEALÚ GEOGRAFACH AR RISÍOCHTAÍ DE RÉIR ÁIT CHÓNAITHE AN FHÉICHIÚNAÍ: RISÍOCHTAÍ IRB (CR GB 2)
|
|
3.4.2.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.4.3.
|
C 09.04 – MIONDEALÚ AR RISÍOCHT AR CHREIDMHEAS ATÁ ÁBHARTHA DO RÍOMH AN MHAOLÁNAIGH FHRITH-THIMTHRIALLAIGH DE RÉIR TÍRE AGUS RÁTA AN MHAOLÁNAIGH FHRITH-THIMTHRIALLAIGH ATÁ SAINIÚIL D’INSTITIÚID (CCB)
|
|
3.4.3.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.4.3.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.5.
|
C 10.01 AGUS C 10.02 – RISÍOCHTAÍ AR CHOTHROMAS FAOIN GCUR CHUIGE BUNAITHE AR RÁTÁLACHA INMHEÁNACHA (CR EQU IRB 1 AGUS CR EQU IRB 2)
|
|
3.5.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.5.2.
|
TREORACHA MAIDIR LE SUÍOMHANNA SHONRACHA (INFHEIDHME MAIDIR LE CR EQU IRB 1 AGUS CR EQU IRB 2 ARAON)
|
|
3.6.
|
C 11.00 – PRIACAL SOCRAÍOCHTA/SEACHADTA (CR SETT)
|
|
3.6.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.6.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.7.
|
C 13.01 - PRIACAL CREIDMHEASA – URRÚSÚCHÁIN (CR SEC)
|
|
3.7.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.7.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.8.
|
FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR URRÚSÚCHÁIN (SONRAÍ SEC)
|
|
3.8.1.
|
RAON FEIDHME THEIMPLÉAD SONRAÍ SEC
|
|
3.8.2
|
MIONDEALÚ AR THEIMPLÉAD SONRAÍ SEC
|
|
3.8.3
|
C 14.00 – FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR URRÚSÚCHÁIN (SONRAÍ SEC)
|
|
3.8.4.
|
C 14.01 – FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR URRÚSÚCHÁIN (SONRAÍ SEC 2)
|
|
3.9.
|
PRIACAL CREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ
|
|
3.9.1.
|
RAON FEIDHME NA DTEIMPLÉAD MAIDIR LE PRIACAL CREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ
|
|
3.9.2.
|
C 34.01 – MÉID AN GHNÓ DÍORTHACH
|
|
3.9.2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.2.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.3.
|
C 34.02 – RISÍOCHTAÍ CCR DE RÉIR AN CHUR CHUIGE
|
|
3.9.3.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.3.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.4.
|
C 34.03 – RISÍOCHTAÍ CCR A LÁIMHSEÁILTEAR LE CUIR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE: SA-CCR AGUS SA-CCR SIMPLITHE
|
|
3.9.4.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.4.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.5.
|
C 34.04 – RISÍOCHTAÍ CCR A LÁIMHSEÁILTEAR LE MODH NA RISÍOCHTA TOSAIGH (OEM)
|
|
3.9.5.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.6.
|
C 34.05 – RISÍOCHTAÍ CCR A LÁIMHSEÁILTEAR LE MODH NA SAMHLA INMHEÁNAÍ (IMM)
|
|
3.9.6.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.7.
|
C 34.06 – AN FICHE CONTRAPHÁIRTÍ IS MÓ
|
|
3.9.7.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.7.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.8.
|
C 34.07 – CUR CHUIGE IRB – RISÍOCHTAÍ CCR DE RÉIR AICME RISÍOCHTA AGUS SCÁLA PD
|
|
3.9.8.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.8.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.9.
|
C 34.08 – COMHDHÉANAMH COMHTHAOBHACHTA LE HAGHAIDH RISÍOCHTAÍ CCR
|
|
3.9.9.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.9.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.10.
|
C 34.09 – RISÍOCHTAÍ DÍORTHACH CREIDMHEASA
|
|
3.9.10.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.11.
|
C 34.10 – RISÍOCHTAÍ AR CPLANNA
|
|
3.9.11.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.11.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
3.9.12.
|
C 34.11 – SREABHRÁITIS MÉIDEANNA RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL (RWEA) NA RISÍOCHTAÍ CCR FAOI IMM
|
|
3.9.12.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
3.9.12.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
4.
|
TEIMPLÉID UM PRIACAL OIBRIÚCHÁIN
|
|
4.1.
|
C 16.00 – PRIACAL OIBRIÚCHÁIN (OPR)
|
|
4.1.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
4.1.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
4.2.
|
PRIACAL OIBRIÚCHÁIN: FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR CHAILLTEANAIS LE BLIAIN ANUAS (SONRAÍ OPR)
|
|
4.2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
4.2.2.
|
C 17.01: CAILLTEANAIS AGUS AISGHABHÁLACHA PRIACAIL OIBRIÚCHÁIN DE RÉIR RÉIMEANNA GNÓ AGUS CHINEÁLACHA NA DTEAGMHAS CAILLTEANAIS LE BLIAIN ANUAS (SONRAÍ OPR 1)
|
|
4.2.2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
4.2.2.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
4.2.3.
|
C 17.02: PRIACAL OIBRIÚCHÁIN: FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR NA TEAGMHAIS CHAILLTEANAIS IS MÓ LE BLIAIN ANUAS (SONRAÍ OPR 2)
|
|
4.2.3.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
4.2.3.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.
|
TEIMPLÉID UM PRIACAL MARGAIDH
|
|
5.1.
|
C 18.00 – PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE LE HAGHAIDH PRIACAIL SUÍMH IN IONSTRAIMÍ FIACHAIS TRÁDÁILTE (MKR SA TDI)
|
|
5.1.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
5.1.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.2.
|
C 19.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE I DTACA LE PRIACAL SONRACH IN URRÚSÚCHÁIN (MKR SA SEC)
|
|
5.2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
5.2.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.3.
|
C 20.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE MAIDIR LE PRIACAL SONRACH DO SHUÍOMHANNA A SANNADH DON PHUNANN TRÁDÁLA COMHGHAOIL (MKR SA CTP)
|
|
5.3.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
5.3.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.4.
|
C 21.00 – PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE LE HAGHAIDH PRIACAL AN TSUÍMH I GCOTHROMAS (MKR SA EQU)
|
|
5.4.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
5.4.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.5.
|
C 22.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUIR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE MAIDIR LE PRIACAL MALAIRTE EACHTRAÍ (MKR SA FX)
|
|
5.5.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
5.5.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.6.
|
C 23.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUIR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE MAIDIR LE TRÁCHTEARRAÍ (MKR SA COM)
|
|
5.6.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
5.6.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.7.
|
C 24.00 - SAMHAIL INMHEÁNACH I LEITH PRIACAL MARGAIDH (MKR IM)
|
|
5.7.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
5.7.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
5.8.
|
C 25.00 - PRIACAL Ó CHOIGEARTÚ AR LUACHÁIL CREIDMHEASA (CVA)
|
|
5.8.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
6.
|
LUACHÁIL STUAMA (PRUVAL)
|
|
6.1.
|
C 32.01 – LUACHÁIL STUAMA: SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR (PRUVAL 1)
|
|
6.1.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
6.1.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
6.2.
|
C 32.02 - LUACHÁIL STUAMA: CUR CHUIGE LÁRNACH (PRUVAL 2)
|
|
6.2.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
6.2.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
6.3.
|
C 32.03 - LUACHÁIL STUAMA: AVA PRIACAIL DE BHARR AN TSAMHALTAITHE (PRUVAL 3)
|
|
6.3.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
6.3.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
6.4
|
C 32.04 – LUACHÁIL STUAMA: AVA SUÍOMHANNA COMHCHRUINNITHE (PRUVAL 4)
|
|
6.4.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
6.4.2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
7.
|
C 33.00 – RISÍOCHTAÍ AR RIALTAIS GHINEARÁLTA (GOV)
|
|
7.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
7.2.
|
RAON FEIDHME AN TEIMPLÉID I DTACA LE RISÍOCHTAÍ AR “RIALTAIS GHINEARÁLTA”
|
|
7.3.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
8.
|
CUMHDACH CAILLTEANAIS NPE (NPE LC)
|
|
8.1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
8.2.
|
C 35.01 – RÍOMH NA NASBHAINTÍ LE HAGHAIDH RISÍOCHTAÍ NEAMHTHUILLMHEACHA (NPE LC1)
|
|
8.2.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
8.3.
|
C 35.02 – ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE CUMHDACH AGUS LUACHANNA RISÍOCHTA RISÍOCHTAÍ NEAMHTHUILLMHEACHA SEACHAS RISÍOCHTAÍ STAONTA A THAGANN FAOI AIRTEAGAL 47C(6) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 (NPE LC2)
|
|
8.3.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
|
8.4.
|
C 35.03 – ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE CUMHDACH AGUS LUACHANNA RISÍOCHTA RISÍOCHTAÍ STAONTA NEAMHTHUILLMHEACHA A THAGANN FAOI AIRTEAGAL 47C (6) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 (NPE LC3)
|
|
8.4.1.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA
1. STRUCHTÚR AGUS GNÁSANNA
1.1. STRUCHTÚR
1. Cuimsítear sé thopaic sa chreat ar an iomlán:
(a)
leordhóthanacht caipitil, forléargas ar chaipiteal rialála; méid iomlán na risíochta ar phriacal; luacháil stuama; cumhdach caillteanais le haghaidh risíocht neamhthuillmheach (NPE);
(b)
grúpshócmhainneacht, forbhreathnú ar chomhlíonadh na gceanglas sócmhainneachta ag gach eintiteas aonair a áirítear i raon feidhme comhdhlúthúcháin an eintitis tuairiscithe;
(c)
priacal creidmheasa (lena n-áirítear priacal contrapháirtí, priacail caolúcháin agus priacail socraíochta);
(d)
priacal margaidh (lena n-áirítear priacal an tsuímh sa leabhar trádála, priacal malairte eachtraí, priacal tráchtearraí, agus priacal CVA);
(f)
risíochtaí rialtais ghinearálta.
2. Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear sa chuid seo den Rialachán Cur Chun Feidhme seo faisnéis mhionsonraithe bhreise maidir le gnéithe níos ginearálta de thuairisciú gach bloic teimpléad, treoracha maidir le suíomhanna sonracha chomh maith le rialacha bailíochtaithe.
3. Níl le tuairisciú ag institiúidí ach na teimpléid sin atá ábhartha ag brath ar an gcur chuige a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a chinneadh.
1.2. GNÁS UIMHRIÚCHÁIN
4. Cloítear sa doiciméad leis an ngnás lipéadaithe a leagtar amach i bpointí 5 go 8 i gcás ina dtagraítear do cholúin, rónna agus cealla na dteimpléad. Úsáidtear na cóid uimhriúla sin go forleathan sna rialacha bailíochtaithe.
5. Cloítear leis an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún}.
6. I gcás bailíochtuithe laistigh de theimpléad, nach n-úsáidtear ach pointí sonraí den teimpléad sin iontu, ní thagraíonn an nodaireacht do theimpléad: {Ró; Colún}.
7. I gcás teimpléad nach bhfuil ach aon cholún amháin iontu, ní thagraítear ach do rónna amháin. {Teimpléad; Ró}
8. Úsáidtear réiltín le léiriú go ndéantar an bailíochtú do na rónna nó do na colúin a shonraítear roimhe.
1.3. GNÁS MAIDIR LE COMHARTHAÍ
9. Déanfar méid ar bith lena méadaítear na cistí dílse nó na ceanglais chaipitil a thuairisciú mar fhigiúr deimhneach. I gcodarsnacht leis sin, déanfar méid ar bith lena laghdaítear iomlán na gcistí dílse nó na gceanglas caipitil a thuairisciú mar fhigiúr faoi bhun an náid. I gcás ina bhfuil comhartha diúltach (-) roimh lipéad ítime, níltear ag súil go dtuairiscítear aon fhigiúr deimhneach don ítim sin.
CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID
1. FORBHREATHNÚ AR LEORDHÓTHANACHT CAIPITIL (“CA”)
1.1. BARÚLACHA GINEARÁLTA
11. Tá faisnéis i dteimpléid CA maidir le huimhreoirí Cholún 1 (cistí dílse, Leibhéal 1, Gnáthchothromas Leibhéal 1), ainmneoir Cholún 1 (ceanglais cistí dílse), agus cur i bhfeidhm fhorálacha idirthréimhseacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE, agus tá sí leagtha amach i gcúig theimpléad:
(a)
Tá i dTeimpléad CA1 méid cistí dílse na n-institiúidí, arna dhí-chomhiomlánú sna hítimí is gá chun an méid sin a bhaint amach. Áirítear leis an méid cistí dílse a fhaightear éifeacht chomhiomlán chur i bhfeidhm fhorálacha idirthréimhseacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE in aghaidh an chineáil caipitil;
(b)
Déantar achoimre i dTeimpléad CA2 ar mhéideanna iomlána risíochta ar phriacal mar a shainmhínítear in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
Tá i dTeimpléad CA3 na cóimheasa a luaitear leibhéal íosta in Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina leith, cóimheasa Cholún 2, agus roinnt sonraí gaolmhara eile;
(d)
Tá i dTeimpléad CA4 ítimí le meabhrú a bhfuil gá leo, i measc nithe eile, chun ítimí in CA1 a ríomh chomh maith le faisnéis maidir le caipiteal maolánach Threoir 2013/36/AE;
(e)
Tá i dTeimpléad CA5 na sonraí is gá chun an éifeacht de bharr chur i bhfeidhm fhorálacha idirthréimhseacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcistí dílse a ríomh. Tiocfaidh deireadh le CA5 nuair a rachaidh na forálacha idirthréimhseacha sin in éag.
12. Tá na teimpléid le húsáid ag gach eintiteas tuairiscithe, gan beann ar na caighdeáin chuntasaíochta a gcloítear leo, cé go mbaineann ítimí áirithe san uimhreoir go sonrach le heintitis a chuireann rialacha luachála de chineál IAS/IFRS i bhfeidhm. Go ginearálta, nasctar an fhaisnéis san ainmneoir leis na torthaí deiridh a thuairiscítear sna teimpléid chomhfhreagracha chun méid iomlán na risíochta ar phriacal a ríomh.
13. Cineálacha éagsúla caipitil a bhíonn sna cistí dílse iomlána: Caipiteal Leibhéal 1 (T1), arb é atá ann suim chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) agus chaipiteal breise Leibhéal 1 (AT1) chomh maith le caipiteal Leibhéal 2 (T2).
14. Is mar seo a leanas a láimhseáiltear cur i bhfeidhm fhorálacha idirthréimhseacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE i dteimpléid CA:
(a)
Áirítear coigeartuithe idirthréimhseacha leis na hítimí in CA1 go ginearálta. Ciallaíonn sé sin go ndéantar na figiúirí in ítimí CA1 a ríomh i gcomhréir leis na forálacha críochnaitheacha (i.e. amhail is nárbh ann d’fhorálacha idirthréimhseacha), cé is moite d’ítimí ina ndéantar achoimre ar éifeacht na bhforálacha idirthréimhseacha sin. Maidir le gach cineál caipitil (i.e. CET1; AT1 agus T2), is ann do thrí ítim éagsúla ina n-áirítear gach coigeartú atá ann mar thoradh ar na forálacha idirthréimhseacha sin.
(b)
Féadfaidh forálacha idirthréimhseacha difear a dhéanamh d’easnamh Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 freisin (i.e. an barrachas a asbhaintear as Caipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Leibhéal 2, arna rialú in Airteagal 36(1) pointe (j) agus in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, pointe (e) faoi seach), agus dá bhrí sin féadfaidh na hítimí ina bhfuil na heasnaimh sin éifeacht na bhforálacha idirthréimhseacha sin a léiriú go hindíreach.
(c)
Úsáidtear teimpléad CA5 go heisiach chun an éifeacht de bharr chur i bhfeidhm fhorálacha idirthréimhseacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thuairisciú.
15. D’fhéadfadh an chaoi a láimhseáiltear ceanglais Cholún II a bheith éagsúil laistigh den Aontas (ní mór Airteagal 104a(1) de Threoir 2013/36/AE a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta). Ní áireofar leis an tuairisciú ar shócmhainneacht is gá faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ach tionchar cheanglais Cholún II ar an gcóimheas sócmhainneachta nó an sprioc-chóimheas.
a)
Níl i dteimpléid CA1, CA2 nó CA5 ach sonraí ar shaincheisteanna Cholún I amháin.
b)
Tá i dteimpléad CA3 tionchar cheanglais bhreise Cholún II maidir leis an gcóimheas sócmhainneachta ar bhonn comhiomlánaithe. Dírítear ann go príomha ar na sprioc-chóimheasa iad féin. Níl aon nasc eile le teimpléid CA1, CA2 nó CA5.
c)
I dteimpléad CA4, tá cill amháin ann maidir le ceanglais bhreise cistí dílse a bhaineann le Colún II. Níl aon nasc ag an gcill sin trí rialacha bailíochtaithe le cóimheasa caipitil theimpléad CA3 agus léirítear ann Airteagal 104a(1) de Threoir 2013/36/AE ina luaitear go sonrach ceanglais cistí dílse bhreise mar aon fhéidearthacht amháin le haghaidh chinntí Cholún II.
1.2. C 01.00 – CISTÍ DÍLSE (CA1)
1.2.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
1. Cistí dílse
Airteagal 4(1), pointe (118) agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é a bheidh i gcistí dílse institiúide suim Chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide agus Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide.
|
|
0015
|
1.1 Caipiteal Leibhéal 1
Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is éard atá i gcaipiteal Leibhéal 1 suim Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus Chaipiteal breise Leibhéal 1
|
|
0020
|
1.1.1 Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0030
|
1.1.1.1 Ionstraimí caipitil agus scairbhiseach atá incháilithe mar chaipiteal CET1
Airteagal 26(1), pointí (a) agus (b), Airteagail 27 go 30, Airteagal 36(1), pointe (f), agus Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
1.1.1.1.1 Ionstraimí caipitil atá láníoctha
Airteagal 26(1), pointe (a), agus Airteagail 27 go 31 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar ionstraimí caipitil na gcumann frithpháirteach, na gcomharchumann nó institiúidí comhchosúla (Airteagail 27 agus 29 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013).
Ní áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na hionstraimí.
Áireofar ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha go léir in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0045
|
1.1.1.1.1* Lena n-áirítear: Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime
Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime i gcaipiteal CET1 más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha go léir in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
1.1.1.1.2* Ítim le meabhrú: Ionstraimí caipitil nach bhfuil incháilithe
Airteagal 28(1), pointí (b), (l) agus (m), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis na coinníollacha sna pointí seo staideanna éagsúla den chaipiteal atá inchúlaithe, agus ar an gcaoi sin d’fhéadfadh an méid a thuairiscítear anseo a bheith incháilithe i dtréimhsí ina dhiaidh sin.
Ní áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na hionstraimí sa mhéid atá le tuairisciú.
|
|
0060
|
1.1.1.1.3 Scairbhiseach
Airteagal 4(1), pointe (124), Airteagal 26(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá le scairbhiseach an bhrí atá leis faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.
Is é an méid a bheidh le tuairisciú san ítim seo an chuid a bhaineann leis na “Ionstraimí caipitil láníoctha”.
|
|
0070
|
1.1.1.1.4 (-) Ionstraimí dílse CET1
Airteagal 36(1), pointe (f), agus Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
CET1 dílis arna shealbhú ag an institiúid nó ag an ngrúpa tuairiscithe ar an dáta maidir le tuairisciú agus na méideanna ionstraimí CET1 is gá a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún (1). Faoi réir eisceachtaí in Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní thuairisceofar sealúchas ar scaireanna a áirítear mar “Ionstraimí caipitil neamh-incháilithe” sa ró seo.
Áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na scaireanna dílse sa mhéid atá le tuairisciú.
Ní áirítear le hítimí 1.1.1.1.4 go 1.1.1.1.4.3 oibleagáidí iarbhír ná oibleagáidí teagmhasacha chun ionstraimí dílse CET1 a cheannach. Déantar oibleagáidí iarbhír nó teagmhasacha chun ionstraimí dílse CET1 a cheannach a thuairisciú ar leithligh in ítim 1.1.1.1.5.
|
|
0080
|
1.1.1.1.4.1 (-) Sealúchais dhíreacha ionstraimí CET1
Airteagal 36(1), pointe (f), agus Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a áirítear in ítim 1.1.1.1 arna sealbhú ag institiúidí an ghrúpa chomhdhlúite agus méideanna ionstraimí CET1 is gá a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014.
Sa mhéid atá le tuairisciú áireofar sealúchais sa leabhar trádála arna ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada, mar a luaitear in Airteagal 42, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0090
|
1.1.1.1.4.2 (-) Sealúchais indíreacha ionstraimí CET1
Airteagal 4(1), pointe (114), Airteagal 36(1), pointe (f), agus Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0091
|
1.1.1.1.4.3 (-) Sealúchais shintéiseacha ionstraimí CET1
Airteagal 4(1), pointe (126), Airteagal 36(1), pointe (f), agus Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0092
|
1.1.1.1.5 (-) Oibleagáidí iarbhír nó teagmhasacha chun ionstraimí dílse CET1 a cheannach
Airteagal 36(1), pointe (f), agus Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
De réir Airteagal 36(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, asbhainfear “ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d’oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáid chonarthach atá ann cheana”.
|
|
0130
|
1.1.1.2 Tuilleamh coimeádta
Airteagal 26(1), pointe (c), agus Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áirítear le tuilleamh coimeádta tuilleamh coimeádta na bliana roimhe sin móide brabúis incháilithe eatramhacha nó dheireadh na bliana
|
|
0140
|
1.1.1.2.1 Tuilleamh coimeádta i mblianta roimhe seo
Airteagal 4(1), pointe (123), agus Airteagal 26(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sainmhínítear tuilleamh coimeádta in Airteagal 4(1), pointe (123), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar “brabús agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur chun feidhme deiridh an bhrabúis nó an chaillteanais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme”.
|
|
0150
|
1.1.1.2.2 Brabús nó caillteanas incháilithe
Airteagal 4(1), pointe (121), Airteagal 26(2) agus Airteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 brabúis eatramhacha nó dheireadh na bliana a chur san áireamh mar thuilleamh coimeádta, le toiliú roimh ré na n-údarás inniúil, más rud é go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.
Os a choinne sin, asbhainfear caillteanais ó Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, mar a luaitear in Airteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0160
|
1.1.1.2.2.1 Brabús nó caillteanas is inchurtha i leith úinéirí na máthairchuideachta
Airteagal 26(2) agus Airteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid a bheidh le tuairisciú an brabús nó an caillteanas a thuairiscítear sa ráiteas ioncaim cuntasaíochta.
|
|
0170
|
1.1.1.2.2.2 (-) Cuid de bhrabús eatraimh nó brabús deireadh bliana nach bhfuil incháilithe
Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní léireofar aon fhigiúr sa ró seo más rud é, le haghaidh na tréimhse tagartha, gur thuairiscigh an institiúid caillteanais, mar asbhainfear na caillteanais ina n-iomláine as CET1.
Má thuairiscíonn an institiúid brabúis, tuairisceofar an chuid nach bhfuil incháilithe de réir Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (i.e. brabúis nach ndéantar iniúchadh orthu agus muirir nó díbhinní intuartha).
Tugtar faoi deara, i gcás brabús, gurb iad na díbhinní eatramhacha, ar a laghad, a bheidh sa mhéid atá le hasbhaint.
|
|
0180
|
1.1.1.3 Ioncam cuimsitheach carntha eile
Airteagal 4(1), pointe (100), agus Airteagal 26(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Beidh an méid atá le tuairisciú glan ar aon mhuirear cánach intuartha tráth an ríomha, agus sula gcuirfear scagairí stuamachta i bhfeidhm. Déanfar an méid atá le tuairisciú a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún.
|
|
0200
|
1.1.1.4 Cúlchistí eile
Airteagal 4(1), pointe (117), agus Airteagal 26(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sainmhínítear cúlchistí eile i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar “cúlchistí de réir bhrí an chreata cuntasaíochta is infheidhme nach foláir a nochtadh faoin gcaighdeán cuntasaíochta sin is infheidhme, cé is moite d’aon mhéideanna ar áireamh cheana féin in ioncam cuimsitheach carntha eile nó i dtuilleamh coimeádta”.
Beidh an méid atá le tuairisciú glan ar aon mhuirear cánach intuartha tráth an ríomha.
|
|
0210
|
1.1.1.5 Cistí le haghaidh priacal baincéireachta ginearálta
Airteagal 4(1), pointe (112), agus Airteagal 26(1), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sainmhínítear cistí le haghaidh priacail ghinearálta bhaincéireachta in Airteagal 38 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle mar “Méideanna a chinneann institiúid creidmheasa a chur i leataobh chun na priacail sin a chumhdach i gcás ina gceanglaítear é sin mar thoradh ar na priacail ar leith a bhaineann le baincéireacht”.
Beidh an méid atá le tuairisciú glan ar aon mhuirear cánach intuartha tráth an ríomha.
|
|
0220
|
1.1.1.6 Coigeartuithe idirthréimhseacha i ngeall ar ionstraimí caipitil CET1 a marthanaíodh
Airteagal 483, míreanna 1, 2 agus 3 agus Airteagail 484 go 487 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An líon ionstraimí caipitil a marthanaíodh go hidirthréimhseach mar CET1. Faightear an méid atá le tuairisciú go díreach ó CA5.
|
|
0230
|
1.1.1.7 Leas mionlaigh dar tugadh aitheantas i gcaipiteal CET1
Airteagal 4(1), pointe (120), agus Airteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim na méideanna go léir de leasanna mionlaigh fochuideachtaí a áirítear in CET1 comhdhlúite.
|
|
0240
|
1.1.1.8 Coigeartuithe idirthréimhseacha i ngeall ar leasanna mionlaigh breise
Airteagail 479 agus 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe ar na leasanna mionlaigh i ngeall ar fhorálacha idirthréimhseacha. Faightear an ítim seo go díreach ó CA5.
|
|
0250
|
1.1.1.9 Coigeartuithe ar CET1 i ngeall ar scagairí stuamachta
Airteagail 32 go 35 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0260
|
1.1.1.9.1 (-) Méaduithe sa chothromas ag eascairt as sócmhainní urrúsaithe
Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú an méadú i gcothromas na hinstitiúide ag eascairt as sócmhainní urrúsaithe, i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.
Mar shampla, áirítear leis an ítim seo an t-ioncam éarlaise todhchaí as a n-eascraíonn gnóthachain ó dhíolacháin don institiúid, nó, i gcás tionscnóirí, na gnóthachain ghlana a eascraíonn as caipitliú ioncaim todhchaí ó na sócmhainní urrúsaithe lena soláthraítear feabhsú creidmheasa do shuímh san urrúsúchán.
|
|
0270
|
1.1.1.9.2 Cúlchiste na bhfáluithe sreabhaidh airgid
Airteagal 33(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh an méid atá le tuairisciú a bheith deimhneach nó diúltach. Beidh sé deimhneach más rud é gurb ann do chaillteanas mar thoradh ar fháluithe ar an sreabhadh airgid (i.e. más rud é go laghdaítear an cothromas cuntasaíochta) agus vice versa. Dá réir sin, beidh an comhartha contrártha don chomhartha a úsáidtear i ráitis chuntasaíochta.
Beidh an méid glan ar aon mhuirear cánach a mbeifear ag súil leis tráth an ríomha.
|
|
0280
|
1.1.1.9.3 Gnóthachain agus caillteanais charnacha i ngeall ar athruithe i bpriacal creidmheasa féin ar dhliteanais ar luach cóir
Airteagal 33(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh an méid atá le tuairisciú a bheith deimhneach nó diúltach. Beidh sé deimhneach más rud é gurb ann do chaillteanas mar thoradh ar athruithe sa phriacal creidmheasa féin (i.e. más rud é go laghdaítear an cothromas cuntasaíochta) agus vice versa. Dá réir sin, beidh an comhartha contrártha don chomhartha a úsáidtear i ráitis chuntasaíochta.
Ní áireofar san ítim seo brabús neamhiniúchta.
|
|
0285
|
1.1.1.9.4 Gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir a eascraíonn as priacal creidmheasa na hinstitiúide féin i dtaca le dliteanais díorthach
Airteagal 33(1), pointe (c), agus Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh an méid atá le tuairisciú a bheith deimhneach nó diúltach. Beidh sé deimhneach más rud é gurb ann do chaillteanas mar thoradh ar athruithe sa phriacal creidmheasa féin agus vice versa. Dá réir sin, beidh an comhartha contrártha don chomhartha a úsáidtear i ráitis chuntasaíochta.
Ní áireofar san ítim seo brabús neamhiniúchta.
|
|
0290
|
1.1.1.9.5 (-) Coigeartuithe luachála i ngeall ar na ceanglais maidir le luacháil stuama
Airteagail 34 agus 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe ar luach cóir risíochtaí a áirítear sa leabhar trádála nó sa leabhar neamhthrádála i ngeall ar chaighdeáin níos déine le haghaidh luacháil stuama a leagtar amach in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0300
|
1.1.1.10 (-) Cáilmheas
Airteagal 4(1), pointe (113), Airteagal 36(1), pointe (b) agus Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0310
|
1.1.1.10.1 (-) Cáilmheas a dtugtar cuntas uirthi mar shócmhainn doláimhsithe
Airteagal 4(1), pointe (113), agus Airteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá le cáilmheas an bhrí atá leis faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.
Beidh an méid atá le tuairisciú anseo mar an gcéanna leis an méid a thuairiscítear ar an gclár comhardaithe.
|
|
0320
|
1.1.1.10.2 (-) Cáilmheas a áirítear sa luacháil ar infheistíochtaí suntasacha
Airteagal 37, pointe (b), agus Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0330
|
1.1.1.10.3 Dliteanais chánach iarchurtha a bhaineann le cáilmheas
Airteagal 37, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid na ndliteanas cánach iarchurtha a mhúchfaí dá dtiocfadh laghdú ar an gcáilmheas nó dá mbainfí den chlár comhardaithe é faoin gcaighdeán cuntasaíochta ábhartha.
|
|
0335
|
1.1.1.10.4 Athluacháil cuntasaíochta ar cháilmheas fochuideachtaí a dhíorthaítear ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith tríú daoine
Airteagal 37, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid na hathluachála cuntasaíochta ar cháilmheas na bhfochuideachtaí arna dhíorthú ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith daoine seachas na gnóthais atá sa chomhdhlúthú de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.
|
|
0340
|
1.1.1.11 (-) Sócmhainní doláimhsithe eile
Airteagal 4(1), pointe (115), Airteagal 36(1), pointe (b). agus Airteagal 37 pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad na sócmhainní doláimhsithe eile na sócmhainní doláimhsithe faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, lúide an cáilmheas, de réir an chaighdeáin cuntasaíochta is infheidhme freisin.
|
|
0350
|
1.1.1.11.1 (-) Sócmhainní doláimhsithe eile roimh dhliteanais chánach iarchurtha a asbhaint
Airteagal 4(1), pointe (115), agus Airteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad na sócmhainní doláimhsithe eile na sócmhainní doláimhsithe faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, lúide an cáilmheas, i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme freisin.
Comhfhreagróidh an méid atá le tuairisciú anseo don mhéid sócmhainní doláimhsithe a áirítear sa chlár comhardaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, seachas cáilmheas agus an méid sócmhainní bogearraí atá luacháilte go stuama nach n-asbhaintear as ítimí CET1 i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0352
|
1.1.1.11.1.1 (-) Lena n-áirítear sócmhainní bogearraí a áirítear mar shócmhainní doláimhsithe eile roimh dhliteanais chánach iarchurtha a asbhaint
Airteagal 4(1), pointe (115), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An méid sócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe a asbhaintear as ítimí CET1 i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 13a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014. Sa mhéid a thuairisceofar, ní chuirfear san áireamh na héifeachtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm na láimhseála a bhunaítear le hAirteagal 37, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i ndáil leis na dliteanais chánach iarchurtha a bhaineann leis na sócmhainní bogearraí sin.
I gcás ina gcinnfidh institiúid a sócmhainní bogearraí a asbhaint go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, in ionad an láimhseáil a luaitear in Airteagal 13a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 a chur i bhfeidhm, comhfhreagróidh an méid a thuairisceofar sa ró seo leis an méid sócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.
|
|
0360
|
1.1.1.11.2 Dliteanais chánach iarchurtha a bhaineann le sócmhainní doláimhsithe eile
Airteagal 37, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An méid dliteanas cánach iarchurtha a mhúchfaí dá dtiocfadh laghdú ar na sócmhainní doláimhsithe, seachas cáilmheas agus sócmhainní bogearraí atá luacháilte go stuama atá díolmhaithe ón asbhaint as ítimí CET1 i gcomhréir le hAirteagal 13a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014, nó dá ndéanfaí iad a dhí-aithint faoin gcaighdeán cuntasaíochta ábhartha.
|
|
0362
|
1.1.1.11.2.1 Dliteanais chánach iarchurtha a bhaineann le sócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe
Airteagal 37, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An cion de dhliteanas cánach iarchurtha a bhaineann leis an méid sócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe a asbhaintear as ítimí CET1 i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 13a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 nó Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0365
|
1.1.1.11.3 Athluacháil cuntasaíochta ar shócmhainní doláimhsithe eile fochuideachtaí a dhíorthaítear ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith tríú daoine
Airteagal 37, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid na hathluachála cuntasaíochta ar shócmhainní doláimhsithe na bhfochuideachtaí seachas cáilmheas arna ndíorthú ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith daoine seachas na gnóthais atá sa chomhdhlúthú de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.
|
|
0370
|
1.1.1.12 (-) Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus nach dtagann ó dhifríochtaí sealadacha glan ar dhliteanais chánach ghaolmhara
Airteagal 36(1), pointe (c), agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0380
|
1.1.1.13 (-) Easnamh IRB de choigeartuithe ar phriacal creidmheasa ar chaillteanais ionchasacha
Airteagal 36(1), pointe (d), Airteagail 40, 158 agus 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní dhéanfar an méid a bheidh le tuairisciú a laghdú i ngeall ar mhéadú ar leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó ar éifeacht chánach bhreise eile, a d’fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh’ (Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0390
|
1.1.1.14 (-) Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe
Airteagal 4(1), pointe (109), Airteagal 36(1), pointe (e) agus Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0400
|
1.1.1.14.1 (-) Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe
Airteagal 4(1), pointe (109) agus Airteagal 36(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sainmhínítear sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe mar “sócmhainní ciste pinsean sainithe nó sócmhainní plean pinsean sainithe, de réir mar is infheidhme, arna ríomh tar éis iad a laghdú le méid na n-oibleagáidí faoin bplean nó faoin gciste sin”.
Beidh an méid atá le tuairisciú anseo ag freagairt don mhéid a thuairiscítear ar an gclár comhardaithe (má thuairiscítear ar leithligh é).
|
|
0410
|
1.1.1.14.2 Dliteanais chánach iarchurtha a bhaineann le sócmhainn cistí pinsin le sochar sainithe
Airteagal 4(1), pointí (108) agus (109), agus Airteagal 41(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid na ndliteanas cánach iarchurtha a mhúchfaí dá dtiocfadh laghdú ar na sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe nó dá mbainfí den chlár comhardaithe iad faoin gcaighdeán cuntasaíochta ábhartha.
|
|
0420
|
1.1.1.14.3 Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid
Airteagal 4(1), pointe (109), agus Airteagal 41(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní chuirfear aon mhéid i láthair san ítim seo mura bhfuil ann do thoiliú roimh ré ón údarás inniúil chun méid na sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe atá le hasbhaint a laghdú.
Tabharfar ualú priacal do na sócmhainní sa ró seo le haghaidh ceanglais priacail creidmheasa.
|
|
0430
|
1.1.1.15 (-) Tras-sealúchais chómhalartacha i gCaipiteal CET1
Airteagal 4(1), pointe (122), Airteagal 36(1), pointe (g) agus Airteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais in ionstraimí CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás inarb ann do thras-sealúchas cómhalartach a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga.
Déanfar an méid atá le tuairisciú a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomhanna fada, agus áireofar ann ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 1.
|
|
0440
|
1.1.1.16 (-) Barrachas na hasbhainte as ítimí AT1 de bhreis ar Chaipiteal AT1
Airteagal 36(1), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Faightear an méid atá le tuairisciú go díreach ó ítim CA1 “Barrachas na hasbhainte as ítimí AT1 de bhreis ar Chaipiteal AT1”. Ní mór an méid a asbhaint as CET1.
|
|
0450
|
1.1.1.17 (-) Sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 % mar mhalairt air sin
Airteagal 4(1), pointe (36), Airteagal 36(1), pointe (k)(i) agus Airteagail 89 go 91 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sainmhínítear sealúchais cháilitheacha mar “sealúchas díreach nó indíreach i ngnóthas arb ionann é agus 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an ghnóthais sin”.
De réir phointe (k)(i) d’Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 is féidir sealúchais cháilitheacha, mar mhalairt air sin, a asbhaint as CET1 (ag úsáid na hítime seo), nó is féidir iad a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 %.
|
|
0460
|
1.1.1.18 (-) Suíomhanna urrúsúcháin a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 % mar mhalairt air sin
Airteagal 244(1), pointe (b), Airteagal 245(1), pointe (b) agus Airteagal 253(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Is san ítim seo a thuairisceofar suíomhanna urrúsúcháin atá faoi réir ualú priacail 1 250 %, ach mar mhalairt air sin, ar féidir iad a asbhaint as Gnáthchothromas Leibhéal 1 (Airteagal 36(1) pointe (k) (ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0470
|
1.1.1.19 (-) Seachadtaí saor in aisce a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 % mar mhalairt air sin
Airteagal 36(1), pointe (k)(iii) agus Airteagal 379(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá seachadtaí saor in aisce faoi réir ualú priacal 1 250 % tar éis 5 lá tar éis an dara híocaíocht chonarthach nó an dara céim den seachadadh go dtí múchadh an idirbhirt, de réir na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal socraíochta. Mar mhalairt air sin, féadfar iad a asbhaint as CET1 (Airteagal 36(1), pointe (k)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Sa chás deireanach sin, tuairisceofar san ítim seo iad.
|
|
0471
|
1.1.1.20 (-) Suíomhanna i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, agus a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 % mar mhalairt air sin
Airteagal 36(1), pointe (k)(iv) agus Airteagal 153(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
De réir Airteagal 36(1), pointe (k)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfar suíomhanna i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, mar mhalairt air sin, a asbhaint as CET1 (ag úsáid na hítime seo), nó féadfaidh siad a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 %.
|
|
0472
|
1.1.1.21 (-) Risíochtaí ar chothromas faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 % mar mhalairt air sin
Airteagal 36(1), pointe (k)(v) agus Airteagal 155(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
De réir Airteagal 36(1), pointe (k)(v) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfar risíochtaí cothromais faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha, mar mhalairt air sin, a asbhaint as CET1 (ag úsáid na hítime seo), nó féadfaidh siad a bheith faoi réir ualú priacal 1 250 %.
|
|
0480
|
1.1.1.22 (-) Ionstraimí CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (27), Airteagal 36(1), pointe (h), Airteagail 43 go 46, Airteagal 49, míreanna 2 agus 3 agus Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuid de shealúchais na hinstitiúide d’ionstraimí eintiteas san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid atá le hasbhaint as CET1.
Féach roghanna malartacha eile asbhainte i gcás comhdhlúthaithe (Airteagal 49, míreanna 2 agus 3).
|
|
0490
|
1.1.1.23 (-) Sócmhainní cánach iarchurtha inasbhainte atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha
Airteagal 36(1), pointe (c); Airteagal 38 agus Airteagal 48(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuid de na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a eascraíonn as difríochtaí sealadacha (iad glan ar an gcuid de dhliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara a leithdháiltear ar shócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn as difríochtaí sealadacha), ar gá iad a asbhaint de réir Airteagal 38(5), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus an tairseach 10 % dá dtagraítear in Airteagal 48(1), pointe (a), den Rialachán sin á cur i bhfeidhm.
|
|
0500
|
1.1.1.24 (-) Ionstraimí CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (27), Airteagal 36(1), pointe (i); Airteagail 43, 45, 47, Airteagal 48(2), pointe (b), Airteagail 49, míreanna 1, 2 agus 3 agus Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuid de shealúchais na hinstitiúide d’ionstraimí CET1 eintiteas san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid atá le hasbhaint, agus an tairseach 10 % dá dtagraítear in Airteagal 48(1), pointe (b), den Rialachán sin á cur i bhfeidhm.
Féach roghanna malartacha eile asbhainte i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú i bhfeidhm (Airteagal 49, míreanna 1, 2 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0510
|
1.1.1.25 (-) Méid a sháraíonn an tairseach 17.65 %
Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuid de shócmhainní cánach iarchurtha a bhíonn ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a eascraíonn as éagsúlachtaí sealadacha, agus sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha na hinstitiúide d’ionstraimí CET1 eintiteas san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid atá le hasbhaint, agus an tairseach 17.65 % in Airteagal 48(2) den Rialachán sin á cur i bhfeidhm.
|
|
0511
|
1.1.1.25.1 (-) Méid a sháraíonn an tairseach 17.65 % a bhaineann le hionstraimí CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
|
|
0512
|
1.1.1.25.2 (-) Méid a sháraíonn an tairseach 17.65 % a bhaineann le sócmhainní cánach iarchurtha a thagann ó dhifríochtaí sealadacha
|
|
0513
|
1.1.1.25A (-) Cumhdach neamhdhóthanach le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha
Airteagal 36(1), pointe (m), agus Airteagal 47c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0514
|
1.1.1.25B (-) Easnaimh gealltanais íosluacha
Airteagal 36(1), pointe (n), agus Airteagal 132c(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0515
|
1.1.1.25C (-) Muirir chánach intuartha eile
Airteagal 36(1), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Muirir chánach a bhaineann le hítimí CET1 is intuartha tráth an ríomha seachas muirir chánach a breithníodh cheana féin in aon cheann de na rónna eile ina léirítear ítimí CET1 trí mhéid ítim CET1 i gceist a laghdú.
|
|
0520
|
1.1.1.26 Coigeartuithe idirthréimhseacha eile ar Chaipiteal CET1
Airteagail 469 go 478 agus Airteagal 481 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe ar asbhaintí i ngeall ar fhorálacha idirthréimhseacha. Faightear an méid atá le tuairisciú go díreach ó CA5.
|
|
0524
|
1.1.1.27 (-) Asbhaintí breise Chaipiteal CET1 i ngeall ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I gcás ina gcinnfidh institiúid a sócmhainní bogearraí a asbhaint go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, in ionad an láimhseáil a luaitear in Airteagal 13a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 a chur i bhfeidhm, ní thuairisceofar an méid breise arna asbhaint sa ró seo, ach i ró 0352.
|
|
0529
|
1.1.1.28 Ábhair chaipitil nó asbhaintí CET1 – eile
Ceaptar an ró seo chun solúbthacht a sholáthar chun críocha tuairiscithe amháin. Ní líonfar é ach amháin sna cásanna annamha sin nach ann do chinneadh críochnaitheach maidir le tuairisciú na n-ítimí/n-asbhaintí caipitil sonracha i dteimpléad reatha CA1. Dá bharr sin, ní líonfar an ró seo ach amháin más rud é nach féidir ábhar caipitil CET1 nó asbhaint as ábhar CET1 a shannadh do cheann de na rónna 020 go 524.
Ní úsáidfear an ró seo chun ítimí caipitil/asbhaintí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iad a shannadh i ríomh cóimheas sócmhainneachta (e.g. sannadh ítimí caipitil / asbhaintí náisiúnta atá lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0530
|
1.1.2 CAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1
Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0540
|
1.1.2.1 Ionstraimí caipitil agus scairbhiseach atá incháilithe mar Chaipiteal AT1
Airteagal 51, pointe (a), Airteagail 52, 53 agus 54, Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0551
|
1.1.2.1.1 Ionstraimí caipitil láníoctha, a eisítear go díreach
Airteagal 51, pointe (a), agus Airteagail 52, 53 agus 54 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na hionstraimí sa mhéid atá le tuairisciú
|
|
0560
|
1.1.2.1.2 (*) Ítim le meabhrú: Ionstraimí caipitil nach bhfuil incháilithe
Airteagal 52(1), pointí (c), (e) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis na coinníollacha sna pointí seo staideanna éagsúla den chaipiteal atá inchúlaithe, agus ar an gcaoi sin d’fhéadfadh an méid a thuairiscítear anseo a bheith incháilithe i dtréimhsí ina dhiaidh sin.
Ní áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na hionstraimí sa mhéid atá le tuairisciú
|
|
0571
|
1.1.2.1.3 Scairbhiseach
Airteagal 51, pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá le scairbhiseach an bhrí atá leis faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.
Is é an méid a bheidh le tuairisciú san ítim seo an chuid a bhaineann leis na “Ionstraimí caipitil láníoctha agus eisithe go díreach”.
|
|
0580
|
1.1.2.1.4 (-) Ionstraimí dílse AT1
Airteagal 52(1), pointe (b), Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ionstraimí AT1 dílse arna sealbhú ag an institiúid nó ag an ngrúpa tuairiscithe ar an dáta maidir le tuairisciú agus na méideanna ionstraimí AT1 is gá a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014. Faoi réir eisceachtaí in Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní thuairisceofar sealúchas ar scaireanna a áirítear mar “Ionstraimí caipitil neamh-incháilithe” sa ró seo.
Áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na scaireanna dílse sa mhéid atá le tuairisciú.
Ní áirítear le hítimí 1.1.2.1.4 go 1.1.2.1.4.3 oibleagáidí iarbhír ná oibleagáidí teagmhasacha chun ionstraimí dílse AT1 a cheannach. Déantar oibleagáidí iarbhír nó teagmhasacha chun ionstraimí dílse AT1 a cheannach a thuairisciú ar leithligh in ítim 1.1.2.1.5.
|
|
0590
|
1.1.2.1.4.1 (-) Sealúchais dhíreacha ionstraimí AT1
Airteagal 4(1), pointe (144), Airteagal 52(1), pointe (b), Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ionstraimí breise Leibhéal 1 a áirítear in ítim 1.1.2.1.1 arna sealbhú ag institiúidí an ghrúpa chomhdhlúite agus méideanna ionstraimí AT1 is gá a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014.
|
|
0620
|
1.1.2.1.4.2 (-) Sealúchais indíreacha ionstraimí AT1
Airteagal 52(1), pointe (b)(ii), Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0621
|
1.1.2.1.4.3 (-) Sealúchais shintéiseacha ionstraimí AT1
Airteagal 4(1), pointe (126), Airteagal 52(1), pointe (b), Airteagal 56, pointe (a) agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0622
|
1.1.2.1.5 (-) Oibleagáidí iarbhír nó teagmhasacha chun ionstraimí dílse AT1 a cheannach
Airteagal 56, pointe (a), agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
De réir Airteagal 56, pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, asbhainfear “ionstraimí dílse Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a d’fhéadfadh a bheith d’oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana”.
|
|
0660
|
1.1.2.2 Coigeartuithe idirthréimhseacha i ngeall ar ionstraimí caipitil AT1 a marthanaíodh
Airteagal 483, míreanna 4 agus 5, Airteagail 484 go 487, Airteagail 489 agus 491 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An líon ionstraimí caipitil a marthanaíodh go hidirthréimhseach mar AT1. Faightear an méid atá le tuairisciú go díreach ó CA5.
|
|
0670
|
1.1.2.3 Ionstraimí a d’eisigh fochuideachtaí a dtugtar aitheantas dóibh i gCaipiteal AT1
Airteagail 83, 85 agus 86 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim na méideanna go léir de chaipiteal T1 incháilithe fochuideachtaí a áirítear in AT1 comhdhlúite.
Áireofar Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach (Airteagal 83 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0680
|
1.1.2.4 Coigeartuithe idirthréimhseacha i ngeall ar aitheantas breise i gCaipiteal AT1 d’ionstraimí a d’eisigh fochuideachtaí
Airteagal 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe ar chaipiteal cáilitheach T1 a áirítear i gcaipiteal AT1 comhdhlúite i ngeall ar fhorálacha idirthréimhseacha. Faightear an ítim seo go díreach ó CA5.
|
|
0690
|
1.1.2.5 (-) Tras-sealúchais chómhalartacha i gCaipiteal AT1
Airteagal 4(1), pointe (122), Airteagal 56, pointe (b) agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais in ionstraimí AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás inarb ann do thras-sealúchas cómhalartach a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga.
Déanfar an méid atá le tuairisciú a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomhanna fada, agus áireofar ann ítimí árachais chistí dílse breise Leibhéal 1.
|
|
0700
|
1.1.2.6 (-) Ionstraimí AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (27), Airteagal 56, pointe (c); Airteagail 59, 60 agus 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuid de shealúchais na hinstitiúide d’ionstraimí eintiteas san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid atá le hasbhaint as AT1.
|
|
0710
|
1.1.2.7 (-) Ionstraimí AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (27), Airteagal 56, pointe (d), Airteagail 59 agus 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais na hinstitiúide d’ionstraimí AT1 eintiteas san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid, déantar iad a asbhaint ina n-iomláine
|
|
0720
|
1.1.2.8 (-) Barrachas na hasbhainte as ítimí T2 de bhreis ar Chaipiteal T2
Airteagal 56, pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Faightear an méid atá le tuairisciú go díreach ó ítim CA1 “Barrachas na hasbhainte as ítimí T2 de bhreis ar Chaipiteal T2” (asbhainte in AT1).
|
|
0730
|
1.1.2.9 Coigeartuithe idirthréimhseacha eile ar Chaipiteal AT1
Airteagail 472, 473a, 474, 475, 478 agus 481 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe i ngeall ar fhorálacha idirthréimhseacha. Faightear an méid atá le tuairisciú go díreach ó CA5.
|
|
0740
|
1.1.2.10 (-) Barrachas na hasbhainte as ítimí AT1 de bhreis ar Chaipiteal AT1 (asbhainte in CET1)
Airteagal 36(1), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní féidir le caipiteal breise Leibhéal 1 a bheith diúltach, ach d’fhéadfaí gur mhó asbhaintí AT1 ná Caipiteal AT1 móide scairbhiseach gaolmhar. Sa chás sin, ní mór do AT1 a bheith cothrom le nialas, agus ní mór barrachas asbhaintí AT1 a asbhaint as CET1.
Leis an ítim seo, baintear amach nach lú suim ítimí 1.1.2.1 go 1.1.2.12 ná nialas riamh. I gcás ina léirítear figiúr deimhneach leis an ítim seo, beidh ítim 1.1.1.16 ina hinbhéarta den fhigiúr sin.
|
|
0744
|
1.1.2.11 (-) Asbhaintí breise Chaipiteal AT1 i ngeall ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0748
|
1.1.2.12 Ábhair chaipitil nó asbhaintí AT1 - eile
Ceaptar an ró seo chun solúbthacht a sholáthar chun críocha tuairiscithe amháin. Ní líonfar é ach amháin sna cásanna annamha sin nach ann do chinneadh críochnaitheach maidir le tuairisciú na n-ítimí/n-asbhaintí caipitil sonracha i dteimpléad reatha CA1. Dá bharr sin, ní líonfar an ró seo ach amháin más rud é nach féidir ábhar caipitil AT1 nó asbhaint as ábhar AT1 a shannadh ar cheann de na rónna 530 go 744.
Ní úsáidfear an ró seo chun ítimí caipitil/asbhaintí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shannadh i ríomh cóimheas sócmhainneachta (e.g. sannadh ítimí caipitil / asbhaintí náisiúnta atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin).
|
|
0750
|
1.2 CAIPITEAL LEIBHÉAL 2
Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0760
|
1.2.1 Ionstraimí caipitil agus scairbhiseach atá incháilithe mar Chaipiteal Leibhéal 2
Airteagal 62, pointe (a), Airteagail 63 go 65, Airteagal 66, pointe (a), agus Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0771
|
1.2.1.1 Ionstraimí caipitil láníoctha, a eisítear go díreach
Airteagal 62, pointe (a), Airteagail 63 agus 65 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na hionstraimí sa mhéid atá le tuairisciú.
D'fhéadfadh sé gur cothromas nó dliteanais, lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta, a bheadh sna hionstraimí caipitil.
|
|
0780
|
1.2.1.2 (*) Ítim le meabhrú: Ionstraimí caipitil nach bhfuil incháilithe
Airteagal 63, pointí (c), (e) agus (f), agus Airteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis na coinníollacha sna pointí seo staideanna éagsúla den chaipiteal atá inchúlaithe, agus ar an gcaoi sin d’fhéadfadh an méid a thuairiscítear anseo a bheith incháilithe i dtréimhsí ina dhiaidh sin.
Ní áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na hionstraimí sa mhéid atá le tuairisciú.
D'fhéadfadh sé gur cothromas nó dliteanais, lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe, a bheadh sna hionstraimí caipitil.
|
|
0791
|
1.2.1.3 Scairbhiseach
Airteagal 62, pointe (b) agus Airteagal 65 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá le scairbhiseach an bhrí atá leis faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.
Is é an méid a bheidh le tuairisciú san ítim seo an chuid a bhaineann leis na “Ionstraimí caipitil láníoctha agus eisithe go díreach”.
|
|
0800
|
1.2.1.4 (-) Ionstraimí dílse T2
Airteagal 63, pointe (b)(i), Airteagal 66, pointe (a), agus Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ionstraimí T2 dílse arna sealbhú ag an institiúid nó ag an ngrúpa tuairiscithe ar an dáta maidir le tuairisciú agus na méideanna ionstraimí T2 is gá a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014. Faoi réir eisceachtaí in Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní thuairisceofar sealúchas ar scaireanna a áirítear mar “Ionstraimí caipitil neamh-incháilithe” sa ró seo.
Áireofar an scairbhiseach a bhaineann leis na scaireanna dílse sa mhéid atá le tuairisciú.
Ní áirítear le hítimí 1.2.1.4 go 1.2.1.4.3 oibleagáidí iarbhír ná oibleagáidí teagmhasacha chun ionstraimí dílse T2 a cheannach. Déantar oibleagáidí iarbhír nó teagmhasacha chun ionstraimí dílse T2 a cheannach a thuairisciú ar leithligh in ítim 1.2.1.5.
|
|
0810
|
1.2.1.4.1 (-) Sealúchais dhíreacha ionstraimí T2
Airteagal 63, pointe (b), Airteagal 66, pointe (a), agus Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ionstraimí Leibhéal 2 a áirítear in ítim 1.2.1.1 arna sealbhú ag institiúidí an ghrúpa chomhdhlúite agus méideanna ionstraimí T2 is gá a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014.
|
|
0840
|
1.2.1.4.2 (-) Sealúchais indíreacha ionstraimí T2
Airteagal 4(1), pointe (114), Airteagal 63, pointe (b), Airteagal 66, pointe (a), agus Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0841
|
1.2.1.4.3 (-) Sealúchais shintéiseacha ionstraimí T2
Airteagal 4(1), pointe (126), Airteagal 63, pointe (b), Airteagal 66, pointe (a), agus Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0842
|
1.2.1.5 (-) Oibleagáidí iarbhír nó teagmhasacha chun ionstraimí dílse T2 a cheannach
Airteagal 66, pointe (a), agus Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
De réir Airteagal 66, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, asbhainfear “ionstraimí dílse Chaipiteal Leibhéal 2 a d’fhéadfadh a bheith d’oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana”.
|
|
0880
|
1.2.2 Coigeartuithe idirthréimhseacha i ngeall ar ionstraimí caipitil T2 a marthanaíodh
Airteagal 483, míreanna 6 agus 7, Airteagail 484, 486, 488, 490 agus 491 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An líon ionstraimí caipitil a marthanaíodh go hidirthréimhseach mar T2. Faightear an méid atá le tuairisciú go díreach ó CA5.
|
|
0890
|
1.2.3 Ionstraimí a d’eisigh fochuideachtaí a dtugtar aitheantas dóibh i gCaipiteal T2
Airteagail 83, 87 agus 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim na méideanna go léir de chistí dílse incháilithe fochuideachtaí a áirítear in T2 comhdhlúite.
Áireofar Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach (Airteagal 83 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0900
|
1.2.4 Coigeartuithe idirthréimhseacha i ngeall ar aitheantas breise i gCaipiteal T2 d’ionstraimí a d’eisigh fochuideachtaí
Airteagal 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe ar chistí dílse cáilitheacha a áirítear i gcaipiteal T2 comhdhlúite i ngeall ar fhorálacha idirthréimhseacha. Faightear an ítim seo go díreach ó CA5.
|
|
0910
|
1.2.5 Barrachas IRB ar sholáthairtí de bhreis ar chaillteanais ionchasacha incháilithe
Airteagal 62, pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Cur Chuige IRB, beidh san ítim seo na méideanna deimhneacha a eascraíonn as comparáid a dhéanamh idir na forálacha agus na caillteanais ionchasacha atá incháilithe mar chaipiteal T2.
|
|
0920
|
1.2.6 Coigeartuithe ginearálta SA ar phriacal creidmheasa
Airteagal 62, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánach, beidh san ítim seo na coigeartuithe ar phriacal creidmheasa ginearálta atá incháilithe mar chaipiteal T2.
|
|
0930
|
1.2.7 (-) Tras-sealúchais chómhalartacha i gCaipiteal T2
Airteagal 4(1), pointe (122), Airteagal 66, pointe (b) agus Airteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais in ionstraimí T2 d’eintitis san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás inarb ann do thras-sealúchas cómhalartach a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga.
Déanfar an méid atá le tuairisciú a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomhanna fada, agus áireofar ann ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 2 agus Leibhéal 3.
|
|
0940
|
1.2.8 (-) Ionstraimí T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (27), Airteagal 66, pointe (c), Airteagail 68 go 70 agus Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuid de shealúchais na hinstitiúide d’ionstraimí eintiteas san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid atá le hasbhaint as T2.
|
|
0950
|
1.2.9 (-) Ionstraimí T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (27), Airteagal 66, pointe (d), Airteagail 68, 69 agus Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais na hinstitiúide d’ionstraimí T2 eintiteas san earnáil airgeadais (mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid, déanfar iad a asbhaint ina n-iomláine.
|
|
0955
|
1.2.9A (-) Barrachas asbhaintí ó dhliteanais incháilithe de bhreis ar dhliteanais incháilithe
Airteagal 66 (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0960
|
1.2.10 Coigeartuithe idirthréimhseacha eile ar Chaipiteal T2
Airteagail 472, 473a, 476, 477, 478 agus 481 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe i ngeall ar fhorálacha idirthréimhseacha. Gheofar an méid atá le tuairisciú go díreach ó CA5.
|
|
0970
|
1.2.11 Barrachas na hasbhainte as ítimí T2 de bhreis ar Chaipiteal T2 (asbhainte in AT1)
Airteagal 56, pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní féidir le caipiteal Leibhéal 2 a bheith diúltach, ach d’fhéadfaí gur mhó asbhaintí T2 ná Caipiteal T2 móide scairbhiseach gaolmhar. Sa chás sin, beidh T2 cothrom le nialas, agus asbhainfear barrachas asbhaintí T2 as AT1.
Leis an ítim seo, ní lú suim ítimí 1.2.1 go 1.2.13 ná nialas riamh. I gcás ina léirítear figiúr deimhneach leis an ítim seo, beidh ítim 1.1.2.8 ina hinbhéarta den fhigiúr sin.
|
|
0974
|
1.2.12 (-) Asbhaintí breise Chaipiteal T2 i ngeall ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0978
|
1.2.13 Ábhair chaipitil nó asbhaintí T2 - eile
Is ann don ró seo chun solúbthacht a sholáthar chun críocha tuairiscithe amháin. Ní líonfar é ach amháin sna cásanna annamha sin nach ann do chinneadh críochnaitheach maidir le tuairisciú na n-ítimí/n-asbhaintí caipitil sonracha i dteimpléad reatha CA1. Dá bharr sin, ní líonfar an ró seo ach amháin más rud é nach féidir ábhar caipitil T2 nó asbhaint as ábhar T2 a shannadh ar cheann de na rónna 750 go 974.
Ní úsáidfear an ró seo chun ítimí caipitil/asbhaintí nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shannadh i ríomh cóimheas sócmhainneachta (e.g. sannadh ítimí caipitil / asbhaintí náisiúnta atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin).
|
(1)
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacháin theicniúla rialála maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh institiúidí (IO L 74, 14.3.2014, lch. 8).
|
1.3. C 02.00 – CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE (CA2)
1.3.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
1. MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Airteagal 92(3) agus Airteagail 95, 96 agus 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0020
|
1* Lena n-áirítear: Gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 95 mír 2 agus Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Le haghaidh gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 95(2) agus Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0030
|
1** Lena n-áirítear: Gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 96 mír 2 agus Airteagal 97 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Le haghaidh gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 96(2) agus Airteagal 97 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
1.1 MÉIDEANNA RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL LE hAGHAIDH PRIACAL CREIDMHEASA, PRIACAL CREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS PRIACAL CAOLÚCHÁIN AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE
Airteagal 92(3), pointí (a) agus (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050
|
1.1.1 Cur chuige caighdeánaithe (SA)
Teimpléid CR SA agus SEC SA ar leibhéal na risíochtaí iomlána
|
|
0051
|
1.1.1* Lena n-áirítear: Ceanglais stuamachta bhreise níos déine bunaithe ar Airteagal 124 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí méideanna na risíochta breise ar phriacal is gá chun na ceanglais stuamachta níos déine a chomhlíonadh mar a chuirtear in iúl do na hinstitiúidí tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 124, míreanna 2 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
1.1.1.1 Aicmí risíochta SA seachas suíomhanna urrúsúcháin
Teimpléid CR SA ar leibhéal na risíochtaí iomlána. Is éard atá in aicmí risíochta an chur chuige chaighdeánaithe na haicmí sin a luaitear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 cé is moite de shuíomhanna urrúsúcháin.
|
|
0070
|
1.1.1.1.01 Rialtais láir nó bainc cheannais
Féach teimpléad CR SA
|
|
0080
|
1.1.1.1.02 Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla
Féach teimpléad CR SA
|
|
0090
|
1.1.1.1.03 Eintitis san earnáil phoiblí
Féach teimpléad CR SA
|
|
0100
|
1.1.1.1.04 Bainc Forbartha Iltaobhacha
Féach teimpléad CR SA
|
|
0110
|
1.1.1.1.05 Eagraíochtaí Idirnáisiúnta
Féach teimpléad CR SA
|
|
0120
|
1.1.1.1.06 Institiúidí
Féach teimpléad CR SA
|
|
0130
|
1.1.1.1.07 Corparáidí
Féach teimpléad CR SA
|
|
0140
|
1.1.1.1.08 Miondíol
Féach teimpléad CR SA
|
|
0150
|
1.1.1.1.09 Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe
Féach teimpléad CR SA
|
|
0160
|
1.1.1.1.10 Risíochtaí ar mhainneachtain
Féach teimpléad CR SA
|
|
0170
|
1.1.1.1.11 Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo
Féach teimpléad CR SA
|
|
0180
|
1.1.1.1.12 Bannaí faoi chumhdach
Féach teimpléad CR SA
|
|
0190
|
1.1.1.1.13 Éilimh ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu
Féach teimpléad CR SA
|
|
0200
|
1.1.1.1.14 Gnóthais chomhinfheistíochta (GC)
Féach teimpléad CR SA
|
|
0210
|
1.1.1.1.15 Cothromas
Féach teimpléad CR SA
|
|
0211
|
1.1.1.1.16 Ítimí eile
Féach teimpléad CR SA
|
|
0212
|
1.1.1.1.16.1 Lena n-áirítear: sócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe
An méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a bhaineann leis an gcion de shócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe nach n-asbhaintear as ítimí CET1 i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 113(5) den Rialachán sin.
|
|
0240
|
1.1.2 Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha (IRB)
|
|
0241
|
1.1.2* Lena n-áirítear: Ceanglais stuamachta bhreise níos déine bunaithe ar Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí méideanna na risíochta breise ar phriacal is gá chun na ceanglais stuamachta níos déine a chomhlíonadh mar a chuirtear in iúl do na hinstitiúidí tar éis fógra a thabhairt do ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 164, míreanna 5 agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0242
|
1.1.2** Lena n-áirítear: Ceanglais stuamachta bhreise níos déine bunaithe ar Airteagal 124 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí méideanna na risíochta breise ar phriacal is gá chun na ceanglais stuamachta níos déine a chomhlíonadh arna leagan síos ag na húdaráis inniúla tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, mar a leagtar síos in Airteagal 124, míreanna 2 agus 5, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a bhaineann le srianta ar mhargadhluach incháilithe na comhthaobhachta mar a leagtar síos in Airteagal 125(2), pointe (d), agus Airteagal 126(2), pointe (d), den Rialachán sin.
|
|
0250
|
1.1.2.1 Cuir chuige IRB i gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD ná Fachtóirí Coinbhéartachta
Teimpléid CR IRB ar leibhéal na risíochtaí iomlána (i gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD ná CCF)
|
|
0260
|
1.1.2.1.01 Rialtais láir agus bainc cheannais
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0270
|
1.1.2.1.02 Institiúidí
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0280
|
1.1.2.1.03 Corparáid – FBM
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0290
|
1.1.2.1.04 Corparáidí – Iasachtú Speisialaithe
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0300
|
1.1.2.1.05 Corparáidí – Eile
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0310
|
1.1.2.2 Cuir chuige IRB i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD agus/nó Fachtóirí Coinbhéartachta
Teimpléid CR IRB ar leibhéal na risíochtaí iomlána (i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD agus/nó CCF)
|
|
0320
|
1.1.2.2.01 Rialtais láir agus bainc cheannais
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0330
|
1.1.2.2.02 Institiúidí
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0340
|
1.1.2.2.03 Corparáid – FBM
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0350
|
1.1.2.2.04 Corparáidí – Iasachtú Speisialaithe
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0360
|
1.1.2.2.05 Corparáidí – Eile
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0370
|
1.1.2.2.06 Miondíol – arna urrú ag FBM réadmhaoine
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0380
|
1.1.2.2.07 Miondíol – arna urrú ag neamh-FBM réadmhaoine
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0390
|
1.1.2.2.08 Miondíol – imrothlach cháilitheach
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0400
|
1.1.2.2.09 Miondíol – FBM eile
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0410
|
1.1.2.2.10 Miondíol – Neamh-FBM eile
Féach teimpléad CR IRB
|
|
0420
|
1.1.2.3 Cothromas IRB
Féach teimpléad CR EQU IRB
|
|
0450
|
1.1.2.5 Sócmhainní oibleagáide neamhchreidmheasa eile
Is é an méid atá le tuairisciú an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 156 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0455
|
1.1.2.5.1 Lena n-áirítear sócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe
An méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a bhaineann leis an gcion de shócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe nach n-asbhaintear as ítimí CET1 i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 156 den Rialachán sin.
|
|
0460
|
1.1.3 Méid na risíochta ar phriacal maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana CPL
Airteagail 307, 308 agus 309 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0470
|
1.1.4 Suíomhanna urrúsúcháin
Féach teimpléad CR SEC
|
|
0490
|
1.2 MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL MAIDIR LE SOCRAÍOCHT/SEACHADADH
Airteagal 92(3), pointe (c)(ii), agus Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0500
|
1.2.1 Priacal socraíochta/seachadta sa Leabhar neamhthrádála
Féach teimpléad CR SETT
|
|
0510
|
1.2.2 Priacal socraíochta/seachadta sa Leabhar trádála
Féach teimpléad CR SETT
|
|
0520
|
1.3 MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL MAIDIR LE PRIACAIL SUÍMH, MALAIRTE EACHTRAÍ AGUS TRÁCHTEARRAÍ
Airteagal 92(3), pointí (b)(i), (c)(i) agus (c)(iii), agus Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0530
|
1.3.1 Méid na risíochta ar phriacal maidir le priacail suímh, malairte eachtraí agus tráchtearraí faoi Chuir Chuige Chaighdeánaithe (SA)
|
|
0540
|
1.3.1.1 Ionstraimí fiachais trádáilte
Teimpléad MKR SA TDI ar leibhéal airgeadraí iomlána.
|
|
0550
|
1.3.1.2 Cothromas
Teimpléad MKR SA EQU ar leibhéal margaí náisiúnta iomlána.
|
|
0555
|
1.3.1.3 Cur chuige ar leith i dtaca le priacal suímh in GCanna
Airteagal 348(1), pointe 350(3), pointe (c) agus Airteagal 364(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid iomlán na neamhchosanta ar riosca maidir le suíomhanna i ngnóthais chomhinfheistíochta má ríomhtar ceanglais chaipitil i gcomhréir le hAirteagal 348(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 láithreach nó mar iarmhairt na huasteorann a leagtar síos in Airteagal 350(3), pointe (c) den Rialachán sin. Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ní shanntar na suíomhanna sin go sainráite don riosca ráta úis ná don riosca cothromais.
I gcás ina ndéantar an cur chuige ar leith a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 348(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, is é an méid a bheidh le tuairisciú 32 % de shuíomh glan na risíochta GC atá i gceist, arna iolrú faoi 12.5.
I gcás ina ndéantar an cur chuige ar leith a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 348(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, is é an méid a bheidh le tuairisciú 32 % de shuíomh glan na risíochta GC ábhartha agus an difríocht idir 40 % den suíomh glan sin agus na ceanglais cistí dílse a eascraíonn as an bpriacal malairte eachtraí a bhaineann leis an risíocht GC sin, arna iolrú faoi 12.5 faoi seach, cibé acu is ísle.
|
|
0556
|
1.3.1.3.* Ítim le meabhrú: GCanna a infheistítear go heisiach in ionstraimí fiachais trádáilte
Méid iomlán na risíochta ar phriacal le haghaidh suíomh in GCanna má dhéantar an GC a infheistiú go heisiach in ionstraimí faoi réir priacal ráta úis.
|
|
0557
|
1.3.1.3.** GCanna a infheistítear go heisiach in ionstraimí cothromais nó in infheistíochtaí measctha
Méid iomlán na risíochta ar phriacal le haghaidh suíomh in GCanna má dhéantar an GC a infheistiú go heisiach in ionstraimí faoi réir priacal cothromais nó in ionstraimí measctha nó murab eol comheintitis an GC.
|
|
0560
|
1.3.1.4 Malairt Eachtrach
Féach teimpléad MKR SA FX
|
|
0570
|
1.3.1.5 Tráchtearraí
Féach teimpléad MKR SA COM
|
|
0580
|
1.3.2 Méid na risíochta ar phriacal maidir le priacail suímh, malairte eachtraí agus tráchtearraí faoi shamhlacha inmheánacha (IM)
Féach teimpléad MKR IM
|
|
0590
|
1.4 MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL MAIDIR LE PRIACAL OIBRIÚCHÁIN (OpR)
Airteagal 92(3), pointe (e), agus Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Maidir le gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagail 95(2) agus 96(2) agus Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é nialas a bheidh san ábhar seo.
|
|
0600
|
1.4.1 Cur chuige buntáscaire (BIA) OpR
Féach teimpléad OPR
|
|
0610
|
1.4.2 Cuir chuige Chaighdeánaithe (TSA) / Mhalartacha (ASA) OpR
Féach teimpléad OPR
|
|
0620
|
1.4.3 Ardmhodhanna Tomhais (AMA) OpR
Féach teimpléad OPR
|
|
0630
|
1.5 MÉID BREISE RISÍOCHTA AR PHRIACAL I nGEALL AR FHORCHOSTAIS SHEASTA
Airteagail 95(2) agus 96(2), Airteagal 97 agus Airteagal 98(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Le haghaidh gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 95(2), Airteagal 96(2) agus Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus le haghaidh na ngnólachtaí infheistíochta sin amháin. Féach freisin Airteagal 97 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tuairisceoidh gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an méid dá dtagraítear in Airteagal 97 arna iolrú faoi 12.5.
Tuairisceoidh gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:
— I gcás inar mó an méid dá dtagraítear in Airteagal 95(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná an méid dá dtagraítear i bpointe (b), d’Airteagal 95(2) den Rialachán sin, is é nialas an méid atá le tuairisciú.
— I gcás inar mó an méid dá dtagraítear in Airteagal 95(2) pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná an méid dá dtagraítear in Airteagal 95(2) pointe (a), den Rialachán sin, oibreofar amach an méid atá le tuairisciú tríd an méid deiridh a dhealú ón méid tosaigh.
|
|
0640
|
1.6 MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL MAIDIR LE COIGEARTÚ LUACHÁLA CREIDMHEASA
Airteagal 92(3), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féach teimpléad CVA.
|
|
0650
|
1.6.1 Ardmhodh
Ceanglais cistí dílse i dtaca leis an bpriacal maidir le coigeartú luachála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 383 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Féach teimpléad CVA.
|
|
0660
|
1.6.2 Modh caighdeánaithe
Ceanglais cistí dílse i dtaca leis an bpriacal maidir le coigeartú luachála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 384 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Féach teimpléad CVA.
|
|
0670
|
1.6.3. Bunaithe ar OEM
Ceanglais cistí dílse i dtaca leis an bpriacal maidir le coigeartú luachála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 385 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Féach teimpléad CVA.
|
|
0680
|
1.7 MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL MAIDIR LE RISÍOCHTAÍ MÓRA SA LEABHAR TRÁDÁLA
Airteagal 92(3), pointe (b)(ii), agus Airteagail 395 go 401 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0690
|
1.8 MÉIDEANNA NA RISÍOCHTA AR PHRIACAIL EILE
Airteagail 3, 458 agus 459 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus méideanna risíochtaí ar phriacal nach féidir a shannadh d’aon cheann de na hítimí ó 1.1 go 1.7.
Tuairisceoidh institiúidí na méideanna is gá chun na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:
Ceanglais stuamachta níos déine arna leagan síos ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagail 458 agus 459 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Méideanna breise risíochta ar phriacal i ngeall ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Níl nasc le teimpléad mionsonraí ag gabháil leis an ítim seo.
|
|
0710
|
1.8.2 Lena n-áirítear: Ceanglais stuamachta bhreise níos déine bunaithe ar Airteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0720
|
1.8.2* Lena n-áirítear: ceanglais maidir le risíochtaí móra
Airteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0730
|
1.8.2** Lena n-áirítear: i ngeall ar ualuithe priacal chun díriú ar bholgáin sócmhainní in earnáil na maoine cónaithí agus tráchtála
Airteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0740
|
1.8.2*** Lena n-áirítear: i ngeall ar risíochtaí inearnála airgeadais
Airteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0750
|
1.8.3 Lena n-áirítear: Ceanglais stuamachta bhreise níos déine bunaithe ar Airteagal 459 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 459 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0760
|
1.8.4 Lena n-áirítear: Méid breise risíochta ar phriacal i ngeall ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní mór an méid breise risíochta ar phriacal a thuairisciú. Ní áireofar leis ach na méideanna breise amháin (e.g. más rud é go bhfuil ualú priacal 20 % ag gabháil le risíocht 100 agus má chuireann an institiúid ualú priacal 50 % i bhfeidhm bunaithe ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 30 an méid atá le tuairisciú).
|
1.4 C 03.00 – CÓIMHEASA CAIPIITL AGUS LEIBHÉIL CHAIPITIL (CA3)
1.4.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Rónna
|
|
0010
|
1 Cóimheas caipitil CET1
Airteagal 92(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is ionann cóimheas caipitil CET1 agus caipiteal CET1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal.
|
|
0020
|
2 Barrachas(+)/Easnamh(-) chaipiteal CET1
Léirítear san ítim seo, i ndearbhfhigiúirí, méid an bharrachais nó an easnaimh caipitil CET1 a bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (4.5 %), i.e. gan caipiteal maolánach agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an gcóimheas a chur san áireamh.
|
|
0030
|
3 Cóimheas caipitil T1
Airteagal 92(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é atá i gcóimheas caipitil T1 caipiteal T1 na hinstitiúide arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal.
|
|
0040
|
4 Barrachas(+)/Easnamh(-) chaipiteal T1
Léirítear san ítim seo, i ndearbhfhigiúirí, méid an bharrachais nó an easnaimh caipitil T1 a bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (6 %), i.e. gan caipiteal maolánach agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an gcóimheas a chur san áireamh.
|
|
0050
|
5 Cóimheas caipitil iomlán
Airteagal 92(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is ionann an cóimheas caipitil iomlán agus cistí dílse na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal.
|
|
0060
|
6 Barrachas(+)/Easnamh(-) caipitil iomláin
Léirítear san ítim seo, i ndearbhfhigiúirí, méid an bharrachais nó an easnaimh cistí dílse a bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (8 %), i.e. gan caipiteal maolánach agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an gcóimheas a chur san áireamh.
|
|
0130
|
13 Cóimheas cheanglas caipitil iomláin SREP (TSCR)
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) an cóimheas caipitil iomlán (8 %) mar a shonraítear in Airteagal 92(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(ii) na ceanglais bhreise cistí dílse (Ceanglais Cholún 2 – P2R) dá dtagraítear in Airteagal 104(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE, arna gcur i láthair mar chóimheas. Déanfar iad a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a shonraítear in Treoirlínte ÚBE maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh an phróisis athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta agus le haghaidh tástálacha struis maoirseachta (ÚBE SREP GL).
Léireofar san ítim seo cóimheas iomlán cheanglas caipitil SREP (TSCR) mar a chuireann an t-údarás inniúil in iúl don institiúid. Sainmhínítear TSCR i Roinn 7.4 agus 7.5 de ÚBE SREP GL.
I gcás nár chuir an t-údarás inniúil aon cheanglas cistí dílse breise in iúl, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0140
|
13* TSCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal CET1
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (4.5 %) mar a shonraítear in Airteagal 92(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(ii) an chuid de chóimheas P2R, dá dtagraítear i bpointe (ii) de ró 0130, a gceanglaíonn an t-údarás inniúil é a shealbhú i bhfoirm chaipiteal CET1.
I gcás nár chuir an t-údarás inniúil aon cheanglas cistí dílse breise, le sealbhú i bhfoirm chaipiteal CET1, in iúl, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0150
|
13** TSCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) an cóimheas caipitil Leibhéal 1 (6 %) de réir Airteagal 92(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(ii) an chuid de chóimheas P2R, dá dtagraítear i bpointe (ii) de ró 0130, a gceanglaíonn an t-údarás inniúil é a shealbhú i bhfoirm chaipiteal Leibhéal 1.
I gcás nár chuir an t-údarás inniúil aon cheanglas cistí dílse breise, le sealbhú i bhfoirm chaipiteal Leibhéal 1, in iúl, ansin ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0160
|
14 Cóimheas an cheanglais caipitil fhoriomláin (OCR)
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) cóimheas TSCR dá dtagraítear i ró 0130;
(ii) a mhéid is infheidhme ó thaobh an dlí de, cóimheas an cheanglais maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE.
Léireofar san ítim seo cóimheas an cheanglais caipitil fhoriomláin (OCR) mar a shainmhínítear i Roinn 7.5 de ÚBE SREP GL.
I gcás nach infheidhme d’aon cheanglas maoláin, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0170
|
14* OCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal CET1
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) cóimheas TSCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal CET1 dá dtagraítear i ró 0140;
(ii) a mhéid is infheidhme ó thaobh an dlí de, cóimheas an cheanglais maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE.
I gcás nach infheidhme d’aon cheanglas maoláin, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0180
|
14** OCR: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) cóimheas TSCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear i ró 0150;
(ii) a mhéid is infheidhme ó thaobh an dlí de, cóimheas an cheanglais maoláin chomhcheangailte dá dtagraítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE.
I gcás nach infheidhme d’aon cheanglas maoláin, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0190
|
15 Cóimheas an cheanglais caipitil fhoriomláin (OCR) agus Threoraíocht Cholún 2 (P2G)
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) cóimheas OCR dá dtagraítear i ró 160;
(ii) i gcás inarb infheidhme, an treoraíocht maidir le cistí dílse breise arna cur in iúl ag an údarás inniúil (Treoraíocht Cholún 2 – P2G) dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) de Threoir 2013/36/AE, arna cur i láthair mar chóimheas. Déanfar iad a shainmhíniú i gcomhréir le roinn 7.7.1 de ÚBE SREP GL. Ní áireofar P2G ach amháin má chuireann an t-údarás inniúil in iúl don institiúid é.
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil aon P2G in iúl, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0200
|
15* OCR agus P2G: le bheith comhdhéanta de chaipiteal CET1
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) cóimheas OCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal CET1 dá dtagraítear i ró 0170;
(ii) i gcás inarb infheidhme, an chuid de P2G, dá dtagraítear i bpointe (ii) de ró 0190, a gceanglaíonn an t-údarás inniúil é a shealbhú i bhfoirm chaipiteal CET1. Ní áireofar P2G ach amháin má chuireann an t-údarás inniúil é in iúl don institiúid.
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil aon P2G in iúl, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0210
|
15** OCR agus P2G: le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1
Suim (i) agus (ii) mar a leanas:
(i) cóimheas OCR le bheith comhdhéanta de chaipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear i ró 0180;
(ii) i gcás inarb infheidhme, an chuid de P2G, dá dtagraítear i bpointe (ii) de ró 0190, a gceanglaíonn an t-údarás inniúil é a shealbhú i bhfoirm chaipiteal Leibhéal 1. Ní áireofar P2G ach amháin má chuireann an t-údarás inniúil é in iúl don institiúid.
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil aon P2G in iúl, ní thuairisceofar ach pointe (i).
|
|
0220
|
Barrachas(+)/Easnamh(-) chaipiteal CET1 agus ceanglais Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE á gcur san áireamh
Léirítear san ítim seo, i ndearbhfhigiúirí, méid an bharrachais nó an easnaimh caipitil CET1 a bhaineann leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (4,5 %) agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE – seachas cistí dílse breise is gá chun aghaidh a thabhairt ar phriacal na giarála iomarcaí faoi mhír 3 den airteagal sin–, a mhéid is gá ceanglas Airteagal 104a den Treoir sin a chomhlíonadh le caipiteal CET1. I gcás inar gá d’institiúid a CET1 a úsáid chun a ceanglais faoi Airteagal 92(1), pointí (b) agus / nó (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus / nó faoi Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE thar mar is gá chun an ceann deireanach sin a chomhlíonadh le caipiteal CET1, déanfar é sin a chur san áireamh sa bharrachas nó san easnamh a thuairisceofar.
Léirítear leis an méid sin caipiteal CET1 atá ar fáil chun an ceanglas maidir le caipiteal maolánach agus ceanglais eile a chomhlíonadh.
|
|
0300
|
Cóimheas caipitil CET1 gan na forálacha idirthréimhseacha ar IFRS 9 a chur i bhfeidhm
Airteagal 92(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 473a (8) den Rialachán sin
|
|
0310
|
Cóimheas caipitil T1 gan na forálacha idirthréimhseacha ar IFRS 9 a chur i bhfeidhm
Airteagal 92(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 473a (8) den Rialachán sin
|
|
0320
|
An cóimheas caipitil iomlán gan na forálacha idirthréimhseacha ar IFRS 9 a chur i bhfeidhm
Airteagal 92(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 473a (8) den Rialachán sin
|
1.5. C 04.00 – ÍTIMÍ LE MEABHRÚ (CA4)
1.5.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Rónna
|
|
0010
|
1. Sócmhainní cánach iarchurtha iomlána
Beidh an méid a thuairiscítear san ítim seo cothrom leis an méid a thuairiscítear sa chlár comhardaithe cuntasaíochta is déanaí a fíoraíodh/iniúchadh.
|
|
0020
|
1.1 Sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí
Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sócmhainní cánach iarchurtha a cruthaíodh roimh an 23 Samhain 2016 nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, agus dá bhrí sin atá faoi réir chur i bhfeidhm ualú priacal.
|
|
0030
|
1.2 Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus nach dtagann ó dhifríochtaí sealadacha
Airteagal 36(1), pointe (c), agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, ach nach dtagann ó dhifríochtaí sealadacha, agus dá bhrí sin nach bhfuil faoi réir aon tairseach (i.e. asbhaintear go hiomlán iad as CET1).
|
|
0040
|
1.3 Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha
Airteagal 36(1), pointe (c); Airteagal 38, agus Airteagal 48(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha, agus dá bhrí sin tá a n-asbhaint as CET1 faoi réir tairseacha 10 % agus 17.65 % in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
2 Dliteanais chánach iarchurtha iomlána
Beidh an méid a thuairiscítear san ítim seo cothrom leis an méid a thuairiscítear sa chlár comhardaithe cuntasaíochta is déanaí a fíoraíodh/iniúchadh.
|
|
0060
|
2.1 Dliteanais chánach iarchurtha neamh-inasbhainte ó shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí
Airteagal 38, míreanna 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Dliteanais chánach iarchurtha nach gcomhlíontar coinníollacha in Airteagal 38, míreanna 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina leith. Dá bhrí sin, áireofar leis an ítim seo na dliteanais chánach iarchurtha a laghdaíonn méid an cháilmheasa, sócmhainní doláimhsithe eile nó sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe is gá a asbhaint, a thuairiscítear, faoi seach, in ítimí CA1 1.1.1.10.3, 1.1.1.11.2 agus 1.1.1.14.2.
|
|
0070
|
2.2 Dliteanais chánach iarchurtha inasbhainte ó shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí
Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0080
|
2.2.1 Dliteanais chánach iarchurtha inasbhainte atá bainteach le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus nach dtagann ó dhifríochtaí sealadacha
Airteagal 38, míreanna 3, 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Dliteanais chánach iarchurtha a d’fhéadfadh méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 38, míreanna 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus nach leithdháiltear iad ar shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha, mar a leagtar síos in Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0090
|
2.2.2 Dliteanais chánach iarchurtha inasbhainte atá bainteach le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha
Airteagal 38, míreanna 3, 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Dliteanais chánach iarchurtha a d’fhéadfadh méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 38, míreanna 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus a leithdháiltear iad ar shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha, mar a leagtar síos in Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0093
|
2A Ró-íocaíochtaí cánach agus tabhairt siar caillteanais chánach
Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An méid ró-íocaíochtaí cánach agus tabhartha siar caillteanas cánach nach n-asbhaintear as cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; is é an méid a thuairiscítear an méid roimh chur i bhfeidhm ualuithe priacal.
|
|
0096
|
2B Sócmhainní Cánach Iarchurtha faoi réir ualú priacal 250 %
Airteagal 48(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear de bhun Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach atá faoi réir ualú priacal 250 % i gcomhréir le hAirteagal 48(4) den Rialachán sin, agus éifeacht Airteagal 470, Airteagal 478(2) agus Airteagal 473a(7), pointe (a), den Rialachán céanna á cur san áireamh. Is é an méid a thuairiscítear méid na sócmhainní cánach iarchurtha roimh chur i bhfeidhm an ualaithe priacail.
|
|
0097
|
2C Sócmhainní Cánach Iarchurtha faoi réir ualú priacal 0 %
Airteagal 469(1), pointe (d), Airteagail 470, Airteagal 472(5) agus Airteagal 478 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear de bhun Airteagal 469(1), pointe (d), Airteagal 470 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 478 (2) agus Airteagal 473a (7), pointe (a), den Rialachán sin, ach atá faoi réir ualú priacal 0 % i gcomhréir le hAirteagal 472(5) den Rialachán sin. Is é an méid a thuairiscítear méid na sócmhainní cánach iarchurtha roimh chur i bhfeidhm an ualaithe priacail.
|
|
0901
|
2W Sócmhainní bogearraí a chuirtear san áireamh mar shócmhainní doláimhsithe atá díolmhaithe ón asbhaint as CET1
Airteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí an méid sócmhainní bogearraí a luacháiltear go stuama atá díolmhaithe ón asbhaint as ítimí CET1 i gcomhréir le hAirteagal 13a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014.
|
|
0905
|
2Y Ionstraimí caipitil AT1 agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a aicmítear mar chothromas faoi na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme
Méid na n-ionstraimí AT1 lena n-áirítear a gcuntais scairbhisigh ghaolmhara a aicmítear mar chothromas faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme
|
|
0906
|
2Z Ionstraimí caipitil AT1 agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a aicmítear mar dhliteanais faoi na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme
Méid na n-ionstraimí AT1 lena n-áirítear a gcuntais scairbhisigh ghaolmhara a aicmítear mar dhliteanais faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme
|
|
0100
|
3. Barrachas (+) nó easnamh (-) IRB de choigeartuithe ar phriacal creidmheasa, coigeartuithe luacha breise agus laghduithe eile ar chistí dílse ar chaillteanais ionchasacha le haghaidh risíochtaí nár mhainnigh
Airteagal 36(1), pointe (d), Airteagal 62, pointe (d), Airteagail 158 agus 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo.
|
|
0110
|
3.1 Coigeartuithe ar phriacal creidmheasa iomlán, coigeartuithe luacha breise agus laghduithe eile ar chistí dílse atá incháilithe le cuimsiú i ríomh an mhéid caillteanais ionchasaigh
Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo.
|
|
0120
|
3.1.1 Coigeartuithe ginearálta ar phriacal creidmheasa
Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo.
|
|
0130
|
3.1.2 Coigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa
Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo.
|
|
0131
|
3.1.3 Coigeartuithe luacha breise agus laghduithe eile ar chistí dílse
Airteagail 34, 110 agus 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo.
|
|
0140
|
3.2 Caillteanais ionchasacha incháilithe iomlána
Airteagal 158, míreanna 5, 6 agus 10 agus Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo. Ní thuairisceofar ach an caillteanas ionchasach a bhaineann le risíochtaí nár mhainnigh.
|
|
0145
|
4 Barrachas (+) nó easnamh (-) IRB de choigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ar chaillteanais ionchasacha le haghaidh risíochtaí a mhainnigh
Airteagal 36(1), pointe (d), Airteagal 62, pointe (d), Airteagail 158 agus 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo.
|
|
0150
|
4.1 Coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus suíomhanna a láimhseáiltear ar an gcaoi chéanna
Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo.
|
|
0155
|
4.2 Caillteanais ionchasacha incháilithe iomlána
Airteagal 158, míreanna 5, 6 agus 10 agus Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is iad institiúidí IRB amháin a thuairisceoidh an ítim seo. Ní thuairisceofar ach an caillteanas ionchasach a bhaineann le risíochtaí a mhainnigh.
|
|
0160
|
5 Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal chun an chaidhp ar bharrachas na forála atá incháilithe mar T2 a ríomh
Airteagal 62, pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Maidir le hinstitiúidí IRB, cuirfear uasteorainn 0.6 % de mhéideanna risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar le Cur Chuige IRB leis an méid breise forálacha (maidir le caillteanais ionchasacha) atá incháilithe lena chur san áireamh i gcaipiteal Leibhéal 2, i gcomhréir le hAirteagal 62, pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Is é an méid atá le tuairisciú san ítim seo na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal (i.e. nach n-iolraítear faoi 0.6 %) arb é an bonn é chun an uasteorainn a ríomh.
|
|
0170
|
6 Forálacha comhlána iomlána atá incháilithe le cur san áireamh i gcaipiteal T2
Airteagal 62, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áirítear leis an ítim seo na coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa atá incháilithe lena n-áireamh i gcaipiteal T2, roimh an uasteorainn.
Beidh an méid atá le tuairisciú glan ar éifeachtaí cánach.
|
|
0180
|
7 Méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal chun an chaidhp ar an bhforáil atá incháilithe mar T2 a ríomh
Airteagal 62, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
De réir Airteagal 62, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá uasteorainn 1.25 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le coigeartuithe ar phriacal creidmheasa atá incháilithe le cuimsiú mar chaipiteal Leibhéal 2.
Is é an méid atá le tuairisciú san ítim seo na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal (i.e. nach n-iolraítear faoi 1.25 %) arb é an bonn é chun an uasteorainn a ríomh.
|
|
0190
|
8 Tairseach neamh-inasbhainte ar shealúchais in eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid iontu
Airteagal 46(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá an tairseach san ítim seo nach ndéantar sealúchais in eintitis san earnáil airgeadais a asbhaint faoina bun i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid ann. Faightear an méid ach na hítimí go léir atá ina mbonn den tairseach a shuimiú agus an tsuim a fhaightear amhlaidh a iolrú faoi 10 %.
|
|
0200
|
9 Tairseach CET1 10 %
Airteagal 48(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá san ítim seo an tairseach 10 % le haghaidh sealúchais in eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid iontu, agus le haghaidh sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha.
Faightear an méid ach na hítimí go léir atá ina mbonn den tairseach a shuimiú agus an tsuim a fhaightear amhlaidh a iolrú faoi 10 %.
|
|
0210
|
10 Tairseach 17.65 % CET1
Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá san ítim seo an tairseach 17.65 % le haghaidh sealúchais in eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid iontu, agus le haghaidh sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha, atá le cur i bhfeidhm tar éis na tairsí 10 %.
Tá an tairseach le ríomh ar bhealach nach sáróidh méid an dá ítim a aithnítear 15 % de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 deiridh, i.e. caipiteal CET1 a ríomhtar tar éis gach asbhainte, gan aon choigeartú de bharr forálacha idirthréimhseacha a chur san áireamh.
|
|
0225
|
11 Caipiteal incháilithe chun críocha sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais
Airteagal 4(1), pointe (71), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0230
|
12 Sealúchais chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, glan ar shuímh ghearra
Airteagail 44, 45, 46 agus 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0240
|
12.1 Sealúchais dhíreacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 44, 45, 46 agus 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0250
|
12.1.1 Sealúchais dhíreacha chomhlána chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 44, 46 agus 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais dhíreacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, cé is moite de na nithe seo a leanas:
a) Suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh 5 lá oibre nó níos lú;
b) Na méideanna a bhaineann leis na hinfheistíochtaí a gcuirtear aon rogha mhalartach in Airteagal 49 i bhfeidhm ina leith; agus
c) Sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0260
|
12.1.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais dhíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 45, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0270
|
12.2 Sealúchais indíreacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114) agus Airteagal 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0280
|
12.2.1 Sealúchais indíreacha chomhlána chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114) agus Airteagal 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú na sealúchais indíreacha i leabhar trádála na n-ionstraimí caipitil d’eintitis san earnáil airgeadais atá i bhfoirm sealúchais d’urrúis innéacsanna. Faightear é tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas san earnáil airgeadais sna hinnéacsanna a ríomh.
Ní áireofar sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0290
|
12.2.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais indíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 45, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0291
|
12.3.1 Sealúchais shintéiseacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagail 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0292
|
12.3.2 Sealúchais shintéiseacha chomhlána chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagail 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0293
|
12.3.3 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais shintéiseacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceadaítear le hAirteagal 45, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0300
|
13 Sealúchais chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, glan ar shuíomhanna gearra
Airteagail 58, 59 agus 60 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0310
|
13.1 Sealúchais dhíreacha chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 58, 59 agus Airteagal 60(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0320
|
13.1.1 Sealúchais dhíreacha chomhlána chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 58 agus Airteagal 60(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais dhíreacha chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, cé is moite de na nithe seo a leanas:
a) Suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh 5 lá oibre nó níos lú; agus
b) Sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 56, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0330
|
13.1.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais dhíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 59, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0340
|
13.2 Sealúchais indíreacha chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0350
|
13.2.1 Sealúchais indíreacha chomhlána chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114) agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú na sealúchais indíreacha i leabhar trádála na n-ionstraimí caipitil d’eintitis san earnáil airgeadais atá i bhfoirm sealúchais d’urrúis innéacsanna. Faightear é tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas san earnáil airgeadais sna hinnéacsanna a ríomh.
Ní áireofar sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha de réir Airteagal 56, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0360
|
13.2.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais indíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 59, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0361
|
13.3 Sealúchais shintéiseacha chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126) agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0362
|
13.3.1 Sealúchais shintéiseacha chomhlána chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126) agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0363
|
13.3.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais shintéiseacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceadaítear le hAirteagal 59, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0370
|
14. Sealúchais chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, glan ar shuíomhanna gearra
Airteagail 68, 69 agus 70 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0380
|
14.1 Sealúchais dhíreacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 68 agus 69 agus Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0390
|
14.1.1 Sealúchais dhíreacha chomhlána chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 68 agus Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais dhíreacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, cé is moite de na nithe seo a leanas:
a) Suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh 5 lá oibre nó níos lú; agus
b) Sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0400
|
14.1.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais dhíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 69, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0410
|
14.2 Sealúchais indíreacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0420
|
14.2.1 Sealúchais indíreacha chomhlána chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú na sealúchais indíreacha i leabhar trádála na n-ionstraimí caipitil d’eintitis san earnáil airgeadais atá i bhfoirm sealúchais d’urrúis innéacsanna. Faightear é tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas san earnáil airgeadais sna hinnéacsanna a ríomh.
Ní áireofar sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0430
|
14.2.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais indíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 69, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0431
|
14.3 Sealúchais shintéiseacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0432
|
14.3.1 Sealúchais shintéiseacha chomhlána chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0433
|
14.3.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais shintéiseacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceadaítear le hAirteagal 69, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0440
|
15 Sealúchais chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, glan ar shuímh ghearra
Airteagail 44, 45, 47 agus 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0450
|
15.1 Sealúchais dhíreacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 44, 45, 47 agus 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0460
|
15.1.1 Sealúchais dhíreacha chomhlána chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 44, 45, 47 agus 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais dhíreacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, cé is moite de na nithe seo a leanas:
a) Suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh 5 lá oibre nó níos lú;
b) Na méideanna a bhaineann leis na hinfheistíochtaí a gcuirtear aon rogha mhalartach in Airteagal 49 i bhfeidhm ina leith; agus
c) Sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0470
|
15.1.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais dhíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 45, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0480
|
15.2 Sealúchais indíreacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0490
|
15.2.1 Sealúchais indíreacha chomhlána chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú na sealúchais indíreacha i leabhar trádála na n-ionstraimí caipitil in eintitis san earnáil airgeadais atá i bhfoirm sealúchais d'urrúis innéacsanna. Gheofar é tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas san earnáil airgeadais sna hinnéacsanna a ríomh.
Ní áireofar sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0500
|
15.2.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais indíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 45, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0501
|
15.3 Sealúchais shintéiseacha chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagail 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0502
|
15.3.1 Sealúchais shintéiseacha chomhlána chaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagail 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0503
|
15.3.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais shintéiseacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceadaítear le hAirteagal 45, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0504
|
Infheistíochtaí i gcaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu – faoi réir ualú priacal 250 %
Airteagal 48(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid na n-infheistíochtaí suntasacha i gcaipiteal CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais nach n-asbhaintear de bhun Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach atá faoi réir ualú priacal 250 % i gcomhréir le hAirteagal 48(4) den Rialachán sin.
Is é an méid a thuairiscítear méid na n-infheistíochtaí suntasacha roimh chur i bhfeidhm an ualaithe priacail.
|
|
0510
|
16 Sealúchais chaipiteal AT1 in eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, glan ar shuímh ghearra
Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0520
|
16.1 Sealúchais dhíreacha chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0530
|
16.1.1 Sealúchais dhíreacha chomhlána chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais dhíreacha chaipiteal AT1 in eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, cé is moite de na nithe seo a leanas:
a) Suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh 5 lá oibre nó níos lú (Airteagal 56, pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013); agus
b) Sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 56, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0540
|
16.1.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais dhíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 59, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0550
|
16.2 Sealúchais indíreacha chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0560
|
16.2.1 Sealúchais indíreacha chomhlána chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú na sealúchais indíreacha i leabhar trádála na n-ionstraimí caipitil in eintitis san earnáil airgeadais atá i bhfoirm sealúchais d’urrúis innéacsanna. Gheofar é tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas san earnáil airgeadais sna hinnéacsanna a ríomh.
Ní áireofar sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 56, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0570
|
16.2.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais indíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 59, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0571
|
16.3 Sealúchais shintéiseacha chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126) agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0572
|
16.3.1 Sealúchais shintéiseacha chomhlána chaipiteal AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126) agus Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0573
|
16.3.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais shintéiseacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceadaítear le hAirteagal 59, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0580
|
17 Sealúchais chaipiteal T2 in eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, glan ar shuíomhanna gearra
Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0590
|
17.1 Sealúchais dhíreacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0600
|
17.1.1 Sealúchais dhíreacha chomhlána chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sealúchais dhíreacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu, cé is moite de na nithe seo a leanas:
a) Suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh 5 lá oibre nó níos lú (Airteagal 66, pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013); agus
b) Sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0610
|
17.1.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais dhíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 69, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0620
|
17.2 Sealúchais indíreacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0630
|
17.2.1 Sealúchais indíreacha chomhlána chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú na sealúchais indíreacha i leabhar trádála na n-ionstraimí caipitil in eintitis san earnáil airgeadais atá i bhfoirm sealúchais d’urrúis innéacsanna. Gheofar é tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas san earnáil airgeadais sna hinnéacsanna a ríomh.
Ní áireofar sealúchais a láimhseáiltear mar thras-sealúchais chómhalartacha i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0640
|
17.2.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais indíreacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (114), agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceadaítear le hAirteagal 69, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0641
|
17.3 Sealúchais shintéiseacha chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126) agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0642
|
17.3.1 Sealúchais shintéiseacha chomhlána chaipiteal T2 d’eintitis san earnáil airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 4(1), pointe (126) agus Airteagail 68 agus 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0643
|
17.3.2 (-) Suíomhanna gearra a ceadaíodh a fhritháireamh i ndáil leis na sealúchais shintéiseacha chomhlána a áirítear thuas
Airteagal 4(1), pointe (126), agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceadaítear le hAirteagal 69, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 suíomhanna gearra sa risíocht fholuiteach chéanna a fhritháireamh ar choinníoll gurb ionann dáta aibíochta an tsuímh ghearr agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr.
|
|
0650
|
18 Risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal de shealúchais CET1 in eintitis san earnáil airgeadais nach n-asbhaintear as caipiteal CET1 na hinstitiúide
Airteagail 46(4), 48(4) agus 49(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0660
|
19 Risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal de shealúchais AT1 in eintitis san earnáil airgeadais nach n-asbhaintear as caipiteal AT1 na hinstitiúide
Airteagal 60(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0670
|
20 Risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal de shealúchais T2 in eintitis san earnáil airgeadais nach n-asbhaintear as caipiteal T2 na hinstitiúide
Airteagal 70(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0680
|
21 Sealúchais ar Ionstraimí Caipitil CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais i gcás nár tarscaoileadh infheistíocht shuntasach na hinstitiúide ar bhonn sealadach
Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaintí as CET1 de bharr sealúchais ar ionstraimí d’eintiteas san earnáil airgeadais sonrach a tharscaoileadh ar bhonn sealadach, i gcás ina measann sé go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil.
Tugtar faoi deara go dtuairisceofar na hionstraimí sin ar ítim 12.1 freisin.
|
|
0690
|
22 Sealúchais ar Ionstraimí Caipitil CET1 in eintitis san earnáil airgeadais i gcás inar tarscaoileadh infheistíocht shuntasach na hinstitiúide ar bhonn sealadach
Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaintí as CET1 de bharr sealúchais ar ionstraimí d’eintiteas san earnáil airgeadais sonrach a tharscaoileadh, nuair a mheasann sé go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil.
Tugtar faoi deara go dtuairisceofar na hionstraimí sin ar ítim 15.1 freisin.
|
|
0700
|
23 Sealúchais ar Ionstraimí Caipitil AT1 d’eintitis san earnáil airgeadais i gcás nár tarscaoileadh infheistíocht shuntasach na hinstitiúide ar bhonn sealadach
Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaintí as AT1 de bharr sealúchais ar ionstraimí d’eintiteas san earnáil airgeadais sonrach a tharscaoileadh ar bhonn sealadach, nuair a mheasann sé go bhfuil na sealúchais sin ann chun críoch oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil.
Tugtar faoi deara go dtuairisceofar na hionstraimí sin ar ítim 13.1 freisin.
|
|
0710
|
24 Sealúchais ar Ionstraimí Caipitil AT1 in eintitis san earnáil airgeadais i gcás inar tarscaoileadh infheistíocht shuntasach na hinstitiúide ar bhonn sealadach
Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaintí as AT1 de bharr sealúchais ar ionstraimí d’eintiteas san earnáil airgeadais sonrach a tharscaoileadh ar bhonn sealadach, nuair a mheasann sé go bhfuil na sealúchais sin ann chun críoch oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil.
Tugtar faoi deara go dtuairisceofar na hionstraimí sin ar ítim 16.1 freisin.
|
|
0720
|
25 Sealúchais ar Ionstraimí Caipitil T2 in eintitis san earnáil airgeadais i gcás nár tarscaoileadh infheistíocht shuntasach na hinstitiúide ar bhonn sealadach
Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaintí as T2 de bharr sealúchais ar ionstraimí d’eintiteas sonrach san earnáil airgeadais a tharscaoileadh, nuair a mheasann sé go bhfuil na sealúchais sin ann chun críoch oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil.
Tugtar faoi deara go dtuairisceofar na hionstraimí sin ar ítim 14.1 freisin.
|
|
0730
|
26 Sealúchais ar Ionstraimí Caipitil T2 d’eintitis san earnáil airgeadais i gcás inar tarscaoileadh infheistíocht shuntasach na hinstitiúide ar bhonn sealadach
Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfaidh údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaintí as T2 de bharr sealúchais ar ionstraimí d’eintiteas sonrach san earnáil airgeadais a tharscaoileadh, nuair a mheasann sé go bhfuil na sealúchais sin ann chun críoch oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil.
Tugtar faoi deara go dtuairisceofar na hionstraimí sin ar ítim 17.1 freisin.
|
|
0740
|
27 Ceanglas maoláin chomhcheangailte
Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE
|
|
0750
|
Maolán caomhnaithe caipitil
Airteagal 128, pointe (1), agus Airteagal 129 de Threoir 2013/36/AE
I gcomhréir le hAirteagal 129(1) de Threoir 2013/36/AE, is méid breise chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 é an maolán caomhnaithe caipitil. Ós rud é gur ráta cobhsaí é ráta 2.5 % an mhaoláin caomhnaithe caipitil, tuairisceofar méid sa ró seo.
|
|
0760
|
Maolán caomhnaithe i ngeall ar phriacal macrastuamachta nó sistéamach a shainaithnítear ar leibhéal an Bhallstáit
Airteagal 458(2), pointe (d)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar sa ró seo méid an mhaoláin caomhnaithe i ngeall ar phriacal stuamachta ar an macraileibhéal nó ar phriacal córasach a shainaithnítear ar leibhéal Ballstáit, ar féidir é a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhreis ar an maolán caomhnaithe caipitil.
Léireofar sa mhéid a thuairisceofar méid na gcistí dílse is gá chun na ceanglais faoi seach i ndáil le caipiteal maolánach ar an dáta maidir le tuairisciú a chomhlíonadh.
|
|
0770
|
Caipiteal maolánach fritimthriallach atá sainiúil don institiúid
Airteagal 128, pointe (2), agus Airteagail 130, 135 go 140 de Threoir 2013/36/AE
Léireofar sa mhéid a thuairisceofar méid na gcistí dílse is gá chun na ceanglais faoi seach i ndáil le caipiteal maolánach ar an dáta maidir le tuairisciú a chomhlíonadh.
|
|
0780
|
Maolán um priacal sistéamach
Airteagal 128, pointe (5), Airteagail 133 agus 134 de Threoir 2013/36/AE
Léireofar sa mhéid a thuairisceofar méid na gcistí dílse is gá chun na ceanglais faoi seach i ndáil le caipiteal maolánach ar an dáta maidir le tuairisciú a chomhlíonadh.
|
|
0800
|
Maolán d’institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint léi
Airteagal 128, pointe (3), agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE
Léireofar sa mhéid a thuairisceofar méid na gcistí dílse is gá chun na ceanglais faoi seach i ndáil le caipiteal maolánach ar an dáta maidir le tuairisciú a chomhlíonadh.
|
|
0810
|
Maolán d’institiúid dhomhanda eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint léi
Airteagal 128, pointe (4), agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE
Léireofar sa mhéid a thuairisceofar méid na gcistí dílse is gá chun na ceanglais faoi seach i ndáil le caipiteal maolánach ar an dáta maidir le tuairisciú a chomhlíonadh.
|
|
0820
|
28 Ceanglais cistí dílse a bhaineann le coigeartuithe ar Cholún II
Airteagal 104a(1) de Threoir 2013/36/AE.
Más rud é go gcinneann údarás inniúil gur gá d’institiúid ceanglais bhreise cistí dílse a ríomh ar chúiseanna Cholún II, tuairisceofar na ceanglais bhreise cistí dílse sin sa ró seo.
|
|
0830
|
29 Caipiteal tosaigh
Airteagail 12 agus 28 go 31 de Threoir 2013/36/AE agus Airteagal 93 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0840
|
30 Cistí dílse bunaithe ar Fhorchostais Sheasta
Airteagal 95(2), pointe (b), Airteagal 96(2), pointe (b), Airteagal 97 agus Airteagal 98(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é a bheidh sa mhéid a thuairisceofar an ceanglas cistí dílse a thagann as cur i bhfeidhm na nAirteagal thuasluaite.
|
|
0850
|
31 Risíochtaí tosaigh neamh-intíre
Faisnéis is gá chun an tairseach a ríomh chun teimpléad CR GB a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo. Déanfar an tairseach a ríomh ar bhonn na risíochta tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta.
Measfar risíochtaí a bheith ina risíochtaí intíre i gcás inarb risíochtaí iad ar chontrapháirtithe atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid lonnaithe.
De mhaolú ar Airteagal 21(1), pointe (a), den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, líonfar isteach an ró seo i gcónaí.
|
|
0860
|
32 Risíochtaí tosaigh iomlána
Faisnéis is gá chun an tairseach a ríomh chun teimpléad CR GB a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo. Déanfar an tairseach a ríomh ar bhonn na risíochta tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta
Measfar risíochtaí a bheith ina risíochtaí intíre i gcás inarb risíochtaí iad ar chontrapháirtithe atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid lonnaithe.
De mhaolú ar Airteagal 21(1), pointe (a), den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, líonfar isteach an ró seo i gcónaí.
|
1.6. FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS IONSTRAIMÍ A MARTHANAÍODH: IONSTRAIMÍ NACH mBUNAÍTEAR STÁTCHABHAIR LEO (CA5)
1.6.1. Barúlacha ginearálta
16. Déantar achoimre in CA5 ar ríomh na ngnéithe agus na n-asbhaintí cistí dílse atá faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagail 465 go 491, 494a agus 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
17. Tá CA5 struchtúrtha mar a leanas:
(a)
Tá achoimre i dteimpléad CA5.1 ar na coigeartuithe iomlána is gá a dhéanamh ar chomhpháirteanna éagsúla cistí dílse (a thuairiscítear in CA1 i gcomhréir leis na forálacha críochnaitheacha) mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha idirthréimhseacha. Cuirtear gnéithe an teimpléid seo i láthair mar “choigeartuithe” ar na comhpháirteanna caipitil éagsúla in CA1, chun éifeachtaí na bhforálacha idirthréimhseacha a léiriú i gcomhpháirteanna cistí dílse.
(b)
Tá mionsonraí breise i dteimpléad 5.2 ar ríomh na n-ionstraimí sin a marthanaíodh nach mbunaítear státchabhair leo.
18. Tuairisceoidh institiúidí sna chéad cheithre cholún na coigeartuithe ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, caipiteal breise Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 2 chomh maith leis an méid a láimhseálfar mar shócmhainní ualaithe ó thaobh priacal. Tá ceangal ar institiúidí freisin an céatadán infheidhme a thuairisciú i gcolún 0050 agus an méid incháilithe gan aithint forálacha idirthréimhseacha a thuairisciú i gcolún 0060.
19. Ní thuairisceoidh institiúidí gnéithe in CA5 ach sa tréimhse ina bhfuil feidhm ag forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i gCuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
20. Éilítear le cuid de na forálacha idirthréimhseacha asbhaint ó Leibhéal 1. Más amhlaidh an cás, cuirtear méid iarmhair asbhainte nó asbhaintí i bhfeidhm maidir le Leibhéal 1 agus más ann do mhéid neamhleor AT1 chun an méid sin a iompar ansin déanfar an barrachas a asbhaint as CET1.
1.6.2. C 05.01 – Forálacha idirthréimhseacha (CA5.1)
21. Tuairisceoidh institiúidí i dteimpléad CA5.1 na forálacha idirthréimhseacha maidir le comhpháirteanna cistí dílse mar a leagtar síos in Airteagail 465 go 491, 494a agus 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcomparáid le cur i bhfeidhm na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i gCuid a Dó, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
22. Tuairisceoidh institiúidí i rónna 0060 go 0065 faisnéis maidir le forálacha idirthréimhseacha ionstraimí a marthanaíodh. Léirítear leis na figiúirí atá le tuairisciú i ró 0060 de CA5.1 na forálacha idirthréimhseacha a áirítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa leagan is infheidhme go dtí an 26 Meitheamh 2019 agus is féidir iad a dhíorthú ó na ranna faoi seach in CA5.2. Léirítear i rónna 0061 go 0065 éifeacht fhorálacha idirthréimhseacha Airteagal 494a agus 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
23. Tuairisceoidh institiúidí i rónna 0070 go 0092 faisnéis maidir le forálacha idirthréimhseacha leasanna mionlaigh agus ionstraimí breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag fochuideachtaí (i gcomhréir le hAirteagal 479 agus Airteagal 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
24. I rónna 0100 ar aghaidh, tuairisceoidh institiúidí faisnéis maidir le héifeacht na bhforálacha idirthréimhseacha maidir le gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe, asbhaintí, scagairí breise agus asbhaintí breise agus IFRS 9.
25. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar mó asbhaintí idirthréimhseacha chaipiteal CET1, AT1 nó T2 ná caipiteal CET1, AT1 nó T2 d’institiúid. Léireofar an éifeacht sin – má tá sí ina toradh ar fhorálacha idirthréimhseacha – i dteimpléad CA1 leis na cealla faoi seach. Mar thoradh air sin, ní áireofar leis na coigeartuithe i gcolúin theimpléad CA5 aon éifeacht iarmhartach i gcás caipiteal neamhleor a bheith ar fáil.
1.6.2.1. Treoracha a bhaineann le suímh shonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
Coigeartuithe ar CET1
|
|
0020
|
Coigeartuithe ar AT1
|
|
0030
|
Coigeartuithe ar T2
|
|
0040
|
Coigeartuithe a áirítear in RWAnna
Áirítear le colún 0040 na méideanna ábhartha lena gcoigeartaítear méid iomlán na risíochta ar phriacal in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ngeall ar fhorálacha idirthréimhseacha. Leis na méideanna a thuairisceofar, cuirfear san áireamh cur i bhfeidhm fhorálacha Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 nó 3 nó cur i bhfeidhm fhorálacha Chuid a Trí, Teideal IV i gcomhréir le hAirteagal 92(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ciallaíonn sé sin go dtuairisceofar na méideanna idirthréimhseacha atá faoi réir Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 nó 3 mar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal, agus léireofar le méideanna idirthréimhseacha faoi réir Chuid a Trí, Teideal IV na ceanglais cistí dílse arna n-iolrú faoi 12.5.
De bhrí go bhfuil nasc díreach idir colúin 0010 go 0030 agus teimpléad CA1, níl nasc díreach idir na coigeartuithe ar mhéid iomlán na risíochta ar phriacal agus na teimpléid ábhartha le haghaidh priacal creidmheasa. Más ann do choigeartuithe a eascraíonn as na forálacha idirthréimhseacha ar mhéid iomlán na risíochta ar phriacal, áireofar na coigeartuithe sin go díreach in CR SA, CR IRB, CR EQU IRB, MKR SA TDI, MKR SA EQU nó MKR IM. Chomh maith leis sin, tuairisceofar na héifeachtaí céanna i gcolún 0040 CA5.1. Mar thoradh air sin, is ítimí le meabhrú amháin a bheidh sna méideanna sin.
|
|
0050
|
Céatadán is infheidhme
|
|
0060
|
Méid incháilithe gan forálacha idirthréimhseacha
Áirítear sa cholún seo méid gach ionstraime roimh chur i bhfeidhm forálacha idirthréimhseacha, i.e. an bonnmhéid atá ábhartha chun na coigeartuithe a ríomh.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
1. Coigeartuithe iomlána
Léirítear leis an ró seo éifeacht fhoriomlán coigeartuithe idirthréimhseacha sna cineálacha éagsúla caipitil, móide na méideanna atá ualaithe ó thaobh priacal a eascraíonn as na coigeartuithe sin
|
|
0020
|
1.1 Ionstraimí a marthanaíodh
Airteagail 483 go 491 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis an ró seo éifeacht fhoriomlán ionstraimí a marthanaíodh go hidirthréimhseach sna cineálacha éagsúla caipitil.
|
|
0060
|
1.1.2 Ionstraimí nach mbunaítear státchabhair leo
Gheofar na méideanna atá le tuairisciú ó cholún 060 i dteimpléad CA5.2
|
|
0061
|
1.1.3 Ionstraimí a eisítear trí fheithiclí sainchuspóireacha
Airteagal 494a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0062
|
1.1.4 Ionstraimí a eisíodh roimh an 27 Meitheamh 2019 nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta a bhaineann le cumhachtaí díluachála agus comhshó de bhun Airteagal 59 de Threoir 2014/59/AE nó atá faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála
Airteagal 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí méid na n-ionstraimí faoi raon feidhme Airteagal 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach gcomhlíonann aon chritéar incháilitheachta amháin nó roinnt critéar incháilitheachta in Airteagal 52(1), pointí (p), (q) agus (r), den Rialachán sin nó in Airteagal 63, pointí (n), (o) agus (p), den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.
I gcás ionstraimí Leibhéal 2 atá incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 494b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cloífear le forálacha amúchta Airteagal 64 den Rialachán sin.
|
|
0063
|
1.1.4.1* lena n-áirítear: Ionstraimí nach ndéantar díluacháil ná comhshó éigeantach ar bhonn dlíthiúil nó conarthach leo ar fheidhmiú cumhachtaí i gcomhréir le hAirteagal 59 de Threoir 2014/59/AE
Airteagal 494b, Airteagal 52(1), pointe (p) agus Airteagal 63, pointe (n), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí méid na n-ionstraimí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach gcomhlíonann critéir incháilitheachta Airteagal 52(1), pointí (p) nó pointe (n), nó Airteagal 63 den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.
Áireofar leis sin freisin ionstraimí nach gcomhlíonann ach an oiread critéir incháilitheachta Airteagal 52(1), pointí (q) nó (r), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó critéir incháilitheachta Airteagal 63, pointí (o) nó (p), den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.
|
|
0064
|
1.1.4.2* lena n-áirítear: Ionstraimí faoi rialú dlí tríú tír gan cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach agus in-fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 59 de Threoir 2014/59/AE
Airteagal 494b, Airteagal 52(1), pointe (q) agus Airteagal 63, pointe (o), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí méid na n-ionstraimí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach gcomhlíonann critéir incháilitheachta Airteagal 52(1), pointe (q) nó Airteagal 63, pointe (o), den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.
Áireofar leis sin ionstraimí nach gcomhlíonann ach an oiread critéir incháilitheachta Airteagal 52(1), pointí (p) nó (r), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó critéir incháilitheachta Airteagal 63, pointí (n) nó (p), den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.
|
|
0065
|
1.1.4.3* lena n-áirítear: Ionstraimí atá faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála
Airteagal 494b, Airteagal 52(1), pointe (r) agus Airteagal 63, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí méid na n-ionstraimí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 494b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach gcomhlíonann critéir incháilitheachta Airteagal 52(1), pointe (r), den Rialachán sin nó Airteagal 63, pointe (p), den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.
Áireofar leis sin freisin ionstraimí nach gcomhlíonann ach an oiread critéir incháilitheachta Airteagal 52(1), pointe (p) nó (q), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó critéir incháilitheachta Airteagal 63, pointí (n) nó (o), den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.
|
|
0070
|
1.2 Leasanna mionlaigh agus coibhéisí
Airteagail 479 agus 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis an ró seo éifeachtaí forálacha idirthréimhseacha sna leasanna mionlaigh atá incháilithe mar CET1; ionstraimí cáilitheacha T1 atá incháilithe mar AT1 comhdhlúite; agus na cistí dílse cáilitheacha incháilithe mar T2 comhdhlúite.
|
|
0080
|
1.2.1 Ionstraimí agus ítimí caipitil nach gcáilíonn mar leasanna mionlaigh
Airteagal 479 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid a bheidh le tuairisciú i gcolún 060 den ró seo an méid a cháilíonn mar chúlchistí comhdhlúite i gcomhréir le réamhrialachán.
|
|
0090
|
1.2.2 Aitheantas idirthréimhseach i gcistí dílse comhdhlúite de leasanna mionlaigh
Airteagail 84 agus 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid a bheidh le tuairisciú i gcolún 0060 den ró seo an méid incháilithe gan forálacha idirthréimhseacha.
|
|
0091
|
1.2.3 Aitheantas idirthréimhseach i gcistí dílse comhdhlúite de chaipiteal cáilitheach breise Leibhéal 1
Airteagail 85 agus 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid a bheidh le tuairisciú i gcolún 0060 den ró seo an méid incháilithe gan forálacha idirthréimhseacha.
|
|
0092
|
1.2.4 Aitheantas idirthréimhseach i gcistí dílse comhdhlúite de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 2
Airteagail 87 agus 480 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid a bheidh le tuairisciú i gcolún 0060 den ró seo an méid incháilithe gan forálacha idirthréimhseacha.
|
|
0100
|
1.3 Coigeartuithe idirthréimhseacha eile
Airteagail 468 go 478 agus Airteagal 481 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis an ró seo éifeacht fhoriomlán coigeartuithe idirthréimhseacha san asbhaint ar chineálacha éagsúla caipitil, gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe, scagairí breise agus asbhaintí breise, móide na méideanna atá ualaithe ó thaobh priacal a eascraíonn as na coigeartuithe sin.
|
|
0111
|
1.3.1.6 Gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe ó risíochtaí áirithe ar fhiachais ar rialtais láir, rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis san earnáil phoiblí
Airteagal 468 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0112
|
1.3.1.6.1 as sin: méid A
Méid A, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear in Airteagal 468(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0140
|
1.3.2 Asbhaintí
Airteagal 36(1) agus Airteagail 469 go 478 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis an ró seo éifeacht fhoriomlán forálacha idirthréimhseacha ar asbhaintí.
|
|
0170
|
1.3.2.3. Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus nach dtagann ó dhifríochtaí sealadacha
Airteagal 36(1), pointe (c), Airteagail 469(1) agus 472(5) agus Airteagal 478 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Agus méid na sócmhainní cánach iarchurtha thuasluaite sin atá le hasbhaint á chinneadh, cuirfidh institiúidí san áireamh forálacha Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhaineann le laghdú sócmhainní cánach iarchurtha le dliteanais chánach iarchurtha.
An méid atá le tuairisciú i gcolún 0060 den ró seo: Méid iomlán i gcomhréir le hAirteagal 469(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0380
|
1.3.2.9 Sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha agus ionstraimí CET1 d’eintitis san earnáil airgeadais i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu
Airteagal 470, míreanna 2 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An méid atá le tuairisciú i gcolún 0060 den ró seo: Airteagal 470(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0385
|
Sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha
Airteagal 469(1), pointe (c), Airteagal 472(5) agus Airteagal 478 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuid de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha a sháraíonn an tairseach 10 % in Airteagal 470(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0425
|
1.3.2.11 Díolúine ó asbhaint Gabháltas Cothromais i gCuideachtaí Árachais ó Ítim CET 1
Airteagal 471 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0430
|
1.3.3 Scagairí breise agus asbhaintí breise
Airteagal 481 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Léirítear leis an ró seo éifeacht fhoriomlán forálacha idirthréimhseacha ar scagairí breise agus asbhaintí breise.
I gcomhréir le hAirteagal 481 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh institiúidí in ítim 1.3.3 faisnéis maidir leis na scagairí agus na hasbhaintí is gá faoi na bearta trasuí náisiúnta maidir le hAirteagail 57 agus 66 de Threoir 2006/48/CE agus maidir le hAirteagail 13 agus 16 de Threoir 2006/49/CE, agus nach n-éilítear iad i gcomhréir le Cuid a Dó.
|
|
0440
|
1.3.4 Coigeartuithe i ngeall ar shocruithe idirthréimhseacha IFRS 9
Airteagal 473a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí faisnéis i dtaca leis na socruithe idirthréimhseacha i ngeall ar IFRS 9 i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme.
|
|
0441
|
Ítim le meabhrú: Tionchar ECL na comhpháirte stataí
Suim A2, SA agus A2, IRB dá dtagraítear in Airteagal 473a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I gcás A2, IRB, is é an méid atá le tuairisciú an méid glan ar chaillteanais ionchasacha mar a éilítear le hAirteagal 473a(5), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0442
|
Ítim le meabhrú: Tionchar ECL na comhpháirte dinimiciúla don tréimhse 1/1/2018 – 31/12/2019
Suim agus dá dtagraítear in Airteagal 473a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0443
|
Ítim le meabhrú: Tionchar ECL na comhpháirte dinimiciúla don tréimhse dar tús 1/1/2020
Suim A4, SA agus A4, IRB dá dtagraítear in Airteagal 473a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I gcás A4, IRB, is é an méid atá le tuairisciú an méid glan ar chaillteanais ionchasacha mar a éilítear le hAirteagal 473a(5), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
1.6.3 C 05.02 - Ionstraimí a marthanaíodh: ionstraimí nach mbunaítear státchabhair leo (CA5.2)
26. Tuairisceoidh institiúidí faisnéis i dtaca leis na forálacha idirthréimhseacha d’ionstraimí a marthanaíodh nach mbunaítear státchabhair leo (Airteagail 484 go 491 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
1.6.3.1 Treoracha a bhaineann le suímh shonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
Méid na n-ionstraimí móide scairbhiseach gaolmhar
Airteagal 484, míreanna 3, 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ionstraimí atá incháilithe do gach ró faoi seach, lena n-áirítear a scairbhisigh ghaolmhara.
|
|
0020
|
An bonn chun an teorainn a ríomh
Airteagal 486, míreanna 2, 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0030
|
Céatadán is infheidhme
Airteagal 486(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
Teorainn
Airteagal 486, míreanna 2 go 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050
|
(-) Méid a sháraíonn na teorainneacha maidir le marthanú
Airteagail 486(2) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0060
|
Méid iomlán a marthanaíodh
Beidh an méid atá le tuairisciú cothrom leis na méideanna a thuairiscítear i ró 060 de CA5.1 sna colúin faoi seach.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
1. Ionstraimí atá incháilithe d’Airteagal 57, pointe (a), de Threoir 2006/48/CE
Airteagal 484(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú.
|
|
0020
|
2. Ionstraimí atá incháilithe d’Airteagal 57, pointe (ca) agus Airteagal 154(8) agus (9) de Threoir 2006/48/CE, faoi réir na teorann in Airteagal 489 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 484(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0030
|
2.1 Ionstraimí iomlána gan rogha nó dreasacht fuascailte
Airteagal 484(4) agus Airteagal 489 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú.
|
|
0040
|
2.2 Ionstraimí a marthanaíodh ina bhfuil rogha agus dreasacht fuascailte
Airteagal 489 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050
|
2.2.1 Ionstraimí ina bhfuil rogha is infheidhmithe tar éis an dáta tuairiscithe, agus a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis an dáta aibíochta iarbhír
Airteagal 489(3) agus Airteagal 491, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú.
|
|
0060
|
2.2.2 Ionstraimí lena mbaineann céadrogha ar cheannach is infheidhmithe tar éis an dáta maidir le tuairisciú, agus nach gcomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis an dáta aibíochta iarbhír
Airteagal 489(5) agus Airteagal 491, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú.
|
|
0070
|
2.2.3 Ionstraimí lena mbaineann céadrogha ar cheannach is infheidhmithe an 20 Iúil 2011 nó roimhe sin, agus nach gcomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis an dáta aibíochta iarbhír
Airteagal 489(6) agus Airteagal 491, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú
|
|
0080
|
2.3 An barrachas ar theorainn ionstraimí CET1 a marthanaíodh
Airteagal 487(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfar an barrachas ar theorainn ionstraimí CET1 a marthanaíodh a láimhseáil mar ionstraimí is féidir a mharthanú mar ionstraimí AT1.
|
|
0090
|
3. Ítimí atá incháilithe d’Airteagal 57, pointí (e), (f), (g) nó (h), de Threoir 2006/48/CE, faoi réir na teorann in Airteagal 490 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 484(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0100
|
3.1 Líon iomlán ítimí nach ngabhann dreasacht fuascailte leo
Airteagal 490 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0110
|
3.2 Ítimí a marthanaíodh lena ngabhann dreasacht fuascailte
Airteagal 490 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0120
|
3.2.1 Ítimí lena mbaineann céadrogha ar cheannach is infheidhmithe tar éis an dáta maidir le tuairisciú, agus a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis an dáta aibíochta iarbhír
Airteagal 490(3) agus Airteagal 491, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú.
|
|
0130
|
3.2.2 Ítimí ina bhfuil rogha is infheidhmithe tar éis an dáta tuairiscithe, agus nach gcomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis an dáta aibíochta iarbhír
Airteagal 490(5) agus Airteagal 491, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú.
|
|
0140
|
3.2.3 Ítimí ina bhfuil rogha is infheidhmithe ar an 20 Iúil 2011 nó roimhe sin, agus nach gcomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis an dáta aibíochta iarbhír
Airteagal 490(6) agus Airteagal 491, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar na cuntais scairbhisigh ghaolmhara leis an méid atá le tuairisciú.
|
|
0150
|
3.3 An barrachas ar theorainn ionstraimí AT1 a marthanaíodh
Airteagal 487(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Féadfar an barrachas ar theorainn ionstraimí AT1 a marthanaíodh a láimhseáil mar ionstraimí is féidir a mharthanú mar ionstraimí T2.
|
2. GRÚPSHÓCMHAINNEACHT: FAISNÉIS AR CHLEAMHNAITHE (GS)
2.1. BARÚLACHA GINEARÁLTA
27. Tuairisceofar teimpléid C 06.01 agus C 06.02 más rud é go ríomhtar ceanglais cistí dílse ar bhonn comhdhlúite. Ceithre chuid atá i dteimpléad C 06.02 chun faisnéis éagsúil a bhailiú ar na heintitis aonair go léir (lena n-áirítear an institiúid tuairiscithe) a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe.
(a)
Iontrálacha faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe;
(b)
Faisnéis mhionsonraithe ar an ngrúpshócmhainneacht;
(c)
Faisnéis ar rannchuidiú eintiteas aonair leis an ngrúpshócmhainneacht;
(d)
Faisnéis ar chaipiteal maolánach;
28. Institiúidí a fuair tarscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní thuairisceoidh siad ach colúin 0010 go 0060 agus 0250 go 0400.
29. Cuirtear san áireamh leis na figiúirí a thuairiscítear gach foráil idirthréimhseach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá infheidhme tráth an dáta maidir le tuairisciú faoi seach.
2.2. FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR AN NGRÚPSHÓCMHAINNEACHT
30. Ceaptar an dara cuid de theimpléad C 06.02 (faisnéis mhionsonraithe ar an ngrúpshócmhainneacht) i gcolúin 0070 go 0210 chun faisnéis a bhailiú ar chreidmheas agus ar institiúidí airgeadais rialáilte eile atá faoi réir, a bheag nó a mhór, ceanglas sócmhainneachta ar leith ar bhonn aonair. Soláthraítear ann, le haghaidh gach ceann de na heintitis faoi raon feidhme an tuairiscithe, na ceanglais cistí dílse le haghaidh gach catagóire priacail agus na cistí dílse chun críocha sócmhainneachta.
31. I gcás comhdhlúthú comhréireach rannpháirtíochtaí, léireofar na méideanna comhréireacha faoi seach sna figiúirí a bhaineann le ceanglais cistí dílse agus le cistí dílse.
2.3. FAISNÉIS AR RANNCHUIDIÚ EINTITEAS AONAIR LEIS AN NGRÚPSHÓCMHAINNEACHT
32. Is é is cuspóir leis an tríú cuid de theimpléad C 06.02 agus de theimpléad C 06.01 (faisnéis ar rannchuidiú gach eintitis faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe maidir le grúpshócmhainneacht i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil faoi réir ceanglais sócmhainneachta áirithe ar bhonn aonair, i gcolúin 0250 go 0400, a shainaithint cé na heintitis laistigh den ghrúpa a ghineann na priacail agus a chruinníonn cistí dílse ón margadh, bunaithe ar shonraí atá ar fáil go héasca nó ar féidir iad a athphróiseáil go héasca, gan gá an cóimheas caipitil a atógáil ar bhonn aonair ná ar bhonn fo-chomhdhlúite. Ar leibhéal an eintitis, rannchuidíonn na figiúirí maidir le priacal agus na figiúirí maidir le cistí dílse araon leis na figiúirí grúpa agus ní eilimintí iad de chóimheas sócmhainneachta ar bhonn aonair agus dá bhrí sin níor cheart iad a chur i gcomparáid lena chéile.
33. Áirítear leis an tríú cuid freisin na méideanna leasanna mionlaigh, AT1 cáilitheach, agus T2 cáilitheach atá incháilithe sna cistí dílse comhdhlúite.
34. Ós rud é go dtagraítear do “rannchuidithe” sa tríú cuid den teimpléad, imeoidh na figiúirí a thuairiscítear inti, nuair is infheidhme, ó na figiúirí a thuairiscítear sna colúin a thagraíonn don fhaisnéis mhionsonraithe ar an ngrúpshócmhainneacht.
35. An prionsabal atá leis ná na tras-risíochtaí laistigh de na grúpaí céanna a scriosadh ar bhealach aonchineálach i dtéarmaí priacal nó cistí dílse araon, chun na méideanna a thuairiscítear i dteimpléad CA comhdhlúite an ghrúpa a chumhdach trí na méideanna a thuairiscítear le haghaidh gach eintitis a chur leis an teimpléad “Grúpshócmhainneachta”. Ní féidir nasc díreach a dhéanamh le teimpléad CA i gcás nach sáraítear tairseach 1 %.
36. Saineoidh na hinstitiúidí an modh miondealaithe is iomchuí idir na heintitis chun na héifeachtaí éagsúlaithe féideartha a chur san áireamh maidir le priacal margaidh agus priacal oibriúcháin.
37. Féadfar grúpa comhdhlúite amháin a áireamh laistigh de ghrúpa comhdhlúite eile. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar na heintitis laistigh d’fhoghrúpa a thuairisciú eintiteas ar eintiteas i ngrúpshócmhainneacht an ghrúpa iomláin, fiú más rud é go bhfuil an foghrúpa féin faoi réir ceanglais tuairiscithe. Foghrúpa atá faoi réir ceanglais tuairiscithe, tuairisceoidh sé freisin an teimpléad grúpshócmhainneachta eintiteas ar eintiteas, cé go n-áirítear na sonraí sin sa teimpléad grúpshócmhainneachta de ghrúpa comhdhlúite níos airde.
38. Tuairisceoidh institiúid sonraí ar rannchuidiú eintitis i gcás ina sáraíonn a rannchuidiú le méid iomlán na risíochta ar phriacal 1 % de mhéid iomlán risíocht ar phriacal an ghrúpa nó ina sáraíonn a rannchuidiú leis na cistí dílse iomlána 1 % de chistí dílse iomlána an ghrúpa. Níl feidhm ag an tairseach sin i gcás fochuideachtaí nó foghrúpaí a sholáthraíonn cistí dílse (i bhfoirm leasanna mionlaigh nó ionstraimí cáilitheacha AT1 nó T2 a áirítear le cistí dílse) don ghrúpa.
2.4. C 06.01 – GRÚPSHÓCMHAINNEACHT: FAISNÉIS AR CHLEAMHNAITHE – Iomlán (Iomlán Grúpshócmhainneachta)
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0250-0400
|
EINTITIS FAOI RAON FEIDHME AN CHOMHDHLÚTHAITHE
Féach na treoracha i dtaca le C 06.02
|
|
0410-0480
|
MAOLÁIN CHAIPITIL
Féach na treoracha i dtaca le C 06.02
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010
|
IOMLÁN
Léireofar leis an Iomlán suim na luachanna a thuairiscítear i ngach ró de theimpléad C 06.02.
|
2.5. C 06.02 – GRÚPSHÓCMHAINNEACHT: FAISNÉIS AR CHLEAMHNAITHE (GS)
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0011-0060
|
EINTITIS FAOI RAON FEIDHME AN CHOMHDHLÚTHAITHE
Tá an teimpléad seo ceaptha chun faisnéis a bhailiú ar gach eintiteas ar bhonn eintiteas ar eintiteas faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0011
|
AINM
Ainm an eintitis faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe.
|
|
0021
|
CÓD
Ní mór don chód, mar chuid d’aitheantóir ró, a bheith ina chód uathúil i dtaca le gach eintiteas tuairiscithe. I dtaca le hinstitiúidí agus gnóthais árachais, is é cód LEI an cód a bheidh i gceist. I dtaca le heintitis eile, is é cód LEI, nó mura mbeidh sé ar fáil, cód náisiúnta, an cód a bheidh i gceist. Cód uathúil a bheidh i gceist agus úsáidfear go comhsheasmhach trasna na dteimpléad agus thar am é. Beidh luach leis an gcód i gcónaí.
|
|
0026
|
CINEÁL CÓID
Sainaithneoidh na hinstitiúidí an cineál cóid arna thuairisciú i gcolún 0021 mar “Cód LEI” nó “Cód neamh-LEI”. Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.
|
|
0027
|
CÓD NÁISIÚNTA
Féadfaidh institiúidí an cód náisiúnta a thuairisciú sa bhreis air sin nuair a thuairiscíonn siad cód LEI mar aitheantóir sa cholún “Cód”.
|
|
0030
|
INSTITIÚID NÓ A COMHIONANN (TÁ / NÍL)
Tuairisceofar “TÁ” i gcás ina bhfuil an t-eintiteas faoi réir ceanglais cistí dílse de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE nó forálacha atá coibhéiseach le forálacha Basel ar a laghad.
“NÍL” a thuairisceofar i gcásanna eile.
[EUR-Lex] Leasanna mionlaigh:
Airteagal 81(1), pointe (a)(ii) agus Airteagal 82(1), pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Maidir le héifeachtaí leasanna mionlaigh agus ionstraimí AT1 agus T2 arna n-eisiúint ag fochuideachtaí, is iad institiúidí nó gnóthais atá faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme a bheidh sna fochuideachtaí a bhféadfadh a n-ionstraimí a bheith incháilithe.
|
|
0035
|
CINEÁL EINTITIS
Tuairisceofar an cineál eintitis bunaithe ar na catagóirí seo a leanas:
(a) institiúid creidmheasa
Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b) gnólacht infheistíochta
Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c) institiúid airgeadais (eile)
Airteagal 4(1), pointí (20), (21) agus (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Institiúidí airgeadais de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach n-áirítear in aon cheann de chatagóirí (d), (f) nó (g);
(d) cuideachta shealbhaíochta airgeadais (mheasctha)
Airteagal 4(1), pointí (20) agus (21), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(e) gnóthas seirbhísí coimhdeacha
Airteagal 4(1), pointe (18), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(f) eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE),
Airteagal 4(1), pointe (66), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(g) cuideachta banna faoi chumhdach
Eintiteas a bunaíodh chun bannaí faoi chumhdach a eisiúint nó an chomhthaobhacht lena n-urraítear banna faoi chumhdach a shealbhú, mura n-áirítear é le haon cheann de chatagóirí (a), (b), nó (d) go (f) thuas;
(h) cineál eile eintitis
Eintiteas seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g).
I gcás nach bhfuil eintiteas faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE, ach go bhfuil sé faoi réir forálacha atá coibhéiseach ar a laghad le forálacha Basel, déanfar an chatagóir ábhartha a chinneadh ar bhonn na hiarrachta is fearr.
|
|
0040
|
RAON FEIDHME NA SONRAÍ: FOCHUIDEACHTAÍ AONAIR COMHDHLÚITE GO HIOMLÁN (SF) NÓ FOCHUIDEACHTAÍ AONAIR COMHDHLÚITE GO PÁIRTEACH (SP)
Tuairisceofar “SF” le haghaidh fochuideachtaí aonair atá comhdhlúite go hiomlán.
Tuairisceofar “SP” le haghaidh fochuideachtaí aonair atá comhdhlúite go páirteach.
|
|
0050
|
CÓD TÍRE
Tuairisceoidh institiúidí an cód tíre dhá litir dá dtagraítear in ISO 3166-2.
|
|
0060
|
SCAIR SEALÚCHAIS (%)
Tagraíonn an céatadán seo don scair iarbhír den chaipiteal a shealbhaíonn an máthairghnóthas i bhfochuideachtaí. I gcás chomhdhlúthú iomlán fochuideachta dírí, is é e.g. 70 % an scair den chaipiteal. I gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá an scair de shealúchas fochuideachta atá le tuairisciú ina toradh ar iolrú na scaireanna idir na fochuideachtaí lena mbaineann.
|
|
0070-0240
|
FAISNÉIS AR EINTITIS ATÁ FAOI RÉIR CEANGLAS CISTÍ DÍLSE
Ní bhaileofar sa chuid ar fhaisnéis mhionsonraithe (i.e. colúin 0070 go 0240) ach faisnéis ar na heintitis agus na foghrúpaí sin atá, de bhua iad a bheith faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe (Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), a bheag nó a mhór, faoi réir ceanglais sócmhainneachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó forálacha atá coibhéiseach le forálacha Basel ar a laghad (i.e. tuairiscíodh “tá” i gcolún 0030).
Áireofar faisnéis ar gach institiúid aonair de ghrúpa comhdhlúite atá faoi réir ceanglais cistí dílse, gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.
Léireofar san fhaisnéis a thuairiscítear sa chuid seo na rialacha sócmhainneachta áitiúla den dlínse ina bhfuil an institiúid ag feidhmiú (dá bhrí sin, i gcás an teimpléid seo, ní gá ríomh dúbailte a dhéanamh ar bhonn aonair ar bhonn rialacha na máthairinstitiúide). I gcás nach ionann rialacha sócmhainneachta áitiúla agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus nach dtugtar miondealú comparáideach, líonfar isteach an fhaisnéis i gcás ina bhfuil fáil ar shonraí sa ghráinneacht faoi seach. Dá bhrí sin, is teimpléad fíorasach atá sa chuid seo ina ndéantar achoimre ar na ríomhanna a dhéanfaidh institiúidí aonair grúpa, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh cuid de na hinstitiúidí sin a bheith faoi réir rialacha sócmhainneachta éagsúla.
Tuairisciú forchostas seasta gnólachtaí infheistíochta:
Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta san áireamh ceanglais cistí dílse a bhaineann le forchostais sheasta ina ríomh ar an gcóimheas caipitil de bhun Airteagail 95, 96, 97 agus 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tuairisceofar an chuid de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal a bhaineann le forchostais sheasta i gcolún 0100 den teimpléad seo.
|
|
0070
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Tuairisceofar suim cholúin 0080 go 0110.
|
|
0080
|
CREIDMHEAS; CREIDMHEAS CONTRAPHÁIRTÍ; PRIACAIL CAOLÚCHÁIN, SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE AGUS PRIACAL SOCRAÍOCHTA/SEACHADTA
Comhfhreagróidh an méid atá le tuairisciú sa cholún seo do shuim na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá comhionann nó coibhéiseach leo siúd is gá a thuairisciú i ró 0040 “MÉIDEANNA RISÍOCHTATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL LE hAGHAIDH PRIACAIL CHREIDMHEASA, CREIDMHEASA CONTRAPHÁIRTÍ AGUS CHAOLÚCHÁIN AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE” agus méideanna na gceanglas cistí dílse atá comhionann nó coibhéiseach leo siúd is gá a thuairisciú i ró 0490 “MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL LE hAGHAIDH PRIACAIL SOCRAÍOCHTA/SEACHADTA” de theimpléad CA2.
|
|
0090
|
PRIACAIL AN tSUÍMH, PRIACAIL MALAIRTE EACHTRAÍ AGUS PRIACAIL TRÁCHTEARRAÍ
Comhfhreagróidh an méid atá le tuairisciú sa cholún seo do mhéid na gceanglas cistí dílse atá comhionann nó coibhéiseach leo siúd is gá a thuairisciú i ró 0520 “MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL LE hAGHAIDH PHRIACAIL AN tSUÍMH, PRIACAIL MALAIRTE EACHTRAÍ AGUS PRIACAIL TRÁCHTEARRAÍ” de theimpléad CA2.
|
|
0100
|
PRIACAL OIBRIÚCHÁIN
Comhfhreagróidh an méid atá le tuairisciú sa cholún seo do mhéid na risíochta ar phriacal atá comhionann nó coibhéiseach leo siúd is gá a thuairisciú i ró 0590 “MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL LE hAGHAIDH PRIACAIL OIBRIÚCHÁIN (OpR)” de theimpléad CA2.
Áireofar forchostais sheasta sa cholún seo lena n-áirítear ró 0630 “MÉID BREISE RISÍOCHTA AR PHRIACAL DE BHARR FORCHOSTAIS SHEASTA” de theimpléad CA2.
|
|
0110
|
MÉIDEANNA NA RISÍOCHTA AR PHRIACAIL EILE
Comhfhreagróidh an méid atá le tuairisciú sa cholún seo do mhéid na risíochta ar phriacal nach liostaítear go sonrach thuas. Is é suim na méideanna i rónna 0640, 0680 agus 0690 de theimpléad CA2 a bheidh i gceist leis.
|
|
0120-0240
|
FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR CHISTÍ DÍLSE GRÚPSHÓCMHAINNEACHTA
Léireofar san fhaisnéis a thuairiscítear sna colúin seo a leanas rialacha sócmhainneachta áitiúla an Bhallstáit ina bhfuil t-eintiteas nó an foghrúpa ag feidhmiú.
|
|
0120
|
CEANGLAIS
Comhfhreagraíonn an méid atá le tuairisciú sa cholún seo do mhéid na gcistí dílse atá comhionann nó coibhéiseach leo siúd is gá a thuairisciú i ró 0010 “CISTÍ DÍLSE” de theimpléad CA1.
|
|
0130
|
LENA nÁIRÍTEAR: CISTÍ DÍLSE CÁILITHEACHA
Airteagal 82 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní sholáthrófar an colún seo ach amháin le haghaidh na bhfochuideachtaí a thuairiscítear ar bhonn aonair atá comhdhlúite go hiomlán agus ar institiúidí iad.
Is é atá i gceist le sealúchais cháilitheacha, le haghaidh na bhfochuideachtaí a shonraítear thuas, na hionstraimí (móide tuilleamh coimeádta, cuntais scairbhisigh agus cúlchistí eile) arna sealbhú ag daoine seachas na gnóthais agus a n-áirítear iad i gcomhdhlúthú Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Áireofar éifeachtaí aon fhorála idirthréimhsí leis an méid atá le tuairisciú. Beidh sé ar an méid incháilithe ar an dáta tuairiscithe.
|
|
0140
|
IONSTRAIMÍ CISTÍ DÍLSE GAOLMHARA, TUILLEAMH COIMEÁDTA GAOLMHAR, CUNTAIS SCAIRBHISIGH AGUS CÚLCHISTÍ EILE
Airteagal 87(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0150
|
CAIPITEAL LEIBHÉAL 1 IOMLÁN
Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0160
|
LENA nÁIRÍTEAR: CAIPITEAL CÁILITHEACH LEIBHÉAL 1
Airteagal 82 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní sholáthrófar an colún seo ach amháin le haghaidh na bhfochuideachtaí a thuairiscítear ar bhonn aonair atá comhdhlúite go hiomlán agus ar institiúidí iad.
Is é atá i gceist le sealúchais cháilitheacha, le haghaidh na bhfochuideachtaí a shonraítear thuas, na hionstraimí (móide tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh ghaolmhara) arna sealbhú ag daoine seachas na gnóthais a áirítear i gcomhdhlúthú Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Áireofar éifeachtaí aon fhorála idirthréimhsí leis an méid atá le tuairisciú. Beidh sé ar an méid incháilithe ar an dáta tuairiscithe.
|
|
0170
|
IONSTRAIMÍ T1 GAOLMHARA, TUILLEAMH COIMEÁDTA GAOLMHAR AGUS CUNTAIS SCAIRBHISIGH
Airteagal 85(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0180
|
CAIPITEAL GHNÁTHCHOTHROMAS LEIBHÉAL 1
Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0190
|
LENA nÁIRÍTEAR: LEASANNA MIONLAIGH
Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní thuairisceofar an colún seo ach amháin le haghaidh na bhfochuideachtaí atá comhdhlúite go hiomlán agus ar institiúidí iad, seachas na fochuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 84(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar gach fochuideachta a bhreithniú ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh na ríomhanna go léir a éilítear le hAirteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 84(2), nó ar bhonn aonair seachas sin.
Is é atá i gceist le leasanna mionlaigh, le haghaidh na bhfochuideachtaí a shonraítear thuas, ionstraimí CET1 (móide tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh ghaolmhara) arna sealbhú ag daoine seachas na gnóthais a áirítear i gcomhdhlúthú Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Áireofar éifeachtaí aon fhorála idirthréimhsí leis an méid atá le tuairisciú. Beidh sé ar an méid incháilithe ar an dáta tuairiscithe.
|
|
0200
|
IONSTRAIMÍ CISTÍ DÍLSE GAOLMHARA, TUILLEAMH COIMEÁDTA GAOLMHAR, CUNTAIS SCAIRBHISIGH AGUS CÚLCHISTÍ EILE
Airteagal 84(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0210
|
CAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1
Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0220
|
LENA nÁIRÍTEAR: CAIPITEAL CÁILITHEACH BREISE LEIBHÉAL 1
Airteagail 82 agus 83 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní sholáthrófar an colún seo ach amháin le haghaidh na bhfochuideachtaí atá comhdhlúite go hiomlán agus ar institiúidí iad, seachas na fochuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 85(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar gach fochuideachta a bhreithniú ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh na ríomhanna go léir a éilítear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 85(2), nó ar bhonn aonair seachas sin.
Is é atá i gceist le leasanna mionlaigh, le haghaidh na bhfochuideachtaí a shonraítear thuas, ionstraimí AT1 (móide tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh ghaolmhara) arna sealbhú ag daoine seachas na gnóthais a áirítear i gcomhdhlúthú Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Áireofar éifeachtaí aon fhorála idirthréimhsí leis an méid atá le tuairisciú. Beidh sé ar an méid incháilithe ar an dáta tuairiscithe.
|
|
0230
|
CAIPITEAL LEIBHÉAL 2
Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0240
|
LENA nÁIRÍTEAR: CAIPITEAL CÁILITHEACH LEIBHÉAL 2
Airteagail 82 agus 83 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní sholáthrófar an colún seo ach amháin le haghaidh na bhfochuideachtaí atá comhdhlúite go hiomlán agus ar institiúidí iad, seachas fochuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar gach fochuideachta a bhreithniú ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh na ríomhanna go léir a éilítear in Airteagal 87 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 87(2) den Rialachán sin, nó ar bhonn aonair seachas sin.
Is é atá i gceist le leasanna mionlaigh, le haghaidh na bhfochuideachtaí a shonraítear thuas, ionstraimí T2 (móide tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh ghaolmhara) arna sealbhú ag daoine seachas na gnóthais a áirítear i gcomhdhlúthú Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Áireofar éifeachtaí aon fhorála idirthréimhsí leis an méid atá le tuairisciú. Beidh sé ar an méid incháilithe ar an dáta tagartha.
|
|
0250-0400
|
FAISNÉIS AR RANNCHUIDIÚ EINTITEAS LE SÓCMHAINNEACHT AN GHRÚPA
|
|
0250-0290
|
RANNCHUIDIÚ LE PRIACAIL
Beidh an fhaisnéis a thuairiscítear sna colúin seo a leanas i gcomhréir leis na rialacha sócmhainneachta is infheidhme maidir leis an institiúid tuairiscithe.
|
|
0250
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Tuairisceofar suim cholúin 0260 go 0290.
|
|
0260
|
CREIDMHEAS; CREIDMHEAS CONTRAPHÁIRTÍ; PRIACAIL CAOLÚCHÁIN, SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE AGUS PRIACAL SOCRAÍOCHTA/SEACHADTA
Is é an méid atá le tuairisciú na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa agus ceanglais cistí dílse de phriacal socraíochta/seachadta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas aon mhéid a bhaineann le hidirbhearta le heintitis eile a áirítear le ríomh chóimheas sócmhainneachta comhdhlúite an ghrúpa.
|
|
0270
|
PRIACAIL AN tSUÍMH, PRIACAIL MALAIRTE EACHTRAÍ AGUS PRIACAIL TRÁCHTEARRAÍ
Tá méideanna risíochta ar phriacal le haghaidh priacail mhargaidh le ríomh ar gach leibhéal eintitis i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tuairisceoidh eintitis an rannchuidiú leis na méideanna iomlána risíochta ar phriacal maidir le priacail an tsuímh, priacail malairte eachtraí agus priacail tráchtearraí an ghrúpa. Comhfhreagróidh suim na méideanna a thuairiscítear anseo don mhéid a thuairiscítear i ró 0520 “MÉIDEANNA IOMLÁNA NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL LE hAGHAIDH PHRIACAIL AN tSUÍMH, PRIACAIL MALAIRTE EACHTRAÍ AGUS PRIACAIL TRÁCHTEARRAÍ” den tuarascáil chomhdhlúite.
|
|
0280
|
PRIACAL OIBRIÚCHÁIN
I gcás AMA, áireofar éifeacht an éagsúlaithe leis na méideanna risíochta ar phriacal a thuairiscítear le haghaidh priacal oibriúcháin.
Áireofar forchostais sheasta sa cholún seo.
|
|
0290
|
MÉIDEANNA NA RISÍOCHTA AR PHRIACAIL EILE
Comhfhreagróidh an méid atá le tuairisciú sa cholún seo do mhéid na risíochta ar phriacal le haghaidh priacal nach liostaítear thuas.
|
|
0300-0400
|
RANNCHUIDIÚ LE CISTÍ DÍLSE
Níl sé i gceist leis an gcuid seo den teimpléad ríomh iomlán ar an gcóimheas caipitil iomlán ar leibhéal gach eintitis a fhorchur ar institiúidí.
Tuairisceofar colúin 0300 go 0350 le haghaidh na n-eintiteas comhdhlúite sin a rannchuidíonn le cistí dílse trí leas mionlaigh, caipiteal cáilitheach Leibhéal 1, nó cistí dílse cáilitheacha. Faoi réir na tairsí dá dtagraítear sa mhír dheireanach de chaibidil 2.3 de Chuid II thuas, tuairisceofar colúin 0360 go 0400 le haghaidh gach eintitis chomhdhlúite a rannchuidíonn leis na cistí dílse comhdhlúite.
Ní chuirfear san áireamh faoi raon feidhme an eintitis tuairiscithe cistí dílse arna dtabhairt chuig eintiteas ag na heintitis eile, ní thuairisceofar sa cholún seo ach an rannchuidiú glan le cistí dílse an ghrúpa (cistí dílse a chruinnítear ó thríú páirtithe agus cúlchistí carntha den chuid is mó).
Beidh an fhaisnéis a thuairiscítear sna colúin seo a leanas i gcomhréir leis na rialacha sócmhainneachta is infheidhme maidir leis an institiúid tuairiscithe.
|
|
0300-0350
|
CISTÍ DÍLSE CÁILITHEACHA ATÁ AR ÁIREAMH I gCISTÍ DÍLSE COMHDHLÚITE
Is é an méid a bheidh le tuairisciú mar “CISTÍ DÍLSE CÁILITHEACHA ATÁ AR ÁIREAMH I gCISTÍ DÍLSE COMHDHLÚITE” an méid mar a dhíorthaítear ó Chuid a Dó, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan aon chiste arna thabhairt isteach ag eintitis ghrúpa eile a chur san áireamh.
|
|
0300
|
CISTÍ DÍLSE CÁILITHEACHA ATÁ AR ÁIREAMH I gCISTÍ DÍLSE COMHDHLÚITE
Airteagal 87 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0310
|
IONSTRAIMÍ CÁILITHEACHA LEIBHÉAL 1 ATÁ AR ÁIREAMH I gCAIPITEAL LEIBHÉAL 1 COMHDHLÚITE
Airteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0320
|
LEASANNA MIONLAIGH ATÁ AR ÁIREAMH I nGNÁTHCHOTHROMAS LEIBHÉAL 1 COMHDHLÚITE
Airteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú an méid leasanna mionlaigh fochuideachta atá ar áireamh in CET1 comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0330
|
IONSTRAIMÍ CÁILITHEACHA LEIBHÉAL 1 ATÁ AR ÁIREAMH I gCAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1 COMHDHLÚITE
Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú méid chaipiteal cáilitheach T1 fochuideachta atá ar áireamh in AT1 comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0340
|
IONSTRAIMÍ CÁILITHEACHA DE CHISTÍ DÍLSE ATÁ AR ÁIREAMH I gCAIPITEAL LEIBHÉAL 2 COMHDHLÚITE
Airteagal 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid atá le tuairisciú an méid cistí dílse cáilitheacha fochuideachta atá ar áireamh in T2 comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0350
|
ÍTIM LE MEABHRÚ: CÁILMHEAS (-) / (+) CÁILMHEAS DIÚLTACH
|
|
0360-0400
|
CISTÍ DÍLSE COMHDHLÚITE
Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an méid a bheidh le tuairisciú mar “CISTÍ DÍLSE COMHDHLÚITE” an méid mar a dhíorthaítear ón gclár comhardaithe, gan aon chiste arna thabhairt isteach ag eintitis ghrúpa eile a chur san áireamh.
|
|
0360
|
CISTÍ DÍLSE COMHDHLÚITE
|
|
0370
|
LENA nÁIRÍTEAR: GNÁTHCHOTHROMAS LEIBHÉAL 1
|
|
0380
|
LENA nÁIRÍTEAR: LEIBHÉAL 1 BREISE
|
|
0390
|
LENA nÁIRÍTEAR: RANNÍOCAÍOCHTAÍ LEIS AN TORADH COMHDHLÚITE
Tuairisceofar rannchuidiú gach eintitis leis an toradh comhdhlúite (brabús nó caillteanas (-)). Áirítear leis sin na torthaí atá inchurtha i leith leasanna mionlaigh.
|
|
0400
|
LENA nÁIRÍTEAR: (-) CÁILMHEAS / (+) CÁILMHEAS DIÚLTACH
Tuairisceofar anseo cáilmheas nó cáilmheas diúltach na fochuideachta.
|
|
0410-0480
|
MAOLÁIN CHAIPITIL
Cloífidh struchtúr an tuairiscithe maidir le caipiteal maolánach le haghaidh theimpléad GS struchtúr ginearálta theimpléad CA4, agus úsáidfear na coincheapa tuairiscithe céanna. Agus an caipiteal maolánach á thuairisciú le haghaidh theimpléad GS, tuairisceofar na méideanna ábhartha i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme chun an ceanglas maoláin a chinneadh le haghaidh suíomh comhdhlúite grúpa. Dá bhrí sin, léireofar le méideanna tuairiscithe caipitil mhaolánaigh rannchuidithe gach eintitis le caipiteal maolánach an ghrúpa. Beidh na méideanna a thuairisceofar bunaithe ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE agus ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear aon fhoráil idirthréimhseach dá bhforáiltear iontu.
|
|
0410
|
CEANGLAS MAOLÁIN CHOMHCHEANGAILTE
Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE
|
|
0420
|
MAOLÁN CAOMHNAITHE CAIPITIL
Airteagal 128, pointe (1), agus Airteagal 129 de Threoir 2013/36/AE
I gcomhréir le hAirteagal 129(1) de Threoir 2013/36/AE, is méid breise chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 é an maolán caomhnaithe caipitil. Ós rud é gur ráta cobhsaí é ráta 2.5 % an mhaoláin caomhnaithe caipitil, tuairisceofar méid sa chill seo.
|
|
0430
|
CAIPITEAL MAOLÁNACH FRITIMTHRIALLACH ATÁ SAINIÚIL DON INSTITIÚID
Airteagal 128, pointe (2), Airteagal 130 agus Airteagail 135 go 140 de Threoir 2013/36/AE
Tuairisceofar méid coincréiteach an mhaoláin fhritimthriallaigh sa chill seo.
|
|
0440
|
MAOLÁN CAOMHNAITHE I nGEALL AR PHRIACAL MACRASTUAMACHTA NÓ SISTÉAMACH A SHAINAITHNÍTEAR AR LEIBHÉAL AN BHALLSTÁIT
Airteagal 458(2), pointe (d)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar sa chill seo méid an mhaoláin caomhnaithe i ngeall ar phriacal stuamachta ar an macraileibhéal nó ar phriacal córasach a shainaithnítear ar leibhéal Ballstáit, ar féidir é a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhreis ar an maolán caomhnaithe caipitil.
|
|
0450
|
MAOLÁN UM PRIACAL SISTÉAMACH
Airteagal 128, pointe (5), Airteagail 133 agus 134 de Threoir 2013/36/AE
Tuairisceofar méid an mhaolánaigh maidir le priacal sistéamach sa chill seo.
|
|
0470
|
MAOLÁN D’INSTITIÚID DHOMHANDA A bhFUIL TÁBHACHT SHISTÉAMACH AG BAINT LÉI
Airteagal 128, pointe (3), agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE
Tuairisceofar sa chill seo méid an mhaolánaigh d’institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint léi.
|
|
0480
|
MAOLÁN D’INSTITIÚID DHOMHANDA EILE A bhFUIL TÁBHACHT SHISTÉAMACH AG BAINT LÉI
Airteagal 128, pointe (4), agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE
Tuairisceofar sa chill seo méid an mhaolánaigh d’institiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint léi.
|
3. TEIMPLÉID MAIDIR LE PRIACAL CREIDMHEASA
3.1. BARÚLACHA GINEARÁLTA
39. Is ann do shraitheanna éagsúla teimpléad le haghaidh an chur chuige chaighdeánaithe agus chur chuige IRB i gcás priacal creidmheasa. De bhreis air sin, tuairisceofar teimpléid ar leith le haghaidh mhiondealú geografach suíomh faoi réir priacal creidmheasa má sháraítear an tairseach ábhartha a leagtar amach in Airteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
3.1.1. Tuairisciú teicnící um maolú priacal creidmheasa ag a bhfuil iarmhairt ar ionadú
40. Tuairisceofar risíochtaí ar oibleagáideoirí (contrapháirtithe láithreacha) agus ráthóirí a shanntar don aicme risíochta chéanna mar insreabhadh agus mar eis-sreabhadh leis an aicme risíochta chéanna.
41. Ní thiocfaidh athrú ar an gcineál risíochta mar gheall ar chosaint neamhchistithe creidmheasa.
42. Má urraítear risíocht le cosaint neamhchistithe creidmheasa, sannfar an chuid urraithe mar eis-sreabhadh e.g. in aicme risíochta an oibleagáideora agus mar insreabhadh in aicme risíochta an ráthóra. Mar sin féin, ní thiocfaidh athrú ar an gcineál risíochta i ngeall ar athrú na haicme risíochta.
43. Léireofar leis an iarmhairt ar ionadú i gcreat tuairiscithe COREP an láimhseáil ualaithe priacail is infheidhme go héifeachtach maidir leis an gcuid chumhdaithe den risíocht. Dá réir sin, beidh an chuid chumhdaithe den risíocht ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe agus tuairisceofar í i dteimpléad CR SA.
3.1.2. Priacal Creidmheasa an Chontrapháirtí a thuairisciú
44. Tuairisceofar risíochtaí ag eascairt as suíomhanna Phriacail Creidmheasa an Chontrapháirtí i dteimpléad CR SA nó CR IRB gan beann ar iad a bheith ina n-ítimí Leabhair Baincéireachta nó ina n-ítimí Leabhair Trádála.
3.2. C 07.00 - PRIACAIL CHREIDMHEASA AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE I LEITH CEANGLAIS CHAIPITIL (CR SA)
3.2.1. Barúlacha ginearálta
45. Tá an fhaisnéis riachtanach i dteimpléid CR SA ar ríomh ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal creidmheasa i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe. Go sonrach, tá faisnéis mhionsonraithe iontu maidir le:
a)
dáileadh na luachanna risíochta de réir na gcineálacha risíochta, ualuithe priacal agus aicmí risíochta éagsúla;
b)
líon agus cineál na dteicnící um maolú priacal creidmheasa a úsáidtear chun na priacail a mhaolú.
3.2.2. Raon feidhme theimpléad CR SA
46. I gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sannfar gach risíocht SA do cheann amháin de na 16 aicme risíochta SA chun na ceanglais cistí dílse a ríomh.
47. Éilítear an fhaisnéis CR SA le haghaidh na n-aicmí risíochta iomlána agus le haghaidh gach ceann de na haicmí risíochta ar leith faoin gcur chuige caighdeánaithe. Tuairiscítear na figiúirí iomlána chomh maith le faisnéis gach aicme risíochta i ngné ar leith.
48. Mar sin féin, ní thagann na suíomhanna seo a leanas faoi raon feidhme CR SA:
(a)
Risíochtaí a shanntar don aicme risíochta “ítimí atá in ionannas le suíomhanna urrúsúcháin” dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (m), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a thuairisceofar i dteimpléid CR SEC.
(b)
Risíochtaí arna n-asbhaint as cistí dílse.
49. Cuimseofar na ceanglais cistí dílse seo a leanas faoi raon feidhme theimpléad CR SA:
(a)
Riosca creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 2 (Cur chuige caighdeánaithe) de Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa leabhar baincéireachta, lena n-áirítear riosca creidmheasa an chontrapháirtí i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 4 go 6 den Rialachán sin sa leabhar baincéireachta;
(b)
Riosca creidmheasa an chontrapháirtí i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 4 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa leabhar trádála;
(c)
Priacal socraíochta a eascraíonn as seachadtaí saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 379 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i leith na ngníomhaíochtaí gnó go léir.
50. Áireofar sa teimpléad gach risíocht a ndéantar na ceanglais cistí dílse a ríomh ina leith i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 4 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Maidir le hinstitiúidí a chuireann Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm, ní mór dóibh freisin a suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear in Airteagal 92(3), pointe (b), den Rialachán sin a thuairisciú sa teimpléad seo i gcás ina gcuireann siad Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 den Rialachán sin i bhfeidhm chun a gceanglais cistí dílse a ríomh (Cuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 2 agus 6 agus Cuid a Trí, Teideal V den Rialachán sin). Dá bhrí sin, ní sholáthrófar faisnéis mhionsonraithe ar an gcineál risíochta (e.g. ar ítimí laistigh / lasmuigh den chlár comhardaithe) amháin sa teimpléad, ach soláthrófar ann freisin faisnéis ar leithdháileadh ualuithe priacal laistigh den aicme risíochta faoi seach.
51. Ina theannta sin, áirítear le CR SA ítimí le meabhrú i rónna 0290 go 0320 chun faisnéis bhreise a bhailiú ar risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe agus risíochtaí ar mainneachtain.
52. Ní thuairisceofar na hítimí sin le meabhrú ach le haghaidh na n-aicmí risíochta seo a leanas amháin:
(a)
Rialtais láir nó bainc cheannais (Airteagal 112, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013);
(b)
Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla (Airteagal 112, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013);
(c)
Eintitis san earnáil phoiblí (Airteagal 112, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013);
(d)
Institiúidí (Airteagal 112, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013);
(e)
Corparáidí (Airteagal 112, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013);
(f)
Miondíol (Airteagal 112, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
53. Ní dhéanfaidh tuairisciú na n-ítimí le meabhrú difear do ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir leis na haicmí risíochta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointí (a) go (c) agus (f) go (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná do ríomh na n-aicmí risíochta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointí (i) agus (j), den Rialachán sin, a thuairiscítear i dteimpléad CR SA.
54. Tá faisnéis bhreise sna rónna meabhráin ar struchtúr oibleagáideora na n-aicmí risíochta “ar mainneachtain” nó “arna n-urrú le maoin dhochorraithe”. Tuairisceofar risíochtaí sna rónna seo i gcás ina dtuairisceofaí na hoibleagáideoirí sna haicmí risíochta “Rialtais láir nó bainc cheannais”, “Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla”, “Eintitis san earnáil phoiblí”, “Institiúidí”, “Corparáidí” agus “Miondíol” de CR SA, más rud é nár sannadh na risíochtaí do na haicmí risíochta “ar mainneachtain” nó “arna n-urrú le maoin dhochorraithe”. Is ionann na figiúirí a thuairiscítear, áfach, agus na figiúirí a úsáidtear chun na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh sna haicmí risíochta “ar mainneachtain” nó “arna n-urrú le maoin dhochorraithe”.
55. E.g. más rud é gur lú risíocht, a ríomhtar na méideanna risíochta priacail ina leith i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus más rud é gur lú na coigeartuithe luacha ná 20 %, tuairisceofar an fhaisnéis sin in CR SA, ró 0320 san iomlán agus san aicme risíochta “ar mainneachtain”. Má bhí an risíocht sin, sular mhainnigh sí, ina risíocht ar institiúid, ansin tuairisceofar an fhaisnéis sin freisin i ró 0320 den aicme risíochta “institiúidí”.
3.2.3. Sannadh risíochtaí d’aicmí risíochta faoin gcur chuige caighdeánaithe
56. Chun aicmiú comhsheasmhach risíochtaí sna haicmí risíochta dá dtagraítear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú, cuirfear an cur chuige seicheamhach seo a leanas i bhfeidhm:
(a)
Mar an chéad chéim, déanfar an risíocht tosaigh roimh fhachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm a aicmiú san aicme risíochta (tosaigh) chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan dochar don láimhseáil shonrach (ualú priacal) a thabharfar do gach risíocht ar leith laistigh den aicme risíochta shannta.
(b)
Sa dara céim, féadfar na risíochtaí a athdháileadh ar aicmí risíochta eile i ngeall ar chur i bhfeidhm teicnící um maolú priacal creidmheasa (CRM) ag a bhfuil iarmhairtí ar ionadú maidir leis an risíocht (e.g. ráthaíochtaí, díorthaigh chreidmheasa, modh simplí comhthaobhach airgeadais) trí insreabhabh agus eis-sreabhabh.
57. Beidh feidhm ag na critéir seo a leanas maidir le haicmiú na risíochta tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta sna haicmí risíochta éagsúla (an chéad chéim) gan dochar don athdháileadh ina dhiaidh sin mar thoradh ar úsáid teicnící CRM ag a bhfuil iarmhairtí ar ionadú maidir leis an risíocht nó leis an láimhseáil (ualú priacal) a thabharfar do gach risíocht ar leith laistigh den aicmiú risíochta shannta.
58. Chun an risíocht tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta a aicmiú sa chéad chéim, ní bhreithneofar teicnící CRM a bhaineann leis an risíocht (tugtar faoi deara go mbreithneofar go follasach iad sa dara céim) mura bhfuil éifeacht chosanta ina cuid bhunúsach den sainmhíniú ar aicme risíochta faoi mar atá san aicme risíochta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe).
59. Ní sholáthraítear critéir in Airteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun na haicmí risíochta a dheighilt. D’fhéadfaí a thabhairt le tuiscint leis sin go bhféadfaí risíocht amháin a aicmiú in aicmí risíochta éagsúla mura soláthraítear aon tosaíocht sna critéir mheasúnaithe le haghaidh an aicmithe. Is é is follasaí idir risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu (Airteagal 112, pointe (n), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), agus risíochtaí ar institiúidí (Airteagal 112, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)/ risíochtaí ar chorparáidí (Airteagal 112, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Sa chás sin, tá sé soiléir go bhfuil tosaíocht fhollasach sa Rialachán sin mar déanfar measúnú i dtosach ar risíocht áirithe a bheith oiriúnach lena sannadh do risíochtaí gearrthéarmacha ar institiúidí agus ar chorparáidí agus ina dhiaidh sin amháin déanfar measúnú ar í a bheith oiriúnach lena sannadh do risíochtaí ar institiúidí nó ar risíochtaí ar chorparáidí. Seachas sin is léir nach sannfar risíocht riamh don aicme risíochta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (n), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tá an sampla a sholáthraítear ar cheann de na samplaí is soiléire, ach ní hé an t-aon sampla amháin é. Is fiú a thabhairt faoi deara nach ionann na critéir a úsáidtear chun na haicmí risíochta a shuí faoin gcur chuige caighdeánaithe (aicmiú institiúideach, téarma na risíochta, stádas thar téarma, etc.) agus is é sin an chúis is bun le grúpálacha neamhdheighilte.
60. Ar mhaithe le tuairisciú aonchineálach inchomparáide, is gá critéir mheasúnaithe tosaíochta a shonrú le haghaidh shannadh na risíochta tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta de réir aicmí risíochta, gan dochar don láimhseáil shonrach (ualú priacal) a thabharfar do gach risíocht ar leith laistigh den aicme risíochta shannta. Tá na critéir thosaíochta a chuirtear i láthair thíos, le scéim crainn cinntí, bunaithe ar an measúnú ar na coinníollacha a leagtar síos go follasach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun go n-oirfeadh risíocht d’aicme risíochta áirithe agus, dá n-oirfeadh, ar aon chinneadh ó na hinstitiúidí tuairiscithe nó ón maoirseoir maidir le hinfheidhmeacht aicmí risíochta áirithe. Dá bhrí sin, beidh toradh an phróisis sannta risíochta chun críocha tuairiscithe i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní chuirtear toirmeasc leis sin ar institiúidí nósanna imeachta sannacháin inmheánacha eile a chur i bhfeidhm a d’fhéadfadh a bheith comhsheasmhach leis na forálacha ábhartha ar fad i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus leis na léirmhínithe a eisíonn na fóraim iomchuí.
61. Tabharfar tosaíocht d’aicme risíochta thar aicmí eile san aicmiú measúnaithe ar an gcrann cinntí (i.e. déanfar measúnú i dtosach ar an féidir risíocht a shannadh d’aicme risíochta, gan dochar do thoradh an mheasúnaithe sin) más rud é go bhféadfaí nach sannfaí aon risíocht di murach sin. Is é sin a dhéanfar i gcás, in éagmais critéir thosaíochta, ina bhfuil aicme risíochta amháin ina fothacar d’aicmí eile. Dá bhrí sin, maidir leis na critéir a léirítear go grafach ar an gcrann cinntí seo a leanas, d’oibreoidís ar phróiseas seicheamhach.
62. Leis an gcúlra sin, cloífidh an t-aicmiú measúnaithe ar an gcrann cinntí a luaitear thíos leis an ord seo a leanas:
2.
Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo;
4.
Risíochtaí ar mhainneachtain;
5.
Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna) / Risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach (aicmí risíochta deighilte);
6.
Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe;
8.
Risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu;
9.
Gach aicme risíochta eile (aicmí risíochta deighilte) lena n-áirítear Risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar bhainc cheannais; Risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla; Risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí; Risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha; Risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta; Risíochtaí ar institiúidí; Risíochtaí ar chorparáidí agus Risíochtaí ar mhiondíol.
63. I gcás risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta agus i gcás ina n-úsáidtear cur chuige na trédhearcachta nó cur chuige bunaithe ar shainordú (Airteagal 132a, pointí (1) agus (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), déanfar na risíochtaí foluiteacha aonair (i gcás chur chuige na trédhearcachta) agus an grúpa aonair risíochtaí (i gcás an chur chuige bunaithe ar shainordú) a bhreithniú agus a aicmiú ina líne ualaithe priacail chomhfhreagrach faoi seach de réir a láimhseála. Mar sin féin, aicmeofar na risíochtaí aonair go léir laistigh d’aicme risíochta de Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (“GC”).
64. Maidir le díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain, mar a shonraítear in Airteagal 134(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a rátáiltear, déanfar iad a aicmiú go díreach mar shuíomhanna urrúsúcháin. Mura rátáiltear iad, breithneofar iad san aicme risíochta “Ítimí eile”. Sa chás deireanach sin, tuairisceofar méid ainmniúil an chonartha mar an risíocht tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta sa líne le haghaidh “Ualuithe priacal eile” (is é an t-ualú priacal a úsáidfear an t-ualú priacal arna shonrú leis an tsuim a léirítear faoi Airteagal 134(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
65. Sa dara céim, mar thoradh ar theicnící um maolú priacal creidmheasa ag a bhfuil iarmhairt ar ionadú, déanfar risíochtaí a athleithdháileadh ar aicme risíochta an tsoláthraí cosanta.
CRANN CINNTÍ MAIDIR LE CONAS AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA A SHANNADH D’AICMÍ RISÍOCHTA AN CHUR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE I gCOMHRÉIR LE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013
|
An risíocht tosaigh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh don aicme risíochta in Airteagal 112, pointe (m), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Suíomhanna urrúsúcháin
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh don aicme risíochta in Airteagal 112, pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo (féach freisin Airteagal 128 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh don aicme risíochta in Airteagal 112, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Risíochtaí ar chothromas (féach freisin Airteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh don aicme risíochta in Airteagal 112, pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Risíochtaí ar mhainneachtain
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh do na haicmí risíochta in Airteagal 112, pointí (l) agus (o), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GC)
Risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach (féach freisin Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
Tá an dá aicme risíochta seo deighilte eatarthu féin (féach na barúlacha ar chur chuige na trédhearcachta sa fhreagra thuas). Dá bhrí sin, is furasta an sannadh do cheann acu.
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh don aicme risíochta in Airteagal 112, pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe (féach freisin Airteagal 124 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh don aicme risíochta in Airteagal 112, pointe (q), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Ítimí eile
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
An bhfuil sé oiriúnach lena shannadh don aicme risíochta in Airteagal 112, pointe (n), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013?
|
TÁ [EUR-Lex]
|
Risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu
|
|
NÍL [EUR-Lex]
|
|
|
|
Tá na haicmí risíochta thíos deighilte eatarthu féin. Dá bhrí sin, is furasta an sannadh do cheann acu.
Risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais
Risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla
Risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí
Risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha
Risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta
Risíochtaí ar institiúidí
Risíochtaí ar chorparáidí
Risíochtaí ar mhiondíol
|
3.2.4. Soiléirithe maidir leis an raon feidhme atá ag roinnt aicmí risíochta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
3.2.4.1. Aicme risíochta “Institiúidí”
66. Is mar seo a leanas a thuairisceofar risíochtaí inghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 113, míreanna 6 agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
67. Maidir le risíochtaí lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar iad sna haicmí risíochta éagsúla ina ndéanfaí tuairisc orthu i gcás nach mbeadh aon risíocht inghrúpa i gceist.
68. De réir mhíreanna 6 agus 7 d’Airteagal 113 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid, faoi réir fhaomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal sin a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthais nó gnóthas atá nasctha trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE é. Ciallaíonn sé sin nach gá gur institiúidí iad contrapháirtithe inghrúpa, ach d’fhéadfaidís a bheith ina ngnóthais freisin a shanntar d’aicmí risíochta eile, e.g. gnóthais seirbhísí coimhdeacha nó gnóthais de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle (
5
). Dá bhrí sin, tuairisceofar risíochtaí inghrúpa san aicme risíochta chomhfhreagrach.
3.2.4.2. Aicme risíochta “Bannaí faoi chumhdach”
69. Déanfar risíochtaí SA a shannadh don aicme risíochta “bannaí faoi chumhdach” mar a leanas:
70. Maidir le bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), comhlíonfaidh siad ceanglais mhíreanna 1 agus 2 d’Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun bheith aicmithe san aicme risíochta “Bannaí faoi chumhdach”. Ní mór comhlíonadh na gceanglas sin a sheiceáil i ngach cás. Mar sin féin, maidir le bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE agus ar eisíodh iad roimh an 31 Nollaig 2007, sannfar iad freisin don aicme risíochta “Bannaí faoi chumhdach” de bhun Airteagal 129(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
3.2.4.3. Aicme risíochta “Gnóthais chomhinfheistíochta”
71. I gcás ina n-úsáidtear an fhéidearthacht dá dtagraítear in Airteagal 132a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in CIUnna mar ítimí laistigh den chlár comhardaithe i gcomhréir leis an gcéad abairt in Airteagal 111(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
3.2.5. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Luach risíochta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 gan coigeartuithe luacha agus forálacha, asbhaintí, fachtóirí coinbhéartachta agus éifeacht teicnící um maolú priacal creidmheasa a chur san áireamh lena ngabhann na cáilíochtaí seo a leanas a bhunaítear le hAirteagal 111(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
1. Maidir le hionstraimí díorthacha, idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí (Cuid a Trí de Theideal II, Caibidil 4 nó Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), comhfhreagróidh an risíocht tosaigh don Luach Risíochta le haghaidh Phriacal Creidmheasa an Chontrapháirtí (féach na treoracha a ghabhann le colún 0210).
2. Beidh luachanna risíochta le haghaidh léasanna faoi réir Airteagal 134(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Go háirithe, áireofar an luach iarmharach de réir a luacha cuntasaíochta (i.e. an luach iarmharach measta lascainithe ag deireadh an téarma léasa).
3. I gcás glanluachála laistigh den chlár comhardaithe mar a leagtar síos in Airteagal 219 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar na luachanna risíochta agus cuirfear san áireamh méid na comhthaobhachta in airgead tirim a fhaightear.
I gcás ina mbaineann institiúidí úsáid as an maolú in Airteagal 473a(7a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh siad an méid ABSA atá ualaithe ó thaobh priacal ar 100 % san aicme risíochta “ítimí eile” sa cholún seo.
|
|
0030
|
(-) Coigeartuithe luacha agus forálacha a bhaineann leis an risíocht tosaigh Airteagail 24 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Coigeartuithe luacha agus forálacha maidir le caillteanais chreidmheasa (coigeartuithe i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110) a dhéantar i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta a bhfuil an t-eintiteas tuairiscithe faoina réir, mar aon le coigeartuithe luacha stuamachta (coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m) agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis an ítim shócmhainne).
|
|
0040
|
Risíocht glan ar choigeartuithe luacha agus forálacha
Suim cholúin 0010 agus 0030
|
|
0050 - 0100
|
TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL CREIDMHEASA (CRM) LENA NGABHANN ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA AR AN RISÍOCHT
Teicnící um maolú priacal creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (57) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena laghdaítear priacal creidmheasa risíochta nó risíochtaí trí ionadú risíochtaí mar a thuairiscítear thíos in “Ionadú na risíochta i ngeall ar CRM”.
Déanfar comhthaobhacht a théann i bhfeidhm ar luach risíochta (e.g. má úsáidtear í le haghaidh teicnící um maolú priacal creidmheasa le héifeachtaí ionadaíochta ar an risíocht) a uasteorannú ag an luach risíochta.
Ítimí le tuairisciú anseo:
— comhthaobhacht, a chorpraítear i gcomhréir leis an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais;
— cosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe.
Féach na treoracha a ghabhann le pointe 3.1.1 freisin.
|
|
0050 - 0060
|
Cosaint neamhchistithe creidmheasa: luachanna coigeartaithe (GA)
Airteagal 235 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá an fhoirmle in Airteagal 239(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun luach coigeartaithe GA de chosaint neamhchistithe creidmheasa a ríomh.
|
|
0050
|
Ráthaíochtaí
Airteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cosaint Neamhchistithe Creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (59) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach n-áirítear Díorthaigh Chreidmheasa léi.
|
|
0060
|
Díorthaigh chreidmheasa
Airteagal 204 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070 – 0080
|
Cosaint chistithe creidmheasa
Tagraíonn na colúin seo do chosaint chistithe creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (58) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi réir na rialacha a leagtar síos in Airteagail 196, 197 agus 200 den Rialachán sin. Ní áireofar leis na méideanna máistir-chomhaontuithe glanluachála (a áirítear le risíocht tosaigh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta cheana féin).
Is mar chomhthaobhacht in airgead tirim a láimhseálfar infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha dá dtagraítear in Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus suíomhanna glanluachála laistigh den chlár comhardaithe ag eascairt as comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 219 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0070
|
Comhthaobhacht airgeadais: modh simplí
Airteagal 222, míreanna 1 agus 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0080
|
Cosaint chistithe creidmheasa eile
Airteagal 232 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0090 - 0100
|
IONADÚ NA RISÍOCHTA I nGEALL AR CRM
Airteagal 222(3), míreanna 235, 1 agus 2 agus Airteagal 236 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Comhfhreagróidh na heis-sreafaí do chuid chumhdaithe na risíochta tosaigh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta a asbhaintear as aicme risíochta an oibleagáideora agus a shanntar ina dhiaidh sin d’aicme risíochta an tsoláthraí cosanta. Measfar an méid sin mar insreabhadh isteach chuig aicme risíochta an tsoláthraí cosanta.
Tuairisceofar freisin insreafaí agus eis-sreafaí laistigh de na haicmí risíochta céanna.
Cuirfear san áireamh risíochtaí a eascraíonn as insreafaí agus eis-sreafaí féideartha eile as teimpléid eile agus chuig teimpléid eile.
|
|
0110
|
RISÍOCHT GHLAN TAR ÉIS ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA CRM ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA BHFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Méid na risíochta glan ar choigeartuithe luacha tar éis eis-sreafaí agus insreafaí a chur san áireamh i ngeall ar THEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAL CREIDMHEASA (CRM) LENA nGABHANN ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA AR AN RISÍOCHT
|
|
0120-0140
|
TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAL CREIDMHEASA A THÉANN I bhFEIDHM AR MHÉID NA RISÍOCHTA. COSAINT CHISTITHE CREIDMHEASA, MODH CUIMSITHEACH COMHTHAOBHACH AIRGEADAIS
Airteagail 223 go 228 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áirítear orthu freisin nótaí creidmheas-nasctha (Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
Is mar chomhthaobhacht in airgead tirim a láimhseálfar nótaí creidmheas-nasctha dá dtagraítear in Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus suíomhanna ghlanluachála laistigh den chlár comhardaithe ag eascairt as comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 219 den Rialachán sin.
Déanfar éifeacht an chomhthaobhaithe ar an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais a chuirtear i bhfeidhm ar risíocht, a urraítear le comhthaobhacht airgeadais incháilithe, a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 223 go 228 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0120
|
Coigeartú luaineachta ar an risíocht
Airteagal 223, míreanna 2 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Is é an méid atá le tuairisciú tionchar an choigeartaithe luaineachta ar an risíocht (Eva-E) = E*He
|
|
0130
|
(-) Luach coigeartaithe na comhthaobhachta airgeadais (Cvam)
Airteagal 239(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Maidir le hoibríochtaí leabhair trádála, áireofar comhthaobhacht airgeadais agus tráchtearraí atá incháilithe do risíochtaí leabhair trádála i gcomhréir le pointí (c) go (f) d’Airteagal 299(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Comhfhreagraíonn an méid atá le tuairisciú do Cvam= C*(1-Hc-Hfx)*(t-t*)/(T-t*). Chun sainmhíniú a fháil ar C, Hc, Hfx, t, T agus t* féach Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, Roinn 4 agus Roinn 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0140
|
(-) Lena n-áirítear: Coigeartuithe luaineachta agus aibíochta
Airteagal 223(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 239(2) den Rialachán sin.
Is é an méid atá le tuairisciú tionchar comhpháirteach na gcoigeartuithe luaineachta agus aibíochta (Cvam-C) = C*[(1-Hc-Hfx)*(t-t*)/(T-t*)-1], nuair is é (Cva-C) = C*[(1-Hc-Hfx)-1] tionchar an choigeartaithe luaineachta agus is é (Cvam-Cva)= C*(1-Hc-Hfx)*[(t-t*)/(T-t*)-1] tionchar na gcoigeartuithe aibíochta
|
|
0150
|
Luach na risíochta lánchoigeartaithe (E*)
Airteagal 220(4), Airteagal 223(2) go (5) agus Airteagal 228(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0160 - 0190
|
Miondealú ar luach na risíochta lánchoigeartaithe d’ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe de réir fachtóirí coinbhéartachta
Airteagal 111(1) agus Airteagal 4(1), pointe (56), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Féach freisin Airteagail 222(3) agus 228(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Is iad na luachanna risíochta lánchoigeartaithe roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta na figiúirí a thuairisceofar.
|
|
0200
|
Luach na risíochta
Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, Roinn 4 den Rialachán sin.
Luach risíochta a gcuirtear san áireamh ann coigeartuithe luacha, gach maolú priacail creidmheasa agus fachtóirí coinbhéartaithe creidmheasa a shannfar d’ualuithe priacail i gcomhréir le hAirteagal 113 agus Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tá luachanna risíochta le haghaidh léasanna faoi réir Airteagal 134(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Go háirithe, áireofar an luach iarmharach de réir a luacha cuntasaíochta tar éis coigeartuithe luacha, gach maolaitheoir priacail creidmheasa agus gach fachtóir coinbhéartachta creidmheasa a chur san áireamh.
Beidh luachanna risíochta le haghaidh ghnó CCR faoi mar a thuairiscítear i gcolún 0210.
|
|
0210
|
Lena n-áirítear: A eascraíonn as Priacal Creidmheasa an Chontrapháirtí
Luach na risíochta i dtaca le gnó CCR arna ríomh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 agus Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arb é sin an méid ábhartha chun méideanna risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, i.e. tar éis teicnící CRM a chur i bhfeidhm de réir mar is infheidhme i gcomhréir le Cuid a Trí, Theideal II, Caibidil 4 agus Caibidil 6 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus asbhaint chaillteanas tabhaithe CVA á breithniú i gcomhréir le hAirteagal 273(6) den Rialachán sin.
Ní mór luach na risíochta i dtaca le hidirbhearta i gcás inar sainaithníodh sainphriacal comhghaolmhaireachta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 291 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcásanna ina n-úsáidtear breis is aon chur chuige CRR amháin le haghaidh contrapháirtí aonair, sannfar an caillteanas tabhaithe CVA, a asbhaintear ar leibhéal contrapháirtí, do luach risíochta na dtacar glanluachála difriúil i rónna 0090 - 0130, rud lena léireofar cion an luacha risíochta tar éis CRM a bhaineann leis na tacair ghlanluachála faoi seach i leith luach risíochta iomlán an chontrapháirtí tar éis CRM. Chun na críche sin, úsáidfear an luach risíochta tar éis CRM de réir na dtreoracha le colún 0160 de theimpléad C 34.02.
|
|
0211
|
Lena n-áirítear: A eascraíonn as Priacal Creidmheasa an Chontrapháirtí cé is moite de risíochtaí a ghlantar trí chontrapháirtí lárnach
Risíochtaí a thuairiscítear i gcolún 0210 cé is moite díobh siúd a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 fad is atá siad gan íoc le contrapháirtí lárnach, lena n-áirítear idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 300 den Rialachán sin.
|
|
0215
|
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal roimh fhachtóirí tacaíochta
Airteagal 113, míreanna 1 go 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagal 501 agus in Airteagal 501a den Rialachán sin
Beidh an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de luach iarmharach sócmhainní léasaithe faoi réir abairt 5 d’Airteagal 134(7) agus déanfar é a ríomh de réir na foirmle “1/t * 100 % * luach iarmharach”. Go háirithe, is é atá i luach iarmharach luach iarmharach measta neamhlascainithe ag deireadh an téarma léasa a ndéantar athmheasúnú tréimhsiúil air chun oiriúnacht leanúnach a áirithiú.
|
|
0216
|
(-) Coigeartú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar fhachtóir tacaíochta FBM
Asbhaint na difríochta de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí neamh-mhainneachtana ar FBM (RWEA), a ríomhtar i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme agus RWEA* i gcomhréir le hAirteagal 501, pointe (1) den Rialachán sin
|
|
0217
|
(-) Coigeartú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar an bhfachtóir tacaíochta bonneagair
Asbhaint na difríochta de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar i gcomhréir le Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus de RWEA coigeartaithe maidir le priacal creidmheasa le haghaidh risíochtaí ar eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiceacha a sholáthraíonn seirbhísí poiblí ríthábhachtacha nó a thugann tacaíocht dóibh i gcomhréir le hAirteagal 501a den Rialachán sin.
|
|
0220
|
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal tar éis fachtóirí tacaíochta
Airteagal 113, míreanna 1 go 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagal 501 agus in Airteagal 501a den Rialachán sin a chur san áireamh
Tá an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de luach iarmharach sócmhainní léasaithe faoi réir abairt 5 d’Airteagal 134(7) agus déanfar é a ríomh de réir na foirmle “1/t * 100 % * luach iarmharach”. Go háirithe, is é atá i luach iarmharach luach iarmharach measta neamhlascainithe ag deireadh an téarma léasa a ndéantar athmheasúnú tréimhsiúil air chun oiriúnacht leanúnach a áirithiú.
|
|
0230
|
Lena n-áirítear: lena ngabhann measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe
Airteagal 112, pointí (a) go (d), (f), (g), (l), (n), (o) agus (q) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0240
|
Lena n-áirítear: lena ngabhann measúnú creidmheasa a dhíorthaítear ó rialtas láir
Airteagal 112, pointí (b) go (d), (f), (g), (l) agus (o) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010
|
Risíochtaí iomlána
|
|
0015
|
lena n-áirítear: Risíochtaí a mhainnigh in aicmí risíochta “ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo” agus “risíochtaí cothromais”
Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní thuairisceofar an ró seo ach amháin in aicmí risíochta “Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo” agus “Risíochtaí cothromais”.
Risíocht a liostaítear in Airteagal 128(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 128(3) nó in Airteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sannfar í don aicme risíochta “Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo” nó “Risíochtaí cothromais”. Dá réir sin, ní bheidh aon leithdháileadh eile ann, fiú i gcás risíochta ar mainneachtain dá dtagraítear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0020
|
lena n-áirítear: FBM
Tuairisceofar anseo gach risíocht ar FBM.
|
|
0030
|
lena n-áirítear: Risíochtaí faoi réir fhachtóir tacaíochta FBM
Ní thuairisceofar anseo ach risíochtaí a chomhlíonann ceanglais Airteagal 501 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0035
|
lena n-áirítear: Risíochtaí faoi réir an fhachtóra tacaíochta bonneagair
Ní thuairisceofar anseo ach risíochtaí a chomhlíonann ceanglais Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
lena n-áirítear: Arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe – Maoin chónaithe
Airteagal 125 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
A thuairiscítear san aicme risíochta “Arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe” agus san aicme sin amháin
|
|
0050
|
lena n-áirítear: Risíochtaí faoi pháirtúsáid bhuan an Chur chuige chaighdeánaithe
Risíochtaí ar cuireadh an Cur chuige caighdeánaithe i bhfeidhm orthu i gcomhréir le hAirteagal 150(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0060
|
lena n-áirítear: Risíochtaí faoin gCur chuige caighdeánaithe le cead maoirseachta roimh ré chun cur chun feidhme seicheamhach IRB a dhéanamh
Airteagal 148(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070-0130
|
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA DE RÉIR CINEÁLACHA RISÍOCHTA
Déanfar miondealú ar shuímh “leabhair baincéireachta” na hinstitiúide tuairiscithe, de réir na gcritéar a sholáthraítear thíos, ina risíochtaí laistigh den chlár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa, risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa agus risíochtaí faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí.
Maidir le risíochtaí ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí a eascraíonn as gnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála dá dtagraítear in Airteagal 92(3), pointe (f) agus Airteagal 299(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sannfar iad do na risíochtaí atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí. Maidir le hinstitiúidí a chuireann Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm, déanann siad miondealú freisin ar a suíomhanna “leabhair baincéireachta” dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 92(3) den Rialachán sin de réir na gcritéar a sholáthraítear thíos, ina risíochtaí laistigh den chlár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa, risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa agus risíochtaí faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí.
|
|
0070
|
Risíochtaí ar an gclár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa
Sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach n-áirítear in aon chatagóir eile.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí, tuairisceofar iad i rónna 0090 – 0130, agus dá bhrí sin ní thuairisceofar iad sa ró seo.
Ní ítimí laistigh den chlár comhardaithe a bheidh i seachadtaí saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 379(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (mura n-asbhaintear iad), ach tuairisceofar iad sa ró seo mar sin féin.
|
|
0080
|
Risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa
Is iad na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na suíomhanna lasmuigh den chlár comhardaithe.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí, tuairisceofar iad i rónna 0090 – 0130, agus dá bhrí sin ní thuairisceofar iad sa ró seo.
|
|
0090-0130
|
Risíochtaí / Idirbhearta faoi réir priacal creidmheasa an chontrapháirtí
Idirbhearta atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí, i.e. ionstraimí díorthacha, idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh.
|
|
0090
|
Tacair ghlanluachála na nIdirbheart um Maoiniú Urrús
Tacair ghlanluachála nach bhfuil iontu ach SFTanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (139), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;.
Ní thuairisceofar sa ró seo SFTanna, atá curtha san áireamh i dtacar glanluachála trastáirge conarthach agus a thuairisceofar i ró 0130 dá bhrí sin.
|
|
0100
|
Lena n-áirítear: imréiteach lárnach déanta orthu trí CPL
Conarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 fad agus atá siad gan íoc le contrapháirtí lárnach cáilitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (88), den Rialachán sin, lena n-áirítear idirbhearta a bhaineann le contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha, a ndéantar na méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca a ríomh ina leith i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 9 den Rialachán sin. Tá le hidirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach cáilitheach an bhrí atá le hidirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach in Airteagal 300(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inar contrapháirtí lárnach cáilithe an contrapháirtí lárnach.
|
|
0110
|
Tacair ghlanluachála Díorthach agus Idirbheart Socraíochta Iarchurtha
Tacair ghlanluachála nach bhfuil ach díorthaigh iontu a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus idirbhearta socraíochta iarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 272(2) den Rialachán sin.
Ní thuairisceofar sa ró seo Díorthaigh agus Idirbhearta Socraíochta Iarchurtha a áirítear i dTacar Glanluachála Trastáirge Conarthach agus a thuairiscítear i ró 0130 dá bhrí sin.
|
|
0120
|
Lena n-áirítear: imréiteach lárnach déanta orthu trí CPL
Féach na treoracha a ghabhann le ró 0100.
|
|
0130
|
Ó thacair ghlanluachála Trastáirge Conarthach
Tacair ghlanluachála ina bhfuil idirbhearta de chatagóirí éagsúla táirgí (Airteagal 272(11) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), i.e. díorthaigh agus SFTanna, dá bhfuil comhaontú glanluachála trastáirge conarthach ann mar a shainmhínítear in Airteagal 272(25) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0140-0280
|
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ DE RÉIR UALUITHE PRIACAL
|
|
0140
|
0 %
|
|
0150
|
2 %
Airteagal 306(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0160
|
4 %
Airteagal 305(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0170
|
10 %
|
|
0180
|
20 %
|
|
0190
|
35 %
|
|
0200
|
50 %
|
|
0210
|
70 %
Airteagal 232(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0220
|
75 %
|
|
0230
|
100 %
|
|
0240
|
150 %
|
|
0250
|
250 %
Airteagail 133(2) agus Airteagal 48(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0260
|
370 %
Airteagal 471 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0270
|
1 250 %
Airteagal 133(2) agus Airteagal 379 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0280
|
Ualuithe priacal eile
Níl an ró seo ar fáil do na haicmí risíochta Rialtas, Corparáidí, Institiúidí agus Miondíol.
Chun na risíochtaí sin a thuairisciú nach bhfuil faoi réir na n-ualuithe priacal a liostaítear sa teimpléad.
Airteagal 113, míreanna 1 go 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain gan rátáil faoin gcur chuige caighdeánaithe (Airteagal 134(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) a thuairisciú sa ró seo faoin aicme risíochta “Ítimí eile”.
Féach freisin Airteagail 124(2) agus Airteagal 152(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0281-0284
|
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA DE RÉIR CUR CHUIGE (CIU)
Ní thuairisceofar na rónna seo ach amháin don aicme risíochta Gnóthais Chomhinfheistíochta (CIU) i gcomhréir le hAirteagail 132, 132a, 132b agus 132c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0281
|
Cur chuige na trédhearcachta
Airteagal 132a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0282
|
Cur chuige bunaithe ar shainordú
Airteagal 132a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0283
|
Cur chuige cúltaca
Airteagal 132(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0290-0320
|
Ítimí le meabhrú
Maidir le rónna 0290 go 0320, féach freisin an míniú ar chuspóir na n-ítimí le meabhrú sa roinn ghinearálta de CR SA.
|
|
0290
|
Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe
Airteagal 112, pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is ítim mheabhráin í an ítim seo agus í sin amháin. Go neamhspleách ar ríomh na méideanna risíochta ar phriacal de risíochtaí arna n-urrú le maoin tráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 124 agus 126 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar na risíochtaí a mhiondealú agus a thuairisciú sa ró seo más rud é go n-urraítear na risíochtaí le réadmhaoin tráchtála.
|
|
0300
|
Risíochtaí ar mhainneachtain faoi réir ualú priacail 100 %
Airteagal 112, pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Risíochtaí a áirítear san aicme risíochta “risíochtaí ar mainneachtain” a áireofar san aicme risíochta seo más rud é nach raibh siad ar mainneachtain.
|
|
0310
|
Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin chónaithe
Airteagal 112, pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is ítim mheabhráin í an ítim seo agus í sin amháin. Go neamhspleách ar ríomh na méideanna risíochta ar phriacal de risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124 agus 125 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar na risíochtaí a mhiondealú agus a thuairisciú sa ró seo más rud é go n-urraítear na risíochtaí le réadmhaoin.
|
|
0320
|
Risíochtaí ar mhainneachtain faoi réir ualú priacail 150 %
Airteagal 112, pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Risíochtaí a áirítear san aicme risíochta “risíochtaí ar mainneachtain” a áireofar san aicme risíochta seo más rud é nach raibh siad ar mainneachtain.
|
3.3. CREIDMHEAS AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: CUR CHUIGE IRB I LEITH CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE (CR IRB)
3.3.1. Raon feidhme theimpléad CR IRB
72. Cuimsítear le raon feidhme theimpléad CR IRB:
i.
Priacal creidmheasa sa leabhar baincéireachta, lena n-áirítear:
—
Priacal creidmheasa an chontrapháirtí sa leabhar baincéireachta;
—
Priacal caolúcháin maidir le hearraí infhaighte ceannaithe;
ii.
Priacal creidmheasa an chontrapháirtí sa leabhar trádála;
iii.
Seachadtaí saor in aisce a eascraíonn as gach gníomhaíocht ghnó.
73. I raon feidhme an teimpléid, tagraítear do na risíochtaí a ndéantar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh ina leith i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Airteagail 151 go 157 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (cur chuige IRB).
74. Ní chuimsítear na sonraí seo a leanas le teimpléad CR IRB:
i.
Risíochtaí ar chothromas, a thuairiscítear i dteimpléad CR EQU IRB;
ii.
Suíomhanna urrúsúcháin, a thuairiscítear i dteimpléid CR SEC agus/nó Sonraí CR SEC;
iii.
“Sócmhainní oibleagáide neamhchreidmheasa eile”, dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní mór an t-ualú priacal le haghaidh na haicme risíochta seo a shocrú ag 100 % tráth ar bith ach amháin i gcás airgead ar láimh, ítimí airgid coibhéiseacha agus risíochtaí ar luachanna iarmharacha iad de shócmhainní léasaithe, i gcomhréir le hAirteagal 156 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tuairisceofar méideanna na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh na haicme risíochta seo go díreach i dTeimpléad CA;
iv.
Priacal um choigeartú luachála creidmheasa, a thuairiscítear ar theimpléad Priacal CVA;
Ní éilítear i dteimpléad CR IRB miondealú geografach ar risíochtaí IRB de réir chónaí an chontrapháirtí. Tuairisceofar an miondealú seo i dteimpléad CR GB.
Ní bhaineann ítimí i) agus iii) le teimpléad CR IRB 7.
75. Chun a shoiléiriú cibé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid a cuid meastachán féin le haghaidh LGD agus/nó fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach aicme risíochta a thuairisceofar:
“NÍL” = i gcás ina n-úsáidtear na meastacháin mhaoirseachta ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa (Bonnchur chuige IRB)
“TÁ” = i gcás ina n-úsáidtear a cuid meastachán féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa (Ardchur chuige IRB). Áirítear gach punann mhiondíola leis seo.
I gcás ina n-úsáideann institiúid a cuid meastachán féin ar LGDanna chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh cuid dá risíochtaí IRB chomh maith le LGDanna maoirseachta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh cuid dá risíochtaí IRB, ní mór Iomlán CR IRB le haghaidh shuímh F-IRB agus aon Iomlán CR-IRB amháin le haghaidh shuímh A-IRB a thuairisciú.
3.3.2. Miondealú ar theimpléad CR IRB
76. Seacht dteimpléad atá in CR IRB. In CR IRB 1, soláthraítear forbhreathnú ginearálta ar risíochtaí IRB agus ar na modhanna éagsúla chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, chomh maith le miondealú ar risíochtaí iomlána de réir cineálacha risíochta. In CR IRB 2, soláthraítear miondealú ar na risíochtaí iomlána a shanntar do ghráid nó do chomhthiomsuithe oibleagáideora (risíochtaí a thuairiscítear faoi ró 0070 de CR IRB 1). In CR IRB 3, soláthraítear na paraiméadair ábhartha go léir a úsáidtear chun ceanglais chaipitil maidir le priacal creidmheasa le haghaidh shamhlacha IRB a ríomh. IN CR IRB 4, cuirtear i láthair sreabhráiteas ina mínítear athruithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a chinntear faoi chur chuige IRB i gcás priacal creidmheasa. In CR IRB 5, soláthraítear faisnéis ar thorthaí cúltástála ar PDanna le haghaidh na samhlacha a thuairiscítear. In CR IRB 6, soláthraítear na paraiméadair ábhartha go léir a úsáidtear chun ceanglais chaipitil a ríomh faoi na critéir sliotánaithe le haghaidh iasachtú speisialaithe. In CR IRB 7, soláthraítear forbhreathnú ar chéatadán de luach na risíochta faoi réir chuir chuige SA nó IRB i gcás gach aicme risíochta ábhartha. Déanfar teimpléid CR IRB 1, CR IRB 2, CR IRB 3 agus CR IRB 5 a thuairisciú ar leithligh le haghaidh na n-aicmí risíochta agus fo-risíochta seo a leanas:
1)
Iomlán
(Ní mór an teimpléad Iomlán a thuairisciú le haghaidh Bhonnchur chuige IRB agus, ar leithligh, le haghaidh Ardchur chuige IRB.)
2)
Bainc cheannais agus rialtais láir
(Airteagal 147(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
3)
Institiúidí
(Airteagal 147(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
4.1)
Corparáidí – FBManna
(Airteagal 147(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Chun críche aicmithe leis an aicme fo-risíochta seo, úsáidfidh na heintitis tuairiscithe a sainmhíniú inmheánach ar FBM mar a chuirtear i bhfeidhm sna próisis inmheánacha um bainistiú priacal.
4.2)
Corparáidí – Iasachtú Speisialaithe
(Airteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
4.3)
Corparáidí – Eile
(Gach risíocht ar chorparáidí dá dtagraítear in Airteagal 147(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, pointe (c), nach dtuairiscítear faoi 4.1 agus 4.2).
5.1)
Miondíol – Arna urrú le maoin dhochorraithe FBM
(Risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 154(3) den Rialachán sin atá urraithe le maoin dhochorraithe). Chun críche aicmithe leis an aicme fo-risíochta seo, úsáidfidh na heintitis tuairiscithe a sainmhíniú inmheánach ar FBM mar a chuirtear i bhfeidhm sna próisis inmheánacha um bainistiú priacal.
5.2)
Miondíol – Arna urrú le maoin dhochorraithe neamh-FBM
(Risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá urraithe le maoin dhochorraithe nach dtuairiscítear faoi 5.1).
Faoi 5.1 agus 5.2, measfar mar risíochtaí ar mhiondíol arna n-urrú le maoin dhochorraithe aon risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin dhochorraithe a aithnítear mar chomhthaobhacht, gan beann ar chóimheas luach na comhthaobhachta leis an risíocht ar an iasacht nó ar chuspóir na hiasachta.
5.3)
Miondíol – imrothlach cháilitheach
(Risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 154(4) den Rialachán sin).
5.4)
Miondíol – FBM eile
(Gach risíocht ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nár tuairiscíodh faoi 5.1 agus 5.3). Chun críche aicmithe leis an aicme fo-risíochta seo, úsáidfidh na heintitis tuairiscithe a sainmhíniú inmheánach ar FBM mar a chuirtear i bhfeidhm sna próisis inmheánacha um bainistiú priacal.
5.5)
Miondíol – Fiontair eile nach FBManna iad
(Gach risíocht ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nár tuairiscíodh faoi 5.2 agus 5.3).
3.3.3. C 08.01 - Priacail chreidmheasa agus priacail chreidmheasa an chontrapháirtí agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith ceanglais chaipitil (CR IRB 1)
3.3.3.1 Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010
|
SCÁLA RÁTÁLA INMHEÁNACH / PD A SHANNTAR DON GHRÁD NÓ DON CHOMHTHIOMSÚ OIBLEAGÁIDEORA (%)
Is ar na forálacha a leagtar síos in Airteagal 180 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhunófar an PD a shanntar don ghrád nó don chomhthiomsú féichiúnaí a bheidh le tuairisciú. Maidir le gach grád nó comhthiomsú ar leith, tuairisceofar PD a shanntar don ghrád nó don chomhthiomsú oibleagáideora sonrach. Maidir le figiúirí a chomhfhreagraíonn do chomhiomlánú grád nó comhthiomsuithe oibleagáideora (e.g. risíochtaí iomlána), soláthrófar meánluach na PDanna atá ualaithe ó thaobh priacal a shanntar do na gráid nó na comhthiomsuithe oibleagáideora a áirítear sa chomhiomlánú. Úsáidfear luach na risíochta (colún 0110) chun an meán-PD atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh.
Maidir le gach grád nó comhthiomsú ar leith, tuairisceofar PD a shanntar don ghrád nó don chomhthiomsú oibleagáideora sonrach. Déanfar gach paraiméadar priacail arna dtuairisciú a dhíorthú ó na paraiméadair phriacail a úsáidtear sa scála rátála inmheánach arna fhormheas ag an údarás inniúil faoi seach.
Níl sé beartaithe ná níl sé inmhianaithe go mbeadh máistirscála maoirseachta i bhfeidhm. Más rud é go gcuireann an institiúid tuairiscithe scála rátála uathúil i bhfeidhm nó má fhéadann sí tuairisciú i gcomhréir le máistirscála inmheánach, úsáidfear an scála sin.
Seachas sin, déanfar na scálaí rátála éagsúla a chumasc agus a chur in ord i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: Déanfar gráid oibleagáideora de scálaí rátála éagsúla a chomhthiomsú agus a chur in ord ón PD is ísle a shanntar do gach grád oibleagáideora go dtí an PD is airde. I gcás ina n-úsáideann an institiúid líon mór grád nó comhthiomsuithe, féadfar líon laghdaithe grád nó comhthiomsuithe le tuairisciú a chomhaontú leis na húdaráis inniúla. Beidh an rud céanna i bhfeidhm le haghaidh scálaí rátála leanúnacha: comhaontófar líon laghdaithe grád atá le tuairisciú leis na húdaráis inniúla.
Déanfaidh institiúidí teagmháil lena n-údarás inniúil roimh ré más mian leo líon eile grád a thuairisciú i gcomparáid leis an líon inmheánach grád.
Beidh an grád deireanach nó na gráid dheireanacha rátála tiomnaithe do risíochtaí a mhainnigh lena mbaineann PD 100 %.
Úsáidfear an luach risíochta a thuairiscítear i gcolún 110 chun críocha meánluach PD a ualú. Déanfar meánluach PD atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh trí gach risíocht a thuairiscítear i ró ar leith a chur san áireamh. Sa ró nach dtuairiscítear ach risíochtaí a mhainnigh ann, is é 100 % a bheidh i meánluach PD.
|
|
0020
|
AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Tuairisceoidh institiúidí an luach risíochta roimh aon choigeartú luacha, foráil, éifeacht i ngeall ar theicnící um maolú priacal creidmheasa nó fachtóir coinbhéartachta creidmheasa a chur san áireamh.
Tuairisceofar an luach risíochta tosaigh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 166, míreanna 1, 2, 4, 5, 6 agus 7 den Rialachán sin.
Maidir leis an éifeacht a eascraíonn as Airteagal 166(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (éifeacht ghlanluacháil iasachtaí agus taiscí laistigh den chlár comhardaithe), tuairisceofar í ar leithligh mar Chosaint Chistithe Creidmheasa agus dá bhrí sin ní laghdóidh siad an Risíocht Tosaigh.
Maidir le hionstraimí díorthacha, idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí (Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 nó Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), comhfhreagróidh an risíocht tosaigh don luach risíochta ag eascairt as priacal creidmheasa an chontrapháirtí (féach na treoracha a ghabhann le colún 0130).
|
|
0030
|
LENA nÁIRÍTEAR: EINTITIS MHÓRA SAN EARNÁIL AIRGEADAIS AGUS EINTITIS AIRGEADAIS NEAMHRIALÁILTE
Miondealú ar an risíocht tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta le haghaidh gach risíochta ar eintitis dá dtagraítear i bpointe (4) agus (5) d’Airteagal 142(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi réir na comhéifeachta comhghaolúcháin is airde a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 153(2) den Rialachán sin.
|
|
0040-0080
|
TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL CREIDMHEASA (CRM) LENA NGABHANN ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA AR AN RISÍOCHT
Maolú priacal creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (57) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena laghdaítear priacal creidmheasa risíochta nó risíochtaí trí ionadú risíochtaí mar a shainmhínítear thíos in “IONADÚ NA RISÍOCHTA I nGEALL AR CRM”.
|
|
0040-0050
|
COSAINT NEAMHCHISTITHE CREIDMHEASA
Cosaint neamhchistithe creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (59), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar cosaint neamhchistithe creidmheasa a théann i bhfeidhm ar an risíocht (e.g. úsáidtear í le haghaidh teicnící um maolú priacal creidmheasa le héifeachtaí ionadaíochta ar an risíocht) a uasteorannú ag an luach risíochta.
|
|
0040
|
RÁTHAÍOCHTAÍ:
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, soláthrófar an Luach Coigeartaithe (GA) mar a shainmhínítear in Airteagal 236(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Nuair a úsáidtear meastacháin féin ar LGD i gcomhréir le hAirteagal 183 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (cé is moite de mhír 3), tuairisceofar an luach ábhartha a úsáidtear sa tsamhail inmheánach.
Tuairisceofar ráthaíochtaí i gcolún 0040 i gcás nach ndéantar an coigeartú in LGD. I gcás ina ndéantar an coigeartú in LGD, tuairisceofar méid na ráthaíochta i gcolún 0150.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir a láimhseála mar mhainneachtain dhúbailte, tuairisceofar luach na cosanta neamhchistithe creidmheasa i gcolún 0220.
|
|
0050
|
DÍORTHAIGH CHREIDMHEASA:
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, soláthrófar an Luach Coigeartaithe (GA) mar a shainmhínítear in Airteagal 236(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Nuair a úsáidtear meastacháin féin ar LGD i gcomhréir le hAirteagal 183, mír 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar an luach ábhartha a úsáidtear sa tsamhaltú inmheánach.
I gcás ina ndéantar an coigeartú in LGD, tuairisceofar méid na ndíorthach creidmheasa i gcolún 0160.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir a láimhseála mar mhainneachtain dhúbailte, tuairisceofar luach na cosanta neamhchistithe creidmheasa i gcolún 0220.
|
|
0060
|
COSAINT CHISTITHE CREIDMHEASA EILE
Déanfar comhthaobhacht a théann i bhfeidhm ar PD na risíochta a uasteorannú ar luach na risíochta tosaigh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta.
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, beidh feidhm ag Airteagal 232(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina n-úsáidtear a meastachán féin ar LGD, tuairisceofar na teicnící sin um maolú priacal creidmheasa a théann i bhfeidhm ar PD. Tuairisceofar an luach ainmniúil nó an margadhluach ábhartha.
I gcás ina ndéantar coigeartú in LGD, tuairisceofar an méid sin i gcolún 170.
|
|
0070-0080
|
IONADÚ NA RISÍOCHTA I nGEALL AR CRM
Comhfhreagróidh na heis-sreafaí do chuid chumhdaithe na risíochta tosaigh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta a asbhaintear as aicme risíochta an oibleagáideora agus, i gcás inarb ábhartha, grád nó comhthiomsú oibleagáideora, agus a shanntar ina dhiaidh sin d’aicme risíochta an ráthóra agus, i gcás inarb ábhartha, do ghrád nó do chomhthiomsú oibleagáideora. Measfar an méid sin mar insreabhadh isteach chuig aicme risíochta an ráthóra agus, i gcás inarb ábhartha, chuig gráid nó comhthiomsuithe an oibleagáideora.
Féachfar freisin ar insreafaí agus ar eis-sreafaí laistigh de na haicmí risíochta céanna agus, i gcás inarb ábhartha, de na gráid nó na comhthiomsuithe oibleagáideora céanna.
Cuirfear san áireamh risíochtaí a eascraíonn as insreafaí agus eis-sreafaí féideartha eile as teimpléid eile agus chuig teimpléid eile.
Ní úsáidfear na colúin sin ach amháin i gcás ina bhfaigheann institiúidí cead óna n-údarás inniúil na risíochtaí urraithe sin a láimhseáil faoi pháirtúsáid bhuan an chur chuige chaighdeánaithe i gcomhréir le hAirteagal 150 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó na risíochtaí a aicmiú in aicmí risíochta i gcomhréir le saintréith an ráthóra.
|
|
0090
|
RISÍOCHT TAR ÉIS ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA CRM ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Risíocht a shanntar sa ghrád nó sa chomhthiomsú oibleagáideora comhfhreagrach agus san aicme risíochta chomhfhreagrach tar éis eis-sreafaí agus insreafaí i ngeall ar theicnící CRM lena mbaineann éifeachtaí ionadaíochta ar an risíocht a chur san áireamh.
|
|
0100, 0120
|
Lena n-áirítear: Ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe
Féach treoracha CR-SA
|
|
0110
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Tuairisceofar na luachanna risíochta a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus leis an dara habairt d’Airteagal 230(1) den Rialachán sin.
Maidir leis na hionstraimí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, cuirtear i bhfeidhm fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa agus céatadáin i gcomhréir le hAirteagal 166, míreanna 8, 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan beann ar an gcur chuige arna roghnú ag an institiúid.
Beidh luachanna risíochta le haghaidh ghnó CCR faoi mar a thuairiscítear i gcolún 0130.
|
|
0130
|
Lena n-áirítear: A eascraíonn as Priacal Creidmheasa an chontrapháirtí
Féach treoracha CR SA comhfhreagracha i gcolún 0210.
|
|
0140
|
LENA nÁIRÍTEAR: EINTITIS MHÓRA SAN EARNÁIL AIRGEADAIS AGUS EINTITIS AIRGEADAIS NEAMHRIALÁILTE
Miondealú ar an luach tosaigh le haghaidh gach risíochta ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 142(1), pointí (4) agus (5) d’ de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi réir na comhéifeachta comhghaolúcháin is airde a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 153(2) de Rialachán sin.
|
|
0150-0210
|
TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL CREIDMHEASA A CHUIRTEAR SAN ÁIREAMH I MEASTACHÁIN LGD GAN LÁIMHSEÁIL MAR MHAINNEACHTAIN DHÚBAILTE SAN ÁIREAMH
Ní áireofar sna colúin seo teicnící CRM a théann i bhfeidhm ar mheastacháin LGD de thoradh chur i bhfeidhm na héifeachta ionadaíochta de theicnící CRM.
Cuirfear uasteorainn le luachanna tuairiscithe na comhthaobhachta ar luach na risíochtaí.
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, cuirfear san áireamh Airteagal 228(2), Airteagal 230(1) agus (2) agus Airteagal 231 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD:
— Maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa, le haghaidh risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, institiúidí agus corparáidí, cuirfear san áireamh Airteagal 161(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol, cuirfear san áireamh Airteagal 164(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
— Maidir le cosaint chistithe creidmheasa, cuirfear an chomhthaobhacht san áireamh sna meastacháin LGD i gcomhréir le hAirteagal 181(1), pointí (e) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0150
|
RÁTHAÍOCHTAÍ
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0040.
|
|
0160
|
DÍORTHAIGH CHREIDMHEASA
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0050.
|
|
0170
|
ÚSÁIDTEAR A MEASTACHÁIN FÉIN AR LGD: COSAINT CHISTITHE CREIDMHEASA EILE
An luach ábhartha a úsáidtear i samhaltú inmheánach na hinstitiúide.
Na maolaitheoirí priacail creidmheasa a chomhlíonann na critéir chéanna in Airteagal 212 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0171
|
AIRGEAD I dTAISCE
Airteagal 200, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airgead i dtaisce le hinstitiúid tríú páirtí i socrú neamhchoinneála nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid atá ina seilbh ag an institiúid iasachtaí agus atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí. Beidh luach na comhthaobhachta arna tuairisciú teoranta do luach na risíochta ar leibhéal risíochta aonair.
|
|
0172
|
POLASAITHE ÁRACHAS SAOIL
Airteagal 200, pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Beidh luach na comhthaobhachta arna tuairisciú teoranta do luach na risíochta ar leibhéal risíochta aonair.
|
|
0173
|
IONSTRAIMÍ I SEILBH TRÍÚ PÁIRTÍ
Airteagal 200, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áirítear leis seo ionstraimí arna n-eisiúint ag institiúid tríú páirtí a athcheannóidh an institiúid sin arna iarraidh sin. Beidh luach na comhthaobhachta arna tuairisciú teoranta do luach na risíochta ar leibhéal risíochta aonair. Eiseofar ón gcolún seo na risíochtaí sin a chumhdaítear le hionstraimí arna sealbhú ag tríú páirtí i gcás, i gcomhréir le hAirteagal 232(4) de Rialachán sin, ina láimhseálann institiúidí ionstraimí arna n-athcheannach ar iarraidh atá incháilithe faoi Airteagal 200, pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar ráthaíocht ón institiúid eisiúna.
|
|
0180
|
COMHTHAOBHACHT AIRGEADAIS INCHÁILITHE
Maidir le hoibríochtaí leabhair trádála, áireofar ionstraimí airgeadais agus tráchtearraí atá incháilithe do risíochtaí leabhair trádála i gcomhréir le Airteagal 299(2), pointí (c) go (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar nótaí creidmheas-nasctha agus glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, Roinn 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a láimhseáil mar chomhthaobhacht airgid.
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, maidir le comhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 197 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar an luach coigeartuithe (Cvam) mar a leagtar amach in Airteagal 223(2) den Rialachán sin.
I gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, cuirfear an chomhthaobhacht airgeadais san áireamh sna meastacháin LGD i gcomhréir le hAirteagal 181(1), pointí (e) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is é an méid a bheidh le tuairisciú margadhluach measta na comhthaobhachta.
|
|
0190-0210
|
COMHTHAOBHACHT INCHÁILITHE EILE
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, cinnfear luachanna i gcomhréir le hAirteagal 199, míreanna 1 go 8 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 229 den Rialachán sin.
I gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, cuirfear comhthaobhacht eile san áireamh sna meastacháin LGD i gcomhréir le hAirteagal 181(1), pointí (e) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0190
|
RÉADMHAOIN
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, cinnfear luachanna i gcomhréir le hAirteagal 199, míreanna 2, 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tuairisceofar iad sa cholún seo. Áireofar léasú réadmhaoine freisin (féach Airteagal 199(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Féach freisin Airteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, is é an margadhluach measta an méid a bheidh le tuairisciú.
|
|
0200
|
COMHTHAOBHACHT FHISICEACH EILE
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, cinnfear luachanna i gcomhréir le hAirteagal 199, míreanna 6 agus 8 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tuairisceofar iad sa cholún seo. Áireofar léasú maoine seachas réadmhaoin freisin (féach Airteagal 199(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Féach freisin Airteagal 229(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, is é margadhluach measta na comhthaobhachta an méid a bheidh le tuairisciú.
|
|
0210
|
EARRAÍ INFHAIGHTE
I gcás nach n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, cinnfear luachanna i gcomhréir le hAirteagal 199(5) agus Airteagal 229(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tuairisceofar iad sa cholún seo.
I gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, is é margadhluach measta na comhthaobhachta an méid a bheidh le tuairisciú.
|
|
0220
|
FAOI RÉIR A LÁIMHSEÁLA MAR MHAINNEACHTAIN DHÚBAILTE: COSAINT NEAMHCHISTITHE CREIDMHEASA
Ráthaíochtaí agus ionstraimí díorthacha lena gcumhdaítear risíochtaí faoi réir a láimhseála mar mhainneachtain dhúbailte i gcomhréir le hAirteagal 153(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus Airteagal 202 agus Airteagal 217(1) den Rialachán sin á gcur san áireamh.
Ní sháróidh na luachanna le tuairisciú luach na risíochtaí comhfhreagracha.
|
|
0230
|
MEÁN UALAITHE NA RISÍOCHTA LGD (%)
Cuirfear san áireamh tionchar uile theicnicí CRM ar luachanna LGD mar a shonraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás risíochtaí atá faoi réir láimhseáil na mainneachtana dúbailte, comhfhreagróidh an LGD a bheidh le tuairisciú don LGD a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 161(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Le haghaidh risíochtaí mainneachtana, cuirfear san áireamh Airteagal 181(1), pointe (h) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Úsáidfear luach na risíochta dá dtagraítear i gcolún 0110 chun na meánluachanna atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh.
Breithneofar gach éifeacht (mar sin áireofar sa tuairisciú éifeachtaí na híostairsí infheidhme maidir le risíochtaí arna n-urrú le maoin dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 164(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
Le haghaidh institiúidí a chuireann cur chuige IRB i bhfeidhm ach nach n-úsáideann a gcuid meastachán féin ar LGD, léireofar na héifeachtaí maolaithe priacail a bhaineann le comhthaobhacht airgeadais in E*, luach na risíochta arna choigeartú go hiomlán, agus léirítear ansin in LGD* iad mar a thagraítear in Airteagal 228(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Eascróidh an meánluach LGD atá ualaithe ó thaobh priacal a bhaineann le gach “grád nó comhthiomsú oibleagáideora” PD as meán na LGDanna stuamachta, a shanntar do risíochtaí an ghráid/chomhthiomsaithe PD sin, arna n-ualú le luach na risíochta faoi seach de cholún 0110.
Má chuirtear a meastacháin LGD féin i bhfeidhm, cuirfear Airteagail 175 agus 181, míreanna 1 agus 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 san áireamh.
I gcás risíochtaí atá faoi réir láimhseáil na mainneachtana dúbailte, comhfhreagróidh an LGD a bheidh le tuairisciú don LGD a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 161(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar ríomh mheánluach LGD atá ualaithe ó thaobh priacal a dhíorthú ó na paraiméadair phriacail a úsáidtear le fírinne sa scála rátála inmheánach arna fhormheas ag an údarás inniúil faoi seach.
Ní thuairisceofar sonraí le haghaidh risíochtaí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 153(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ina meastar PD le haghaidh risíochtaí ar iasachtú speisialaithe, tuairisceofar sonraí bunaithe ar mheastacháin féin ar LGDanna nó ar LGDanna rialála.
Ní áireofar risíochtaí agus na LGDanna faoi seach le haghaidh eintitis mhóra rialáilte san earnáil airgeadais agus eintitis airgeadais neamhrialáilte i ríomh cholún 0230, ach ní áireofar iad ach amháin i ríomh cholún 0240.
|
|
0240
|
MEÁNLUACH LGD ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL (%) LE hAGHAIDH EINTITIS MHÓRA SAN EARNÁIL AIRGEADAIS AGUS EINTITIS AIRGEADAIS NEAMHRIALÁILTE
Meánluach LGD atá ualaithe ó thaobh risíochta (%) le haghaidh gach risíochta ar eintitis mhóra san earnáil airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 142(1), pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar eintitis san earnáil airgeadais neamhrialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 142(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi réir na comhéifeachta comhghaolúcháin is airde a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 153(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0250
|
LUACH MHEÁNAIBÍOCHT UALAITHE NA RISÍOCHTA (LAETHANTA)
An luach arna thuairisciú, cinnfear é i gcomhréir le hAirteagal 162 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Úsáidfear luach na risíochta (colún 0110) chun na meánluachanna atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh. Tuairisceofar an mheánaibíocht i laethanta.
Ní thuairisceofar na sonraí sin le haghaidh na luachanna risíochta nach bhfuil an aibíocht ina gné díobh de ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal. Ciallaíonn sé sin nach líonfar isteach an colún seo don aicme risíochta “miondíol”.
|
|
0255
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL ROIMH FHACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
Féach Airteagal 153, míreanna 1, 2, 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh rialtais láir agus bainc cheannais, corparáidí agus institiúidí; Féach Airteagal 154(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh miondíola
Ní chuirfear san áireamh na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagail 501 agus 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0256
|
(-) COIGEARTÚ AR AN MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL I nGEALL AR FHACHTÓIR TACAÍOCHTA FBM
Asbhaint na difríochta de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí neamh-mhainneachtana ar FBM (RWEA), a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme agus RWEA* i gcomhréir le hAirteagal 501 den rialachán sin.
|
|
0257
|
(-) COIGEARTÚ AR AN MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL I nGEALL AR AN bhFACHTÓIR TACAÍOCHTA BONNEAGAIR
Asbhaint na difríochta de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar i gcomhréir le Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus de RWEA coigeartaithe maidir le priacal creidmheasa le haghaidh risíochtaí ar eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiceacha a sholáthraíonn seirbhísí poiblí ríthábhachtacha nó a thugann tacaíocht dóibh i gcomhréir le hAirteagal 501a den Rialachán sin.
|
|
0260
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL TAR ÉIS FACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
Féach Airteagal 153, míreanna 1, 2, 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le rialtais láir agus bainc cheannais, corparáidí agus institiúidí. Féach Airteagal 154(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh miondíola.
Ní chuirfear san áireamh na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagal 501 agus in Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0270
|
LENA nÁIRÍTEAR: EINTITIS MHÓRA SAN EARNÁIL AIRGEADAIS AGUS EINTITIS AIRGEADAIS NEAMHRIALÁILTE
Miondealú ar mhéid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal tar éis an fhachtóra tacaíochta FBM le haghaidh gach risíochta ar eintitis mhóra san earnáil airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 142(1), pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar eintitis san earnáil airgeadais neamhrialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 142(1), pointe (5) den Rialachán sin faoi réir na comhéifeachta comhghaolúcháin is airde a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 153(2) den Rialachán sin.
|
|
0280
|
MÉID AN CHAILLTEANAIS IONCHASAIGH
Féach Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh an tsainmhínithe ar “Caillteanas Ionchasach” agus féach Airteagal 158 den Rialachán sin le haghaidh ríomh mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh. Féach Airteagal 181(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh risíochtaí mainneachtana. Beidh méid an chaillteanais ionchasaigh le tuairisciú bunaithe ar na paraiméadair phriacail a úsáidtear le fírinne sa scála rátála inmheánach arna fhormheas ag an údarás inniúil faoi seach.
|
|
0290
|
(-) COIGEARTUITHE LUACHA AGUS FORÁLACHA
Tuairisceofar Coigeartuithe Luacha chomh maith le coigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tuairisceofar coigeartuithe i leith priacal creidmheasa ach an méid a shannadh pro rata ar bhonn an chaillteanais ionchasaigh de na gráid oibleagáideora éagsúla.
|
|
0300
|
AN LÍON OIBLEAGÁIDEOIRÍ
Airteagal 172, míreanna 1 agus 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Maidir le gach aicme risíochta, cé is moite den aicmí risíochta “miondíol” agus na cásanna a luaitear sa dara habairt d’Airteagal 172(1), pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh an institiúid an líon eintiteas dlítheanach/oibleagáideoirí a rátáladh astu féin, gan beann ar an líon iasachtaí nó risíochtaí éagsúla arna ndeonú.
Laistigh den aicme risíochta “miondíol”, nó má dhéantar risíochtaí ar leithligh ar an oibleagáideoir céanna a shannadh do ghráid oibleagáideora éagsúla i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 172(1), pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 in aicmí risíochta eile, tuairisceoidh an institiúid an líon risíochtaí a sannadh ar leithligh do ghrád nó do chomhthiomsú rátála áirithe. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 172(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfar oibleagáideoir a bhreithniú i mbreis is aon ghrád amháin.
Toisc go láimhseáiltear gné de struchtúr na scálaí rátála sa cholún seo, baineann sé leis na risíochtaí tosaigh roimh chur i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta a shanntar do gach grád nó comhthiomsú oibleagáideora gan éifeacht theicnící CRM a chur san áireamh (éifeachtaí athleithdháilte go háirithe).
|
|
0310
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL ROIMH DHÍORTHAIGH RÉAMHCHREIDMHEASA A CHUR I bhFEIDHM
Tuairisceoidh institiúidí méid hipitéiseach na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le ríomh mar RWEA gan an díorthach creidmheasa incháilithe a aithint mar theicníc CRM mar a shonraítear in Airteagal 204 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Cuirfear na méideanna i láthair sna haicmí risíochta ábhartha le haghaidh risíochtaí ar an oibleagáideoir tosaigh.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010
|
RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA
|
|
0015
|
lena n-áirítear: Risíochtaí faoi réir fhachtóir tacaíochta FBM
Ní thuairisceofar anseo ach risíochtaí a chomhlíonann ceanglais Airteagal 501 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0016
|
lena n-áirítear: Risíochtaí faoi réir an fhachtóra tacaíochta bonneagair
Ní thuairisceofar anseo ach risíochtaí a chomhlíonann ceanglais Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0020-0060
|
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA DE RÉIR CINEÁLACHA RISÍOCHTA:
|
|
0020
|
Ítimí ar an gclár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa
Sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní nach áireofar iad in aon chatagóir eile.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí, tuairisceofar iad i rónna 0040-0060, agus dá bhrí sin ní thuairisceofar iad sa ró seo.
Ní ítimí laistigh den chlár comhardaithe a bheidh i seachadtaí saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 379(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (mura n-asbhaintear iad), ach tuairisceofar iad sa ró seo mar sin féin.
|
|
0030
|
Ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi réir priacal creidmheasa
Is é a bheidh in ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ítimí i gcomhréir le hAirteagal 166(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith leis na hítimí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán sin.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí, tuairisceofar iad i rónna 0040-0060, agus dá bhrí sin ní bheidh siad sa ró seo.
|
|
0040-0060
|
Risíochtaí / Idirbhearta faoi réir priacal creidmheasa an chontrapháirtí
Féach treoracha CR SA comhfhreagracha i rónna 0090-0130.
|
|
0040
|
Tacair ghlanluachála na nIdirbheart um Maoiniú Urrús
Féach treoracha CR SA comhfhreagracha i ró 0090.
|
|
0050
|
Tacair ghlanluachála Díorthach agus Idirbheart Socraíochta Iarchurtha
Féach treoracha CR SA comhfhreagracha i ró 0110.
|
|
0060
|
Ó thacair ghlanluachála Trastáirge Conarthach
Féach treoracha CR SA comhfhreagracha i ró 0130.
|
|
0070
|
RISÍOCHTAÍ A SHANNTAR DO GHRÁID NÓ DO CHOMTHIOMSUITHE OIBLEAGÁIDEORA: IOMLÁN
Le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, féach Airteagal 142(1) pointe (6) agus Airteagal 170(1) pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Féach Airteagal 170(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol. Féach Airteagal 166(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh risíochtaí a eascraíonn as earraí infhaighte ceannaithe.
Ní thuairisceofar risíochtaí le haghaidh priacal caolúcháin d’earraí infhaighte ceannaithe de réir gráid nó comhthiomsuithe oibleagáideora, agus tuairisceofar iad i ró 0180.
I gcás ina n-úsáideann an institiúid líon mór grád nó comhthiomsuithe, féadfar líon laghdaithe grád nó comhthiomsuithe le tuairisciú a chomhaontú leis na húdaráis inniúla.
Ní úsáidtear máistirscála maoirseachta. Ina ionad sin, cinnfidh na hinstitiúidí féin an scála le húsáid.
|
|
0080
|
CUR CHUIGE SLIOTÁNAITHE MAIDIR LE hIASACHTÚ SPEISIALAITHE: IOMLÁN
Airteagal 153(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní bheidh feidhm aige seo ach maidir leis an aicme risíochta “corparáideach – iasachtú speisialaithe”.
|
|
0160
|
LÁIMHSEÁIL MHALARTACH: ARNA hURRÚ LE RÉADMHAOIN
Airteagal 193, míreanna 1 agus 2, Airteagail 194, míreanna 1 go 7 agus Airteagal 230(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Níl an rogha mhalartach seo ar fáil ach d’institiúidí a bhfuil Bonnchur chuige IRB in úsáid acu.
|
|
0170
|
RISÍOCHTAÍ Ó SHEACHADTAÍ SAOR IN AISCE LENA gCUIRTEAR UALUITHE PRIACAIL I bhFEIDHM FAOIN LÁIMHSEÁIL MHALARTACH NÓ 100 % AGUS RISÍOCHTAÍ EILE FAOI RÉIR UALUITHE PRIACAIL
Risíochtaí a eascraíonn as seachadtaí saor in aisce a n-úsáidtear an láimhseáil mhalartach dá dtagraítear san abairt dheireanach d’Airteagal 379(2), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina leith, nó a gcuirtear ualú priacal 100 % i bhfeidhm ina leith i gcomhréir leis an bhfomhír dheireanach d’Airteagal 379(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tuairisceofar sa ró seo díorthaigh chreidmheasa neamhrátáilte don n-ú mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 153(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus aon risíocht eile faoi réir ualuithe priacal nach n-áirítear le haon ró eile.
|
|
0180
|
PRIACAL CAOLÚCHÁIN: EARRAÍ INFHAIGHTE IOMLÁNA A CEANNAÍODH
Féach Airteagal 4(1), pointe (53), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh sainmhíniú ar phriacal caolúcháin. Féach Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh ríomh ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal caolúcháin. Tuairisceofar priacal caolúcháin le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha agus miondíola.
|
3.3.4. C 08.02 - Creidmheas agus priacail chreidmheasa an chontrapháirtí agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith ceanglais chaipitil: miondealú de réir gráid nó comhthiomsuithe oibleagáideora (teimpléad CR IRB 2)
|
Colún
|
Treoracha
|
|
0005
|
Grád oibleagáideora (aitheantóir ró)
Is aitheantóir ró é seo agus beidh sé uathúil le haghaidh gach ró ar bhileog ar leith den teimpléad. Leanfaidh sé ord uimhriúil 1, 2, 3, etc.
Is é an grád (nó an comhthiomsú) is fearr atá le tuairisciú i dtosach, ansin an dara grád nó comhthiomsú is fearr agus mar sin de. Is iad risíochtaí a mhainnigh a bheidh sa ghrád deireanach nó sna gráid dheireanacha (nó sa chomhthiomsú deireanach) a thuairisceofar.
|
|
0010-0300
|
Is ionann na treoracha le haghaidh gach ceann de na colúin seo agus na treoracha le haghaidh na gcolún uimhrithe comhfhreagrach i dteimpléad CR IRB 1.
|
|
Ró
|
Treoracha
|
|
0010-0001 – 0010-NNNN
|
Ní mór na luachanna a thuairiscítear sna rónna seo a líonadh isteach san ordú a chomhfhreagraíonn do PD a shanntar don ghrád nó don chomhthiomsú oibleagáideora. 100 % an PD a bheidh ag féichiúnaithe mainneachtana. Maidir le risíochtaí atá faoi réir na láimhseála malartaí le haghaidh comhthaobhacht réadmhaoine (nach bhfuil ar fáil ach amháin nuair nach n-úsáidtear a meastacháin féin le haghaidh LGD), ní shannfar iad i gcomhréir le PD an oibleagáideora agus ní thuairisceofar sa teimpléad seo iad.
|
3.3.1. C 08.03 – Priacal creidmheasa agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith ceanglais chaipitil (miondealú de réir raonta PD (CR IRB 3))
3.3.1.1. Barúlacha ginearálta
77. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis a áirítear sa teimpléad seo i gcur chun feidhme Airteagal 452(g), pointí (i) go (v) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chun faisnéis a sholáthar maidir leis na príomhpharaiméadair a úsáidtear chun na riachtanais chaipitil a ríomh do chur chuige IRB. Ní áireofar leis an bhfaisnéis a thuairiscítear sa teimpléad seo sonraí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 153(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a áirítear i dteimpléad C 08.06. Eisiatar ón teimpléad sin neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí (CCR) (Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
3.3.1.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010
|
RISÍOCHTAÍ AR AN gCLÁR COMHARDAITHE
Luach risíochta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 166(1) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 gan aon choigeartú i leith priacal creidmheasa a chur san áireamh
|
|
0020
|
RISÍOCHTAÍ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Luach risíochta i gcomhréir le míreanna (1) go (7) d’Airteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan aon choigeartú i leith priacal creidmheasa agus aon fhachtóir coinbhéartachta, meastacháin féin ná fachtóirí coinbhéartachta a shonraítear in Airteagal 166(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó aon chéatadán a shonraítear in Airteagal 166(10) den Rialachán sin a chur san áireamh
Is éard a chuimseofar sna risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe na méideanna uile atá geallta ach neamhtharraingthe agus na hítimí uile lasmuigh den chlár comhardaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030
|
MEÁN UALAITHE NA RISÍOCHTA AR FHACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Maidir le gach risíocht a áirítear i ngach buicéad de raon seasta PD, an meánfhachtóir coinbhéartachta a bhíonn in úsáid ag institiúidí ina ríomh de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal, arna ualú leis an risíocht lasmuigh den chlár comhardaithe roimh CCF mar a thuairiscítear i gcolún 0020
|
|
0040
|
LUACH NA RISÍOCHTA TAR ÉIS CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA AGUS TAR ÉIS CRM
Luach risíochta i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áireofar leis an gcolún seo suim an luacha risíochta de risíochtaí laistigh den chlár comhardaithe agus de risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe tar éis fachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna (8) go (10) d’Airteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tar éis teicnící CRM.
|
|
0050
|
MEÁN UALAITHE NA RISÍOCHTA PD (%)
Maidir le gach risíocht a áirítear i ngach buicéad de raon seasta PD, meánmheastachán PD gach oibleagáideora, arna ualú leis an luach risíochta tar éis CCF agus CRM mar a thuairiscítear i gcolún 0040.
Ní gá an colún seo a líonadh isteach le haghaidh iomlán na n-aicmí risíochtaí go léir.
|
|
0060
|
AN LÍON OIBLEAGÁIDEOIRÍ
An líon eintiteas dlítheanach nó oibleagáideoirí dlítheanacha arna leithdháileadh ar gach buicéad den raon seasta PD
Déanfar an líon oibleagáideoirí a chomhaireamh i gcomhréir leis na treoracha i gcolún 0300 de theimpléad C 08.01. Láimhseálfar oibleagáideoirí comhpháirteacha mar an gcéanna chun críche calabrú PD.
|
|
0070
|
MEÁN UALAITHE NA RISÍOCHTA LGD (%)
Maidir le gach risíocht a áirítear i ngach buicéad de raon seasta PD, meánluach na meastachán LGD le haghaidh gach risíochta arna ualú leis an luach risíochta tar éis CCF agus tar éis CRM mar a thuairiscítear i gcolún 0040
Comhfhreagróidh LGD a thuairisceofar don mheastachán críochnaitheach LGD a úsáidtear i ríomh méideanna atá ualaithe ó thaobh priacal arna bhfáil tar éis aon éifeacht CRM agus dálaí aon choir chun donais a bhreithniú, i gcás inarb ábhartha. Maidir le risíochtaí ar mhiondíol arna n-urrú le maoin dhochorraithe, cuirfear san áireamh le LGD a thuairiscítear na híostairseacha a shonraítear in Airteagal 164(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir láimhseáil na mainneachtana dúbailte, comhfhreagróidh an LGD a bheidh le tuairisciú don cheann a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 161(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Le haghaidh risíochtaí ar mainneachtain faoi chur chuige A-IRB, breithneofar forálacha a leagtar síos in Airteagal 181(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Comhfhreagróidh an LGD a thuairiscítear don mheastachán ar LGD i gcás mainneachtana i gcomhréir leis na modheolaíochtaí meastacháin is infheidhme.
Ní gá an colún seo a líonadh isteach le haghaidh iomlán na n-aicmí risíochtaí go léir.
|
|
0080
|
MEÁNAIBÍOCHT UALAITHE NA RISÍOCHTA (BLIANTA)
Maidir le gach risíocht a áirítear i ngach buicéad de raon seasta PD, meánaibíocht gach risíochta arna hualú leis an luach risíochta tar éis CCF mar a thuairiscítear i gcolún 0040
Cinnfear an luach aibíochta i gcomhréir le hAirteagal 162 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tuairisceofar an mheánaibíocht i mblianta.
Ní thuairisceofar na sonraí sin le haghaidh na luachanna risíochta nach bhfuil an aibíocht ina gné de ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal díobh i gcomhréir le Chuid a Trí, Theideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ciallaíonn sé sin nach líonfar isteach an colún seo don aicme risíochta “miondíol”.
|
|
0090
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL TAR ÉIS FACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
I gcás risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar institiúidí agus ar chorparáidí, an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 153, míreanna (1) go (4); le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol, an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 154 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuirfear san áireamh na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagail 501 agus 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0100
|
MÉID AN CHAILLTEANAIS IONCHASAIGH
Méid an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le hAirteagal 158 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Beidh méid an chaillteanais ionchasaigh le tuairisciú bunaithe ar na paraiméadair phriacail iarbhír a úsáidtear sa scála rátála inmheánach arna fhormheas ag an údarás inniúil faoi seach.
|
|
0110
|
(-) COIGEARTUITHE LUACHA AGUS FORÁLACHA
Coigeartuithe sonracha agus ginearálta i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 183/2014 ón gCoimisiún, coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith le laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis na risíochtaí a leithdháiltear ar gach buicéad ar an raon seasta PD
Is iad na coigeartuithe luacha sin agus na forálacha sin a chuirfear san áireamh chun Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur chun feidhme.
Tuairisceofar forálacha ginearálta ach an méid a shannadh pro rata i gcomhréir leis an gcaillteanas ionchasach de ghráid oibleagáideora éagsúla.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
RAON PD
|
Déanfar risíochtaí a leithdháileadh ar bhuicéad iomchuí den raon seasta PD bunaithe ar an PD measta i dtaca le gach oibleagáideoir arna shannadh don aicme risíochta sin (gan aon éifeacht ionadaíochta i ngeall ar CRM a bhreithniú). Déanfaidh institiúidí risíocht a mhapáil de réir risíochta ar an raon PD arna sholáthar sa teimpléad, agus scálaí leanúnacha á gcur san áireamh freisin. Áireofar gach risíocht ar mainneachtain sa bhuicéad ina léirítear PD de 100 %.
Déanfar {r0170, c0050} agus {r0170, c0070} a thuairisciú do gach aicme risíochta, ach ní thuairisceofar iad d’iomlán na n-aicmí risíochta go léir.
|
3.3.2. C 08.04 – Priacal creidmheasa agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith ceanglais chaipitil (sreabhráitis RWEA (CR IRB 4))
3.3.2.1. Barúlacha ginearálta
78. Tabharfaidh institiúidí tuarascáil ar an bhfaisnéis a áirítear sa teimpléad seo chun Airteagal 438, pointe (h) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm. Eisiatar ón teimpléad sin risíochtí ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí (CCR) (Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
79. Tuairisceoidh institiúidí sreafaí RWEA mar na hathruithe idir na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ar an dáta tagartha agus na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ar an dáta tagartha roimhe sin. I gcás tuairisciú ráithiúil, tuairisceofar deireadh na ráithe roimh ráithe an dáta tagartha tuairiscithe.
3.3.2.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colún
|
Treoracha
|
|
0010
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Méid iomlán risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa a ríomhtar faoi chur chuige IRB, agus fachtóirí tacaíochta á gcur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 501 agus 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL AG DEIREADH NA TRÉIMHSE TUAIRISCITHE ROIMHE SIN
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ag deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin tar éis chur chun feidhme na bhfachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagail 501 agus 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0020
|
MÉID NA SÓCMHAINNE (+/-)
Athrú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal idir deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha, i ngeall ar mhéid na sócmhainne, i.e. athruithe orgánacha ar mhéid agus ar chomhdhéanamh an leabhair (lena n-áirítear gnólachtaí nua a thionscnamh agus iasachtaí atá ag teacht in aibíocht) ach gan athruithe ar mhéid leabhair i ngeall ar éadálacha agus ar dhiúscairt eintiteas a áireamh
Tuairisceofar méaduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid deimhneach agus tuairisceofar laghduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid diúltach.
|
|
0030
|
CÁILÍOCHT NA SÓCMHAINNE (+/-)
Athrú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal idir deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha, i ngeall ar cháilíocht na sócmhainne, i.e. athruithe ar cháilíocht mheasúnaithe shócmhainní na hinstitiúide i ngeall ar athruithe ar phriacal iasachtaí, amhail imirce grád rátála nó éifeachtaí comhchosúla
Tuairisceofar méaduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid deimhneach agus tuairisceofar laghduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid diúltach.
|
|
0040
|
NUASHONRUITHE SAMHLA (+/-)
Athrú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal idir deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha, i ngeall ar thabhairt cothrom le dáta na samhla, i.e. athruithe i ngeall ar chur chun feidhme samhlacha nua, athruithe ar na samhlacha, athruithe i raon feidhme samhlacha, nó aon athrú eile atá beartaithe chun dul i ngleic le laigí samhla
Tuairisceofar méaduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid deimhneach agus tuairisceofar laghduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid diúltach.
|
|
0050
|
MODHEOLAÍOCHT AGUS POLASAÍ (+/-)
Athrú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal idir deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha, i ngeall ar mhodheolaíocht agus ar bheartas, i.e. athruithe i ngeall ar athruithe modheolaíochta i ríomhanna mar thoradh ar athruithe ar bheartais rialála, lena n-áirítear idir athbhreithnithe ar rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair agus rialacháin nua, cé is moite d’athruithe ar shamhlacha, a áirítear i ró 0040
Tuairisceofar méaduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid deimhneach agus tuairisceofar laghduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid diúltach.
|
|
0060
|
ÉADÁLACHA AGUS DIÚSCAIRTÍ (+/-)
Athrú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal idir deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha, i ngeall ar éadálacha agus diúscairtí, i.e. athruithe ar mhéideanna leabhair i ngeall ar éadálacha agus ar dhiúscairt eintiteas
Tuairisceofar méaduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid deimhneach agus tuairisceofar laghduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid diúltach.
|
|
0070
|
GLUAISEACHTAÍ MALAIRTE EACHTRAÍ (+/-)
Athrú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal idir deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha, i ngeall ar ghluaiseachtaí malairte eachtraí, i.e. athruithe a eascraíonn as gluaiseachtaí in aistriú airgeadra eachtraigh
Tuairisceofar méaduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid deimhneach agus tuairisceofar laghduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid diúltach.
|
|
0080
|
EILE (+/-)
Athrú ar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal idir deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha, i ngeall ar spreagaithe eile
Úsáidfear an chatagóir seo chun athruithe nach féidir a leithdháileadh ar aon chatagóir eile a ghabháil.
Tuairisceofar méaduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid deimhneach agus tuairisceofar laghduithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar mhéid diúltach.
|
|
0090
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL AG DEIREADH NA TRÉIMHSE TUAIRISCITHE
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal sa tréimhse tuairiscithe tar éis chur chun feidhme na bhfachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagal 501 agus in Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
3.3.3. C 08.05 – Priacal creidmheasa agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith ceanglais chaipitil (Cúltástáil PD (CR IRB 5))
3.3.3.1. Barúlacha ginearálta
80. Tabharfaidh institiúidí tuarascáil ar an bhfaisnéis a áirítear sa teimpléad seo i gcur i bhfeidhm Airteagal 452, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Breithneoidh institiúidí na samhlacha a úsáidtear laistigh de gach aicme risíochta agus míneoidh siad an céatadán de mhéid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal den aicme risíochta ábhartha a chuimsítear leis na samhlacha a dtuairiscítear torthaí cúltástála ina leith anseo. Eisiatar ón teimpléad sin neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí (CCR) (Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
3.3.3.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010
|
MEÁN UIMHRÍOCHTÚIL PD (%)
Meánluach uimhríochtúil PD ag tús thréimhse tuairiscithe na n-oibleagáideoirí a thagann faoi réim an bhuicéid den réimse PD seasta agus a áirítear i gcolún 0020 (meánluach arna ualú leis an líon oibleagáideoirí)
|
|
0020
|
LÍON OIBLEAGÁIDEOIRÍ AG DEIREADH NA BLIANA ROIMHE SIN
Líon oibleagáideoirí ag deireadh na bliana roimhe faoi réir tuairiscithe
Áireofar gach oibleagáideoir ag a bhfuil oibleagáid chreidmheasa á hiompar ag an bpointe ama ábhartha.
Déanfar an líon oibleagáideoirí a chomhaireamh i gcomhréir leis na treoracha i gcolún 0300 de theimpléad C 08.01. Láimhseálfar oibleagáideoirí comhpháirteacha mar an gcéanna chun críche calabrú PD.
|
|
0030
|
LENA nÁIRÍTEAR: A MHAINNIGH I RITH NA BLIANA
Líon oibleagáideoirí a mhainnigh sa bhliain (i.e. an tréimhse bhreathnóireachta de ríomh an ráta mainneachtana)
Cinnfear mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní áirítear gach oibleagáideoir mainneachtana ach aon uair amháin san uimhreoir agus san ainmneoir de ríomh an ráta mainneachtana aon bhliain amháin, fiú más rud é gur mhainnigh an t-oibleagáideoir níos mó ná aon uair amháin sa tréimhse bliana ábhartha.
|
|
0040
|
MEÁNRÁTA MAINNEACHTANA A BREATHNAÍODH (%)
Ráta mainneachtana bliana dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (78), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áiritheoidh institiúidí:
(a) gurb é a bheidh san ainmneoir an líon oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana le haon oibleagáid chreidmheasa a breathnaíodh ag tús na tréimhse breathnóireachta aon bhliain amháin (i.e. tús na bliana roimh an dáta tagartha tuairiscithe); sa chomhthéacs seo, tagraíonn oibleagáid chreidmheasa don dá rud seo a leanas: (i) aon ítim atá laistigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear aon mhéid príomhshuime, úis agus táillí; (ii) aon ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear ráthaíochtaí arna n-eisiúint ag an institiúid mar ráthóir.
(b) go n-áirítear leis an uimhreoir na hoibleagáideoirí sin go léir a bhreithnítear san ainmneoir lenar bhain aon imeacht mainneachtana amháin ar a laghad sa tréimhse bhreathnóireachta aon bhliain amháin (bliain roimh an dáta tagartha tuairiscithe).
Féach colún 0300 de theimpléad C 08.01 maidir le ríomh an lín oibleagáideoirí.
|
|
0050
|
MEÁNRÁTA MAINNEACHTANA BLIANTÚIL STAIRIÚIL (%)
Ceanglaítear meánluach simplí an ráta mainneachtana bhliantúil de na cúig bliana is déanaí (oibleagáideoirí ag tús gach bliana a mhainnigh sa bhliain sin/líon iomlán oibleagáideoirí ag tús na bliana) a thabhairt ar a laghad. Féadfaidh an institiúid úsáid a bhaint as tréimhse stairiúil níos faide atá comhsheasmhach le cleachtais bainistíochta priacail iarbhír na hinstitiúide.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
RAON PD
|
Déanfar risíochtaí a leithdháileadh ar bhuicéad iomchuí den raon seasta PD bunaithe ar an PD measta ag tús na tréimhse tuairiscithe i dtaca le gach oibleagáideoir arna shannadh don aicme risíochta sin (gan aon éifeacht ionadaíochta i ngeall ar CRM a bhreithniú). Déanfaidh institiúidí risíocht a mhapáil de réir risíochta ar an raon PD arna sholáthar sa teimpléad, agus scálaí leanúnacha á gcur san áireamh freisin. Áireofar gach risíocht ar mainneachtain sa bhuicéad ina léirítear PD de 100 %.
|
3.3.4. C 08.05.1 – Priacal creidmheasa agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith Ceanglais Chaipitil: Iarthástáil ar PD i gcomhréir le hAirteagal 180(1), pointe (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (CR IRB 5B)
3.3.4.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
81. De bhreis ar theimpléad C 08.05, tuairisceoidh institiúidí faisnéis a áirítear i dteimpléad C 08.05.1 i gcás ina gcuireann siad Airteagal 180(1), pointe (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm chun PD a mheas agus le haghaidh meastacháin PD i gcomhréir leis an Airteagal céanna agus lena n-aghaidh sin amháin. Is ionann na treoracha agus na treoracha a ghabhann le teimpléad C 08.05, seachas na heisceachtaí seo a leanas:
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0005
|
RAON PD
Tuairisceoidh institiúidí na raonta PD i gcomhréir lena ngráid inmheánacha a mhapálann siad don scála a úsáideann IMCS seachtrach, seachas raon PD seachtrach seasta.
|
|
0006
|
COIBHÉIS RÁTÁLA SEACHTRAÍ
Tuairisceoidh institiúidí aon cholún amháin le haghaidh gach IMCS a bhreithnítear de réir Airteagal 180(1), pointe (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfaidh institiúidí an rátáil sheachtrach ar a mapáiltear a raonta PD inmheánacha a chuimsiú sna colúin seo.
|
3.3.5. C 08.06 – Priacal creidmheasa agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith Ceanglais Chaipitil (Cur chuige sliotánaithe maidir le hiasachtú speisialaithe (CR IRB 6))
3.3.5.1. Barúlacha ginearálta
82. Tabharfaidh institiúidí tuarascáil ar an bhfaisnéis a áirítear sa teimpléad seo i gcur i bhfeidhm Airteagal 438, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tuairisceoidh institiúidí faisnéis ar na cineálacha risíochtaí ar iasachtú speisialaithe seo a leanas dá dtagraítear i dTábla 1 d’Airteagal 153(5):
(b)
Réadmhaoin a ghineann ioncam agus réadmhaoin tráchtála ardluaineachta
3.3.5.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010
|
AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I BHFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Féach treoracha CR-IRB.
|
|
0020
|
RISÍOCHT TAR ÉIS ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA CRM ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ RÉAMHCHOINBHÉARTACHTA
Féach treoracha CR-IRB.
|
|
0030, 0050
|
LENA nÁIRÍTEAR: ÍTIMÍ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE
Féach treoracha CR-SA.
|
|
0040
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Féach treoracha CR-IRB.
|
|
0060
|
LENA nÁIRÍTEAR: A EASCRAÍONN AS PRIACAL CREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ
Féach treoracha CR SA.
|
|
0070
|
UALÚ PRIACAL
Airteagal 153(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is colún seasta é seo chun críocha faisnéise. Ní athrófar é.
|
|
0080
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL TAR ÉIS FACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
Féach treoracha CR-IRB.
|
|
0090
|
MÉID AN CHAILLTEANAIS IONCHASAIGH
Féach treoracha CR-IRB.
|
|
0100
|
(-) COIGEARTUITHE LUACHA AGUS FORÁLACHA
Féach treoracha CR-IRB.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010-0120
|
Leithdháilfear risíochtaí ar an gcatagóir iomchuí agus ar an aibíocht iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 153(5), tábla 1 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
3.3.6. C 08.07 – Priacal creidmheasa agus seachadtaí saor in aisce: Cur chuige IRB i leith Ceanglais Chaipitil (Raon feidhme úsáid na gcur chuige IRB agus SA (CR IRB 7))
3.3.6.1. Barúlacha ginearálta
83. Chun críche an teimpléid seo, maidir le hinstitiúidí a ríomhann na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal faoin gcur chuige IRB i leith priacal creidmheasa, déanfaidh siad a risíochtaí a leithdháileadh faoi réir an chur chuige chaighdeánaithe a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 nó faoi réir an chur chuige IRB a leagtar síos i gChuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 den Rialachán sin, chomh maith leis an gcuid sin de gach aicme risíochta atá faoi réir phlean um fheidhmiú céimneach. Áireoidh institiúidí an fhaisnéis sa teimpléad seo de réir aicmí risíochta, i gcomhréir leis an miondealú ar aicmí risíochta a áirítear i rónna an teimpléid.
84. Ba cheart an raon iomlán risíochtaí a chuimsiú le colúin 0030 go 0050, mar sin ba cheart do shuim gach ró le haghaidh na gcolún sin a bheith cothrom le 100 % de gach aicme risíochta cé is moite de shuímh urrúsúcháin agus de shuímh asbhainte.
3.3.6.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010
|
RISÍOCHT IOMLÁN MAR A SHAINÍTEAR IN AIRTEAGAL 166 DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013
Úsáidfidh institiúidí luach na risíochta roimh CRM i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0020
|
LUACH RISÍOCHTA IOMLÁN FAOI RÉIR SA AGUS IRB
Úsáidfidh institiúidí luach na risíochta roimh CRM i gcomhréir le hAirteagal 429(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun an luach risíochta iomlán a thuairisciú, lena n-áirítear idir na risíochtaí faoin gcur chuige caighdeánaithe agus na risíochtaí faoin gcur chuige IRB.
|
|
0030
|
CÉATADÁN DEN LUACH RISÍOCHTA IOMLÁN FAOI RÉIR PHÁIRTÚSÁID BHUAN SA (%)
Cuid d’aicme le haghaidh gach aicme risíochta faoi réir an chur chuige chaighdeánaithe (risíocht faoi réir an chur chuige chaighdeánaithe roimh CRM thar an risíocht iomlán san aicme risíochta sin i gcolún 0020), agus urraim á tabhairt ar raon feidhme an cheada maidir le páirtúsáid bhuan an chur chuige chaighdeánaithe a fhaightear ó údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 150 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
CÉATADÁN DEN LUACH RISÍOCHTA IOMLÁN FAOI RÉIR PLEAN UM FHEIDHMIÚ CÉIMNEACH (%)
Cuid de risíocht le haghaidh gach aicme risíochta faoi réir chur chun feidhme seicheamhach an chur chuige IRB de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áireofar leis sin:
— idir risíochtaí ina bhfuil sé beartaithe ag institiúidí cur chuige IRB a chur i bhfeidhm in éineacht lena meastachán féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta agus dá n-uireasa (F-IRB agus A-IRB);
— risíochtaí neamhábhartha ar chothromas nach n-áirítear i gcolúin 0020 nó 0040;
— risíochtaí atá faoi F-IRB cheana féin i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag institiúid A-IRB a chur i bhfeidhm sa todhchaí;
— risíochtaí ar iasachtú speisialaithe faoin gcur chuige sliotánaithe maoirseachta nach n-áirítear i gcolún 0040.
|
|
0050
|
CÉATADÁN DEN LUACH RISÍOCHTA IOMLÁN FAOI RÉIR CHUR CHUIGE IRB (%)
Cuid de risíocht le haghaidh gach aicme risíochta faoi réir an chur chuige IRB (risíocht faoi réir an chur chuige IRB roimh CRM thar an risíocht iomlán san aicme risíochta sin), agus urraim á tabhairt ar raon feidhme an cheada chun an cur chuige IRB a úsáid a fhaightear ó údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 143 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áireofar leis sin idir risíochtaí ina bhfuil cead ag institiúidí a meastachán féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid nó nach bhfuil (F-IRB agus A-IRB), lena n-áirítear cur chuige sliotánaithe maoirseachta i gcás risíochtaí ar iasachtú speisialaithe agus risíochtaí ar chothromas faoi chur chuige simplí an ualaithe priacail, chomh maith leis na risíochtaí sin a thuairiscítear i ró 0170 de theimpléad C 08.01.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
AICMÍ RISÍOCHTA
|
Áireoidh institiúidí an fhaisnéis sa teimpléad seo de réir aicmí risíochta, i gcomhréir leis an miondealú ar aicmí risíochta a áirítear i rónna an teimpléid.
|
3.4. CREIDMHEAS AGUS PRIACAIL CHREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ AGUS SEACHADTAÍ SAOR IN AISCE: FAISNÉIS LE MIONDEALÚ GEOGRAFACH
85. Déanfaidh gach institiúid faisnéis arna comhiomlánú ar leibhéal iomlán a chur isteach. De bhreis air sin, maidir le hinstitiúidí a chomhlíonann an tairseach a leagtar síos in Airteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, déanfaidh siad faisnéis a chur isteach arna miondealú de réir tíre maidir leis an tír intíre chomh maith le haon tír neamh-intíre. Ní bhreithneofar an tairseach ach amháin maidir le teimpléid CR GB 1 agus CR GB 2. Sannfar risíochtaí ar eagraíochtaí fornáisiúnta don limistéar geografach “tíortha eile”.
86. Tagraíonn an téarma “cónaí an oibleagáideora” do thír chorpraithe an oibleagáideora. Féadfar an coincheap sin a chur i bhfeidhm ar bhonn oibleagáideoir láithreach agus ar bhonn priacal deiridh. Dá bhrí sin, féadfaidh teicnící CRM le héifeachtaí ionadaíochta leithdháileadh risíochta ar thír a athrú. Ní shannfar risíochtaí ar eagraíochtaí fornáisiúnta do thír chónaithe na hinstitiúide ach don limistéar geografach “Tíortha eile”, gan beann ar an aicme risíochta ina sanntar an risíocht ar eagraíochtaí fornáisiúnta.
87. Tuairisceofar sonraí maidir leis an “risíocht tosaigh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta” agus tagrófar do thír chónaithe an oibleagáideora láithrigh. Tuairisceofar sonraí maidir le “luach risíochta” agus “méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal” amhail ó thír chónaithe an oibleagáideora deiridh.
3.4.1. C 09.01 – Miondealú geografach ar risíochtaí de réir áit chónaithe an fhéichiúnaí: Risíochtaí SA (CR GB 1)
3.4.1.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
An sainmhíniú céanna le colún 0010 de theimpléad CR SA
|
|
0020
|
Risíochtaí a mhainnigh
An risíocht tosaigh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta le haghaidh na risíochtaí sin a aicmíodh mar “risíochtaí ar mainneachtain” agus le haghaidh risíochtaí a mhainnigh a shanntar do na haicmí risíochta “risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo” nó le “risíochtaí ar chothromas”.
Soláthrófar leis an “ítim le meabhrú” faisnéis bhreise maidir le struchtúr oibleagáideora risíochtaí a mhainnigh. Déanfar risíochtaí a aicmítear mar “risíochtaí a mhainnigh” dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (j) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thuairisciú i gcás ina dtuairisceofaí na hoibleagáideoirí dá mba rud é nár sannadh na risíochtaí sin do na haicmí risíochta “risíochtaí a mhainnigh”.
Is “ítim mheabhráin” an fhaisnéis seo – dá bhrí sin, ní dhéanann sé difear do ríomh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid n-aicmí risíochta “risíochtaí ar mhainneachtain”, “risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo” ná “risíochtaí ar chothromas” dá dtagraítear in Airteagal 112, pointí (j), (k) agus (p) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
Mainneachtainí nua a breathnaíodh don tréimhse
Déanfar an líon risíochtaí tosaigh a bogadh chuig an aicme risíochta “risíochtaí a mhainnigh” sa tréimhse 3 mhí ón dáta tagartha tuairiscithe deireanach a thuairisciú in aghaidh na haicme risíochta lenar bhain an t-oibleagáideoir i dtosach.
|
|
0050
|
Coigeartuithe ginearálta ar phriacal creidmheasa
Coigeartuithe i leith priacal creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith le Rialachán (AE) 183/2014.
Leis an ítim seo cuimseofar na coigeartuithe ginearálta priacail creidmheasa atá incháilithe le bheith san áireamh mar chaipiteal Leibhéal 2, roimh chur i bhfeidhm na huasteorann dá dtagraítear in Airteagal 62(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Beidh an méid atá le tuairisciú glan ar éifeachtaí cánach.
|
|
0055
|
Coigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa
Coigeartuithe i leith priacal creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith le Rialachán (AE) 183/2014.
|
|
0060
|
Díscríobh
Díscríobh dá dtagraítear in IFRS 9.5.4.4 agus B5.4.9.
|
|
0061
|
Coigeartuithe luacha breise agus laghduithe eile ar chistí dílse
I gcomhréir le hAirteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0070
|
Coigeartuithe ar an bpriacal creidmheasa/díscríobh maidir le mainneachtainí nua a breathnaíodh
Suim na gcoigeartuithe i leith priacal creidmheasa agus díscríofa le haghaidh na risíochtaí sin a aicmíodh mar “risíochtaí a mhainnigh” sa tréimhse 3 mhí ón taisceadh sonraí deiridh.
|
|
0075
|
Luach na risíochta
An sainmhíniú céanna le colún 0200 de theimpléad CR SA
|
|
0080
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL ROIMH FHACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
An sainmhíniú céanna le colún 0215 de theimpléad CR SA
|
|
0081
|
(-) COIGEARTÚ AR AN MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL I nGEALL AR AN bhFACHTÓIR TACAÍOCHTA FBM
An sainmhíniú céanna le colún 0216 de theimpléad CR SA
|
|
0082
|
(-) COIGEARTÚ AR AN MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL I nGEALL AR AN bhFACHTÓIR TACAÍOCHTA BONNEAGAIR
An sainmhíniú céanna le colún 0217 de theimpléad CR SA
|
|
0090
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL TAR ÉIS FACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
An sainmhíniú céanna le colún 0220 de theimpléad CR SA
|
|
Rónna
|
|
0010
|
Rialtais láir nó bainc cheannais
Airteagal 112, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0020
|
Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla
Airteagal 112, pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0030
|
Eintitis san earnáil phoiblí
Airteagal 112, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
Bainc forbartha iltaobhacha
Airteagal 112, pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050
|
Eagraíochtaí idirnáisiúnta
Airteagal 112, pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0060
|
Institiúidí
Airteagal 112, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070
|
Corparáidí
Airteagal 112, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0075
|
lena n-áirítear: FBM
An sainmhíniú céanna le ró 0020 de theimpléad CR SA
|
|
0080
|
Miondíol
Airteagal 112, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0085
|
lena n-áirítear: FBM
An sainmhíniú céanna le ró 0020 de theimpléad CR SA
|
|
0090
|
Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe
Airteagal 112, pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0095
|
lena n-áirítear: FBM
An sainmhíniú céanna le ró 0020 de theimpléad CR SA
|
|
0100
|
Risíochtaí ar mhainneachtain
Airteagal 112, pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0110
|
Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo
Airteagal 112, pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0120
|
Bannaí faoi chumhdach
Airteagal 112, pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0130
|
Éilimh ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu
Airteagal 112, pointe (n), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0140
|
Gnóthais chomhinfheistíochta (GC)
Airteagal 112, pointe (o), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim rónna 0141 go 0143
|
|
0141
|
Cur chuige na trédhearcachta
An sainmhíniú céanna le ró 0281 de theimpléad CR SA
|
|
0142
|
Cur chuige bunaithe ar shainordú
An sainmhíniú céanna le ró 0282 de theimpléad CR SA
|
|
0143
|
Cur chuige cúltaca
An sainmhíniú céanna le ró 0283 de theimpléad CR SA
|
|
0150
|
Risíochtaí ar chothromas
Airteagal 112, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0160
|
Risíochtaí eile
Airteagal 112, pointe (q), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0170
|
Risíochtaí iomlána
|
3.4.2. C 09.02 – Miondealú geografach ar risíochtaí de réir áit chónaithe an fhéichiúnaí: Risíochtaí IRB (CR GB 2)
3.4.2.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
|
0010
|
AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
An sainmhíniú céanna le colún 0020 de theimpléad CR IRB
|
|
0030
|
As ar mhainnigh
Luach risíochta tosaigh le haghaidh na risíochtaí sin a aicmíodh mar risíochtaí a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
Mainneachtainí nua a breathnaíodh don tréimhse
Déanfar an líon risíochtaí tosaigh a aicmíodh mar “risíochtaí a mhainnigh” sa tréimhse 3 mhí ón dáta tagartha tuairiscithe deireanach a thuairisciú in aghaidh na haicme risíochta lenar bhain an t-oibleagáideoir i dtosach.
|
|
0050
|
Coigeartuithe ginearálta ar phriacal creidmheasa
Coigeartuithe i leith priacal creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, chomh maith le Rialachán (AE) 183/2014
|
|
0055
|
Coigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa
Coigeartuithe i leith priacal creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, chomh maith le Rialachán (AE) 183/2014
|
|
0060
|
Díscríobh
Díscríobh dá dtagraítear in IFRS 9.5.4.4 agus B5.4.9
|
|
0070
|
Coigeartuithe ar an bpriacal creidmheasa/díscríobh maidir le mainneachtainí nua a breathnaíodh
Suim na gcoigeartuithe i leith priacal creidmheasa agus díscríofa le haghaidh na risíochtaí sin a aicmíodh mar “risíochtaí a mhainnigh” sa tréimhse 3 mhí ón taisceadh sonraí deiridh
|
|
0080
|
SCÁLA RÁTÁLA INMHEÁNACH / PD A SHANNTAR DON GHRÁD NÓ DON CHOMHTHIOMSÚ OIBLEAGÁIDEORA (%)
An sainmhíniú céanna le colún 0010 de theimpléad CR IRB
|
|
0090
|
MEÁN UALAITHE NA RISÍOCHTA LGD (%)
An sainmhíniú céanna le colún 0230 agus colún 0240 de theimpléad CR IRB: tagrófar le meánluach LGD atá ualaithe ó thaobh priacal do gach risíocht, lena n-áirítear risíochtaí ar eintitis mhóra san earnáil airgeadais agus eintitis airgeadais neamhrialáilte. Beidh feidhm ag Airteagal 181(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Maidir le risíochtaí ar iasachtú speisialaithe ina meastar PD, ba cheart LGD measta nó LGD rialála a bheith sa luach tuairiscithe. Maidir le risíochtaí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 153(5) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, ní féidir sonraí a thuairisciú mar níl siad ar fáil.
|
|
0100
|
Lena n-áirítear: a mhainnigh
LGD atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh na risíochtaí sin a aicmíodh mar risíochtaí a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013
|
|
0105
|
Luach na risíochta
An sainmhíniú céanna le colún 0110 de theimpléad CR IRB
|
|
0110
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL ROIMH FHACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
An sainmhíniú céanna le colún 0255 de theimpléad CR IRB
|
|
0120
|
As ar mhainnigh
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh na risíochtaí sin a aicmíodh mar risíochtaí a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013
|
|
0121
|
(-) COIGEARTÚ AR AN MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL I nGEALL AR FHACHTÓIR TACAÍOCHTA FBM
An sainmhíniú céanna le colún 0256 de theimpléad CR IRB
|
|
0122
|
(-) COIGEARTÚ AR AN MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL I nGEALL AR AN bhFACHTÓIR TACAÍOCHTA BONNEAGAIR
An sainmhíniú céanna le colún 0257 de theimpléad CR IRB
|
|
0125
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL TAR ÉIS FACHTÓIRÍ TACAÍOCHTA
An sainmhíniú céanna le colún 0260 de theimpléad CR IRB
|
|
0130
|
MÉID AN CHAILLTEANAIS IONCHASAIGH
An sainmhíniú céanna le colún 0280 de theimpléad CR IRB
|
|
Rónna
|
|
|
0010
|
Bainc cheannais agus rialtais láir
Airteagal 147(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0020
|
Institiúidí
Airteagal 147(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0030
|
Corparáidí
Gach risíocht ar chorporáidí, dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0042
|
Lena n-áirítear: Iasachtú speisialaithe (cé is moite d’ábhar SL faoin gcur chuige sliotánaithe)
Airteagal 147(8), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní thuairisceofar sonraí le haghaidh risíochtaí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 153(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0045
|
Lena n-áirítear: Iasachtú speisialaithe faoin gcur chuige sliotánaithe
Airteagal 147(8), pointe (a), agus Airteagail 153 go 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050
|
Lena n-áirítear: FBM
Airteagal 147(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Faoin gcur chuige IRB, úsáidfidh na heintitis tuairiscithe a sainmhíniú inmheánach ar FBM mar a chuirtear i bhfeidhm sna próisis inmheánacha um bainistiú priacal.
|
|
0060
|
Miondíol
Gach risíocht ar mhiondíol, dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070
|
Miondíol – Arna urrú le maoin dhochorraithe
Risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a urrúsaítear le réadmhaoin
Measfar mar risíochtaí ar mhiondíol arna n-urrú le maoin dhochorraithe aon risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin dhochorraithe a aithnítear mar chomhthaobhacht, gan beann ar chóimheas luach na comhthaobhachta leis an risíocht ar an iasacht nó ar chuspóir na hiasachta.
|
|
0080
|
FBM
Risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal (147(2), pointe (d) agus in Airteagal 154(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le réadmhaoin
|
|
0090
|
neamh-FBM
Risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a urrúsaítear le réadmhaoin
|
|
0100
|
Miondíol – imrothlach cháilitheach
Risíochtaí ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) i gcomhar le hAirteagal 154(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0110
|
Miondíol Eile
Risíochtaí eile ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach dtuairiscítear i rónna 0070 – 0100
|
|
0120
|
FBM
Risíochtaí eile ar mhiondíol dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0130
|
neamh-FBM
Risíochtaí eile ar mhiondíol ar dhaoine aonair, dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0140
|
Cothromas
Risíochtaí ar chothromas dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0150
|
Risíochtaí iomlána
|
3.4.3. C 09.04 – Miondealú ar risíocht ar chreidmheas atá ábhartha do ríomh an mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh de réir tíre agus ráta an mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil d’institiúid (CCB)
3.4.3.1. Barúlacha ginearálta
88. Tá sé mar aidhm leis an teimpléad seo níos mó faisnéise a fháil maidir le gnéithe den chaipiteal maolánach frith-thimthriallach atá sainiúil d’institiúid. Leis an bhfaisnéis a theastaíonn tagraítear do na ceanglais cistí dílse mar a chinntear i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II agus Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus don suíomh geografach le haghaidh risíochtaí creidmheasa, risíochtaí urrúsúcháin agus risíochtaí leabhair trádála atá ábhartha chun an caipiteal maolánach frith-thimthriallach atá sainiúil don institiúid (CCB) a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 140 de Threoir 2013/36/AE (risíochtaí creidmheasa ábhartha).
89. Tuairisceofar faisnéis i dteimpléad C 09.04 le haghaidh “Iomlán” na risíochtaí ábhartha ar chreidmheas ar fud na ndlínsí go léir ina bhfuil na risíochtaí sin agus ar leithligh le haghaidh gach dlínse ina bhfuil risíochtaí ábhartha ar chreidmheas. Tuairisceofar na figiúirí iomlána chomh maith le faisnéis gach dlínse i ngné ar leith.
90. Ní bhfeidhm feidhm ag an tairseach a leagtar amach in Airteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo maidir le tuairisciú an mhiondealaithe seo.
91. Chun an suíomh geografach a chinneadh, leithdháilfear na risíochtaí ar bhonn oibleagáideora láithrigh mar a fhoráiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2014 ón gCoimisiún (
7
). Dá bhrí sin, ní athrófar le teicnící CRM leithdháileadh risíochta ar a suíomh geografach chun críche tuairisciú faisnéise a leagtar amach sa teimpléad seo.
3.4.3.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
|
0010
|
Méid
Luach na risíochtaí ábhartha ar chreidmheas agus na ceanglais cistí dílse ghaolmhara a chinntear i gcomhréir leis na treoracha le haghaidh an ró faoi seach.
|
|
0020
|
Céatadán
|
|
0030
|
Faisnéis cháilíochtúil
Ní thuairisceofar an fhaisnéis seo ach amháin le haghaidh thír chónaithe na hinstitiúide (an dlínse a chomhfhreagraíonn dá Bhallstát baile) agus “Iomlán” na dtíortha go léir.
Tuairisceoidh institiúidí {y} nó {n} i gcomhréir leis na treoracha le haghaidh an ró ábhartha.
|
|
Rónna
|
|
|
0010-0020
|
Risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – Priacal creidmheasa
Risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE.
|
|
0010
|
Luach na risíochta faoin gCur Chuige Caighdeánaithe
Luach na risíochta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (a) de Threoir 2013/36/AE.
Eiseofar luach na risíochta de shuímh urrúsúcháin sa leabhar baincéireachta ón ró seo agus tuairisceofar iad i ró 0055.
|
|
0020
|
Luach na risíochta faoin gCur Chuige IRB
Luach na risíochta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (a) de Threoir’ 2013/36/AE.
Eiseofar luach na risíochta de shuímh urrúsúcháin sa leabhar baincéireachta ón ró seo agus tuairisceofar iad i ró 0055.
|
|
0030-0040
|
Risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – Priacal margaidh
Risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (b) de Threoir 2013/36/AE.
|
|
0030
|
Suim na suíomh fada agus gearr de risíochtaí leabhair trádála le haghaidh an chur chuige chaighdeánaithe
Suim na nglansuíomhanna fada agus na nglansuíomhanna gearra i gcomhréir le hAirteagal 327 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de neamhchosaintí creidmheasa ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (b), de Threoir 2013/36/AE faoi réir ceanglas cistí dílse faoi Chuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
— risíochtaí ar ionstraimí fiachais seachas urrúsúchán;
— risíochtaí ar shuímh urrúsúcháin sa leabhar trádála;
— risíochtaí ar phunanna trádála comhghaoil;
— risíochtaí ar urrúis chothromais;
— risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta i gcás ina ríomhtar ceanglais chaipitil i gcomhréir le hAirteagal 348 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
Luach risíochtaí leabhair trádála faoi shamhlacha inmheánacha
Maidir le risíochtaí creidmheasa ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (b) de Threoir 2013/36/AE faoi réir ceanglas cistí dílse faoi Chuid a Trí, Teideal IV, Caibidilí 2 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar suim na nithe seo a leanas:
— Luach cóir suíomhanna neamhdhíorthach, lena léirítear risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (b) de Threoir 2013/36/AE, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 104 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
— Luach barúlach díorthach, lena léirítear risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (b) de Threoir 2013/36/AE.
|
|
0055
|
Risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar baincéireachta
Luach na risíochta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (c) de Threoir 2013/36/AE.
|
|
0070-0110
|
Ceanglais cistí dílse agus ualuithe
|
|
0070
|
Ceanglais cistí dílse iomlána le haghaidh CCB
Suim rónna 0080, 0090 agus 0100.
|
|
0080
|
Ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – Priacal creidmheasa
Ceanglais cistí dílse a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 1 go 4 agus Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh risíochtaí ábhartha ar chreidmheas dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (a) de Threoir 2013/36/AE, sa tír lena mbaineann.
Eiseofar ceanglais cistí dílse le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar baincéireachta ón ró seo agus tuairisceofar iad i ró 0100.
8 % den mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal is ea iad na ceanglais cistí dílse a chinntear i gcomhréir le Cuid a Trí Teideal II, Caibidlí 1 go 4 agus Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0090
|
Ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – Priacal margaidh
Ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013le haghaidh riosca sonrach, nó i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le priacal incriminteach mainneachtana agus imirce le haghaidh risíochtaí ábhartha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (b), de Threoir 2013/36/AE, sa tír lena mbaineann.
Áireofar leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ábhartha ar chreidmheas faoin gcreat priacal margaidh, i measc ceanglais eile, na ceanglais cistí dílse le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 348 den Rialachán sin.
|
|
0100
|
Ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ábhartha ar chreidmheas – suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar baincéireachta
Ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le risíochtaí creidmheasa ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (c), de Threoir 2013/36/AE sa tír lena mbaineann.
8 % den mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 is ea iad na ceanglais cistí dílse.
|
|
0110
|
Ualuithe na gceanglas cistí dílse
Déanfar an t-ualú a chuirtear i bhfeidhm ar ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh i ngach tír a ríomh mar chóimheas de cheanglais cistí dílse, arna chinneadh mar seo a leanas:
1. Uimhreoir: Na ceanglais cistí dílse iomlána a bhaineann leis na risíochtaí ábhartha ar chreidmheas sa tír i gceist [r0070; c0010; bileog thíre ],
2. Ainmneoir: Na ceanglais cistí dílse iomlána a bhaineann le gach risíocht ar chreidmheas atá ábhartha chun an maolán frith-thimthriallach dá dtagraítear in Airteagal 140(4) de Threoir 2013/36/AE a ríomh [r0070; c0010; “Iomlán”].
Ní thuairisceofar faisnéis maidir le hualuithe i dtaca le ceanglais cistí dílse le haghaidh “Iomlán” na dtíortha go léir.
|
|
0120-0140
|
Rátaí caipitil maolánaigh fhrith-thimthriallaigh
|
|
0120
|
Ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh arna leagan síos ag an Údarás Tarmligthe
Ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh arna leagan síos don tír i gceist ag Údarás Ainmnithe na tíre sin i gcomhréir le hAirteagail 136, 137, 139, Airteagal 140(2), pointí (a) agus (c) agus Airteagal 140(3), pointe (b) de Threoir 2013/36/AE.
Fágfar an ró bán i gcás nár leag Údarás Ainmnithe na tíre síos aon ráta maolánaigh fhrith-thimthriallaigh le haghaidh na tíre i gceist.
Ní thuairisceofar rátaí an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh ar leag an tÚdarás Ainmnithe síos iad ach nach bhfuil infheidhme go fóill sa tír i gceist ag an dáta tuairiscithe.
Ní thuairisceofar faisnéis maidir le ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh arna leagan síos ag an Údarás Ainmnithe le haghaidh “Iomlán” na dtíortha go léir.
|
|
0130
|
Ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh is infheidhme le haghaidh thír na hinstitiúide
Ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh infheidhme don tír i gceist arna leagan síos ag Údarás Ainmnithe thír chónaithe na hinstitiúide, i gcomhréir le hAirteagail 137, 138, 139, agus Airteagal 140(2) agus pointe (b) Airteagal 140(3), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE. Ní thuairisceofar rátaí an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh nach bhfuil infheidhme go fóill sa tír i gceist ag an dáta tuairiscithe.
Ní thuairisceofar faisnéis maidir le ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh is infheidhme i dtír na hinstitiúide le haghaidh “Iomlán” na dtíortha go léir.
|
|
0140
|
Ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil don institiúid
Ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil d’institiúid, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 140(1) de Threoir 2013/36/AE.
Ríomhfar ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil d’institiúid mar mheánluach ualaithe de na rátaí maolánacha frith-thimthriallacha a bhfuil feidhm leo sna dlínsí ina bhfuil risíochtaí ábhartha na hinstitiúide ar chreidmheas nó ina gcuirtear i bhfeidhm iad chun críocha Airteagal 140 de bhua Airteagal 139, míreanna 2 nó 3 de Threoir 2013/36/AE. Tuairisceofar ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh ábhartha in [r0120; c0020; bileog thíre], nó [r0130; c0020; bileog thíre], de réir mar is infheidhme.
Is é an t-ualú a chuirfear i bhfeidhm ar ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh i ngach tír an scair de cheanglais cistí dílse in iomlán na gceanglas cistí dílse, agus tuairisceofar é in [r0110; c0020; bileog thíre].
Ní thuairisceofar faisnéis maidir le ráta an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil d’institiúid ach amháin le haghaidh “Iomlán” na dtíortha go léir seachas le haghaidh gach tíre ar leith.
|
|
0150 - 0160
|
Úsáid na tairsí 2 %
|
|
0150
|
Úsáid na tairsí 2 % le haghaidh risíocht ghinearálta ar chreidmheas
I gcomhréir le hAirteagal 2(5), pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2014 ón gCoimisiún, risíochtaí ar phriacal ginearálta creidmheasa eachtrach a leithdháileadh ar Bhallstát baile na hinstitiúide, ar risíochtaí iad nach mó a gcomhiomlán ná 2 % de chomhiomlán risíochtaí creidmheasa ghinearálta, risíochtaí leabhair trádála agus risíochtaí urrúsúcháin na hinstitiúide sin. Ríomhfar comhiomlán na risíochtaí creidmheasa ghinearálta, na risíochtaí leabhair trádála agus na risíochtaí urrúsúcháin trí na risíochtaí creidmheasa ginearálta atá lonnaithe i gcomhréir le hAirteagal 2 (5), pointe (a) agus Airteagal 2(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2014 ón gCoimisiún a eisiamh.
Más rud é go n-úsáideann an institiúid an maolú sin, léireoidh sí “y” sa teimpléad don dlínse a chomhfhreagraíonn dá Ballstát baile agus le haghaidh “Iomlán” na dtíortha go léir.
Más rud é nach n-úsáideann institiúid an maolú sin, léireoidh sí “n” sa chill faoi seach.
|
|
0160
|
Úsáid na tairsí 2 % le haghaidh risíocht ar an leabhar trádála
I gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2014 ón gCoimisiún, féadfaidh institiúidí risíochtaí leabhair trádála a leithdháileadh ar a mBallstát baile i gcás nach mó na risíochtaí iomlána leabhair trádála ná 2 % dá risíochtaí iomlána ar chreidmheas ginearálta, risíochtaí leabhair trádála agus risíochtaí ar urrúsú.
Más rud é go n-úsáideann an institiúid an maolú sin, léireoidh sí “y” sa teimpléad don dlínse a chomhfhreagraíonn dá Ballstát baile agus le haghaidh “Iomlán” na dtíortha go léir.
Más rud é nach n-úsáideann institiúid an maolú sin, léireoidh sí “n” sa chill faoi seach.
|
3.5. C 10.01 AGUS C 10.02 – RISÍOCHTAÍ AR CHOTHROMAS FAOIN GCUR CHUIGE BUNAITHE AR RÁTÁLACHA INMHEÁNACHA (CR EQU IRB 1 AGUS CR EQU IRB 2)
3.5.1. Barúlacha ginearálta
92. Dhá theimpléad atá i dteimpléad CR EQU IRB: In CR EQU IRB 1, soláthraítear forbhreathnú ginearálta ar risíochtaí IRB den aicme risíochta ar chothromas agus ar na modhanna éagsúla chun méideanna na risíochta ar phriacal a ríomh. In CR EQU IRB 2, soláthraítear miondealú ar na risíochtaí iomlána a shanntar do ghráid oibleagáideora i gcomhthéacs chur chuige PD/LGD. Tagraíonn “CR EQU IRB” do theimpléid “CR EQU IRB 1” agus “CR EQU IRB 2” araon, de réir mar is infheidhme, sna treoracha seo a leanas.
93. Sa teimpléad RC EQU IRB, cuirtear faisnéis ar fáil maidir le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh priacal creidmheasa (Airteagal 92(3), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le risíochtaí ar chothromas dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 147(2) den Rialachán sin.
94. I gcomhréir le hAirteagal 147(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar na risíochtaí seo a leanas a shannadh don aicme risíochta ar chothromas:
(a)
risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;
(b)
risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).
95. Déanfar gnóthais chomhinfheistíochta a láimhseáiltear i gcomhréir leis an gcur chuige simplí maidir le hualú priacal dá dtagraítear in Airteagal 152(4), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó a ndéileáiltear leo i gcomhréir le cur chuige cúltaca Airteagal 152(6) den Rialachán sin a thuairisciú freisin sa teimpléad EQU IRB de CREQU IRB.
96. I gcomhréir le hAirteagal 151(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, soláthróidh institiúidí teimpléad CR EQU IRB agus ceann de na trí chur chuige dá dtagraítear in Airteagal 155 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á chur i bhfeidhm acu:
—
cur chuige simplí an ualaithe priacal;
—
cur chuige na samhlacha inmheánacha.
I gcomhréir le hAirteagal 155 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as cineálacha éagsúla cur chuige (Cur Chuige Simplí Maidir le hUalú Priacail, Cur Chuige PD/LGD nó Cur Chuige na Samhlacha Inmheánacha) i dtaobh punanna éagsúla nuair a úsáideann siad na cineálacha éagsúla sin cur chuige go hinmheánach.
De bhreis air sin, maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige IRB i bhfeidhm, tuairisceoidh siad freisin i dteimpléad CR EQU IRB méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh na risíochtaí sin ar chothromas lena mbaineann láimhseáil ualaithe priacal sheasta (gan iad a láimhseáil go sainráite i gcomhréir le cur chuige simplí an ualaithe priacal ná páirtúsáid (shealadach nó bhuan) an chur chuige chaighdeánaithe i gcás priacal creidmheasa, áfach), e.g. risíochtaí ar chothromas lena mbaineann ualú priacal 250 % i gcomhréir le hAirteagal 48(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi seach ualú priacal 370 % i gcomhréir le hAirteagal 471(2) EU.
97. Ní thuairisceofar na héilimh seo a leanas ar chothromas i dteimpléad CR EQU IRB:
—
Risíochtaí ar chothromas sa leabhar trádála (i gcás nach bhfuil institiúidí díolmhaithe ó cheanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh suíomhanna leabhair trádála (Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)).
—
Risíochtaí ar chothromas faoi réir pháirtúsáid an chur chuige caighdeánaithe (Airteagal 150 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), lena n-áirítear:
—
Risíochtaí ar chothromas arna marthanú i gcomhréir le hAirteagal 495(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
—
Risíochtaí cothromais ar eintitis a sanntar ualú priacail 0 % dá gcuid oibleagáidí creidmheasa faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, lena n-áirítear na heintitis sin atá urraithe go poiblí i gcás inar féidir ualú priacail 0 % a chur i bhfeidhm (Airteagal 150(1) pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013),
—
Risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn, earnálacha a sholáthraíonn fóirdheontais mhóra le hinfheistiú don institiúid agus lena mbaineann formhaoirseacht rialtais de chineál éigin agus srianta ar na hinfheistíochtaí cothromais (Airteagal 150(1) pointe (h) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013),
—
Risíochtaí ar chothromas ar ghnóthais seirbhísí coimhdeacha a bhféadfaí a méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i gcomhréir leis an gcaoi a láimhseáiltear “sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad” (Airteagal 155(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013),
—
Éilimh ar chothromas arna n-asbhaint ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 46 agus Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
3.5.2. Treoracha maidir le suíomhanna shonracha (infheidhme maidir le CR EQU IRB 1 agus CR EQU IRB 2 araon)
|
Colúin
|
|
0005
|
GRÁD OIBLEAGÁIDEORA (AITHEANTÓIR RÓ)
Sainaitheantóir ró a bheidh sa ghrád oibleagáideora agus beidh sé uathúil le haghaidh gach ró sa teimpléad. Leanfaidh sé ord uimhriúil 1, 2, 3, etc.
|
|
0010
|
SCÁLA RÁTÁLA INMHEÁNACH
PD A SHANNTAR DON GHRÁD NÓ DON CHOMHTHIOMSÚ OIBLEAGÁIDEORA (%)
Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige PD/LGD i bhfeidhm, tuairisceoidh siad i gcolún 0010 an dóchúlacht mainneachtana (PD) a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 165(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Beidh an PD a sannadh don ghrád oibleagáideora nó don chomhthiomsú oibleagáideora atá le tuairisciú i gcomhréir leis na híoscheanglais a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Maidir le gach grád nó comhthiomsú ar leith, tuairisceofar PD a shanntar don ghrád nó don chomhthiomsú oibleagáideora sonrach sin. Déanfar gach paraiméadar priacail arna dtuairisciú a dhíorthú ó na paraiméadair phriacail a úsáidtear sa scála rátála inmheánach arna fhormheas ag an údarás inniúil faoi seach.
Maidir le figiúirí a chomhfhreagraíonn do chomhiomlánú grád nó comhthiomsuithe oibleagáideora (e.g. risíochtaí iomlána), soláthrófar meánluach na PDanna atá ualaithe ó thaobh priacal a shanntar do na gráid nó na comhthiomsuithe oibleagáideora a áirítear sa chomhiomlánú. Breithneofar gach risíocht, lena n-áirítear risíochtaí a mhainnigh, chun críche an meánluach PD atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh. Chun an meánluach PD atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, is é an luach risíochta ina gcuirtear san áireamh cosaint neamhchistithe creidmheasa (colún 0060) a úsáidfear chun críocha ualaithe.
|
|
0020
|
AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Tuairiscíonn institiúidí i gcolún 0020 luach na risíochta tosaigh (roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta). I gcomhréir le hAirteagal 167 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh luach na risíochta i gcás risíochtaí ar chothromas cothrom leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa. Beidh luach na risíochta do risíochtaí ar chothromas lasmuigh den chlár comhardaithe cothrom lena luach ainmniúil tar éis coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa.
Áireoidh institiúidí freisin i gcolún 0020 na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shanntar don aicme risíochta ar chothromas (e.g. “an cion neamhíoctha de scaireanna agus d’urrúis atá páirtíoctha”).
Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige simplí an ualaithe priacal nó an cur chuige PD/LGD (dá dtagraítear in Airteagal 165(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i bhfeidhm, cuirfidh siad san áireamh freisin an fritháireamh dá dtagraítear in Airteagal 155(2), sa dara fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030-0040
|
TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL CREIDMHEASA (CRM) LENA NGABHANN ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA AR AN RISÍOCHT
COSAINT NEAMHCHISTITHE CREIDMHEASA
RÁTHAÍOCHTAÍ
DÍORTHAIGH CHREIDMHEASA
Gan beann ar an gcur chuige a ghlactar chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí ar chothromas, féadfaidh institiúidí cosaint neamhchistithe creidmheasa a fhaightear ar risíochtaí ar chothromas a aithint (Airteagal 155, míreanna 2, 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Ar cholúin 0030 agus 0040 tuairisceoidh institiúidí a fheidhmíonn an Cur Chuige Simplí Maidir le hUalú Priacail nó an Cur Chuige PD/LGD méid na cosanta neamhchistithe creidmheasa i bhfoirm ráthaíochtaí (colún 0030) nó díorthach creidmheasa (colún 0040) a aithnítear i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL CREIDMHEASA (CRM) LENA NGABHANN ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA AR AN RISÍOCHT
IONADÚ NA RISÍOCHTA I nGEALL AR CRM
(-) EIS-SREAFAÍ IOMLÁNA
I gcolún 0050 tuairisceoidh institiúidí an chuid den risíocht tosaigh roimh fhachtóirí coinbhéartaithe atá cumhdaithe ag cosaint neamhchistithe creidmheasa a aithnítear i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
LUACH NA RISÍOCHTA
I gcolún 0060, tuairisceoidh institiúidí a fheidhmíonn an Cur Chuige Simplí Maidir le hUalú Priacail nó an Cur Chuige PD/LGD luach na risíochta, ag cur éifeachtaí ionadaíochta a eascraíonn as cosaint neamhchistithe creidmheasa san áireamh (Airteagal 155, míreanna 2 agus 3 agus Airteagal 167 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
I gcás risíochtaí ar chothromas lasmuigh den chlár comhardaithe, beidh luach na risíochta cothrom leis an luach ainmniúil tar éis coigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa (Airteagal 167 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0061
|
LENA nÁIRÍTEAR: ÍTIMÍ ATÁ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE
Féach treoracha CR-SA
|
|
0070
|
MEÁN UALAITHE NA RISÍOCHTA LGD (%)
Maidir le hinstitiúidí a chuireann an cur chuige PD/LGD i bhfeidhm, tuairisceoidh siad meánluach na LGDanna atá ualaithe ó thaobh priacal a shanntar do na gráid nó na comhthiomsuithe oibleagáideora a áirítear sa chomhiomlánú
Úsáidfear luach na risíochta ina gcuirtear cosaint neamhchistithe creidmheasa (colún 0060) san áireamh chun an meánluach LGD atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh.
Cuirfidh institiúidí Airteagal 165(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 san áireamh.
|
|
0080
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Tuairisceoidh institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal maidir le risíochtaí a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 155 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Mura bhfuil dóthain faisnéise ag institiúidí a chuireann cur chuige PD/LGD i bhfeidhm chun úsáid a bhaint as an sainmhíniú ar mhainneachtain a leagtar amach in Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar fachtóir scálúcháin 1.5 a shannadh do na hualuithe priacal agus méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh (Airteagal 155(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
A mhéis a bhaineann leis an bparaiméadar ionchuir M (Aibíocht) leis an bhfeidhm ualaithe priacail, is ionann an aibíocht a shanntar do risíochtaí ar chothromas agus 5 bliana (Airteagal 165(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0090
|
ÍTIM LE MEABHRÚ: MÉID AN CHAILLTEANAIS IONCHASAIGH
Tuairisceoidh institiúidí i gcolún 0090 méid an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí ar chothromas a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 158, míreanna 4, 7, 8 agus 9 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Rónna
|
|
CR EQU IRB 1 - ró 0020,
|
CUR CHUIGE PD/LGD: IOMLÁN
Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige PD/LGD (Airteagal 155(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i bhfeidhm, tuairisceoidh siad an fhaisnéis is gá i ró 0020 de theimpléad CR EQU IRB 1.
|
|
CR EQU IRB 1 - rónna 0050- 0090
|
CUR CHUIGE SIMPLÍ AN UALAITHE PRIACAL: IOMLÁN
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA FAOI CHUR CHUIGE SIMPLÍ AN UALAITHE PRIACAL DE RÉIR UALUITHE PRIACAL:
Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige simplí an ualaithe priacal (Airteagal 155(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i bhfeidhm, tuairisceoidh siad an fhaisnéis is gá i gcomhréir le saintréithe na risíochtaí foluiteacha i rónna 0050 go 0090.
|
|
CR EQU IRB 1 - ró 0100
|
CUR CHUIGE BUNAITHE AR SHAMHLACHA INMHEÁNACHA
I ró 0100 tuairisceoidh institiúidí a fheidhmíonn Cur Chuige na Samhlacha Inmheánacha (Airteagal 155(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) an fhaisnéis a theastaíonn.
|
|
CR EQU IRB 1 - ró 0110
|
RISÍOCHTAÍ AR CHOTHROMAS FAOI RÉIR UALUITHE PRIACAL
Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige IRB i bhfeidhm, tuairisceoidh siad freisin méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh na risíochtaí sin ar chothromas lena mbaineann láimhseáil ualaithe priacal sheasta (gan iad a láimhseáil go sainráite i gcomhréir le cur chuige simplí an ualaithe priacal ná páirtúsáid (shealadach nó bhuan) an chur chuige chaighdeánaithe le haghaidh priacal creidmheasa, áfach), lena n-áirítear na risíochtaí seo a leanas:
— an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i dtaobh eintitis earnála airgeadais a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 48(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith le
— suíomhanna chothromais a bhfuil ualú priacal 370 % leo i gcomhréir le hAirteagal 471(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar iad i ró 0110.
|
|
CR EQU IRB 1 - ró 0120
|
ÍTIMÍ AFR ATÁ FAOI RÉIR AN CHUR CHUIGE CÚLTACA
Tuairisceofar risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna arna láimhseáil i gcomhréir le cur chuige cúltaca Airteagal 152(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa ró seo.
|
|
CR EQU IRB 2
|
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA FAOIN gCUR CHUIGE PD/LGD DE RÉIR GRÁID OIBLEAGÁIDEORA:
Tuairisceoidh institiúidí a fheidhmíonn an cur chuige PD/LGD (Airteagal 155(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) an fhaisnéis a theastaíonn sa teimpléad CR EQU IRB 2.
Maidir le hinstitiúidí a úsáideann cur chuige PD/LGD a chuireann scála rátála uathúil i bhfeidhm nó ar féidir leo tuairisciú i gcomhréir le máistirscála inmheánach, tuairisceoidh siad in CR EQU IRB 2 na gráid rátála nó na comhthiomsuithe a bhaineann leis an scála rátála uathúil/máistirscála seo. I ngach cás eile, déanfar na scálaí rátála éagsúla a chumasc agus a chur in ord i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: Déanfar gráid oibleagáideora nó comhthiomsuithe de scálaí rátála éagsúla a chomhthiomsú agus a chur in ord ón PD is ísle a shanntar do gach grád oibleagáideora nó comhthiomsú go dtí an PD is airde.
|
3.6. C 11.00 – PRIACAL SOCRAÍOCHTA/SEACHADTA (CR SETT)
3.6.1. Barúlacha ginearálta
99. Leis an teimpléad seo iarrtar faisnéis ar idirbhearta leabhair trádála agus leabhair neamhthrádála araon atá neamhshocraithe tar éis a ndátaí seachadta dlite, agus a gceanglais cistí dílse chomhfhreagracha le haghaidh priacal socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 92(3), Pointe (c) ii) agus Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
100. Tuairisceoidh institiúidí i dteimpléad CR SETT faisnéis ar an bpriacal socraíochta/seachadta i ndáil le hionstraimí fiachais, cothromais, airgeadraí eachtracha agus tráchtearraí atá ina leabhar trádála nó neamhthrádála acu.
101. I gcomhréir le hAirteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, níl idirbhearta athcheannaigh, iasachtú i leith urrús agus tráchtearraí nó iasachtaíocht i leith urrús agus tráchtearraí i dtaca le hionstraimí fiachais, cothromais, airgeadraí eachtracha agus tráchtearraí faoi réir ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal socraíochta/seachadta. Tabhair faoi deara, áfach, go mbeidh díorthaigh agus idirbhearta socraíochta iarchurtha atá neamhshocraithe tar éis a ndátaí seachadta dlite faoi réir ceanglais cistí dílse maidir le priacal socraíochta/seachadta mar a chinntear in Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
102. I gcás idirbhearta neamhshocraithe tar éis an dáta seachadta dhlite, déanfaidh institiúidí an difríocht sna praghsanna ar a bhfuil siad ar ris a ríomh. Is é sin an difríocht idir an praghas socraíochta arna aontú i leith na hionstraime fiachais, an chothromais, an airgeadra eachtraigh nó an tráchtearra atá i gceist agus a luach reatha margaidh, i gcás ina bhféadfadh caillteanas don institiúid a bheith mar thoradh ar an difríocht.
103. Déanfaidh institiúidí an difríocht sin a iolrú faoin bhfachtóir iomchuí d’Airteagal 378, Tábla 1 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha a chinneadh.
104. I gcomhréir le hAirteagal 92(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal socraíochta/seachadta a iolrú faoi 12.5 chun méid na risíochta ar phriacal a ríomh.
105. Tabhair do d'aire nach bhfuil ceanglais cistí dílse, le haghaidh seachadtaí in aisce arna leagadh síos in Airteagal 379 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, laistigh de raon feidhme an teimpléid CR SETT. Tuairisceofar na ceanglais cistí dílse sin sna teimpléid maidir le priacal creidmheasa (CR SA, CR IRB).
3.6.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
IDIRBHEARTA NEAMHSHOCRAITHE AG PRAGHAS SOCRAÍOCHTA
Tuairisceoidh institiúidí na hidirbhearta neamhshocraithe tar éis a ndáta seachadta dlite de réir na bpraghsanna socraíochta aontaithe faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Áireofar gach idirbheart neamhshocraithe sa cholún seo, gan beann ar cibé acu an bhfuil gnóthachan nó caillteanas i gceist leo tar éis an dáta seachadta dlite.
|
|
0020
|
AN RISÍOCHT AR AN DIFRÍOCHT IDIR PRAGHSANNA I nGEALL AR IDIRBHEARTA NEAMHSHOCRAITHE
Tuairisceoidh institiúidí an difríocht sna praghsanna idir an praghas socraíochta arna aontú i leith na hionstraime fiachais, an chothromais, an airgeadra eachtraigh nó an tráchtearra atá i gceist, i gcás ina bhféadfadh caillteanas don institiúid a bheith mar thoradh ar an difríocht, dá dtagraítear in Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní áireofar sa cholún seo ach idirbhearta neamhshocraithe a bhfuil caillteanas i gceist leo tar éis an dáta seachadta dlite.
|
|
0030
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
Tuairisceoidh institiúidí luach na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL SOCRAÍOCHTA
I gcomhréir le hAirteagal 92(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, iolróidh institiúidí a gceanglais cistí dílse arna dtuairisciú i gcolún 0030 faoi 12.5 chun méid na risíochta ar phriacal socraíochta a fháil.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
Idirbhearta neamhshocraithe iomlána sa Leabhar Neamhthrádála
Tuairisceoidh institiúidí faisnéis chomhiomlánaithe maidir le priacal socraíochta/seachadta le haghaidh suíomhanna leabhair trádála (dá dtagraítear in Airteagal 92(3), pointe (c)(ii) agus Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
Tuairisceoidh institiúidí in {r0010;c0010} suim chomhiomlánaithe na n-idirbheart neamhshocraithe tar éis a ndátaí seachadta dlite de réir na bpraghsanna socraíochta aontaithe.
Tuairisceoidh institiúidí in {r0010;c0020} an fhaisnéis chomhiomlánaithe ar an risíocht ar an difríocht idir praghsanna i ngeall ar idirbhearta neamhshocraithe a bhfuil caillteanas i gceist leo.
Tuairisceoidh institiúidí in {r0010;c0030} na ceanglais cistí dílse chomhiomlánaithe a dhíorthaítear ó shuimeáil na gceanglas cistí dílse le haghaidh idirbhearta neamhshocraithe tríd an “difríocht idir praghsanna” a thuairiscítear i gcolún 0020 a iolrú faoin bhfachtóir iomchuí bunaithe ar an líon laethanta oibre tar éis an dáta seachadta dlite (catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 378, Tábla 1de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0020-0060
|
Idirbhearta neamhshocraithe suas le 4 lá (Fachtóir 0 %)
Idirbhearta neamhshocraithe idir 5 lá agus 15 lá (Fachtóir 8 %)
Idirbhearta neamhshocraithe idir 16 agus 30 lá (Fachtóir 50 %)
Idirbhearta neamhshocraithe idir 31 agus 45 lá (Fachtóir 75 %)
Idirbhearta neamhshocraithe le 46 lá nó níos mó (Fachtóir 100 %)
Tuairisceoidh institiúidí i rónna 0020 go 0060 an fhaisnéis maidir le priacal socraíochta/seachadta le haghaidh suíomhanna leabhair neamhthrádála i gcomhréir leis na catagóirí dá dtagraítear i dTábla 1 d’Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní cheanglaítear aon cheanglas cistí dílse maidir le priacal socraíochta/seachadta le haghaidh idirbheart atá neamhshocraithe níos lú ná 5 lá oibre tar éis an dáta socraíochta dlite.
|
|
0070
|
Idirbhearta neamhshocraithe iomlána sa Leabhar Trádála
Tuairisceoidh institiúidí faisnéis chomhiomlánaithe maidir le priacal socraíochta/seachadta le haghaidh suíomhanna leabhair trádála (dá dtagraítear in Airteagal 92(3), pointe (c)(ii) agus Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
Tuairisceoidh institiúidí in {r0070;c0010} suim chomhiomlánaithe na n-idirbheart neamhshocraithe tar éis a ndátaí seachadta dlite de réir na bpraghsanna socraíochta aontaithe.
Tuairisceoidh institiúidí in {r0070;c0020} an fhaisnéis chomhiomlánaithe ar an risíocht ar an difríocht idir praghsanna i ngeall ar idirbhearta neamhshocraithe a bhfuil caillteanas i gceist leo.
Tuairisceoidh institiúidí in {r0070;c0030} na ceanglais cistí dílse chomhiomlánaithe a dhíorthaítear ó shuimeáil na gceanglas cistí dílse le haghaidh idirbhearta neamhshocraithe tríd an “difríocht idir praghsanna” a thuairiscítear i gcolún 0020 a iolrú faoi fhachtóir iomchuí bunaithe ar an líon laethanta oibre tar éis an dáta seachadta dlite (catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 378, Tábla 1 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0080-0120
|
Idirbhearta neamhshocraithe suas le 4 lá (Fachtóir 0 %)
Idirbhearta neamhshocraithe idir 5 lá agus 15 lá (Fachtóir 8 %)
Idirbhearta neamhshocraithe idir 16 agus 30 lá (Fachtóir 50 %)
Idirbhearta neamhshocraithe idir 31 agus 45 lá (Fachtóir 75 %)
Idirbhearta neamhshocraithe le 46 lá nó níos mó (Fachtóir 100 %)
Tuairisceoidh institiúidí i rónna 0080 go 0120 an fhaisnéis maidir le priacal socraíochta/seachadta le haghaidh suíomhanna leabhair trádála i gcomhréir leis na catagóirí dá dtagraítear i dTábla 1 d’Airteagal 378 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní cheanglaítear aon cheanglas cistí dílse maidir le priacal socraíochta/seachadta le haghaidh idirbheart atá neamhshocraithe níos lú ná 5 lá oibre tar éis an dáta socraíochta dlite.
|
3.7. C 13.01 - PRIACAL CREIDMHEASA – URRÚSÚCHÁIN (CR SEC)
3.7.1. Barúlacha ginearálta
106. I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar thionscnóir, beidh an fhaisnéis sa teimpléad seo riachtanach le haghaidh gach urrúsúcháin a n-aithnítear aistriú priacail shuntasaigh ina leith. I gcás ina ngníomhaíonn an institiúid mar infheisteoir, tuairisceofar gach risíocht.
107. Beidh an fhaisnéis le tuairisciú ag brath ar ról na hinstitiúide sa phróiseas urrúsúcháin. Dá réir sin, beidh ítimí tuairiscithe sonracha infheidhme le haghaidh tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí.
108. Baileofar sa teimpléad seo faisnéis chomhpháirteach ar urrúsúcháin thraidisiúnta agus ar urrúsúcháin shintéiseacha araon a shealbhaítear sa leabhar baincéireachta.
3.7.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTAÍ AR URRÚSÚ A TIONSCNAÍODH
Tuairisceoidh institiúidí tionscnóra an méid atá gan íoc ag an dáta tuairiscithe de gach risíocht reatha ar urrúsú a tionscnaíodh san idirbheart urrúsúcháin, gan beann ar an té a shealbhaíonn na suíomhanna. Dá réir sin, tuairisceofar risíochtaí ar urrús laistigh den chlár comhardaithe (e.g. bannaí, iasachtaí fo-ordaithe) chomh maith le risíochtaí agus díorthaigh lasmuigh den chlár comhardaithe (e.g. línte creidmheasa fo-ordaithe, saoráidí leachtachta, babhtálacha rátaí úis, babhtálacha mainneachtana creidmheasa, etc.) a tionscnaíodh san urrúsúchán.
I gcás urrúsúcháin thraidisiúnta i gcás nach bhfuil aon suíomh á shealbhú ag an tionscnóir, ní bhreithneoidh an tionscnóir an t-urrúsúchán sin sa tuairisciú sa teimpléad seo. Chun na críche sin, áireofar le suíomhanna urrúsúcháin atá á sealbhú ag an tionscnóir forálacha i ndáil le luathamúchadh, mar a shainmhínítear in Airteagal 242(16) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, in urrúsúchán risíochtaí imrothlacha.
|
|
0020-0040
|
URRÚSÚCHÁIN SHINTÉISEACHA: COSAINT CREIDMHEASA MAIDIR LEIS NA RISÍOCHTAÍ URRÚSÚCHÁIN
Airteagail 251 agus 252 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní chuirfear neamhréireanna aibíochta san áireamh i luach coigeartaithe na dteicnící um maolú priacal creidmheasa a bhaineann leis an struchtúr urrúsúcháin.
|
|
0020
|
(-) COSAINT CHISTITHE CREIDMHEASA (CVA)
Leagtar síos in Airteagal 223(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an nós imeachta mionsonraithe chun luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir na luaineachta (CVA) a thuairisceofar sa cholún seo.
|
|
0030
|
(-) EIS-SREAFAÍ IOMLÁNA: LUACHANNA COIGEARTAITHE NA COSANTA NEAMHCHISTITHE CREIDMHEASA (G*)
I gcomhréir leis an riail ghinearálta maidir le “hinsreafaí” agus “eis-sreafaí”, beidh na méideanna a thuairisceofar faoin gcolún seo le feiceáil mar “insreafaí” sa teimpléad comhfhreagrach maidir le priacal creidmheasa (CR SA nó CR IRB) agus san aicme risíochta ar a leithdháileann an t-eintiteas tuairiscithe an soláthraí cosanta (i.e. an tríú páirtí chuig a n-aistrítear an tráinse trí bhíthin cosaint neamhchistithe creidmheasa).
Leagtar síos in Airteagal 233(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an nós imeachta chun méid ainmniúil na cosanta creidmheasa (G*) arna choigeartú de réir an phriacail airgeadra eachtraigh a ríomh.
|
|
0040
|
MÉID BARÚLACH NA COSANTA CREIDMHEASA ARNA CHOIMEÁD NÓ ARNA ATHCHEANNACH
Tuairisceofar gach tráinse a coinníodh nó a ceannaíodh ar ais, e.g. suíomhanna céadchaillteanais coinnithe, in éineacht lena méid ainmniúil.
Ní chuirfear san áireamh caolchorrlaigh mhaoirseachta sa chosaint creidmheasa agus méid coinnithe nó athcheannaithe na cosanta creidmheasa á ríomh.
|
|
0050
|
SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN: AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Áireofar sa cholún seo na luachanna risíochta ar shuímh urrúsúcháin atá á sealbhú ag an institiúid tuairiscithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 248, míreanna 1 agus 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa, comhlán na gcoigeartuithe luacha agus forálacha, agus aon lascaine ceannaigh neamh-inaisíoctha a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 248(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus lena n-áirítear comhlán na gcoigeartuithe luacha agus forálacha maidir leis an suíomh urrúsúcháin.
Ní bheidh glanluacháil ábhartha ach amháin i dtaca le hilchonarthaí díorthacha a sholáthraítear don SSPE céanna, a chuimsítear le comhaontú glanluachála incháilithe.
In urrúsúcháin shintéiseacha, is é a bheidh sna suíomhanna arna sealbhú ag an tionscnóir i bhfoirm ítimí laistigh den chlár comhardaithe agus/nó ús infheisteora toradh an chomhiomlánaithe de cholúin 0010 go 0040.
|
|
0060
|
(-) COIGEARTUITHE LUACHA AGUS FORÁLACHA
Airteagal 248 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Maidir le coigeartuithe luacha agus forálacha a thuairisceofar sa cholún seo, ní thagróidh siad ach do shuímh urrúsúcháin amháin. Ní bhreithneofar coigeartuithe luacha i leith risíochtaí urrúsaithe.
|
|
0070
|
RISÍOCHT GLAN AR CHOIGEARTUITHE LUACHA AGUS FORÁLACHA
Áireofar sa cholún seo na luachanna risíochta ar shuímh urrúsúcháin arna ríomh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 248 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, glan ar choigeartuithe luacha agus forálacha, gan fachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm agus lena n-airítear aon lascaine ceannaigh neamh-inaisíoctha maidir leis na risíochtaí urrúsaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 248(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus glan ar choigeartuithe luacha agus forálacha maidir leis an suíomh urrúsúcháin.
|
|
0080-0110
|
TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL CREIDMHEASA (CRM) LENA NGABHANN ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA AR AN RISÍOCHT
Airteagal 4(1), pointe (57), Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 agus Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí sna colúin seo faisnéis ar theicnící um maolú priacal creidmheasa lena laghdaítear priacal creidmheasa risíochta nó risíochtaí trí ionadú risíochtaí (mar a léirítear thíos le haghaidh Insreafaí agus Eis-sreafaí).
Déanfar comhthaobhacht a théann i bhfeidhm ar luach risíochta (e.g. má úsáidtear í le haghaidh teicnící um maolú priacal creidmheasa le héifeachtaí ionadaíochta ar an risíocht) a uasteorannú ag an luach risíochta.
Ítimí le tuairisciú anseo:
1. comhthaobhacht, a chorpraítear i gcomhréir le hAirteagal 222 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais);
2. cosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe.
|
|
0080
|
(-) COSAINT NEAMHCHISTITHE CREIDMHEASA: LUACHANNA COIGEARTAITHE (GA)
Cosaint neamhchistithe creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (59), Airteagail 234 go 236 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0090
|
(-) COSAINT CHISTITHE CREIDMHEASA
Cosaint chistithe creidmheasa mar a shainmhínítear í in Airteagal 4(1), pointe (58) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 249(2) den Rialachán sin agus mar a rialaítear í in Airteagail 195, 197 agus in Airteagal 200 den Rialachán sin.
Is mar chomhthaobhacht in airgead tirim a láimhseálfar nótaí creidmheas-nasctha agus glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagail 218 agus 219 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0100-0110
|
IONADÚ NA RISÍOCHTA I nGEALL AR CRM:
Tuairisceofar freisin insreafaí agus eis-sreafaí laistigh de na haicmí risíochta céanna agus, i gcás inarb ábhartha, ualuithe priacal nó gráid oibleagáideora.
|
|
0100
|
(-) EIS-SREAFAÍ IOMLÁNA
Airteagal 222(3), Airteagal 235, míreanna 1 agus 2 agus Airteagal 236 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Comhfhreagróidh na heis-sreafaí don chuid chumhdaithe den “Risíocht glan ar choigeartuithe luacha agus forálacha” a asbhaintear as aicme risíochta an oibleagáideora agus, i gcás inarb ábhartha, ualú priacal nó grád oibleagáideora, agus a shanntar ina dhiaidh sin d’aicme risíochta agus, i gcás inarb ábhartha, d’ualú priacal nó do ghrád oibleagáideora an tsoláthraí cosanta.
Measfar an méid sin mar Insreabhadh isteach chuig aicme risíochta agus, i gcás inarb ábhartha, chuig ualuithe priacal nó gráid oibleagáideora an tsoláthraí cosanta.
|
|
0110
|
INSREAFAÍ IOMLÁNA
Tuairisceofar mar insreafaí sa cholún seo suíomhanna urrúsúcháin arb urrúis fiachais iad agus a n-úsáidtear iad mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 197(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcás ina n-úsáidtear an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais.
|
|
0120
|
RISÍOCHT GHLAN TAR ÉIS ÉIFEACHTAÍ IONADAÍOCHTA CRM ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA BHFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Áireofar sa cholún seo na risíochtaí a shanntar san ualú priacal comhfhreagrach agus san aicme risíochta chomhfhreagrach tar éis eis-sreafaí agus insreafaí i ngeall ar “Theicnící CRM um maolú priacal creidmheasa lena mbaineann éifeachtaí ionadaíochta ar an risíocht” a chur san áireamh.
|
|
0130
|
(-) TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL CREIDMHEASA A DHÉANANN DIFEAR DO MHÉID NA RISÍOCHTA: LUACH COIGEARTAITHE NA COSANTA CISTITHE CREIDMHEASA, MODH CUIMSITHEACH COMHTHAOBHACH AIRGEADAIS (CVAM)
Airteagail 223 go 228 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Áirítear sa mhéid a thuairiscítear freisin nótaí creidmheas-nasctha (Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0140
|
LUACH NA RISÍOCHTA LÁNCHOIGEARTAITHE (E*)
Luach neamhchosanta suíomhanna urrúsúcháin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 248 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach gan na fachtóirí coinbhéartachta a leagtar síos in Airteagal 248(1), pointe (b) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm
|
|
0150
|
LENA nÁIRÍTEAR: FAOI RÉIR CCF 0 %
Airteagal 248(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I ndáil leis an méid sin, sainítear fachtóir coinbhéartachta in Airteagal 4(1), pointe (56) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Chun críocha tuairiscithe, tuairisceofar luachanna na risíochta lánchoigeartaithe (E*) le haghaidh fhachtóir coinbhéartachta 0 %.
|
|
0160
|
(-) LASCAINE CEANNAIGH NEAMH-INAISÍOCTHA
I gcomhréir le hAirteagal 248(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid tionscnóra aon lascaine ceannaigh neamh-inaisíoctha atá nasctha le risíochtaí foluiteacha den sórt sin a mhéid a bhfuil a gcistí dílse laghdaithe acu a asbhaint as luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin a bhfuil ualú priacal 1 250 % sannta dó.
|
|
0170
|
(-) COIGEARTUITHE SONRACHA AR PHRIACAL CREIDMHEASA AR RISÍOCHTAÍ FOLUITEACHA
I gcomhréir le hAirteagal 248(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid tionscnóra méid na gcoigeartuithe i leith na bpriacal creidmheasa sonrach maidir leis na risíochtaí foluiteacha a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a asbhaint as luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin a bhfuil ualú priacal 1 250 % sannta dó nó a asbhaintear de Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
|
|
0180
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0190
|
(-) LUACH RISÍOCHTA ASBHAINTE AS CISTÍ DÍLSE
I gcomhréir le hAirteagal 244(1), pointe (b), Airteagal 245(1),pointe (b) agus Airteagal 253(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás suíomh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacal 1 250 % i bhfeidhm ina leith, féadfaidh institiúidí luach risíochta an tSuíomhannaa asbhaint as cistí dílse mar mhalairt ar an suíomh a áireamh le linn dóibh méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a ríomh.
|
|
0200
|
LUACH RISÍOCHTA FAOI RÉIR UALUITHE PRIACAL
Luach risíochta lúide an luach risíochta arna asbhaint as cistí dílse.
|
|
0210
|
SEC-IRBA
Airteagal 254(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0220-0260
|
MIONDEALÚ DE RÉIR BANDAÍ RW
Risíochtaí SEC-IRBA arna miondealú de réir bandaí ualaithe priacail.
|
|
0270
|
LENA nÁIRÍTEAR: A RÍOMHTAR FAOI AIRTEAGAL 255(4) (EARRAÍ INFHAIGHTE CEANNAITHE)
Airteagal 255(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Chun críocha an cholúin seo, láimhseálfar risíochtaí miondíola amhail earraí infhaighte miondíola ceannaithe agus láimhseálfar risíochtaí neamh-mhiondíola mar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe.
|
|
0280
|
SEC-SA
Airteagal 254(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0290-0340
|
MIONDEALÚ DE RÉIR BANDAÍ RW
Risíochtaí SEC-SA arna miondealú de réir bandaí ualaithe priacail.
I gcás RW = 1 250 % (ní heol W), sonraítear in Airteagal 261(2), pointe (b) an ceathrú mír de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go mbeidh ualú priacal 1 250 % leis an suíomh san urrúsúchán i gcás nach eol don institiúid stádas faillí níos mó ná 5 % de na risíochtaí foluiteacha sa chomhthiomsú.
|
|
0350
|
SEC-ERBA
Airteagal 254(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0360-0570
|
MIONDEALÚ DE RÉIR CÉIMEANNA CÁILÍOCHTA CREIDMHEASA (CÉIMEANNA CÁILÍOCHTA CREIDMHEASA GEARRTHÉARMACHA/FADTÉARMACHA)
Airteagal 263 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Maidir le suíomhanna urrúsúcháin SEC-ERBA lena mbaineann rátáil bunaithe ar thátal dá dtagraítear in Airteagal 254(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar iad mar shuímh a mbaineann rátáil leo.
Maidir le luachanna risíochta atá faoi réir ualuithe priacal, déanfar iad a mhiondealú de réir céimeanna cáilíochta creidmheasa gearrthéarmacha agus fadtéarmacha mar a leagtar síos in Airteagal 263, Táblaí 1 agus 2 agus in Airteagal 264, Táblaí 3 agus Tábla 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0580-0630
|
MIONDEALÚ DE RÉIR CÚISE MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM SEC-ERBA
Maidir le gach suíomh urrúsúcháin, breithneoidh institiúidí ceann amháin de na roghanna seo a leanas i gcolúin 0580-0620.
|
|
0580
|
IASACHTAÍ GLUAISTEÁIN, LÉASANNA GLUAISTEÁN AGUS LÉASANNA TREALAIMH
Airteagal 254(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar sa cholún seo gach iasacht le haghaidh gluaisteáin, léas le haghaidh gluaisteáin agus léas le haghaidh trealaimh, fiú más rud é go gcáilíonn siad le haghaidh Airteagal 254(2), pointe (a) nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0590
|
ROGHA SEC-ERBA
Airteagal 254(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0600
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR AIRTEAGAL 254(2), POINTE (a), DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 254(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0610
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR AIRTEAGAL 254(2), POINTE (b), DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 254(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0620
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR AIRTEAGAIL 254(4) AGUS AIRTEAGAL 258(2) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013
Suíomhanna urrúsúcháin faoi réir SEC-ERBA, i gcás inar chuir na húdaráis inniúla bac ar chur i bhfeidhm SEC-IRBA nó SEC-SA i gcomhréir le hAirteagal 254(4) nó Airteagal 258(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0630
|
AG LEANÚINT ORDLATHAS na gCUR CHUIGE
Suíomhanna urrúsúcháin ina gcuirtear SEC-ERBA chun feidhme tríd an ordlathas cur chuige a leagtar síos in Airteagal 254(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leanúint
|
|
0640
|
CUR CHUIGE BUNAITHE AR MHEASÚNÚ INMHEÁNACH
Airteagal 254(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le “Cur chuige an mheasúnaithe inmheánaigh” (IAA) le haghaidh suíomhanna i gcláir ABCP
|
|
0650-0690
|
MIONDEALÚ DE RÉIR BANDAÍ RW
Risíochtaí chur chuige an mheasúnaithe inmheánaigh arna miondealú de réir bandaí ualaithe priacail
|
|
0695
|
LÁIMHSEÁIL SHONRACH Le hAGHAIDH TRÁINSÍ SINSEARACHA D’URRÚSUITHE RISÍOCHTAÍ NEAMHTHUILLMHEACHA (NPE) CÁILITHEACHA
Airteagal 269a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0700
|
EILE (RW=1 250 %)
I gcás nach gcuirtear aon cheann de na cuir chuige thuas i bhfeidhm, sannfar ualú priacal 1 250 % do shuíomhanna urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 254(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0710-0860
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Méid iomlán na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3 de Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, roimh choigeartuithe mar thoradh ar neamhréireanna aibíochta nó sárú ar na forálacha maidir le dícheall cuí, agus gan aon mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a chomhfhreagraíonn do risíochtaí arna n-athdháileadh trí eis-sreabha ar theimpléad eile a chur san áireamh.
|
|
0840
|
IAA: MEÁNUALACH PRIACAL (%)
Tuairisceofar sa cholún seo na meánualuithe priacal atá ualaithe ó thaobh risíochta de na suíomhanna urrúsúcháin.
|
|
0860
|
RWEA AR A bhFUIL: URRÚSÚCHÁIN SHINTÉISEACHA
Maidir le hurrúsúcháin shintéiseacha lena mbaineann neamhréireanna aibíochta, déanfar neamhaird sa mhéid a thuairisceofar sa cholún seo d’aon neamhréir aibíochta.
|
|
0870
|
COIGEARTÚ AR AN MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL I nGEALL AR NEAMHRÉIREACHA AIBÍOCHTA
Áireofar neamhréireanna aibíochta in urrúsúcháin shintéiseacha RW*-RW(SP), mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 252 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach amháin i gcás tráinsí faoi réir ualú priacal 1 250 % inarb é nialas an méid a thuairisceofar. Ní hamháin go n-áireofar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a thuairiscítear faoi cholún 0650 le RW(SP), ach áireofar freisin na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a chomhfhreagraíonn do risíochtaí a leithdháiltear trí eis-sreafaí chuig teimpléid eile.
|
|
0880
|
ÉIFEACHT FHORIOMLÁN (COIGEARTÚ) I nGEALL AR SHÁRÚ CHAIBIDIL 2 DE RIALACHÁN (AE) 2017/2402 (1)
I gcomhréir le hAirteagal 270a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nuair nach gcomhlíonann an institiúid ceanglais áirithe, forchuirfidh údaráis inniúla ualú priacal breise comhréireach nach lú ná 250 % den ualú priacal (agus tairseach 1 250 % leis) a mbeadh feidhm aige maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin ábhartha faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0890
|
ROIMH CHAIDHP
Méid iomlán na risíochta atá ualaithe ó thaobh riosca arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sula gcuirfear i bhfeidhm na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 267 agus Airteagal 268 den Rialachán sin nó i gcás urrúsuithe risíochta neamhthuillmheacha traidisiúnta cáilitheacha sula gcuirfear Airteagal 269a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm.
|
|
0900
|
(-) LAGHDÚ I nGEALL AR AN gCAIDHP AR UALÚ PRIACAL
I gcomhréir le hAirteagal 267 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid, a bhfuil comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha ar eolas aici an t-am ar fad, ualú priacal uasta a shannadh don suíomh urrúsúcháin sinsearach atá cothrom leis an meánualú priacal atá ualaithe ó thaobh risíochta a bheadh infheidhme maidir leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nach ndearnadh na risíochtaí foluiteacha sin a urrúsú. I gcás urrúsuithe traidisiúnta neamhthuillmheacha cáilitheacha, cuirfear Airteagal 269a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus go háirithe mír (6) agus (7) de, i bhfeidhm.
|
|
0910
|
(-) LAGHDÚ I nGEALL AR AN gCAIDHP FORIOMLÁN
I gcomhréir le hAirteagal 268 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid tionscnóra, institiúid is urraitheoir nó institiúid eile a úsáideann SEC-IRBA, nó institiúid tionscnóra nó institiúid is urraitheoir a úsáideann SEC-SA nó SEC-ERBA, ceanglas caipitil uasta a chur i bhfeidhm le haghaidh an tSuíomhannaurrúsúcháin a shealbhaíonn sí atá cothrom leis na ceanglais chaipitil a ríomhfaí faoi Chaibidlí 2 nó 3 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis na risíochtaí forluiteacha amhail is nach ndearnadh iad a urrúsú. I gcás urrúsuithe traidisiúnta neamhthuillmheacha cáilitheacha, cuirfear Airteagal 269a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus go háirithe mír (5) agus mír (7) de, i bhfeidhm.
|
|
0920
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Méid iomlán na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus an t-ualú iomlán priacail mar atá sonraithe in Airteagal 247(6) den Rialachán sin á chur san áireamh.
|
|
0930
|
ÍTIM LE MEABHRÚ: MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL A CHOMHFHREAGRAÍONN DO NA hEIS-SREAFAÍ Ó URRÚSÚCHÁIN AR AICMÍ RISÍOCHTA EILE
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a eascraíonn ó risíochtaí a athdháiltear ar sholáthraí an mhaolaitheora priacail, agus a ríomhtar dá bhrí sin sa teimpléad comhfhreagrach, a bhreithnítear agus an chaidhp á ríomh le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin.
|
(1)
Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
|
109. Déantar an teimpléad a roinnt ina thrí bhloc mhóra de rónna lena mbailítear sonraí ar na risíochtaí a thionscnaíonn / a urraíonn / a choinníonn nó a cheannaíonn tionscnóirí, infheisteoirí agus urraitheoirí. Le haghaidh gach ceann díobh, déanfar an fhaisnéis a mhiondealú de réir ítimí laistigh den chlár comhardaithe agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe agus de réir na ndíorthach, agus chomh maith leis sin, má tá an fhaisnéis faoi réir láimhseáil dhifreáilte caipitil nó nach bhfuil.
110. Maidir le suíomhanna a dhéantar a láimhseáil i gcomhréir le suíomhanna SEC-ERBA agus na suíomhanna gan rátáil (risíochtaí an dáta tuairiscithe), déanfar iad a mhiondealú i gcomhréir leis na céimeanna cáilíochta creidmheasa a chuirtear i bhfeidhm dáta an tionscanta (bloc deireanach rónna). Tuairisceoidh tionscnóirí agus urraitheoirí, chomh maith le hinfheisteoirí, an fhaisnéis sin.
|
Rónna
|
|
0010
|
RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA
Tagraíonn risíochtaí iomlána don mhéid iomlán urrúsúchán agus athurrúsúchán gan íoc. Tugtar achoimre leis an ró seo ar an bhfaisnéis uile a thuairiscíonn tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí i rónna dá éis sin.
|
|
0020
|
SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin gan íoc, mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1), pointe (62) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nach ath-urrúsúcháin iad mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1), pointe (63), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030
|
URRÚSÚCHÁN A CHÁILÍONN DON LÁIMHSEÁIL DHIFREÁILTE CAIPITIL
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin lena gcomhlíontar critéir Airteagail 243, 270 nó 494c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a cháilíonn dá bhrí sin don láimhseáil dhifreáilte caipitil.
|
|
0040
|
RISÍOCHTAÍ IN URRÚSUITHE TRAIDISIÚNTA STS ABCP AGUS NEAMH-ABCP
Méid iomlán na suíomh urrúsúcháin STC lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 243 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
SUÍOMH SINSEARACH MARTHANAITHE IN URRÚSÚCHÁIN SHINTÉISEACHA FBManna
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin sinsearach marthanachta in FBManna lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 494c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0051
|
SUÍOMHANNA SINSEARACHA IN URRÚSUITHE STS LAISTIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin sinsearacha in urrúsuithe STC laistigh den chlár comhardaithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 270 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060, 0120, 0170, 0240, 0290, 0360 agus 0410
|
NACH gCÁILÍONN DON LÁIMHSEÁIL DHIFREÁILTE CAIPITIL
Airteagal 254, míreanna 1, 4, 5 agus 6 agus Airteagail 259, 261, 263, 265, 266 agus 269 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méid iomlán na suíomh urrúsúcháin nach gcáilíonn don láimhseáil dhifreáilte caipitil.
|
|
0070, 0190, 0310 agus 0430
|
SUÍOMHANNA ATHURRÚSÚCHÁIN
Méid iomlán na suíomhanna ath-urrúsuithe gan íoc mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (64), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0080
|
TIONSCNÓIR: RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA
Tugtar achoimre leis an ró seo ar fhaisnéis ar ítimí laistigh den chlár comhardaithe agus ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe agus ar dhíorthaigh na suíomh urrúsúcháin agus athurrúsúcháin sin dá n-imríonn an institiúid ról an tionscnóra, mar a shainmhínítear i b d’Airteagal 4(1), pointe (13) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0090-0136, 0210-0250 agus 0330-0370
|
SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN: ÍTIMÍ ATÁ AR AN gCLÁR COMHARDAITHE
I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 248(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é a bheidh i luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná a luach de réir na leabhar a bheidh fágtha tar éis aon choigeartú ábhartha sonrach i leith aon phriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm ar an suíomh urrúsúcháin, ar coigeartuithe iad a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar ítimí laistigh den chlár comhardaithe a mhiondealú chun faisnéis a ghabháil maidir le cur i bhfeidhm na láimhseála difreáilte caipitil, dá dtagraítear in Airteagal 243 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i rónna 0100 agus 0120 agus ar mhéid iomlán na suíomh urrúsúcháin sinsearach, mar a shainmhínítear in Airteagal 242(6) den Rialachán sin, i rónna 0110 agus 0130.
|
|
0100, 0220 agus 0340
|
URRÚSÚCHÁN A CHÁILÍONN DON LÁIMHSEÁIL DHIFREÁILTE CAIPITIL
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin lena gcomhlíontar critéir Airteagail 243 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a cháilíonn dá bhrí sin don láimhseáil dhifreáilte caipitil.
|
|
0110, 0131, 0134, 0160, 0180, 0230, 0251, 0254, 0280, 0300, 0350, 0371, 0374 0400 agus 0420
|
LENA nÁIRÍTEAR: RISÍOCHTAÍ SINSEARACHA
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin sinsearacha mar a shainmhínítear in Airteagal 242(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0121, 0241 agus 0361
|
RISÍOCHTAÍ IN URRÚSUITHE NEAMH-NPE
Méid iomlán na risíochtaí nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 269a (1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0133, 0253 agus 0373
|
RISÍOCHTAÍ IN URRÚSUITHE NEAMHTHUILLMHEACHA
Méid iomlán na risíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 269ú (1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0134, 0254 agus 0374
|
LENA nÁIRÍTEAR: RISÍOCHTAÍ SINSEARACHA IN URRÚSUITHE NEAMHTHUILLMHEACHA TRAIDISIÚNTA CÁILITHEACHA
Méid iomlán na risíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 269a (1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0135, 0255 agus 0375
|
LENA nÁIRÍTEAR: RISÍOCHTAÍ SINSEARACHA IN URRÚSUITHE NEAMHTHUILLMHEACHA TRAIDISIÚNTA NEAMHCHÁILITHEACHA
Méid iomlán na risíochtaí nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 269a (1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0136, 0256 agus 0376
|
LENA nÁIRÍTEAR: RISÍOCHTAÍ NEAMHSHINSEARACHA IN URRÚSUITHE NEAMHCHOSANTA NEAMHTHRAIDISIÚNTA CÁILITHEACHA
Méid iomlán na risíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 269a (1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 269a (1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0140-0180, 0260-0300 agus 0380-0420
|
SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN: ÍTIMÍ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE AGUS DÍORTHAIGH
Leis na rónna seo déanfar faisnéis a bhailiú ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe agus ar dhíorthaigh de shuímh urrúsúcháin faoi réir fachtóir coinbhéartachta faoin gcreat urrúsaithe. Beidh luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe cothrom lena luach ainmniúil, lúide aon choigeartú sonrach ar phriacal creidmheasa an tSuíomhannaurrúsúcháin sin, iolraithe faoi fhachtóir coinbhéartachta 100 % mura sonraítear a mhalairt.
Maidir le suíomhanna urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe a thagann ó ionstraim dhíorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar iad a chinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar luach na risíochta ar rphriacal creidmheasa an chontrapháirtí i gcás ionstraime díorthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás saoráidí leachtachta, saoráidí creidmheasa agus airleacain airgid seirbhíseoirí, soláthróidh institiúidí an méid neamhtharraingthe.
I gcás babhtálacha rátaí úis agus airgeadra, soláthrófar luach na risíochta (a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 248(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
Déanfar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe agus díorthaigh a mhiondealú chun faisnéis a ghabháil maidir le cur i bhfeidhm na láimhseála difreáilte caipitil, dá dtagraítear in Airteagal 270 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i rónna 0150 agus 0170 agus ar mhéid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin sinsearach, mar a shainmhínítear in Airteagal 242(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i rónna 0160 agus 0180. Beidh feidhm ag na tagairtí dlí céanna agus a bheidh maidir le rónna 0100 go dtí 0130.
|
|
0150, 0270 agus 0390
|
URRÚSÚCHÁN A CHÁILÍONN DON LÁIMHSEÁIL DHIFREÁILTE CAIPITIL
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin lena gcomhlíontar critéir Airteagail 243 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó, i gcás tionscnóirí amháin, Airteagal 270 nó Airteagal 494c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a cháilíonn dá bhrí sin don láimhseáil dhifreáilte caipitil.
|
|
0200
|
INFHEISTEOIR: RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA
Tugtar achoimre leis an ró seo ar fhaisnéis ar ítimí laistigh den chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus ar dhíorthaigh na suíomh urrúsúcháin agus athurrúsúcháin sin dá n-imríonn an institiúid ról an infheisteora.
Chun críocha an teimpléid seo, tuigfear gurb ionann infheisteoir agus institiúid ag a bhfuil suíomh urrúsúcháin in idirbheart urrúsúcháin nach bhfuil sí ina tionscnóir ná ina hurraitheoir dó.
|
|
0320
|
URRAITHEOIR: RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA
Tugtar achoimre leis an ró seo ar fhaisnéis ar ítimí laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus ar dhíorthaigh na suíomhanna urrúsúcháin agus athurrúsúcháin sin dá n-imríonn an institiúid ról an urraitheora, mar a shainmhínítear i Airteagal 4(1) pointe (14) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Má tá urraitheoir ag urrúsú a shócmhainní féin freisin, líonfaidh sé isteach rónna an tionscnóra leis an bhfaisnéis maidir lena shócmhainní urrúsaithe féin.
|
|
0440-0670
|
MIONDEALÚ AR SHUÍMH GAN ÍOC DE RÉIR CQS AR DHÁTA AN TIONSCANTA
Déantar faisnéis a bhailiú leis na rónna seo ar shuímh gan íoc (an dáta tuairiscithe) dá cinneadh céim cáilíochta creidmheasa (mar a leagtar síos in Airteagal 263, Táblaí 1 agus 2 agus in Airteagal 264, Táblaí 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) ar dháta an túsphointe (an tionscanta). Le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin a dhéantar a láimhseáil faoi IAA, is é an ceann tráth a sannadh rátáil IAA den chéad uair a bheidh i gceist le CQS. In éagmais na faisnéise sin, is iad na sonraí is luaithe dá bhfuil le fáil atá coibhéiseach le CQS a thuairisceofar.
Ní thuairisceofar na rónna sin ach amháin le haghaidh na gcolún 0180-0210, 0280, 0350-0640, 0700-0720, 0740, 0760-0830 agus 0850.
|
3.8. FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR URRÚSÚCHÁIN (SONRAÍ SEC)
3.8.1. Raon feidhme theimpléad SONRAÍ SEC
111. Leis na teimpléid sin, déantar faisnéis a bhailiú ar bhonn idirbheart (seachas an fhaisnéis chomhiomlán a thuairiscítear i dteimpléid CR SEC, MKR SA SEC, MKR SA CTP, CA1 agus CA2) ar na hurrúsúcháin uile ina bhfuil an institiúid tuairiscithe páirteach. Tuairisceofar príomhghnéithe gach urrúsúcháin, amhail cineál an chomhthiomsaithe fholuitigh agus na ceanglais cistí dílse.
112. Táthar le tuairisciú le haghaidh na dteimpléad seo:
a.
Urrúsúcháin a thionscnaíonn / a urraíonn an institiúid tuairiscithe, lena n-áirítear cásanna nach bhfuil aon suíomh san urrúsúchán ina seilbh aici. I gcásanna ina bhfuil suíomh amháin ar a laghad á shealbhú ag institiúidí san urrúsúchán, is cuma má tharla aistriú priacail shuntasaigh nó nár tharla, tuairisceoidh institiúidí faisnéis ar na suíomhanna uile a shealbhaíonn siad (cibé acu sa leabhar baincéireachta nó sa leabhar trádála). Áirítear leis na suíomhanna a shealbhaítear na suíomhanna sin a choinnítear i ngeall ar Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402 agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 43(6) den Rialachán sin, Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa leagan sin is infheidhme an 31 Nollaig 2018.
b.
Urrúsúcháin, arb iad dliteanais airgeadais a eisíonn an institiúid tuairiscithe ar dtús agus a bhfaightear (cuid díobh) le meán urrúsúcháin, nithe foluiteacha na n-urrúsúchán sin sa deireadh. D’fhéadfadh bannaí faoi chumhdach nó dliteanais eile a bheith san áireamh sna nithe foluiteacha sin agus sainaithneofar amhlaidh iad i gcolún 0160.
c.
Suíomhanna a choinnítear in urrúsúcháin i gcás nach bhfuil an institiúid tuairiscithe ina tionscnóir ná ina hurraitheoir (i.e. infheisteoirí agus iasachtóirí bunaidh).
Ní dhéanfar teimpléad C 14.01 a thuairisciú ach amháin do na suíomhanna urrúsúcháin sin a láimhseáiltear faoin gcreat urrúsúcháin.
113. Beidh na teimpléid sin le tuairisciú ag grúpaí comhdhlúite agus ag institiúidí neamhspleácha (
8
) atá lonnaithe sa tír chéanna mar a bhfuil siad faoi réir ceanglais cistí dílse. I gcás urrúsúchán ina bhfuil breis agus aon eintiteas amháin den ghrúpa comhdhlúite céanna páirteach, soláthrófar miondealú na mionsonraí de réir gach eintitis.
114. Mar gheall ar Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402, lena suitear go bhfaighidh institiúidí, a infheistíonn i suíomhanna urrúsúcháin, méid mór faisnéise orthu chun ceanglais maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh, cuirfear raon feidhme tuairiscithe an teimpléid i bhfeidhm go feadh méid áirithe maidir le hinfheisteoirí. Tuairisceoidh siad go háirithe colúin 0010-0040; 0070-0110; 0160; 0190; 0290-0300; 0310-0470.
115. Maidir le hinfheisteoirí ag a bhfuil ról na n-infheisteoirí bunaidh (nach bhfeidhmíonn ról na dtionscnóirí ná ról na n-urraitheoirí san urrúsúchán céanna freisin), tuairisceoidh siad an méid céanna den teimpléad i gcoitinne agus a thuairisceoidh infheisteoirí.
3.8.2 Miondealú ar theimpléad SONRAÍ SEC
116. Tá dhá theimpléad i gceist le SONRAÍ SEC. Tá forléargas ginearálta ar na hurrúsuithe le fáil in SEC DETAILS. In SEC DETAILS 2 tugtar miondealú ar na suíomhanna urrúsúcháin atá faoi réir ceanglas cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de réir cur chuige a chuirtear i bhfeidhm.
117. Ní dhéanfar suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar trádála a thuairisciú ach amháin i gcolúin 0010-0020, 0420, 0430, 0431, 0432, 0440 agus 0450-0470. Le haghaidh na gcolún 0420, 0430 agus 0440, cuirfidh institiúidí san áireamh RW a chomhfhreagraíonn don cheanglas cistí dílse a bhaineann leis an nglansuíomh.
3.8.3 C 14.00 – Faisnéis mhionsonraithe ar urrúsúcháin (SONRAÍ SEC)
|
Colúin
|
|
0010
|
CÓD INMHEÁNACH
Cód inmheánach (alfa-uimhriúil) a úsáideann an institiúid chun an t-urrúsúchán a shainaithint
Déanfar an cód inmheánach a chomhcheangal le haitheantóir an idirbhirt urrúsúcháin.
|
|
0020
|
AITHEANTÓIR AN URRÚSAITHE
Cód a úsáidtear chun an t-idirbheart urrúsúcháin a chlárú go dlíthiúil nó, mura bhfuil sé le fáil, an t-ainm a thugtar ar an idirbheart urrúsúcháin sa mhargadh, nó laistigh den institiúid i gcás urrúsúchán inmheánach nó príobháideach
I gcás ina mbeidh an Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta – ISIN – le fáil (i.e. le haghaidh idirbhearta poiblí), déanfar na carachtair is coiteann do gach tráinse den urrúsúchán a thuairisciú sa cholún sin.
|
|
0021
|
URRÚSÚCHÁN INGHRÚPA, PRÍOBHÁIDEACH NÓ POIBLÍ?
Sainaithnítear sa cholún seo cibé acu an urrúsúchán inghrúpa, príobháideach nó poiblí é an t-urrúsúchán.
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin díobh seo a leanas:
— Láithriú príobháideach;
|
|
0110
|
RÓL NA hINSTITIÚIDE (TIONSCNÓIR/URRAITHEOIR/IASACHTÓIR BUNAIDH/INFHEISTEOIR BUNAIDH)
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin díobh seo a leanas:
Tionscnóir mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1), pointe (13) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Urraitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (14), den Rialachán sin. Maidir le hinfheisteoirí, glactar leis gurb iad sin na hinstitiúidí a bhfuil feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 maidir leo. I gcás inarb infheidhme Airteagal 43(5) de Rialachán (AE) 2017/2402, beidh feidhm ag Airteagail 406 agus 407 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa leagan is infheidhme an 31 Nollaig 2018.
|
|
0030
|
AITHEANTÓIR AN TIONSCNÓRA
Is é an cód LEI is infheidhme maidir leis an tionscnóir, nó, mura bhfuil sé le fáil, an cód a thugann an t-údarás maoirseachta don tionscnóir nó, mura bhfuil sé sin le fáil, is é ainm na hinstitiúide féin a thuairisceofar sa cholún seo.
I gcás urrúsúcháin ildíoltóirí ina bhfuil an institiúid tuairiscithe páirteach mar thionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh, soláthróidh an institiúid tuairiscithe aitheantóir na n-eintiteas uile laistigh dá grúpa comhdhlúite atá páirteach (mar thionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh) san idirbheart. Mura bhfuil an cód le fáil nó murab eol an cód don institiúid tuairiscithe, tuairisceofar ainm na hinstitiúide.
I gcás urrúsúcháin ildíoltóirí ina bhfuil suíomh ag an institiúid tuairiscithe san urrúsúchán mar infheisteoir, soláthróidh an institiúid tuairiscithe aitheantóir na dtionscnóirí difriúla uile atá páirteach san urrúsúchán, nó mura bhfuil sé sin le fáil, ainmneacha na dtionscnóirí difriúla. I gcás nach eol na hainmneacha don institiúid tuairiscithe, tuairisceoidh an institiúid tuairiscithe gur urrúsúchán “ildíoltóra” é an t-urrúsúchán.
|
|
0040
|
CINEÁL URRÚSÚCHÁIN
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin díobh seo a leanas:
— Urrúsuithe traidisiúnta seachas urrúsuithe neamhthuillmheacha;
— Urrúsuithe neamhthuillmheacha neamhcháilitheacha;
— Urrúsuithe neamhthuillmheacha cáilitheacha;
— Idirbheart sintéiseach;
Soláthraítear na sainmhínithe ar “Clár Páipéar Tráchtála Sócmhainn-Bhunaithe”, “Idirbheart Páipéar Tráchtála Sócmhainn-Bhunaithe”, “urrúsúchán traidisiúnta” agus “urrúsúchán sintéiseach” in Airteagal 242, pointí (11) go (14) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Tugtar na sainmhínithe ar “urrúsuithe neamhthuillmheacha cáilitheacha traidisiúnta” agus “urrúsuithe neamhthuillmheacha” in Airteagal 269a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0051
|
LÁIMHSEÁIL CUNTASAÍOCHTA: COINNÍTEAR RISÍOCHTAÍ URRÚSÚCHÁIN AR AN gCLÁR COMHARDAITHE NÓ BAINTEAR IAD?
Tuairisceoidh institiúidí mar thionscnóirí, urraitheoirí agus iasachtóirí bunaidh ceann amháin díobh seo a leanas:
— “K – a choinnítear ina iomláine”, má aithnaítear fós na risíochtaí urrúsaithe ina n-iomláine;
— “P – a bhaint go páirteach”, má dhéantar risíochtaí urrúsúcháin a dhí-aithint go páirteach;
— “R – a baineadh ar fad”, má dhéantar risíochtaí urrúsúcháin a dhí-aithint ina n-iomláine;
— “N – Níl feidhme aige”, mura bhfuil feidhme aige.
Tugtar achoimre sa cholún seo ar láimhseáil an idirbhirt ó thaobh na cuntasaíochta de. Ní dhéanfaidh aistriú priacail shuntasaigh (SRT) faoi Airteagail 244 agus 245 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 difear do láimhseáil an idirbhirt ó thaobh na cuntasaíochta faoin gcreat cuntasaíochta ábhartha.
I gcás urrúsúcháin dliteanas, ní thuairisceoidh tionscnóirí an colún seo.
Tuairisceofar Rogha “P” (páirt-bhainte) i gcás ina n-aithnítear na sócmhainní urrúsaithe sa chlár comhardaithe a mhéid a bheidh an t-eintiteas tuairiscithe ag leanúint de bheith páirteach i gcomhréir le IFRS 9.3.2.16 – 3.2.21.
|
|
0060
|
LÁIMHSEÁIL SÓCMHAINNEACHTA: SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN FAOI RÉIR CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE?
Airteagail 109, 244 agus 245 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ní thuairisceoidh ach tionscnóirí ceann amháin díobh seo a leanas:
— gan bheith faoi réir ceanglais cistí dílse;
— leabhar baincéireachta;
— Go páirteach i leabhar baincéireachta agus trádála.
Tabharfar achoimre sa cholún seo ar láimhseáil na scéime urrúsúcháin ó thaobh na sócmhainneachta a dhéanann an tionscnóir. Tabharfar le fios ann cibé acu a ríomhtar nó nach ríomhtar ceanglais cistí dílse ar bhonn risíochtaí urrúsaithe nó ar bhonn suíomhanna urrúsúcháin (leabhar baincéireachta/leabhar trádála).
I gcás ina mbeidh ceanglais cistí dílse bunaithe ar risíochtaí urrúsaithe (toisc nár baineadh aon aistriú priacail shuntasaigh amach) déanfar ríomh na gceanglas cistí dílse i dtaca le priacal creidmheasa a thuairisciú i dteimpléad CR SA, le haghaidh na risíochtaí urrúsaithe sin dá n-úsáidtear an Cur Chuige Caighdeánaithe, nó i dteimpléad CR IRB le haghaidh na risíochtaí urrúsaithe sin dá n-úsáideann an institiúid an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha.
Os a choinne sin, i gcás ina mbeidh ceanglais cistí dílse bunaithe ar shuímh urrúsúcháin a shealbhaítear sa leabhar baincéireachta (toisc gur baineadh aistriú priacail shuntasaigh amach), tuairisceofar an fhaisnéis ar ríomh na gceanglas cistí dílse i dtaca le priacal creidmheasa i dteimpléad CR SEC. I gcás suíomhanna urrúsúcháin a shealbhaítear sa leabhar trádála, tuairisceofar an fhaisnéis ar ríomh na gceanglas cistí dílse i dtaca le priacal margaidh i dteimpléad MKR SA TDI (priacal caighdeánaithe suíomhanna ghinearálta) agus i dteimpléid MKR SA SEC nó MKR SA CTP (priacal caighdeánaithe suíomhanna shonraigh) nó i dteimpléid MKR IM (samhlacha inmheánacha).
I gcás urrúsúcháin dliteanas, ní thuairisceoidh tionscnóirí an colún seo.
|
|
0061
|
AISTRIÚ PRIACAIL SHUNTASAIGH
Ní thuairisceoidh ach tionscnóirí ceann amháin díobh seo a leanas:
— Ní chuirtear i bhfeidhm le haghaidh SRT agus ualaíonn an t-eintiteas tuairiscithe a risíochtaí urrúsaithe ó thaobh priacal;
— SRT gnóthaithe faoi Airteagal 244(2), pointe (a), nó Airteagal 245(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
— SRT gnóthaithe faoi Airteagal 244(2), pointe (b), nó Airteagal 245(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
— SRT gnóthaithe faoi Airteagal 244(3), pointe (a), agus Airteagail 245(3), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
— Cur i bhfeidhm 1 250 % RW nó suíomhanna coinnithe a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 244(1), pointe (b), nó Airteagal 245(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tugtar achoimre leis an gcolún seo ar cibé acu a baineadh aistriú suntasach amach nó nár baineadh agus, má baineadh, cé acu bealach a rinneadh amhlaidh. Is le baint amach SRT a chinnfear láimhseáil iomchuí sócmhainneachta an tionscnóra.
|
|
0070
|
URRÚSÚ NÓ ATHURRÚSÚ?
I gcomhréir leis an sainmhíniú ar “urrúsú” in Airteagal 4(1), pointe (61) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus leis an sainmhíniú ar “athurrúsú” in Airteagal 4(1), pointe (63) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar an cineál urrúsúcháin trí na giorrúcháin seo a leanas a úsáid:
|
|
0075
|
URRÚSÚCHÁN STC
Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin de na giorrúcháin seo a leanas:
Y – Tá;
N – Níl.
|
|
0446
|
URRÚSÚCHÁN A CHÁILÍONN DON LÁIMHSEÁIL DHIFREÁILTE CAIPITIL
Airteagail 243, 270 agus 494c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin de na giorrúcháin seo a leanas:
Y – Tá;
N – Níl.
Tuairisceofar “Tá” sna cásanna seo a leanas:
— Urrúsúithe STS i dtaca le láimhseáil dhifreáilte caipitil i gcomhréir le hAirteagal 243 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
— Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STC laistigh den chlár comhardaithe atá incháilithe don láimhseáil sin i gcomhréir le hAirteagal 270 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
— urrúsúcháin shintéiseacha FBManna arna marthanú i gcomhréir le hAirteagal 494c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0076
|
CINEÁL BARRACHAIS AN RAON DIFRÍOCHTA
Airteagal 2, pointe (29), de Rialachán (AE) 2017/2402
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin díobh seo a leanas:
— Gan raon difríochta breise ar bith
— Farasbarr raon difríochta, méid seasta – “bain úsáid as nó caill é”
— Farasbarr raon difríochta, méid seasta – sásra gaistithe
— Farasbarr raon difríochta, méid athraitheach – “Bain úsáid as é nó caill sé” sásra gaistithe
— Farasbarr raon difríochta, méid athraitheach – sásra gaistithe.
|
|
0077
|
CÓRAS AMÚCHTA
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin díobh seo a leanas:
— Athróidh amúchadh pro-rata go dtí amúchadh seicheamhach. Na critéir STS maidir le hurrúsuithe laistigh den chlár comhardaithe a chomhlíonadh
— (Airteagal 26c (5) de Rialachán (AE) 2017/2402).
— Athróidh amúchadh pro-rata go dtí amúchadh seicheamhach. Na critéir STC le haghaidh idirbhearta neamh-ABCP
— (Treoirlínte maidir le critéir STC le haghaidh idirbhearta neamh-ABCP agus Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh
— Athróidh amúchadh pro-rata go dtí amúchadh seicheamhach. Neamhchomhlíontach
|
|
0078
|
ROGHANNA MAIDIR LE SOLÁTHAR URRÚIS CHOMHTHAOBHAIGH
Airteagal 26e de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin de na roghanna seo a leanas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh a sholáthar don chomhaontú cosanta creidmheasa:
— Comhthaobhacht i bhfoirm urrús fiachais 0 % atá ualaithe ó thaobh priacail
— Airteagal 26e(10), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2017/2402
— Comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim atá á coinneáil ag institiúid creidmheasa tríú páirtí lena mbaineann céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó os a cionn
— Airteagal 26e(10), an chéad fhomhír, pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid mar íosmhéid le haghaidh chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa
— Airteagal 26e(10), an dara fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid mar íosmhéid le haghaidh chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa
— Airteagal 26e(10), an tríú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Ceanglas comhlíonta i gcás infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag an tionscnóir
— Airteagal 26e(10), an ceathrú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Gan aon chomhthaobhacht, tá an t-infheisteoir incháilithe le haghaidh RW 0 %
— Airteagal 26e(8), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Gan aon chomhthaobhacht, baineann an t-infheisteoir tairbhe as frithráthaíocht eintitis a cháilíonn le haghaidh RW 0 %
— Airteagal 26e(8), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Cineálacha eile comhthaobhachta: urrúis fiachais nach gcomhlíonann Airteagal 26e de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Cineálacha eile comhthaobhachta: airgead tirim nach gcomhlíonann Airteagal 26e de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402
— Gan aon chomhthaobhacht, nach gcomhlíonann critéir STS maidir le hurrúsú laistigh den chlár comhardaithe
— Cásanna atá éagsúil leo siúd nach bhfuil aon chomhthaobhacht ann, ach go gcáilíonn an t-infheisteoir le haghaidh RW 0 % nó go mbaineann sé tairbhe as frithráthaíocht eintitis a cháilíonn do RW 0 %
Ní thuairisceofar an colún seo ach amháin má thuairiscítear colún 0040 mar “idirbheart sintéiseach”.
|
|
0080-0100
|
COINNEÁIL
Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402; i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 43(6) de Rialachán (AE) 2017/2402, Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa leagan den Rialachán sin is infheidhme an 31 Nollaig 2018.
|
|
0080
|
AN CINEÁL COINNEÁLA A CUIREADH I bhFEIDHM
I gcás gach scéime urrúsúcháin a thionscnaítear, tuairisceofar cineál ábhartha an ghlanleasa eacnamaíoch a choinnítear mar a shamhlaítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402:
A – Slisne ingearach (suíomhanna urrúsúcháin): “nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí a dhíoltar nó a aistrítear chuig na hinfheisteoirí a choinneáil”;
V – Slisne ingearach (risíochtaí urrúsaithe): méid nach lú ná 5 % de phriacal creidmheasa gach ceann de na risíochtaí urrúsaithe a choinneáil, má bhíonn an priacal creidmheasa a choinnítear amhlaidh i leith na risíochtaí urrúsaithe sin i gcónaí pari passu leis an bpriacal creidmheasa a bheidh urrúsaithe i leith na risíochtaí céanna sin, nó fo-ordaithe maidir leis;
B – Risíochtaí imrothlacha: “i gcás urrúsú risíochtaí imrothlacha, leas an tionscnóra de mhéid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na risíochtaí urrúsaithe a choinneáil”;
C – Laistigh den chlár comhardaithe: “risíochtaí a roghnaítear go randamach a choinneáil, coibhéiseach le méid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na risíochtaí urrúsaithe, i gcás ina mbeadh na risíochtaí sin urrúsaithe laistigh den urrúsú murach sin, ar choinníoll nach lú ná 100 ag an túsphointe líon na risíochtaí urrúsaithe féideartha”;
D – Céadchaillteanas: “an tráinse céadchaillteanais a choinneáil agus, más gá, tráinsí eile a bhfuil an phróifíl priacal chéanna nó níos déine acu ná iad sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo agus nach dtiocfaidh in aibíocht níos luaithe ná na cinn sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo níos luaithe, ionas go mbeidh an choinneáil ina hiomlán cothrom le méid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na risíochtaí urrúsaithe”;
E – Díolmhaithe. Tuairisceofar an cód seo le haghaidh na n-urrúsúchán sin dá ndéantar difear le cur i bhfeidhm Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2017/2402;
U – Sárú nó anaithnid. Tuairisceofar an cód sin i gcás nach eol don institiúid tuairiscithe go cinnte cén cineál coinneála atá á cur i bhfeidhm, nó i gcás neamhchomhlíonadh.
|
|
0090
|
% DEN CHOINNEÁIL AR DHÁTA AN TUAIRISCITHE
Ní bheidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneoidh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh an urrúsúcháin níos lú ná 5 % (ar dháta an tionscanta).
Ní thuairisceofar an colún seo i gcás ina dtuairisceofar cód “E” (díolmhaithe) faoi cholún 0080 (An cineál coinneála a cuireadh i bhfeidhm).
|
|
0100
|
AN CEANGLAS COINNEÁLA Á CHOMHLÍONADH?
Tuairisceoidh institiúidí na giorrúcháin seo a leanas:
Y - Tá;
N - Níl.
Ní thuairisceofar an colún seo i gcás ina dtuairisceofar cód “E” (díolmhaithe) faoi cholún 0080 (An cineál coinneála a cuireadh i bhfeidhm).
|
|
0120-0130
|
CLÁIR NEAMH-ABCP
Mar gheall ar shaintréithe speisialta chláir ABCP de thoradh roinnt suíomhanna urrúsúcháin aonair a bheith i gceist leo, beidh cláir ABCP (mar a shainmhínítear in Airteagal 242(11) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) díolmhaithe ón tuairisciú i gcolúin 0120, 0121 agus 0130.
|
|
0120
|
DÁTA TIONSCANTA (bbbb-mm-ll)
Is san fhormáid seo a leanas a thuairisceofar mí agus bliain dháta tionscanta an urrúsúcháin (i.e. scoithdháta nó dáta deiridh an chomhthiomsaithe): “mm/bbbb”.
Le haghaidh gach scéime urrúsúcháin, ní féidir leis an dáta tionscanta athrú idir dátaí tuairiscithe. I gcás áirithe na scéimeanna urrúsúcháin atá bunaithe ar chomhthiomsuithe oscailte, is é an dáta a eiseofar na hurrúis ar dtús a bheidh i gceist leis an dáta tionscanta.
Tuairisceofar an píosa faisnéise sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe san urrúsúchán.
|
|
0121
|
DÁTA NA hEISIÚNA IS DÉANAÍ (bbbb-mm-ll)
Is san fhormáid seo a leanas a thuairisceofar mí agus bliain dháta na heisiúna is déanaí d’urrúis san urrúsúchán: “bbbb-mm-ll”.
Ní infheidhme Rialachán (AE) 2017/2402 ach amháin maidir le hurrúsúcháin a n-eisítear a n-urrúis an 1 Eanáir 2019 nó dá éis sin. Is le dáta na heisiúna is déanaí d’urrúis a chinnfear an dtagann gach scéim urrúsúcháin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2402.
Tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe san urrúsúchán.
|
|
0130
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTAÍ URRÚSAITHE AR DHÁTA AN TIONSCANTA
Leis an gcolún seo, bailítear méid na punainne urrúsaithe ar an dáta tionscanta (a ríomhtar ar bhonn na risíochtaí bunaidh roimh chur i bhfeidhm na bhfachtóirí coinbhéartachta).
I dtaca le scéimeanna urrúsúcháin atá bunaithe ar chomhthiomsuithe oscailte, tuairisceofar an méid lena dtagraítear do dháta tionscanta na chéad eisiúna d’urrúis. I dtaca le hurrúsúcháin thraidisiúnta, ní chuirfear aon sócmhainn eile de chuid an chomhthiomsaithe urrúsúcháin san áireamh. I dtaca le scéimeanna urrúsúcháin ildíoltóirí (i.e. lena mbaineann breis agus aon tionscnóir amháin), ní thuairisceofar ach amháin an méid a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht an eintitis tuairiscithe sa phunann urrúsaithe. I dtaca le hurrúsúcháin dliteanas, ní thuairisceofar ach amháin na méideanna a eisíonn an t-eintiteas tuairiscithe.
Tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe san urrúsúchán.
|
|
0140-0225
|
RISÍOCHTAÍ URRÚSAITHE
Iarrtar faisnéis le colúin 0140 go dtí 0225 ar roinnt gnéithe den phunann urrúsaithe ón eintiteas tuairiscithe.
|
|
0140
|
MÉID IOMLÁN
Tuairisceoidh institiúidí luach na punainne urrúsaithe ar an dáta tuairiscithe, i.e. an méid de na risíochtaí urrúsaithe atá gan íoc. I dtaca le hurrúsúcháin thraidisiúnta, ní chuirfear aon sócmhainn eile de chuid an chomhthiomsaithe urrúsúcháin san áireamh. I gcás scéimeanna urrúsúcháin ildíoltóirí (i.e. lena mbaineann breis agus aon tionscnóir amháin), ní thuairisceofar ach amháin an méid a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht an eintitis tuairiscithe sa phunann urrúsaithe. I gcás scéimeanna urrúsúcháin atá bunaithe ar chomhthiomsuithe dúnta (i.e. ní féidir punann na sócmhainní urrúsaithe a mhéadú tar éis an dáta tionscanta), déanfar an méid a laghdú de réir a chéile.
Tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe san urrúsúchán.
|
|
0150
|
SCIAR NA hINSTITIÚIDE (%)
Sciar na hinstitiúide (céatadán le dhá dheachúil) ar an dáta tuairiscithe sa phunann urrúsaithe. Is é 100 %, mar réamhshocrú, an figiúir atá le tuairisciú sa cholún seo, seachas i gcás scéimeanna urrúsúcháin ildíoltóirí. Sa chás sin, tuairisceoidh an t-eintiteas tuairiscithe a ranníocaíocht reatha leis an bpunann urrúsaithe (atá coibhéiseach le colún 0140 i dtéarmaí coibhneasta).
Tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe san urrúsúchán.
|
|
0160
|
CINEÁL
Déantar faisnéis a bhailiú leis an gcolún seo ar chineál sócmhainní (“Morgáistí cónaithe” go dtí “Risíochtaí mórdhíola eile”) nó ar chineál dliteanas (“Bannaí faoi chumhdach” agus “Dliteanais eile”) na punainne urrúsaithe. Tuairisceoidh an institiúid ceann de na roghanna seo a leanas, agus EAD is airde á bhreithniú:
Miondíol:
Infháltais cártaí creidmheasa;
Iasachtaí do thomhaltóirí;
Iasachtaí do FBManna (a láimhseáiltear mar mhiondíol);
Risíochtaí eile ar mhiondíol.
Mórdhíol:
Iasachtaí do chorparáidí;
Iasachtaí do FBManna (a láimhseáiltear mar chorparáidí);
Risíochtaí eile ar mhórdhíol.
I gcás inar meascán de na cineálacha a liostaítear thuas é comhthiomsú na risíochtaí urrúsaithe, cuirfidh an institiúid an cineál is tábhachtaí in iúl. I gcás athurrúsúchán, tagróidh an institiúid don chomhthiomsú sócmhainní forluiteacha sa deireadh.
I dtaca le scéimeanna urrúsúcháin atá bunaithe ar chomhthiomsuithe dúnta, ní féidir leis an gcineál athrú idir dátaí tuairiscithe.
Ba cheart go dtuigfí dliteanais de réir bhrí na ndliteanas a d’eisigh an institiúid tuairiscithe i dtosach (féach mír 112, pointe (b), de roinn 3.2.1 den Iarscríbhinn seo).
|
|
0171
|
% DE IRB SA CHUR CHUIGE A CHUIRTEAR I bhFEIDHM
Déantar faisnéis a bhailiú leis an gcolún seo ar an gcur chuige nó na cuir chuige a chuirfeadh an institiúid i bhfeidhm ar an dáta tuairiscithe maidir leis na risíochtaí urrúsaithe.
Tuairisceoidh institiúidí céatadán na risíochtaí urrúsaithe, a thomhaisfear de réir luach na risíochtaí, a bhfuil feidhm ag an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha maidir leo ar an dáta tuairiscithe.
Tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe san urrúsúchán. Ní bheidh feidhm ag an gcolún seo maidir le hurrúsúcháin dliteanas, áfach.
|
|
0180
|
LÍON NA RISÍOCHTAÍ
Airteagal 259(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Beidh an colún seo éigeantach le haghaidh na n-institiúidí sin a úsáideann cur chuige SEC-IRBA i leith na suíomh urrúsúcháin (agus, dá bhrí sin, a thuairiscíonn breis is 95 % i gcolún 171). Tuairisceoidh an institiúid an líon éifeachtach risíochtaí.
Ní thuairisceofar an colún seo i gcás urrúsúchán dliteanas ná i gcás ina mbeidh na ceanglais cistí dílse bunaithe ar na risíochtaí urrúsaithe (i gcás urrúsúcháin sócmhainní). Ní thuairisceofar an colún seo i gcás nach mbeidh aon suíomh san urrúsúchán á shealbhú ag an institiúid. Ní thuairisceoidh infheisteoirí an colún seo.
|
|
0181
|
RISÍOCHTAÍ AR MHAINNEACHTAIN “W” (%)
Airteagal 261(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Fiú i gcás nach mbeidh cur chuige SEC-SA á chur i bhfeidhm ag an institiúid ar na suíomhanna urrúsúcháin, tuairisceoidh an institiúid fachtóir “W” (a bhaineann leis na risíochtaí forluiteacha ar mhainneachtain) atá le ríomh mar a léirítear in Airteagal 261(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0190
|
TÍR
Tuairisceoidh institiúidí cód (ISO 3166-1 alpha-2) thír thionscnaimh ní forluiteach an idirbhirt sa deireadh i.e. tír oibleagáideoir láithreach na risíochtaí urrúsaithe bunaidh (trébhreathnú). I gcás ina mbeidh tíortha difriúla i gceist le comhthiomsú an urrúsúcháin, cuirfidh an institiúid an tír is tábhachtaí in iúl. I gcás nach sáróidh aon tír tairseach 20 % bunaithe ar an méid sócmhainní/dliteanas, tuairisceofar “tíortha eile” ansin.
|
|
0201
|
LGD (%)
Ní thuairisceoidh ach na hinstitiúidí sin a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm (agus, dá bhrí sin, a thuairisceoidh 95 % nó níos mó i gcolún 0170) an meánchaillteanas i gcás mainneachtana atá ualaithe ó thaobh risíochta (LGD). Tá LGD le ríomh mar a léirítear in Airteagal 259(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní thuairisceofar an colún seo i gcás urrúsúchán dliteanas ná i gcás ina mbeidh na ceanglais cistí dílse bunaithe ar na risíochtaí urrúsaithe (i gcás urrúsúcháin sócmhainní).
|
|
0202
|
EL (%)
Ní thuairisceoidh ach na hinstitiúidí sin a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm (agus, dá bhrí sin, a thuairisceoidh 95 % nó níos mó i gcolún 0171) an meánchaillteanas ionchasach atá ualaithe ó thaobh risíochta (EL). I gcás sócmhainní urrúsaithe SA, is é na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 111de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an EL a thuairisceofar. Ríomhfar EL mar a léirítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní thuairisceofar an colún seo i gcás urrúsúchán dliteanas ná i gcás ina mbeidh na ceanglais cistí dílse bunaithe ar na risíochtaí urrúsaithe (i gcás urrúsúcháin sócmhainní).
|
|
0203
|
UL (%)
Ní thuairisceoidh ach na hinstitiúidí sin a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm (agus, dá bhrí sin, a thuairisceoidh 95 % nó níos mó i gcolún 0170) an meánchaillteanas neamhionchasach atá ualaithe ó thaobh risíochta (UL) a bhaineann leis na sócmhainní urrúsaithe. Is ionann UL na sócmhainní agus an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal (RWEA) a iolrófar faoi 8 %. Ríomhfar RWEA mar a léirítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní thuairisceofar an colún seo i gcás urrúsúchán dliteanas ná i gcás ina mbeidh na ceanglais cistí dílse bunaithe ar na risíochtaí urrúsaithe (i gcás urrúsúchán sócmhainní).
|
|
0204
|
MEÁNAIBÍOCHT UALAITHE-RISÍOCHTA NA SÓCMHAINNÍ
Tuairisceoidh gach institiúid an mheánaibíocht atá ualaithe ó thaobh risíochta (WAM) a bhaineann leis na sócmhainní urrúsaithe ar an dáta tuairiscithe beag beann ar an gcur chuige a úsáidfear chun ceanglais chaipitil a ríomh. Ríomhfaidh institiúidí aibíocht gach sócmhainne i gcomhréir le hAirteagal 162(2), pointí (a) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan an chaidhp 5 bliana a chur i bhfeidhm.
|
|
0210
|
(-) COIGEARTUITHE LUACHA AGUS FORÁLACHA
Coigeartuithe luacha agus forálacha (Airteagal 159 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) le haghaidh caillteanais chreidmheasa a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta a bhfuil an t-eintiteas tuairiscithe faoina réir. Áireofar le coigeartuithe luacha aon mhéid a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas i dtaca le caillteanais chreidmheasa a bhain do shócmhainní airgeadais ó tugadh aitheantas tosaigh dóibh sa chlár comhardaithe (lena n-áirítear caillteanais mar gheall ar phriacal creidmheasa a bhain le sócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir nach ndéanfar a asbhaint ó luach na risíochta) móide na lascainí ar shócmhainní a ceannaíodh agus iad ar mainneachtain dá dtagraítear in Airteagal 166(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áireofar le forálacha méideanna carntha de chaillteanais chreidmheasa in ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe.
Déantar faisnéis a bhailiú leis an gcolún seo ar na coigeartuithe luacha agus ar na forálacha a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí urrúsaithe. Ní thuairisceofar an colún seo i gcás urrúsúchán dliteanas.
Tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe san urrúsúchán.
|
|
0221
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE ROIMH URRÚSÚCHÁN (%) KIRB
Ní thuairisceoidh ach na hinstitiúidí sin a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm (agus, dá bhrí sin, a thuairisceoidh 95 % nó níos mó i gcolún 171) agus a bhailíonn faisnéis ar KIRB, dá dtagraítear in Airteagal 255 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an colún seo. Sloinnfear KIRB mar chéatadán (le dhá dheachúil).
Ní thuairisceofar an colún seo i gcás urrúsúchán dliteanas. I gcás urrúsúchán sócmhainní, tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh san urrúsúchán á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe.
|
|
0222
|
% DE RISÍOCHTAÍ MIONDÍOLA I gCOMHTHIOMSUITHE IRB
Comhthiomsuithe IRB mar a shainítear in Airteagal 242(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar 95 % ar a laghad den mhéid risíochta foluiteach (Airteagal 259(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
|
|
0223
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE ROIMH URRÚSÚCHÁN (%) Ksa
Fiú i gcás nach gcuirfidh an institiúid cur chuige SEC-SA i bhfeidhm ar na suíomhanna urrúsúcháin, tuairisceoidh an institiúid an colún seo. Déantar faisnéis a bhailiú leis an gcolún seo ar KSA, dá dtagraítear in Airteagal 255(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Sloinnfear KSA mar chéatadán (le dhá dheachúil).
Ní thuairisceofar an colún seo i gcás urrúsúchán dliteanas. I gcás urrúsúchán sócmhainní, tuairisceofar an fhaisnéis sin fiú i gcás nach mbeidh aon suíomh san urrúsúchán á shealbhú ag an eintiteas tuairiscithe.
|
|
0225
|
ÍTIMÍ LE MEABHRÚ: COIGEARTUITHE AR PHRIACAL CREIDMHEASA I RITH NA TRÉIMHSE REATHA
Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0230-0304
|
STRUCHTÚR URRÚSÚCHÁIN
Déantar faisnéis a bhailiú leis an mbloc colún seo ar struchtúr an urrúsúcháin ar bhonn suíomhanna laistigh/lasmuigh den chlár comhardaithe, ar bhonn tráinsí (sinsearacha/mezzanine/céadchaillteanas) agus ar bhonn na haibíochta ar an dáta tuairiscithe.
I dtaca le hurrúsúcháin ildíoltóirí, ní thuairisceofar ach amháin an méid a chomhfhreagraíonn don eintiteas tuairiscithe nó an méid a chuirtear ina leith.
|
|
0230-0255
|
ÍTIMÍ ATÁ AR AN gCLÁR COMHARDAITHE
Déantar faisnéis a bhailiú leis an mbloc colún seo ar ítimí laistigh den chlár comhardaithe a mhiondealaítear de réir tráinsí (sinsearacha/mezzanine/céadchaillteanas).
|
|
0230-0232
|
SINSEARACH
|
|
0230
|
MÉID
Méid na suíomhanna urrúsúcháin sinsearach mar a shainmhínítear in Airteagal 242(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0231
|
POINTE ASTAITHE (%)
An pointe astaithe (%) dá dtagraítear in Airteagal 256(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0232 agus 0252
|
CQS
Céimeanna cáilíochta creidmheasa (CQS) mar a bheartaítear maidir le hinstitiúidí a chuireann SEC-ERBA i bhfeidhm (Airteagal 263, Táblaí 1 agus 2 agus Airteagal 264, Táblaí 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Tuairisceofar na colúin seo le haghaidh gach idirbheart rátáilte gan beann ar an gcur chuige a chuirtear i bhfeidhm.
|
|
0240-0242
|
MEZZANINE
|
|
0240
|
MÉID
Cuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an méid a bheidh le tuairisciú:
— Suíomhanna mezzanine urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 242(18) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
— suíomhanna urrúsúcháin breise nach iad na suíomhanna sin a shainmhínítear in Airteagal 242(6), (17) ná (18) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iad.
|
|
0241
|
AN LÍON TRÁINSÍ
An líon tráinsí mezzanine.
|
|
0242
|
CQS AN TRÁINSE IS FO-ORDAITHE
CQS, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 263, Tábla 2 agus Airteagal 264, Tábla 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, den tráinse mezzanine is fo-ordaithe.
|
|
0250-0252
|
CÉADCHAILLTEANAS
|
|
0250
|
MÉID
Méid an tráinse céadchaillteanais mar a shainmhínítear in Airteagal 242(17) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0251
|
POINTE DÍ-ASTAITHE (%)
An pointe dí-astaithe (%) dá dtagraítear in Airteagal 256(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0252
|
CQS
|
|
0254-0255
|
RÓ-SHOLÁTHAIR URRÚIS CHOMHTHAOBHAIGH AGUS CUNTAIS CHÚLCHISTE MHAOINITHE
Airteagail 256(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Méideanna na gcuntas comhthaobhach agus cúlchiste cistithe nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar “thráinse” d’Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/2402, ach a mheastar mar thráinsí chun críocha pointí astaithe agus pointí dí-astaithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 256(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0254
|
MÉID
|
|
0255
|
LENA nÁIRÍTEAR: LASCAINE CEANNAIGH NEAMH-INAISÍOCTHA
Airteagal 2, pointe (31), de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402.
Tabharfaidh institiúidí tuairisc ar an lascaine ar an bpraghas ceannaigh neamh-inaisíoctha i gcomhréir le hAirteagal 269a(7), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar an dáta tuairiscithe, a choigeartófar síos ag cur na gcaillteanas réadaithe san áireamh, mar atá léirithe sa dara fomhír. Ní dhéanfar an colún seo a thuairisciú ach amháin i gcás ina dtuairiscítear colún 0040 mar “urrúsú cáilitheach risíochtaí neamhthuillmheacha” nó mar “urrúsú neamhcháilitheach risíochtaí neamhcháilitheach”,
|
|
0260-0287
|
ÍTIMÍ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE AGUS DÍORTHAIGH
Bailítear leis an mbloc colún seo faisnéis maidir le hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe agus díorthaigh roimh fhachtóirí comhshó, arna miondealú de réir tráinsí (sinsearacha/mezzanine/céadchaillteanais).
|
|
0260 - 0285
|
SINSEARACH/MEZZANINE/AN CHÉAD CHAILLTEANAS
Cuirfear na critéir chéanna maidir le haicmiú i measc tráinsí agus sainaithint an phointe astaithe, líon na dtráinsí agus an pointe dí-astaithe a úsáidtear i leith ítimí laistigh den chlár comhardaithe i bhfeidhm anseo (féach na treoracha maidir le colúin 0230 go 0252).
|
|
0287
|
FARASBARR SINTÉISEACH RAON DIFRÍOCHTA
Airteagail 242, pointe (20), 248(1), pointe (e) agus 256(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní thuairisceofar an colún seo ach amháin má thuairiscítear colún 0110 mar “tionscnóir”.
|
|
0290-0300
|
AIBÍOCHT
|
|
0290
|
AN CHÉAD DÁTA FOIRCEANNTA INTUARTHA
An dáta is dócha a fhoirceannfar an t-urrúsúchán ar fad i bhfianaise na gclásal conarthach a bhaineann leis agus na ndálaí airgeadais ionchasacha reatha. Go ginearálta, is é an ceann is luaithe de na dátaí seo a leanas a bheadh i gceist:
(i) an dáta is dócha a d’fhéadfaí céadrogha ar cheannach farasbairr (mar a shainmhínítear in Airteagal 242(1)de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) a fheidhmiú den chéad uair, agus aibíocht na risíochta forluití/risíochtaí forluiteacha á cur nó á gcur san áireamh mar aon lena ráta réamhíocaíochta ionchasach nó a ngníomhaíochtaí athchaibidlíochta féideartha;
(ii) an dáta a d’fhéadfadh an tionscnóir aon chéadrogha eile ar cheannach farasbairr a fheidhmiú den chéad uair, céadrogha atá leabaithe i gclásail chonarthacha an urrúsúcháin a d’fhágfadh go bhfuasclófaí an t-urrúsúchán iomlán.
Tuairisceofar dáta, mí agus bliain an chéad dáta foirceanta ionchasaigh. Tuairisceofar an dáta beacht i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin le fáil, agus tuairisceofar an chéad lá den mhí i gcásanna eile.
|
|
0291
|
CÉADROGHANNA AN TIONSCNÓRA AR CHEANNACH SAN ÁIREAMH SAN IDIRBHEART
An cineál céadrogha is ábhartha i gcás an chéad dáta foirceanta ionchasaigh:
— Céadrogha ar cheannach farasbairr a chomhlíonann ceanglais phointe (g) d’Airteagal 244(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
— Céadrogha eile ar cheannach farasbairr;
— Cineál céadrogha eile ar cheannach.
|
|
0300
|
DÁTA AIBÍOCHTA CRÍOCHNAITHEACH DLÍTHIÚIL
An dáta nach mór préimh agus ús uile an urrúsúcháin a aisíoc de réir dlí (bunaithe ar dhoiciméadacht an idirbhirt).
Tuairisceofar lá, mí agus bliain an dáta aibíochta dheiridh dhlíthiúil. Tuairisceofar an dáta beacht i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin le fáil, agus tuairisceofar an chéad lá den mhí i gcásanna eile.
|
|
0302-0304
|
ÍTIMÍ LE MEABHRÚ
|
|
0302
|
POINTE ASTAITHE AN PHRIACAIL A DÍOLADH (%)
Is iad na tionscnóirí, agus iad sin amháin, a thuairisceoidh pointe astaithe an tráinse is mó atá fo-ordaithe a dhíoltar le tríú páirtithe, i gcás urrúsúcháin thraidisiúnta, nó a chosnaíonn tríú páirtithe, i gcás urrúsúcháin shintéiseacha.
|
|
0303
|
POINTE DÍ-ASTAITHE AN PHRIACAIL A DÍOLADH (%)
Is iad na tionscnóirí, agus iad sin amháin, a thuairisceoidh pointe dí-astaithe an tráinse is sinsearaí a dhíoltar le tríú páirtithe, i gcás urrúsúcháin thraidisiúnta, nó a chosnaíonn tríú páirtithe, i gcás urrúsúcháin shintéiseacha.
|
|
0304
|
AISTRIÚ PRIACAIL ARNA ÉILEAMH AG AN INSTITIÚID TIONSCNÓRA
Is na tionscnóirí, agus iad sin amháin, a thuairisceoidh Caillteanas Ionchasach (EL) móide Caillteanas Neamhionchasach (UL) na sócmhainní urrúsaithe a aistrítear chuig tríú páirtithe mar chéatadán den EL iomlán móide UL. Tuairisceofar EL agus UL na risíochtaí forluiteacha, a dhéanfar a leithdháileadh ansin tríd an gcascáid urrúsúcháin ar thráinsí an urrúsúcháin faoi seach. I gcás na mbanc SA, coigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa na sócmhainní urrúsaithe a bheidh i gceist le EL agus ceanglas caipitil na risíochtaí urrúsaithe a bheidh i gceist le UL.
|
3.8.4. C 14.01 – Faisnéis mhionsonraithe ar urrúsúcháin (SONRAÍ SEC 2)
118. Déanfar teimpléad SONRAÍ SEC 2 a thuairisciú ar leithligh le haghaidh na gcur chuige seo a leanas:
5)
Cur chuige bunaithe ar mheasúnú inmheánach
6)
Láimhseáil shonrach le haghaidh tráinsí sinsearacha d’urrúsúcháin risíochtaí neamhthuillmheacha (npe) cáilitheacha.
|
Colúin
|
|
0010
|
CÓD INMHEÁNACH
Cód inmheánach (alfa-uimhriúil) a úsáideann an institiúid chun an t-urrúsúchán a shainaithint. Déanfar an cód inmheánach a chomhcheangal le haitheantóir an idirbhirt urrúsúcháin.
|
|
0020
|
AITHEANTÓIR AN URRÚSAITHE
Cód a úsáidtear chun an suíomh urrúsúcháin a chlárú go dlíthiúil, nó an t-idirbheart urrúsúcháin i gcás roinnt suíomh is féidir a thuairisciú sa ró céanna, nó, mura bhfuil sé le fáil, an t-ainm a thugtar ar an suíomh urrúsúcháin nó ar an idirbheart urrúsúcháin sa mhargadh, nó laistigh den institiúid i gcás urrúsúchán inmheánach nó príobháideach. I gcás ina mbeidh an Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta – ISIN – le fáil (i.e. le haghaidh idirbhearta poiblí), déanfar na carachtair is coiteann do gach tráinse den urrúsúchán a thuairisciú sa cholún sin.
|
|
0310-0400
|
SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN: AN RISÍOCHT TOSAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Déantar faisnéis a bhailiú leis an mbloc colún seo ar na suíomhanna urrúsúcháin a mhiondealaítear de réir suíomhanna laistigh/lasmuigh den chlár comhardaithe, de réir na dtráinsí (sinsearacha/mezzanine/céadchaillteanas) ar an dáta tuairiscithe.
|
|
0310-0330
|
ÍTIMÍ ATÁ AR AN gCLÁR COMHARDAITHE
Cuirfear i bhfeidhm anseo na critéir aicmithe chéanna i measc tráinsí a úsáidtear le haghaidh na gcolún 0230, 0240 agus 0250 de teimpléad C 14.00.
|
|
0340-0362
|
ÍTIMÍ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE AGUS DÍORTHAIGH
Cuirfear i bhfeidhm anseo na critéir aicmithe chéanna i measc tráinsí a úsáidtear le haghaidh na gcolún idir 0260 0287 de theimmpléad C 14.00.
|
|
0351 agus 0361
|
RW AG COMHFHREAGAIRT DO SHOLÁTHRAÍ COSANTA / IONSTRAIM
% RW an ráthóra incháilithe nó % RW na hionstraime comhfhreagraí lena soláthraítear cosaint creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0362
|
FARASBARR SINTÉISEACH RAON DIFRÍOCHTA
Airteagail 242 (20), 248 (1), pointe (e) agus 256(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní thuairisceofar an colún seo ach amháin má thuairiscítear colún 0110 mar “tionscnóir”.
|
|
0370-0400
|
ÍTIMÍ LE MEABHRÚ: ÍTIMÍ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE AGUS DÍORTHAIGH ROIMH CHUR I bhFEIDHM NA bhFACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
Déantar faisnéis bhreise a bhailiú leis an mbloc colún seo ar na hítimí iomlána lasmuigh den chlár comhardaithe agus ar na díorthaigh iomlána (a thuairiscítear faoi mhiondealú difriúil i gcolúin 0340-0361 cheana féin).
|
|
0370
|
IONADAIGH CHREIDMHEASA DHÍREACHA (DCS)
Is infheidhme an colún seo maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin sin a shealbhaíonn an tionscnóir agus a rathaítear ionadaigh chreidmheasa dhíreacha (DCS).
I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, measfar gur DCS iad na hítimí lánphriacail seo a leanas atá lasmuigh den chlár comhardaithe:
— Ráthaíochtaí de chineál ionadach creidmheasa.
— Litreacha creidmheasa teannta neamh-inchúlghairthe de chineál ionadach creidmheasa.
|
|
0380
|
IRS / CRS
Ciallaíonn IRS Babhtálacha Ráta Úis, agus ciallaíonn CRS Babhtálacha Ráta Airgeadra. Liostaítear na díorthaigh sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0390
|
SAORÁIDÍ LEACHTACHTA
Saoráidí leachtachta mar a shainmhínítear in Airteagal 242(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0400
|
EILE
Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe agus atá fágtha.
|
|
0411
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Tá dlúthbhaint idir an fhaisnéis sin agus colún 0180 i dteimpléad CR SEC.
|
|
0420
|
(-) LUACH RISÍOCHTA ASBHAINTE AS CISTÍ DÍLSE
Tá dlúthbhaint idir an fhaisnéis sin agus colún 0190 i dteimpléad CR SEC.
Tuairisceofar figiúr faoi bhun nialais sa cholún seo.
|
|
0430
|
MÉID RISÍOCHTA IOMLÁN ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL ROIMH AN gCAIDHP
Bailíonn an colún seo faisnéis maidir leis an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail roimh an uasteorainn is infheidhme maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás urrúsúchán sa leabhar trádála, tuairisceofar RWEA a bhaineann leis an bpriacal sonrach. Féach colún 0570 de MKR SA SEC, nó colúin 0410 agus 0420 (na cinn is ábhartha don cheanglas cistí dílse) de MKR SA CTP, faoi seach.
|
|
0431
|
(-) LAGHDÚ I nGEALL AR AN gCAIDHP AR UALÚ PRIACAL
Airteagail 267 agus 269a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0432
|
(-) LAGHDÚ I nGEALL AR AN gCAIDHP FORIOMLÁN
Airteagail 268 agus 269a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0440
|
MÉID RISÍOCHTA IOMLÁN ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL TAR ÉIS NA CAIDHPE
Bailíonn an colún seo faisnéis maidir leis an méid neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca tar éis uasteorainneacha is infheidhme maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás urrúsúchán sa leabhar trádála, tuairisceofar RWEA a bhaineann leis an bpriacal sonrach. Féach colún 0601 de MKR SA SEC, nó colún 0450 de MKR SA CTP, faoi seach.
|
|
0447-0448
|
ÍTIMÍ LE MEABHRÚ
|
|
0447
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL FAOI SEC-ERBA
Airteagal 263 agus Airteagal 264 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní thuairisceofar an colún seo ach amháin i dtaca le hidirbhearta rátáilte roimh an gcaidhp agus ní thuairisceofar é i dtaca le hidirbhearta faoi SEC-ERBA.
|
|
0448
|
MÉID RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL FAOI SEC-SA
Airteagal 261 agus Airteagal 262 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tuairisceofar an colún seo roimh an gcaidhp agus ní thuairisceofar é i dtaca le hidirbhearta faoi SEC-SA.
|
|
0450-0470
|
SUÍOMHANNA ATHURRÚSÚCHÁIN – LEABHAR TRÁDÁLA
|
|
0450
|
CTP NÓ NEAMH-CTP?
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin díobh seo a leanas:
“CTP” - Punann Trádála Comhghaoil;
|
|
0460-0470
|
GLANSUÍOMHANNA– FADA/GEARRA
Féach colúin 0050 / 0060 de MKR SA SEC nó MKR SA CTP, faoi seach.
|
3.9. PRIACAL CREIDMHEASA AN CHONTRAPHÁIRTÍ
3.9.1. Raon feidhme na dteimpléad maidir le priacal creidmheasa an chontrapháirtí
119. Leis na teimpléid riosca creidmheasa don chontrapháirtí, cumhdaítear faisnéis maidir le risíochtaí atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí i gcur i bhfeidhm Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 agus Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
120. Eisiatar sna teimpléid na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVA (Airteagal 92(3), pointe (d) agus Cuid a Trí, Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), a thuairiscítear sa teimpléad priacal CVA.
121. Ba cheart risíochtaí ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí ar chontrapháirtithe lárnacha (Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 agus Caibidil 6, Roinn 9 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) a áireamh sna figiúirí CCR, mura sonraítear a mhalairt. Ní thuairisceofar ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagail 307 go 310 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sna teimpléid maidir le priacal creidmheasa an chontrapháirtí áfach, cé is moite de theimpléad C 34.10, go háirithe na rónna comhfhreagracha. Go ginearálta, tuairiscítear na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a bhaineann le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana go díreach i dteimpléad C 02.00 ró 0460.
3.9.2. C 34.01 – Méid an ghnó díorthach
3.9.2.1. Barúlacha ginearálta
122. I gcomhréir le hAirteagal 273a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid luach risíochta a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i de Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 4 nó 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go mbeidh méid a gnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe cothrom le nó níos lú ná tairseacha réamh-shainmhíníthe, faoi seach. Tá an measúnú comhfhreagrach le déanamh ar bhonn míosúil agus na sonraí mar is amhlaidh an lá deireanach den mhí á n-úsáid. Soláthraítear leis an teimpléad seo an fhaisnéis ar chomhlíonadh na dtairseacha sin agus, ar bhealach níos ginearálta, faisnéis thábhachtach ar mhéid an ghnó díorthach.
123. Tagraítear le Mí 1, Mí 2 agus Mí 3 don chéad mhí, don dara mí agus don mhí dheireanach, faoi seach, den ráithe atá á tuairisciú. Ní thuairisceofar faisnéis ach amháin le haghaidh dheireadh na míosa tar éis an 28 Meitheamh 2021.
3.9.2.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010,0040, 0070
|
SUÍOMHANNA DÍORTHACHA FADA
Airteagal 273a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar suim dhearbh-mhargadhluachanna na suíomhanna fada díorthach ar an dáta deireanach den mhí.
|
|
0020,0050,
0080
|
SUÍOMHANNA DÍORTHACHA GEARRA
Airteagal 273a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar suim dhearbh-mhargadhluachanna na suíomh gearr díorthach ar an dáta deireanach den mhí.
|
|
0030,0060,
0090
|
IOMLÁN
Airteagal 273a(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim dhearbhluach na suíomh fada díorthach agus dhearbhluach na suíomh gearr díorthach.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
Méid an ghnó díorthach
Airteagal 273a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Cuirfear gach díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe san áireamh, ach amháin díorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa.
|
|
0020
|
Díorthaigh ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe
Airteagal 273a(3), pointe (a) agus (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar margadhluach iomlán na suíomh díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ón lá deireanach den mhí. I gcás nach mbeidh margadhluach suíomhanna le fáil ar an dáta sin, déanfaidh institiúidí luach cóir le haghaidh an tsuímh ar an dáta sin a ghlacadh; i gcás nach mbeidh an margadhluach ar shuíomh agus an luach cóir ar shuíomh le fáil ar an dáta sin, déanfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí le haghaidh an tsuímh sin a ghlacadh.
|
|
0030
|
(-) Díorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa
Airteagal 273a(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Margadhluach iomlán na ndíorthach creidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa.
|
|
0040
|
Iomlán na sócmhainní
Na sócmhainní iomlána i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme.
I gcás tuairisciú comhdhlúite, tuairisceoidh an institiúid na sócmhainní iomlána a leanann raon feidhme an chomhdhlúthaithe i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil, 2 Roinn 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
Céatadán d’iomlán na sócmhainní
Cóimheas le ríomh agus méid an ghnó díorthach (ró 0010) á ghlacadh a roinntear ar shócmhainní iomlána (ró 0040).
|
|
MAOLÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 273a (4) DE RIALACHÁN (AE) 575/2013
|
|
0060
|
An bhfuil coinníollacha Airteagal 273a (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcomhlíonadh, lena n-áirítear an formheas ón údarás inniúil?
Airteagal 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Maidir le hinstitiúidí a sháraíonn na tairseacha maidir le cur chuige simplithe a úsáid i dtaca le priacal creidmheasa an chontrapháirtí ach a bhfuil ceann díobh fós á úsáid acu ar bhonn Airteagal 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh siad in iúl (le Tá/Níl) cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad coinníollacha uile an Airteagail sin.
Ní thuairisceoidh ach amháin na hinstitiúidí, a chuireann an maolú i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an ítim sin.
|
|
0070
|
Modh chun luachanna na risíochta a ríomh ar leibhéal comhdhlúite
Airteagal 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An modh chun luachanna risíochta na suíomh díorthach a ríomh ar bhonn comhdhlúite, a úsáidtear ar leibhéal an eintitis aonair i gcomhréir le hAirteagal 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 freisin:
— OEM: Modh na Risíochta Tosaigh
— SA-CCR simplithe: Cur chuige caighdeánaithe simplithe i dtaca le priacal creidmheasa an chontrapháirtí
Ní thuairisceoidh ach amháin na hinstitiúidí, a chuireann an maolú i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an ítim sin.
|
3.9.3. C 34.02 – risíochtaí CCR de réir an chur chuige
3.9.3.1. Barúlacha ginearálta
124. Tuairisceoidh institiúidí an teimpléad ar leithligh le haghaidh gach risíochta CRR agus le haghaidh gach risíochta CRR seachas risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha (CCPanna) mar a shainmhínítear chun críche theimpléad C 34.10.
3.9.3.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
AN LÍON CONTRAPHÁIRTITHE
An líon contrapháirtithe aonair a bhfuil risíochtaí CRR ag an institiúid ina leith.
|
|
0020
|
AN LÍON IDIRBHEART
An líon idirbheart faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí ar an dáta tuairiscithe. Tabhair faoi deara le haghaidh CCP, nár cheart in-sreafaí ná eis-sreafaí a bheith i gceist le líon na ngnóthaí ach na suíomhanna fhoriomlána i bpunann CRR ar an dáta tuairiscithe. Thairis sin, maidir le hionstraim dhíorthach nó SFT a dhéantar a dheighilt ina dhá céim nó níos mó (ar a laghad) ar mhaithe leis an samhaltú, measfar gurb aon idirbheart amháin an ionstraim dhíorthach sin fós.
|
|
0030
|
MÉIDEANNA BARÚLACHA
Suim na méideanna barúlacha i dtaca le díorthaigh agus i dtaca le SFTanna roimh aon ghlanluacháil agus gan aon choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 279b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DEIMHNEACH
Airteagal 272(12) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim mhargadhluachanna reatha (CMV) na dtacar glanluachála uile le CMV deimhneach mar a shainmhínítear in Airteagal 272(12) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DIÚLTACH
Airteagal 272(12) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim dearbh-mhargadhluachanna reatha (CMV) na dtacar glanluachála uile le CMV diúltach mar a shainmhínítear in Airteagal 272(12) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
AN CORRLACH ATHRÚCHÁIN (VM), FAIGHTE
Airteagail 275(2), 275(3) agus 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim mhéideanna na gcorrlach athrúcháin (VM) de na comhaontuithe corrlaigh uile dá bhfaightear VM, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0070
|
AN CORRLACH ATHRÚCHÁIN (VM), POSTÁILTE
Airteagail 275(2), 275(3) agus 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim mhéideanna na gcorrlach athrúcháin (VM) de na comhaontuithe corrlaigh uile dá mbreactar VM, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0080
|
GLANMHÉID NA COMHTHAOBHACHTA NEAMHSPLEÁICHE (NICA), FAIGHTE
Airteagail 272(12a), 275(3) agus 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim ghlanmhéideanna na comhthaobhachta neamhspleáiche (NICA) de na comhaontuithe corrlaigh uile dá bhfaightear NICA, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0090
|
GLANMHÉID NA COMHTHAOBHACHTA NEAMHSPLEÁICHE (NICA), POSTÁILTE
Airteagail 272(12a), 275(3) agus 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Suim ghlanmhéideanna na comhthaobhachta neamhspleáiche (NICA) de na comhaontuithe corrlaigh uile dá mbreactar NICA, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 276 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0100
|
AN COSTAS ATHSHOLÁTHAIR (RC)
Airteagail 275, 281 agus 282 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ríomhfar an costas athsholáthair (RC) in aghaidh an tacair glanluachála i gcomhréir leis na hAirteagail seo:
— Airteagal 282(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le Modh na Risíochta Tosaigh,
— Airteagal 281 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le SA-CCR Simplithe,
— Airteagal 275 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le SA-CCR Simplithe.
Tuairisceoidh an institiúid suim chostais athsholáthair na dtacar glanluachála sa ró comhfhreagrach.
|
|
0110
|
RISÍOCHT FHÉIDEARTHA THODHCHAÍOCH (PFE)
Airteagail 278, 281 agus 282 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ríomhfar an risíocht fhéideartha thodhchaíoch (PFE) in aghaidh an tacair glanluachála i gcomhréir leis na hAirteagail seo:
— Airteagal 282(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le Modh na Risíochta Tosaigh,
— Airteagal 281 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le SA-CCR Simplithe,
— Airteagal 278 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le SA-CCR Simplithe.
Tuairisceoidh an institiúid suim risíochtaí féideartha todhchaíocha uile na dtacar glanluachála sa ró comhfhreagrach.
|
|
0120
|
RISÍOCHT REATHA
Airteagal 272(17) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Is é an luach mar a shainmhínítear faoi Airteagal 272(17) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheidh i gceist leis an risíocht reatha in aghaidh an tacair glanluachála.
Tuairisceoidh an institiúid suim risíochtaí reatha uile na dtacar glanluachála sa ró comhfhreagrach.
|
|
0130
|
RISÍOCHT DHEIMHNEACH IONCHASACH IARBHÍR (EEPE)
Airteagail 272(22) agus 284(3) agus 284(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Sainmhínítear EEPE in aghaidh an tacair glanluachála in Airteagal 272(22) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 284(6) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 í.
Tuairisceoidh an institiúid suim EEPEnna uile a chuirtear i bhfeidhm chun ceanglais cistí dílse a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 284(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i.e. cibé acu EEPE a ríomhtar agus sonraí reatha an mhargaidh á n-úsáid, nó EEPE a ríomhtar agus calabrú struis á úsáid, cibé ceann lena bhfaightear ceanglas cistí dílse níos airde.
|
|
0140
|
ALFA A ÚSÁIDTEAR CHUN LUACH NA RISÍOCHTA RIALÁLA A RÍOMH
Airteagail 274(2), 282(2), 281(1), 284(4) agus (9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tá luach α seasta mar 1.4 sna rónna le haghaidh OEM, SA-CCR Simplithe agus SA-CCR i gcomhréir le hAirteagal 282(2), le hAirteagal 281(1) agus le hAirteagal 274(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chun críocha IMM, is féidir 1.4 a bheith i gceist le luach α mar réamhshocrú nó luach difriúil má bhíonn α níos airde de dhíth ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 284(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó má cheadaíonn siad d’institiúidí a meastacháin féin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 284(9) den Rialachán sin.
|
|
0150
|
LUACH NA RISÍOCHTA ROIMH CRM
Ríomhfar luach na risíochta roimh CRM i dtaca le tacair ghlanluachála CCR i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i gChuid a Trí, Teideal II Caibidlí, 4 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus éifeacht na glanluachála á cur san áireamh, ach gan beann ar aon teicníc eile um maolú priacail creidmheasa (e.g. comhthaobhacht chorrlaigh).
I gcás SFTanna, ní bhreithneofar an chéim shlándála agus luach na risíochta roimh CRM á chinneadh nuair a fhaightear comhthaobhacht agus dá bhrí sin ní laghdófar luach na risíochta léi. I gcodarsnacht leis sin, breithneofar céim shlándála SFTanna agus luach na risíochta roimh CRM á chinneadh ar an ngnáthbhealach nuair a bhreactar comhthaobhacht.
Thairis sin, láimhseálfar gnó comhthaobhaithe mar ghnó neamh-chomhthaobhaithe, i.e. ní infheidhme aon socrú corrlaigh.
Ní mór luach na risíochta roimh CRM, i dtaca le hidirbhearta i gcás inar sainaithníodh sainphriacal comhghaolmhaireachta, a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 291 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní dhéanfaidh luach na risíochta roimh CRM asbhaint an chaillteanais CVA atá tabhaithe a mheas i gcomhréir le hAirteagal 273(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tuairisceoidh an institiúid suim na luachanna risíochtaí reatha uile roimh CRM sa ró comhfhreagrach.
|
|
0160
|
LUACH NA RISÍOCHTA ROIMH CRM
Ríomhfar luach na risíochta iar-CRM le haghaidh tacair ghlanluachála CCR i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 agus Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ag a bhfuil teicnící CRM i bhfeidhm de réir mar is infheidhme i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4 agus Caibidil 6 den Rialachán sin.
Ní mór luach na risíochta tar éis CRM, i dtaca le hidirbhearta i gcás inar sainaithníodh sainphriacal comhghaolmhaireachta, a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 291 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní bhreithneofar le luach na risíochta tar éis CRM asbhaint caillteanas tabhaithe CVA i gcomhréir le hAirteagal 273(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tuairisceoidh an institiúid suim na luachanna risíochtaí reatha uile tar éis CRM sa ró comhfhreagrach.
|
|
0170
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Luach na risíochta i dtaca le tacair glanluachála CCR arna ríomh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidilí 4 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arb é sin an méid is ábhartha chun méideanna risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, i.e. tar éis teicnící CRM a chur i bhfeidhm de réir mar is infheidhme i gcomhréir le Cuid a Trí, Theideal II, Caibidilí 4 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus asbhaint chaillteanas tabhaithe CVA á breithniú i gcomhréir le hAirteagal 273(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní mór luach na risíochta i dtaca le hidirbhearta i gcás inar sainaithníodh sainphriacal comhghaolmhaireachta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 291 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcásanna ina n-úsáidtear breis agus aon chur chuige CRR amháin le haghaidh contrapháirtí aonair, sannfar an caillteanas tabhaithe CVA, a asbhaintear ar leibhéal contrapháirtí, do luach risíochta na dtacar glanluachála difriúil i ngach cur chuige CRR, rud lena léireofar cion an luacha risíochta tar éis CRM a bhaineann leis na tacair ghlanluachála faoi seach i leith luach risíochta iomlán an chontrapháirtí tar éis CRM.
Tuairisceoidh an institiúid suim na luachanna risíochta uile sa ró comhfhreagrach.
|
|
0180
|
Suíomhanna a láimhseáiltear leis an gCur Chuige Caighdeánaithe CR
Luach neamhchosanta le haghaidh CCR ar shuíomhanna a láimhseáiltear leis an gcur chuige caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0190
|
Suíomhanna a láimhseáiltear leis an gCur Chuige IRB CR
Luach na neamhchosanta le haghaidh CCR ar shuíomhanna a láimhseáiltear leis an gcur chuige IRB maidir le riosca creidmheasa i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0200
|
MÉIDEANNA RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca maidir le CCR mar a shainmhínítear in Airteagal 92(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna ríomh i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus Caibidil 3.
Cuirfear san áireamh na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagal 501 agus in Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0210
|
Suíomhanna a láimhseáiltear leis an gCur Chuige Caighdeánaithe CR
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcás risíochtaí ar CCR a láimhseáiltear leis an gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Freagraíonn an méid don mhéid a chuirfear san áireamh i gcolún 0220 de theimpléad C 07.00 le haghaidh suíomhanna CCR.
|
|
0220
|
Suíomhanna a láimhseáiltear leis an gCur Chuige IRB CR
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcás risíochta ar CCR a láimhseáiltear leis an gcur chuige IRB maidir le priacal creidmheasa i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Comhfhreagraíonn an méid don mhéid a chuirfear san áireamh i gcolún 0260 de theimpléad C 08.01 le haghaidh suíomhanna CCR.
|
|
Ró
|
|
0010
|
MODH NA RISÍOCHTA TOSAIGH (LE hAGHAIDH DÍORTHACH)
Díorthaigh agus idirbhearta socraíochta iarchurtha a ríomhann an institiúid luach na neamhchosanta ina leith i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní féidir ach le hinstitiúidí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 273a(2) nó 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an modh simplithe sin a úsáid chun luach na risíochta a ríomh.
|
|
0020
|
CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE SIMPLITHE LE hAGHAIDH CCR (SS-CCR SIMPLITHE I dTACA LE DÍORTHAIGH)
Díorthaigh agus idirbhearta socraíochta iarchurtha a ríomhann an institiúid luach na risíochta ina leith i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní féidir ach le hinstitiúidí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 273a(1) nó 273a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an cur chuige caighdeánaithe simplithe sin a úsáid chun luach na risíochta a ríomh.
|
|
0030
|
CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE LE hAGHAIDH CCR (SS-CCR SIMPLITHE I dTACA LE DÍORTHAIGH)
Díorthaigh agus idirbhearta socraíochta iarchurtha a ríomhann an institiúid luach na neamhchosanta ina leith i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
IMM (LE hAGHAIDH DÍORTHACH AGUS SFTS)
Díorthaigh, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus SFTanna dá ceadaíodh don institiúid luach na risíochta a ríomh agus Modh na Samhla Inmheánaí (IMM) á úsáid i gcomhréir le Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
Tacair ghlanluachála na n-idirbheart um maoiniú urrús
Tacair ghlanluachála nach bhfuil ach SFTanna iontu mar a shainmhínítear in Airteagal 4(139) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, dá ceadaíodh don institiúid luach na risíochta a chinneadh agus IMM á úsáid.
Ní thuairisceofar sa ró seo SFTanna, atá curtha san áireamh i dtacar glanluachála trastáirge conarthach agus a thuairisceofar i ró 0070 dá bhrí sin.
|
|
0060
|
Tacair ghlanluachála díorthach agus idirbheart socraíochta iarchurtha
Tacair ghlanluachála nach bhfuil ach ionstraimí díorthacha iontu a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus idirbhearta socraíochta iarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 272(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, dá ceadaíodh don institiúid luach na risíochta a chinneadh agus IMM á úsáid.
Ní thuairisceofar sa ró seo Díorthaigh agus Idirbhearta Socraíochta Iarchurtha atá curtha san áireamh i dTacar Glanluachála Trastáirge Conarthach agus a thuairisceofar i ró 0070 dá bhrí sin.
|
|
0070
|
Ó thacair ghlanluachála trastáirge conarthach
Airteagal 272(11) agus (25) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tacair ghlanluachála ina bhfuil idirbhearta de chatagóirí táirgí difriúla (Airteagal 272(11) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), i.e. díorthaigh agus SFTanna, dá bhfuil comhaontú glanluachála trastáirge conarthach ann mar a shainmhínítear in Airteagal 272 (25) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus dá ceadaíodh don institiúid luach na risíochta a chinneadh agus IMM á úsáid.
|
|
0080
|
MODH SIMPLÍ COMHTHAOBHACH AIRGEADAIS (LE hAGHAIDH SFTS)
Airteagal 222 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh dá roghnaigh an institiúid luach na risíochta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 222 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 seachas Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 den Rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 271(2) den Rialachán céanna.
|
|
0090
|
MODH CUIMSITHEACH COMHTHAOBHACH AIRGEADAIS (LE hAGHAIDH SFTS)
Airteagail 220 agus 223 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus idirbhearta iasachta corrlaigh dá roghnaigh an institiúid luach na risíochta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 223 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 seachas Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 den Rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 271(2) den rialachán céanna.
|
|
0100
|
VAR LE hAGHAIDH SFTS
Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta iasachta corrlaigh, nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh seachas idirbhearta díorthach dá ríomhtar, i gcomhréir le hAirteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi réir chead an údaráis inniúil, luach na risíochta agus cur chuige samhla inmheánaí á úsáid ina gcuirtear san áireamh éifeachtaí comhghaolaithe idir suíomhanna urrúis atá faoi réir an mháistir-chomhaontaithe glanluachála, mar aon le leachtacht na n-ionstraimí lena mbaineann.
|
|
0110
|
IOMLÁN
|
|
0120
|
Lena n-áirítear: Suíomhanna SWWR
Airteagal 291 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Risíochtaí CCR dá sainaithníodh sainphriacal comhghaolmhaireachta (SWWR) i gcomhréir le hAirteagal 291 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0130
|
Gnó faoi chumhdach corrlaigh
Airteagal 272(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Risíochtaí CCR atá faoi chumhdach éarlaise, i.e. tacair ghlanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh i gcomhréir le hAirteagal 272(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0140
|
Gnó nach bhfuil faoi chumhdach corrlaigh
Risíochtaí CCR nach gcumhdaítear in 0130.
|
3.9.4. C 34.03 – risíochtaí CCR a láimhseáiltear le cuir chuige chaighdeánaithe: SA-CCR agus SA-CCR Simplithe
3.9.4.1. Barúlacha ginearálta
125. Úsáidfear an teimpléad ar leithligh chun risíochtaí CCR a thuairisciú a ríomhfar le SA-CCR nó le SA-CCR Simplithe, de réir mar is infheidhme.
3.9.4.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
AIRGEADRA
I dtaca le hidirbhearta a mhapáiltear ar an gcatagóir priacail ráta úis, tuairisceofar airgeadra na hainmníochta don idirbheart.
I dtaca le hidirbhearta a mhapáiltear l ar an gcatagóir priacail malairte eachtraí, tuairisceofar airgeadra na hainmníochta do cheann amháin de dhá chéim an idirbhirt. Cuirfidh institiúidí na hairgeadraí isteach sa phéire airgeadra de réir ord aibítre, e.g. le haghaidh Dollar SAM/Euro, líon an colún seo isteach le EUR agus colún 0020 le USD.
Úsáidfear cóid airgeadra ISO.
|
|
0020
|
AN DARA hAIRGEADRA I bPÉIRE
I dtaca le hidirbhearta a mhapáiltear ar an gcatagóir priacail malairte eachtraí, tuairisceofar airgeadra na hainmníochta do chéim eile an idirbhirt (i leith na céime a bhreithnítear i gcolún 0010). Cuirfidh institiúidí na hairgeadraí sa phéire airgeadra isteach de réir ord aibítre, e.g. le haghaidh Dollar SAM/Euro, líon an colún seo isteach le USD agus colún 0010 le EUR.
Úsáidfear cóid airgeadra ISO.
|
|
0030
|
AN LÍON IDIRBHEART
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0020 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0040
|
MÉIDEANNA BARÚLACHA
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0030 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0050
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DEIMHNEACH
Suim mhargadhluachanna reatha (CMV) na dtacar fálúcháin uile le CMV deimhneach sa chatagóir priacail faoi seach.
Cinnfear CMV ar leibhéal an tacair fálúcháin trí mhargadhluachanna deimhneacha agus diúltacha na n-idirbheart laistigh d’aon tacar fálúcháin amháin a ghlanluacháil, agus aon chomhthaobhacht a shealbhaítear nó a bhreactar san áireamh.
|
|
0060
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DIÚLTACH
Suim dhearbh-mhargadhluachanna reatha (CMV) na dtacar fálúcháin uile le CMV diúltach sa chatagóir priacail faoi seach.
Cinnfear CMV ar leibhéal an tacair fálúcháin trí mhargadhluachanna deimhneacha agus diúltacha na n-idirbheart laistigh d’aon tacar fálúcháin amháin a ghlanluacháil, agus aon chomhthaobhacht a shealbhaítear nó a bhreactar san áireamh.
|
|
0070
|
FORLÍONTÁN
Airteagal 280a go 280f agus 281 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh an institiúid suim na bhforlíontán uile sa tacar fálúcháin/catagóir priacail faoi seach.
Maidir leis an bhforlíontán in aghaidh na catagóire priacail, a úsáidtear chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a bhaineann le tacar glanluachála a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 278(1) nó le hAirteagal 281(2), pointe (f) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar é a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 280a go 280f den Rialachán sin. I dtaca le SA-CCR Simplithe, tá feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagal 281(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Rónna
|
|
0050,0120, 0190, 0230, 0270, 0340
|
CATAGÓIRÍ PRIACAL
Airteagail 277 agus 277a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Déanfar idirbhearta a aicmiú de réir na catagóire priacail lena mbaineann siad i gcomhréir le hAirteagal 277(1) go dtí (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Feidhmeofar an sannadh do thacair fálúcháin de réir na catagóire priacail i gcomhréir le hAirteagal 277a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I dtaca le SA-CCR Simplithe, tá feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagal 281(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0020-0040
|
Lena n-áirítear mapáilte chuig breis agus catagóir priacail amháin
Airteagal 277(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Idirbhearta díorthacha ag a bhfuil breis agus spreagaí priacail ábhartha amháin a mhapáiltear ar dhá chatagóir priacail (0020), ar thrí chatagóir priacail (0030) nó ar bhreis agus trí chatagóir priacail (0040) ar bhonn na spreagaithe priacail is ábhartha i ngach catagóir priacail, i gcomhréir le hAirteagal 277(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ÚBE RTS dá dtagraítear in Airteagal 277(5) den Rialachán sin.
|
|
0070-0110 agus 0140-0180
|
Airgeadra is mó agus péire airgeadra is mó
Déanfar an t-aicmiú sin ar bhonn CMV phunann na hinstitiúide faoi raon feidhme SA-CCR nó SA-CCR Simplithe, de réir mar is infheidhme, i dtaca le hidirbhearta a mhapáiltear ar chatagóir priacail ráta úis agus ar chatagóir priacail malairte eachtraí, faoi seach.
Chun chríche an aicmithe, déanfar dearbhluach CMV na suíomh a shuimiú.
|
|
0060,0130, 0200,0240, 0280
|
Mapáil eisiach
Airteagal 277(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Idirbhearta díorthacha a mhapáiltear go heisiach ar aon chatagóir priacail amháin i gcomhréir le hAirteagal 277(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Eisiafar idirbhearta a mhapáiltear ar chatagóirí difriúla priacail i gcomhréir le hAirteagal 277(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0210, 0250
|
Idirbhearta aonainm
Idirbhearta aonainm a mhapáiltear ar an gcatagóir priacail creidmheasa agus ar an gcatagóir priacail cothromais, faoi seach.
|
|
0220, 0260
|
Idirbhearta il-ainmneacha
Idirbhearta il-ainmneacha a mhapáiltear ar an gcatagóir priacail creidmheasa agus ar an gcatagóir priacail cothromais, faoi seach.
|
|
0290-0330
|
Tacair falúcháin na catagóire priacail tráchtearraí
Idirbhearta díorthach a shanntar do na tacair fálúcháin de réir na catagóire priacal tráchtearraí a liostaítear in Airteagal 277a(1), pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
3.9.5. C 34.04 – Risíochtaí CCR a láimhseáiltear le Modh na Risíochta Tosaigh (OEM)
3.9.5.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010 - 0020
|
Is iad na treoracha a sholáthraítear le haghaidh theimpléad C 34.02 a bheidh i gceist leis na treoracha le haghaidh na gcolún 0010 agus 0020.
|
|
0030
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DEIMHNEACH
Suim mhargadhluachanna reatha (CMV) na n-idirbheart uile le CMV deimhneach sa chatagóir priacail faoi seach.
|
|
0040
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DIÚLTACH
Suim dhearbh-mhargadhluachanna reatha (CMV) na n-idirbheart uile le CMV diúltach sa chatagóir priacail faoi seach.
|
|
0050
|
RISÍOCHT FHÉIDEARTHA THODHCHAÍOCH (PFE)
Tuairisceoidh an institiúid suim PFEnna uile le haghaidh na n-idirbheart uile a bhaineann leis an gcatagóir priacail céanna.
|
|
Rónna
|
|
0020 - 0070
|
CATAGÓIRÍ PRIACAL
Idirbhearta díorthacha a mhapáiltear ar na catagóirí priacail mar a liostaítear in Airteagal 282(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
3.9.6. C 34.05 – Risíochtaí CCR a láimhseáiltear le Modh na Samhla Inmheánaí (IMM)
3.9.6.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
00010 - 0080
|
FAOI CHUMHDACH CORRLAIGH
Féach na treoracha a ghabhann le ró 0130 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0090 - 0160
|
NACH bhFUIL FAOI CHUMHDACH CORRLAIGH
Féach na treoracha a ghabhann le ró 0140 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0010.0090
|
AN LÍON IDIRBHEART
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0020 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0020.0100
|
MÉIDEANNA BARÚLACHA
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0030 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0030.0110
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DEIMHNEACH
Suim mhargadhluachanna reatha (CMV) na n-idirbheart uile le CMV deimhneach a bhaineann leis an aicme sócmhainne chéanna.
|
|
0040.0120
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), DIÚLTACH
Suim dhearbh-mhargadhluachanna reatha (CMV) na n-idirbheart uile le CMV diúltach a bhaineann leis an aicme sócmhainne chéanna.
|
|
0050.0130
|
RISÍOCHT REATHA
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0120 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0060.0140
|
RISÍOCHT DHEIMHNEACH IONCHASACH IARBHÍR (EEPE)
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0130 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0070.0150
|
EEPE STRUIS
Airteagal 284(6) agus Airteagal 292(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ríomhtar EEPE Struis i gcomparáid le EEPE (Airteagal 284(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), ach le calabrú struis á úsáid i gcomhréir le hAirteagal 292(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0080, 0160,0170
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0170 i dteimpléad C 34.02.
|
|
Ró
|
Míniú
|
|
0010
|
IOMLÁN
Airteagal 283 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh an institiúid an fhaisnéis ábhartha maidir le díorthaigh, idirbhearta socraíochta iarchurtha agus SFTanna dá ceadaíodh di luach na risíochta a ríomhtar agus Modh na Samhla Inmheánaí (IMM) á úsáid i gcomhréir le hAirteagal 283 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh.
|
|
0020
|
Lena n-áirítear: Suíomhanna SWWR
Féach na treoracha a ghabhann le ró 0120 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0030
|
Tacair ghlanluachála a láimhseáiltear leis an gCur Chuige Caighdeánaithe CR
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0180 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0040
|
Tacair ghlanluachála a láimhseáiltear leis an gCur Chuige IRB CR
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0190 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0050 - 0110
|
DÍORTHAIGH OTC
Tuairisceoidh an institiúid an fhaisnéis ábhartha maidir le tacair ghlanluachála nach bhfuil iontu ach díorthaigh OTC nó idirbhearta socraíochta iarchurtha dá ceadaíodh di luach na risíochta a chinneadh agus (IMM) á úsáid a mhiondealaítear de réir na n-aicmí sócmhainní difriúla i leith an ní fhorluitigh (ráta úis, malairt eachtrach, creidmheas, cothromas, tráchtearra nó eile).
|
|
0120 - 0180
|
DÍORTHAIGH ARNA dTRÁDÁIL AR AN MALARTÁN
Tuairisceoidh an institiúid an fhaisnéis ábhartha maidir le tacair ghlanluachála nach bhfuil iontu ach díorthaigh a thrádáiltear ar an stocmhalartán nó idirbhearta socraíochta iarchurtha dá ceadaíodh di luach na risíochta a chinneadh agus IMM á úsáid a mhiondealaítear de réir na n-aicmí sócmhainní difriúla i leith an ní fhorluitigh (ráta úis, malairt eachtrach, creidmheas, cothromas, tráchtearra nó eile).
|
|
0190 - 0220
|
IDIRBHEARTA UM MAOINIÚ URRÚS
Tuairisceoidh an institiúid an fhaisnéis ábhartha maidir le tacair ghlanluachála nach bhfuil iontu ach SFTanna dá ceadaíodh di luach na risíochta a chinneadh agus IMM á úsáid a mhiondealaítear de réir chineál an ní fhorluitigh sa chéim shlándála SFT (banna, cothromas nó eile).
|
|
0230
|
TACAIR GHLANLUACHÁLA TRASTHÁIRGE CHONARTHACHA
Féach na treoracha a ghabhann le ró 0070 in C 34.02.
|
3.9.7. C 34.06 – An fiche contrapháirtí is mó
3.9.7.1. Barúlacha ginearálta
126. Tuairisceoidh institiúidí faisnéis ar an 20 contrapháirtí is mó lena bhfuil na risíochtaí CCR is airde acu. Déanfar an rangú agus luachanna risíochta CCR á n-úsáid, mar a thuairiscítear i gcolún 0120 den teimpléad seo, de chuid na dtacar glanluachála uile leis na contrapháirtithe faoi seach. Maidir le risíochtaí inghrúpa nó risíochtaí eile a n-eascraíonn priacal creidmheasa contrapháirtí uathu ach dá sannann na hinstitiúidí nialas mar ualú ó thaobh priacal chun na ceanglais cistí dílse a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 113(6) agus 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, breithneofar fós iad agus liosta an 20 contrapháirtí is mó á chinneadh.
127. Maidir le hinstitiúidí a mbeidh an cur chuige caighdeánaithe (SA-CCR) nó Modh na Samhla Inmheánaí (IMM) á chur i bhfeidhm acu chun risíochtaí CCR a ríomh tar éis Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 3 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á leanúint, tuairisceoidh siad an teimpléad seo ar bhonn ráithiúil. Maidir le hinstitiúidí a mbeidh an cur chuige caighdeánaithe simplithe nó modh na risíochta tosaigh (OEM) á chur i bhfeidhm acu chun risíochtaí CCR a ríomh tar éis Cuid a Trí, Teideal II, Chaibidil 6, Ranna 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á leanúint, tuairisceoidh siad an teimpléad seo ar bhonn leathbhliantúil. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha.
3.9.7.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0011
|
AINM
Ainm an chontrapháirtí
|
|
0020
|
CÓD
Ní mór don chód, mar chuid d’aitheantóir ró, a bheith ina chód uathúil i dtaca le gach eintiteas tuairiscithe. I dtaca le hinstitiúidí agus gnóthais árachais, is é cód LEI an cód a bheidh i gceist. I dtaca le heintitis eile, cód LEI, nó mura mbeidh sé le fáil, cód nach cód LEI é, an cód a bheidh i gceist. Cód uathúil a bheidh i gceist agus úsáidfear go comhsheasmhach trasna na dteimpléad agus thar am é. Beidh luach leis an gcód i gcónaí.
|
|
0030
|
CINEÁL CÓID
Sainaithneoidh an institiúid an cineál cóid a thuairiscítear i gcolún 0020 mar “Cód LEI” nó mar “Cód Náisiúnta”.
Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.
|
|
0035
|
CÓD NÁISIÚNTA
Féadfaidh an institiúid an cód náisiúnta a thuairisciú sa bhreis air sin nuair a thuairiscíonn sí cód LEI mar aitheantóir i gcolún “Cód” 0020.
|
|
0040
|
EARNÁIL AN CHONTRAPHÁIRTÍ
Roghnófar earnáil amháin le haghaidh gach contrapháirtí ar bhonn na n-aicmí earnála eacnamaíche FINREP a leanas (féach Cuid 3 Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo):
(i) Bainc Cheannais;
(ii) Rialtais Ghinearálta;
(iii) Institiúidí creidmheasa;
(iv) Gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(v) Corparáidí airgeadais eile (gan gnólachtaí infheistíochta a áireamh);
(vi) Corparáidí neamhairgeadais.
|
|
0050
|
CINEÁL CONTRAPHÁIRTÍ
Cuirfidh an institiúid an cineál contrapháirtí in iúl as a measc seo a leanas:
— QCCP: i gcás inar CPL cáilithe é an contrapháirtí;
— NEAMH-QCCP: i gcás inar CPL neamhcháilithe é an contrapháirtí;
— Ní CPL: i gcás nach CPL é an contrapháirtí.
|
|
0060
|
CÓNAÍ AN CHONTRAPHÁIRTÍ
Úsáidfear cód ISO 3166-1-alpha-2 thír ionchorpraithe an chontrapháirtí (lena n-áirítear bréagchóid ISO le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta, atá le fáil in “Comhardú Íocaíochtaí Vademecum” Eurostat, arna leasú).
|
|
0070
|
AN LÍON IDIRBHEART
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0020 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0080
|
MÉIDEANNA BARÚLACHA
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0030 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0090
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), deimhneach
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0040 i dteimpléad C 34.02.
Tuairisceoidh an institiúid suim na dtacar glanluachála le CMV deimhneach má tá roinnt tacair ghlanluachála ann le haghaidh an chontrapháirtí chéanna.
|
|
0100
|
MARGADHLUACH REATHA (CMV), diúltach
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0040 i dteimpléad C 34.02.
Tuairisceoidh an institiúid dearbhshuim na dtacar glanluachála le CMV diúltach má tá roinnt tacair ghlanluachála ann le haghaidh an chontrapháirtí chéanna.
|
|
0110
|
LUACH NA RISÍOCHTA ROIMH CRM
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0160 i dteimpléad C 34.02.
Tuairisceoidh an institiúid suim luachanna risíochta na dtacar glanluachála tar éis CRM má tá roinnt tacair ghlanluachála ann le haghaidh an chontrapháirtí chéanna.
|
|
0120
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0170 i dteimpléad C 34.02.
|
|
0130
|
MÉIDEANNA RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Féach na treoracha a ghabhann le colún 0200 i dteimpléad C 34.02.
|
3.9.8. C 34.07 – Cur chuige IRB – Risíochtaí CCR de réir aicme risíochta agus scála PD
3.9.8.1. Barúlacha ginearálta
128. Tuairisceoidh institiúidí an teimpléad sin trí úsáid a bhaint as ardchur chuige nó bonnchur chuige IRB chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca lena risíochtaí CCR uile nó i dtaca le cuid dá risíochtaí CCR i gcomhréir le hAirteagal 107 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan beann ar an gcur chuige CCR a úsáidtear chun luachanna risíochta a chinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 4 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
129. Déanfar an teimpléad a thuairisciú ar leithligh le haghaidh iomlán na n-aicmí risíochta uile mar aon lena thuairisciú ar leithligh le haghaidh gach ceann de na haicmí risíochta a liostaítear in Airteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní áirítear risíochtaí a imréitítear trí CPL leis an teimpléad seo.
130. Chun a shoiléiriú cibé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid a cuid meastachán féin le haghaidh LGD agus/nó fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach aicme risíochta a dhéanfar a thuairisciú:
“NÍ ÚSÁIDTEAR” = i gcás ina n-úsáidtear na meastacháin mhaoirseachta ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa (Bonnchur chuige IRB)
“ÚSÁIDTEAR” = i gcás ina n-úsáidtear a cuid meastachán féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta creidmheasa (Ardchur chuige IRB)
3.9.8.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
Luach na risíochta
Luach na risíochta (Féach na treoracha a ghabhann le colún 0170 i dteimpléad C 34.02.), a mhiondealaítear de réir an scála PD áirithe
|
|
0020
|
Meán ualaithe na risíochta PD (%)
Meán PDanna aonair ar ghrád an oibleagáideora a ualaítear de réir luach comhfhreagrach a risíochta mar a shainmhínítear i dtaca le colún 0010
|
|
0030
|
An líon oibleagáideoirí
An líon eintiteas dlítheanach nó oibleagáideoirí dlítheanacha a leithdháiltear ar gach buicéad den scála seasta PD, a rátáladh ar leithligh, gan beann ar an líon iasachtaí difriúla nó risíochtaí difriúla a dheonaítear
I gcás ina ndéantar risíochtaí difriúla ar an oibleagáideoir céanna a rátáil ar leithligh, déanfar iad a áireamh ar leithligh. Féadfaidh an staid sin tarlú má dhéantar risíochtaí ar leith ar an oibleagáideoir céanna a shannadh do ghráid oibleagáideora dhifriúla i gcomhréir le hAirteagal 172(1) an dara abairt, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0040
|
Meánchaillteanas i gcás mainneachtana (LGD) ualaithe ó thaobh na risíochta (%)
Meán na LGDanna ar ghrád an oibleagáideora a ualaítear de réir luach comhfhreagrach a risíochta mar a shainmhínítear i dtaca le colún 0010
Beidh an LGD a thuairiscítear comhfhreagrach don mheastachán críochnaitheach LGD a úsáidtear i ríomh méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a fhaightear tar éis aon éifeacht CRM a bhreithniú mar aon le dálaí aon chor chun donais mar a shonraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 3 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb ábhartha. Go háirithe, le haghaidh institiúidí a chuireann cur chuige IRB i bhfeidhm ach nach n-úsáideann a meastacháin LGD féin, léirítear na héifeachtaí maolaithe priacail a bhaineann le comhthaobhacht airgeadais in E*, luach na risíochta lánchoigeartaithe, agus léirítear ansin in LGD* iad i gcomhréir le hAirteagal 228(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Má chuirtear a meastacháin LGD féin i bhfeidhm, breithneofar Airteagal 175 agus Airteagal 181(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Maidir le risíochtaí atá faoi réir láimhseáil na mainneachtana dúbailte, comhfhreagróidh an LGD a bheidh le tuairisciú don cheann a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 161(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Le haghaidh risíochtaí ar mainneachtain faoi Chur Chuige A-IRB, breithneofar forálacha a leagtar síos in Airteagal 181(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Comhfhreagróidh an LGD a thuairiscítear don mheastachán ar LGD ar mainneachtain.
|
|
0050
|
Meánaibíocht ualaithe na risíochta (blianta)
Meán aibíochtaí oibleagáideora i mblianta a ualaítear de réir luach comhfhreagrach a risíochta mar a shainmhínítear i dtaca le colún 0010
Cinnfear an aibíocht i gcomhréir le hAirteagal 162 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal, mar a shainmhínítear in Airteagal 92(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le haghaidh suíomhanna a meastar a n-ualuithe priacal ar bhonn na gceanglas a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus dá ríomhtar luach na risíochta le haghaidh gnó CRR i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 4 agus 6 den Rialachán sin
Cuirfear san áireamh na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagal 501 agus in Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0070
|
Dlús na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal
Cóimheas na méideanna risíochta iomlána atá ualaithe ó thaobh priacal (a thuairiscítear i gcolún 0060) le luach na risíochta (a thuairiscítear i gcolún 0010)
|
|
Rónna
|
|
0010 - 0170
|
Scála PD
Déanfar risíochtaí CCR (a chinntear ar leibhéal contrapháirtí) a leithdháileadh ar an mbuicéad iomchuí den scála seasta PD bunaithe ar an PD measta i dtaca le gach oibleagáideoir a shanntar don aicme risíochta sin (gan aon ionadú a bhreithniú, a bheidh le déanamh mar gheall ar ráthaíocht nó díorthach creidmheasa a bheith ann). Déanfaidh institiúidí risíocht a mhapáil de réir risíochta ar an scála PD a sholáthraítear sa teimpléad, agus scálaí leanúnacha á gcur san áireamh freisin. Áireofar gach risíocht ar mainneachtain sa bhuicéad ina léirítear PD de 100 %.
|
3.9.9. C 34.08 – Comhdhéanamh comhthaobhachta le haghaidh risíochtaí CCR
3.9.9.1. Barúlacha ginearálta
131. Líonfar an teimpléad seo le luachanna córa comhthaobhachta (a bhreactar nó a fhaightear) a úsáidtear i risíochtaí CCR a bhaineann le hidirbhearta díorthach, le hidirbhearta socraíochta iarchurtha nó le SFTanna, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar na hidirbhearta a imréiteach trí CPL agus cibé acu a bhreactar nó nach mbreactar comhthaobhacht ar CPL.
3.9.9.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010 - 0080
|
Comhthaobhacht a úsáidtear in idirbhearta díorthach
Tuairisceoidh institiúidí an chomhthaobhacht (lena n-áirítear comhthaobhacht an chorrlaigh tosaigh agus an chorrlaigh athrúcháin) a úsáidtear i risíochtaí CCR a bhaineann le haon ionstraim dhíorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó in idirbheart socraíochta iarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 272, pointe (2) den rialachán céanna nach gcáilíonn mar idirbheart um maoiniú urrús (SFT).
|
|
0090 - 0180
|
Comhthaobhacht a úsáidtear in SFTanna
Tuairisceoidh institiúidí an chomhthaobhacht (lena n-áirítear comhthaobhacht an chorrlaigh tosaigh agus an chorrlaigh athrúcháin mar aon leis an gcomhthaobhacht atá le feiceáil mar urrús in SFT) a úsáidtear i risíochtaí CCR a bhaineann le haon SFT nó le haon idirbheart socraíochta iarchurtha nach gcáilíonn mar dhíorthach.
|
|
0010, 0020, 0050, 0060, 0090, 0100, 0140, 0150
|
Leithscartha
Airteagal 300(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí an chomhthaobhacht a shealbhaítear ar bhealach atá scoite ó fhéimheacht mar a shainmhínítear in Airteagal 300(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a mhiondealaítear a thuilleadh ina comhthaobhacht atá le feiceáil i bhfoirm corrlaigh tosaigh nó athrúcháin.
|
|
0030, 0040, 0070, 0080, 0110, 0120, 0130, 0160, 0170, 0180
|
Neamh-leithscartha
Airteagal 300(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí an chomhthaobhacht nach sealbhaítear ar bhealach atá scoite ó fhéimheacht mar a shainmhínítear in Airteagal 300(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a mhiondealaítear a thuilleadh ina corrlach tosaigh, ina corrlach athrúcháin agus ina hurrús SFT.
|
|
0010, 0030, 0050, 0070, 0090, 0110, 0140, 0160
|
Corrlach tosaigh
Airteagal 4(1), pointe (140), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luachanna córa na comhthaobhachta a fhaightear nó a bhreactar mar chorrlach tosaigh (a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (140), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0020, 0040, 0060, 0080, 0100, 0120, 0150, 0170
|
Corrlach athrúcháin
Tuairisceoidh institiúidí luachanna córa na comhthaobhachta a fhaightear nó a bhreactar mar chorrlach athrúcháin.
|
|
0130, 0180
|
Slándáil SFT
Tuairisceoidh institiúidí luachanna córa na comhthaobhachta atá le feiceáil mar urrús in SFTanna (e.g. céim urrúis SFT a fuarthas i dtaca le colún 0130, nó a bheidh breactha i dtaca le colún 0180).
|
|
Rónna
|
|
0010 – 0080
|
Cineál comhthaobhachta
Miondealú de réir cineálacha difriúla comhthaobhachta
|
3.9.10. C 34.09 – Risíochtaí díorthach creidmheasa
3.9.10.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0040
|
COSAINT DÍORTHACH CREIDMHEASA
Cosaint díorthach creidmheasa a cheannaítear nó a dhíoltar
|
|
0010, 0020
|
MÉIDEANNA BARÚLACHA
Suim na méideanna díorthach barúlach roimh aon ghlanluacháil, a mhiondealaítear de réir an chineáil táirge
|
|
0030, 0040
|
LUACHANNA CÓRA
Suim na luachanna córa a mhiondealaítear de réir na cosanta a cheannaítear agus a dhíoltar
|
|
Rónna
|
|
0010 – 0050
|
Cineál táirge
Miondealú ar chineálacha táirgí díorthach creidmheasa
|
|
0060
|
Iomlán
Suim na gcineálacha táirgí uile
|
|
0070, 0080
|
Luachanna córa
Luachanna córa a mhiondealaítear de réir an chineáil táirge mar aon le sócmhainní (luachanna córa deimhneacha) agus dliteanais (luachanna córa diúltacha)
|
3.9.11. C 34.10 – Risíochtaí ar CPLanna
3.9.11.1. Barúlacha ginearálta
132. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis ar risíochtaí ar CPLanna, i.e. ar chonarthaí agus ar idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chomh fada agus a bheidh siad ina risíochtaí gan íoc le CPL agus maidir le risíochtaí ó idirbhearta a bhaineann le CPL, i gcomhréir le hAirteagal 300(2) den Rialachán sin, dá ríomhtar na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 9 den Rialachán sin.
3.9.11.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
LUACH NA RISÍOCHTA
Luach na risíochta i dtaca le hidirbhearta i raon feidhme Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 9 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomhtar i gcomhréir leis na modhanna ábhartha a leagtar síos sa Chaibidil sin agus go háirithe i roinn 9 di
Is éard a bheidh i luach na risíochta a thuairisceofar an méid a bheidh ábhartha chun na ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 9 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na ceanglais in Airteagal 497 den Rialachán sin á mbreithniú le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear san airteagal sin.
Is féidir le risíocht a bheith ina risíocht trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (91), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0020
|
MÉIDEANNA RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus a chinntear i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 9 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na ceanglais in Airteagal 497 den Rialachán sin á mbreithniú le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin
|
|
Rónna
|
|
0010-0100
|
CPL Cáilitheach (QCCP)
Contrapháirtí lárnach cáilitheach nó “QCCP” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (88), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070, 0080
0170, 0180
|
Corrlach tosaigh
Féach na treoracha le haghaidh theimpléad C 34.08.
Chun críocha an teimpléid sin, ní áireofar sa chorrlach tosaigh ranníocaíochtaí le CPL le haghaidh socruithe roinnte caillteanas frithpháirtithe (i.e. i gcásanna ina n-úsáideann CPL corrlach tosaigh chun caillteanais a fhrithpháirtiú i measc na gcomhaltaí imréitigh, láimhseálfar é mar risíocht ar chiste mainneachtana).
|
|
0090, 0190
|
Ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana
Airteagail 308 agus 309 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; ciste mainneachtana mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (89), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; an ranníocaíocht le ciste mainneachtana CPL a íoctar isteach ag an institiúid
|
|
0100, 0200
|
Ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana
Airteagail 309 agus 310 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; ciste mainneachtana mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (89), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí ranníocaíochtaí a gheall institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh go conarthach a sholáthar do CPL tar éis do CPL a chiste mainneachtana a ídiú chun na caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé tar éis mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh.
|
|
0070, 0170
|
Leithscartha
Féach na treoracha le haghaidh theimpléad C 34.08.
|
|
0080, 0180
|
Neamh-leithscartha
Féach na treoracha le haghaidh theimpléad C 34.08.
|
3.9.12. C 34.11 – Sreabhráitis méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal (RWEA) na risíochtaí CCR faoi IMM
3.9.12.1. Barúlacha ginearálta
133. Maidir le hinstitiúidí a úsáideann IMM chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca lena risíochtaí CCR uile nó i dtaca le cuid dá risíochtaí CCR i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan beann ar an gcur chuige maidir le priacal creidmheasa a úsáidtear chun na hualaí priacal comhfhreagracha a chinneadh, tuairisceoidh siad an teimpléad seo agus míneofar sa sreabhráiteas athruithe ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a bhaineann le díorthaigh agus SFTanna i raon feidhme IMM a dhifreáiltear de réir príomhghníomhaithe agus a bhunaítear ar mheastacháin réasúnta.
134. Maidir le hinstitiúidí a thuairisceoidh an teimpléad seo gach ráithe, ní líonfaidh siad isteach ach colún 0010. Maidir le hinstitiúidí a thuairisceoidh an teimpléad seo gach bliain, ní líonfaidh siad isteach ach colún 0020.
135. Ní áirítear sa teimpléad seo méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach (Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 9 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
3.9.12.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010, 0020
|
MÉIDEANNA RISÍOCHTA ATÁ UALAITHE Ó THAOBH PRIACAL
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal, mar a shainmhínítear in Airteagal 92(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le haghaidh suíomhanna a meastar a n-ualaí priacal ar bhonn na gceanglas a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 2 agus 3 den Rialachán sin agus dá ceadaíodh don institiúid luach na risíochta a ríomh ag baint úsáid as IMM i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 6 den Rialachán sin
Cuirfear san áireamh na fachtóirí tacaíochta FBM agus bonneagair a leagtar síos in Airteagal 501 agus in Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar a bhí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí CCR faoi IMM mar a bhí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin
|
|
0020
|
Méid na sócmhainne
Athruithe (deimhneacha nó diúltacha) ar mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar athruithe ar mhéid agus ar chomhdhéanamh an leabhair de thoradh na gnáthghníomhaíochta gnó (lena n-áirítear gnóthaí nua a thionscnamh agus risíochtaí atá ag teacht in aibíocht) ach ag eisiamh athruithe ar mhéid leabhair mar gheall ar éadálacha agus ar dhiúscairt eintiteas
|
|
0030
|
Cáilíocht chreidmheasa na gcontrapháirtithe
Athruithe (deimhneacha nó diúltacha) ar mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar athruithe ar cháilíocht mheasúnaithe chontrapháirtithe na hinstitiúide mar a thomhaistear faoin gcreat priacail creidmheasa, cibé cur chuige a úsáideann an institiúid. Áirítear athruithe féideartha leis an ró seo freisin ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás inarb athruithe iad a tharla mar gheall ar shamhlacha IRB nuair a úsáideann an institiúid cur chuige IRB
|
|
0040
|
Nuashonruithe samhla (IMM amháin)
Athruithe (deimhneacha nó diúltacha) ar mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar chur chun feidhme samhla, athruithe ar raon feidhme samhla, nó aon athrú a bheartaítear chun dul i ngleic le laigí samhla
Ní théitear i ngleic ach le hathruithe ar shamhail IMM sa ró seo.
|
|
0050
|
Modheolaíocht agus polasaí (IMM amháin)
Athruithe (deimhneacha nó diúltacha) ar mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar athruithe ar mhodheolaíocht i ríomhanna arb iad athruithe ar bheartais rialála a spreag iad, amhail rialacháin nua (i samhail IMM amháin)
|
|
0060
|
Éadálacha agus diúscairtí
Athruithe (deimhneacha nó diúltacha) ar mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar athruithe ar mhéideanna leabhair mar gheall ar éadálacha agus ar dhiúscairt eintiteas
|
|
0070
|
Gluaiseachtaí malairte eachtraí
Athruithe (deimhneacha nó diúltacha) ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i ngeall ar athruithe a eascraíonn as gluaiseachtaí um aistriú airgeadra eachtraigh
|
|
0080
|
Eile
Úsáidfear an chatagóir seo chun athruithe (deimhneacha nó diúltacha) ar mhéid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ghabháil, ar athruithe iad nach féidir a chur i leith na gcatagóirí thuas.
|
|
0090
|
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal mar a bhí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí CCR faoi IMM mar a bhí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe reatha
|
4. TEIMPLÉID UM PRIACAL OIBRIÚCHÁIN
4.1 C 16.00 – PRIACAL OIBRIÚCHÁIN (OPR)
4.1.1. Barúlacha Ginearálta
136. Soláthraítear faisnéis leis an teimpléad seo ar ríomh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le hAirteagail 312 go 324 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca le Priacal Oibriúcháin faoi Chur Chuige an Bhuntáscaire (BIA), faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (TSA), faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach (ASA) agus faoi Ardchuir Chuige Tomhais (AMA). Ní féidir le hinstitiúid TSA ná ASA a chur i bhfeidhm le haghaidh réimeanna gnó na baincéireachta miondíola agus na baincéireachta tráchtála an tráth céanna ar leibhéal aonair.
137. Maidir le hinstitiúidí a úsáideann BIA, TSA nó ASA, ríomhfaidh siad a gceanglas cistí dílse, bunaithe ar an bhfaisnéis ag deireadh na bliana airgeadais. Mura bhfuil figiúirí iniúchta ar fáil, féadfaidh institiúidí meastacháin ghnó a úsáid. I gcás ina n-úsáidtear figiúirí iniúchta, tuairisceoidh institiúidí na figiúirí iniúchta a mheastar a fhanfaidh gan athrú. D’fhéadfaí imeacht ón bprionsabal “neamhathraithe” sin, mar shampla má chomhlíontar na himthosca eisceachtúla le linn na tréimhse sin, amhail éadálacha nó diúscairtí eintiteas nó gníomhaíochtaí le déanaí.
138. I gcás inar féidir le hinstitiúid a chruthú dá húdarás inniúil – de bharr imthosca eisceachtúla amhail cumasc nó diúscairt eintiteas nó gníomhaíochtaí – go mbeadh meastachán claonta ann i gcomhair an cheanglais cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin, de thoradh an táscaire ábhartha a ríomh trí úsáid a bhaint as an meán 3 bliana, féadfaidh an t-údarás inniúil ceadú don institiúid an ríomh a mhodhnú ar bhealach lena gcuirfí teagmhais den sórt sin san áireamh. Féadfaidh an t-údarás inniúil, ar a thionscnamh féin, a cheangal ar institiúid an ríomh a mhodhnú freisin. I gcás ina bhfuil institiúid ag feidhmiú ar feadh tréimhse is lú ná 3 bliana, féadfaidh sí meastacháin réamhbhreathnaitheacha ghnó a úsáid chun an táscaire ábhartha a ríomh, ar choinníoll go dtosóidh sí ag úsáid sonraí stairiúla a thúisce a bheidh na sonraí sin ar fáil.
139. De réir colún, cuirtear faisnéis i láthair leis an teimpléad seo, le haghaidh na 3 bliana is déanaí, ar mhéid tháscaire ábhartha na ngníomhaíochtaí baincéireachta atá faoi réir priacal oibriúcháin agus ar an líon iasachtaí agus airleacan (ní infheidhme airleacain ach amháin maidir le ASA). Ansin, tuairiscítear faisnéis ar mhéid an cheanglais cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin. I gcás inarb infheidhme, ní mór a shonrú cén chuid den mhéid sin atá ann de thoradh sásra maidir le leithdháileadh. Maidir le AMA, cuirtear ítimí meabhráin isteach chun sonra a chur i láthair a bhaineann le héifeacht an chaillteanais ionchasaigh, an éagsúlaithe agus na dteicnící maolaithe maidir leis an gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin.
140. De réir rónna, cuirtear faisnéis i láthair de réir an mhodha lena ríomhtar an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin lena sonraítear réimeanna gnó le haghaidh TSA agus ASA.
141. Déanfaidh gach institiúid atá faoi réir ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin an teimpléad seo a chur isteach.
4.1.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0030
|
TÁSCAIRE ÁBHARTHA
Maidir le hinstitiúidí a úsáideann an táscaire ábhartha chun an ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal oibriúcháin (BIA, TSA agus ASA), tuairisceoidh siad an táscaire ábhartha le haghaidh na mblianta faoi seach i gcolúin 0010 go dtí 0030. Thairis sin, i gcás ina mbeidh cuir chuige dhifriúla á n-úsáid le chéile dá dtagraítear in Airteagal 314 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh institiúidí freisin, chun críoch faisnéise, an táscaire ábhartha le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá faoi réir AMA. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir le gach banc AMA eile.
Ina dhiaidh seo, tagraíonn an téarma “táscaire ábhartha” do “shuim na n-eilimintí” ag deireadh na bliana airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 316, Tábla 1, pointe 1 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina bhfuil méid is lú ná 3 bliana de shonraí ar fáil ag an institiúid ar an “táscaire ábhartha”, sannfar na sonraí stairiúla a bheidh ar fáil (figiúirí iniúchta) de réir ord tosaíochta do na colúin chomhfhreagracha sa teimpléad. I gcás, mar shampla, nach bhfuil sonraí stairiúla ar fáil ach le haghaidh bliain amháin, tuairisceofar na sonraí sin i gcolún 0030. I gcás inar cosúil é a bheith réasúnach, áireofar na meastacháin réamhbhreathnaitheacha i gcolún 0020 (meastachán na bliana seo chugainn) agus i gcolún 0010 (meastachán na bliana +2).
Thairis sin, i gcás nach mbeidh aon sonra stairiúil ar an “táscaire ábhartha” ar fáil, féadfaidh an institiúid meastacháin réamhbhreathnaitheacha ghnó a úsáid.
|
|
0040-0060
|
IASACHTAÍ AGUS AIRLEACAIN (I gCÁS IARRATAS ASA)
Úsáidfear na colúin seo chun méideanna na n-iasachtaí agus na n-airleacan a thuairisciú, dá dtagraítear in Airteagal 319(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le haghaidh na réimeanna gnó “baincéireacht tráchtála” agus “baincéireacht mhiondíola”. Úsáidfear na méideanna sin chun an táscaire ábhartha malartach a ríomh as a dtiocfaidh na ceanglais cistí dílse a chomhfhreagróidh do na gníomhaíochtaí atá faoi réir an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh (Airteagal 319(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
I gcás na réime gnó “baincéireacht tráchtála”, cuirfear urrúis a shealbhaítear sa leabhar neamhthrádála san áireamh freisin.
|
|
0070
|
CEANGLAS CISTÍ DÍLSE
Déanfar an ceanglas cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis na cuir chuige a úsáidtear agus i gcomhréir le hAirteagail 312 go 324 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tuairisceofar an méid a thiocfaidh as sin i gcolún 0070.
|
|
0071
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL OIBRIÚCHÁIN
Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ceanglais cistí dílse i gcolún 0070 a iolraítear faoi 12,5.
|
|
0080
|
LENA nÁIRÍTEAR: I nGEALL AR SHÁSRA LEITHDHÁILTE
I gcás inar deonaíodh cead AMA a úsáid ar leibhéal comhdhlúite (Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) i gcomhréir le hAirteagal 312(2) den Rialachán sin, déanfar caipiteal um phriacail oibriúcháin a leithdháileadh idir eintitis dhifriúla an ghrúpa ar bhonn na modheolaíochta a chuireann na hinstitiúidí i bhfeidhm chun éifeachtaí an éagsúlaithe a bhreithniú sa chóras chun priacal a thomhas a úsáideann máthairinstitiúid creidmheasa de chuid an Aontais agus a fo-institiúidí nó a úsáideann fochuideachtaí de chuid máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais go comhpháirteach. Tuairisceofar toradh an leithdháilte sin sa cholún seo.
|
|
0090-0120
|
ÍTIMÍ MEABHRÁIN AMA A BHEIDH LE TUAIRISCIÚ MÁS INFHEIDHME
|
|
0090
|
CEANGLAS CISTÍ DÍLSE ROIMH MHAOLÚ I nGEALL AR CHAILLTEANAS IONCHASACH, ÉAGSÚLÚ AGUS TEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL
Is é an ceanglas cistí dílse a thuairiscítear i gcolún 090 an ceann ó cholún 070 ach ríomhadh é sular cuireadh san áireamh éifeachtaí an mhaolaithe mar gheall ar chaillteanas ionchasach, éagsúlú agus teicnící um maolú priacal (féach thíos).
|
|
0100
|
(-) MAOLÚ AR CHEANGLAIS CISTÍ DÍLSE I nGEALL AR AN gCAILLTEANAS IONCHASACH A GHABHTAR I gCLEACHTAIS GHNÓ
Tuairisceofar i gcolún 100 an maolú ar cheanglais cistí dílse de thoradh an chaillteanais ionchasaigh a áirítear i gcleachtais ghnó inmheánacha (dá dtagraítear in Airteagal 322(2), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0110
|
(-) MAOLÚ AR CHEANGLAIS CISTÍ DÍLSE I nGEALL AR AN ÉAGSÚLÚ
Is é éifeacht an éagsúlaithe a thuairisceofar sa cholún seo an difríocht idir suim na gceanglas cistí dílse a ríomhtar ar leithligh le haghaidh gach aicme priacail oibriúcháin (i.e. cás ina bhfuil “spleáchas foirfe” i gceist) agus an ceanglais cistí dílse éagsúlaithe a ríomhtar trí chomhghaolta agus spleáchais a chur san áireamh (i.e. ag glacadh le spleáchas is lú ná “spleáchas foirfe” idir na haicmí priacail). Tarlaíonn cás ina bhfuil “spleáchas foirfe” sa “chás mainneachtana”, is é sin, i gcás nach n-úsáideann an institiúid struchtúr comhghaolta sainráite idir na haicmí priacail, agus dá bhrí sin, ríomhtar caipiteal AMA mar shuim bhearta priacail oibriúcháin aonair na n-aicmí priacail roghnaithe. Sa chás sin, glactar leis gurb é 100 % an comhghaol idir na haicmí priacail agus ní mór an luach sa cholún a shocrú ag nialas. Os a choinne sin, i gcás ina ríomhann an institiúid struchtúr comhghaolta sainráite idir aicmí priacail, ní mór di a chur san áireamh sa cholún seo an difríocht idir caipiteal AMA, mar chaipiteal a eascraíonn ó “chás na mainneachtana”, agus caipiteal AMA a fhaightear tar éis an struchtúr comhghaolta a chur i bhfeidhm idir na haicmí priacail. Léirítear “acmhainn éagsúlaithe” shamhail AMA leis an luach, is é sin, cumas na samhla tarlú dianteagmhais caillteanais priacail oibriúcháin a ghabháil i gcás nach dtarlaíonn na teagmhais sin go comhuaineach. Ní mór a thuairisciú i gcolún 110 an méid a laghdaítear caipiteal AMA trí bhíthin struchtúr toimhdithe an chomhghaoil, i gcoibhneas leis an toimhde gur comhghaol 100 % atá i gceist.
|
|
0120
|
(-) MAOLÚ AR CHEANGLAS CISTÍ DÍLSE I nGEALL AR THEICNÍCÍ UM MAOLÚ PRIACAIL (ÁRACHAS AGUS SÁSRAÍ EILE CHUN PRIACAL A AISTRIÚ)
Sa cholún seo, tuairisceofar tionchar an árachais agus sásraí eile chun priacal a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 323 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ BAINCÉIREACHTA ATÁ FAOI RÉIR CHUR CHUIGE AN BHUNTÁSCAIRE (BIA)
Leis an ró seo léireofar na méideanna a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí atá faoi réir BIA chun an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin a ríomh (Airteagail 315 agus 316 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0020
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ BAINCÉIREACHTA ATÁ FAOI RÉIR AN CHUR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE (TSA)/ AN CHUR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE MHALARTAIGH (ASA)
Tuairisceofar an ceanglas cistí dílse a ríomhtar i gcomhréir le TSA agus ASA (Airteagail 317, 318 agus 319 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
|
|
0030-0100
|
FAOI RÉIR TSA
I gcás ina n-úsáidtear TSA, dáilfear an táscaire ábhartha i dtaca le gach bliain faoi seach i rónna 0030 go 0100 i measc na réimeanna gnó dá dtagraítear in Airteagal 317, Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I dtaca leis an mapáil gníomhaíochtaí de réir réimeanna gnó, cloífear leis na prionsabail a thuairiscítear in Airteagal 318 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0110-0120
|
FAOI RÉIR ASA
Maidir le hinstitiúidí a úsáideann ASA (Airteagal 319 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), tuairisceoidh siad, i dtaca leis na blianta faoi seach, an táscaire ábhartha ar leithligh le haghaidh gach réime gnó i rónna 0030 go 0050 agus 0080 go 0100 agus i rónna 0110 agus 0120 le haghaidh na réimeanna gnó “baincéireacht tráchtála” agus “baincéireacht mhiondíola”.
I rónna 110 agus 120, cuirfear i láthair méid an táscaire ábhartha le haghaidh gníomhaíochtaí atá faoi réir ASA, agus idirdhealú á dhéanamh idir an méid a chomhfhreagraíonn don réim ghnó “baincéireacht tráchtála” agus na méideanna a chomhfhreagraíonn don réim ghnó “baincéireacht mhiondíola” (Airteagal 319 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Is féidir suimeanna a bheith ann le haghaidh na rónna a chomhfhreagraíonn do “bhaincéireacht tráchtála” agus do “bhaincéireacht mhiondíola” faoi TSA (rónna 0060 agus 0070) agus faoi rónna ASA 0110 agus 0120 freisin (e.g. má tá fo-eintiteas faoi réir TSA ach tá an mháthaireintiteas faoi réir ASA).
|
|
0130
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ BAINCÉIREACHTA ATÁ FAOI RÉIR ARDMHODHANNA TOMHAIS AMA
Tuairisceofar na sonraí ábhartha le haghaidh institiúidí AMA (Airteagal 312(2) agus Airteagail 321, 322 agus 323 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).
I gcás ina gcuirtear cuir chuige dhifriúla le chéile mar a léirítear in Airteagal 314 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar faisnéis ar an táscaire ábhartha le haghaidh gníomhaíochtaí atá faoi réir AMA. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir le gach banc AMA eile.
|
4.2. PRIACAL OIBRIÚCHÁIN: FAISNÉIS MHIONSONRAITHE AR CHAILLTEANAIS LE BLIAIN ANUAS (SONRAÍ OPR)
4.2.1. Barúlacha Ginearálta
142. Tugtar achoimre le teimpléad C 17.01 (SONRAÍ OPR 1) ar an bhfaisnéis ar na caillteanais chomhlána agus ar na haisghabhálacha caillteanais comhlána a chláraigh institiúid le bliain anuas de réir cineálacha teagmhas agus réimeanna gnó. Soláthraítear faisnéis mhionsonraithe le teimpléad C 17.02 (SONRAÍ OPR 2) ar na teagmhais chaillteanais is mó sa bhliain is déanaí.
143. Ní bhreithnítear caillteanais priacail oibriúcháin a bhaineann le priacal creidmheasa agus atá faoi réir ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal creidmheasa (teagmhais priacail oibriúcháin a bhaineann le teorainn chreidmheasa) i dteimpléad C 17.01 ná i dteimpléad C 17.02.
144. I gcás ina n-úsáidtear cuir chuige dhifriúla le chéile chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal oibriúcháin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 314 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar caillteanais agus aisghabhálacha a chláraíonn institiúid in C 17.01 agus C 17.02, gan beann ar an gcur chuige a chuirtear i bhfeidhm chun ceanglais cistí dílse a ríomh.
145. Ciallaíonn “caillteanas comhlán” caillteanas – dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. – a eascraíonn as teagmhas priacail oibriúcháin nó as cineál teagmhais caillteanais roimh aisghabhálacha d’aon chineál, gan dochar do “theagmhais chaillteanais arna n-aisghabháil go tapa” mar a shainmhínítear thíos.
146. Ciallaíonn “aisghabháil” tarlú neamhspleách a bhaineann leis an gcaillteanas priacail oibriúcháin bunaidh atá ar leithligh ó thaobh ama, ina bhfaightear cistí nó insreafaí sochar eacnamaíoch ó chéad pháirtithe nó ó thríú páirtithe, amhail árachóirí nó páirtithe eile. Déantar aisghabhálacha a mhiondealú ina n-aisghabhálacha ó árachas agus ó shásraí eile aistrithe priacal agus ina n-aisghabhálacha díreacha.
147. Ciallaíonn “teagmhais chaillteanais a aisghabhtar go tapa” teagmhais priacail oibriúcháin as a n-eascraíonn caillteanais a dhéantar a aisghabháil go páirteach nó go hiomlán laistigh de 5 lá oibre. I gcás teagmhas caillteanais a aisghabhtar go tapa, ní chuirfear ach an chuid sin den chaillteanas nach n-aisghabhtar go hiomlán (i.e. an caillteanas glan ar an aisghabháil pháirteach thapa) san áireamh sa sainmhíniú ar chaillteanas comhlán. Dá thoradh sin, maidir le teagmhais chaillteanais as a n-eascraíonn caillteanais a dhéantar a aisghabháil go hiomlán laistigh de 5 lá oibre, ní chuirfear san áireamh iad sa sainmhíniú ar chaillteanas comhlán, ná ní chuirfear san áireamh sa tuairisciú ar SHONRAÍ OPR iad ach oiread.
148. Ciallaíonn an “Dáta cuntasaíochta” an dáta nuair a tugadh aitheantas ar dtús do chaillteanas nó do chúlchiste/d’fhoráil sa Ráiteas Brabúis agus Caillteanais, in aghaidh caillteanas priacail oibriúcháin. Leanann na dátaí sin “Dáta an tarlaithe” go loighciúil (i.e. an dáta nuair a tharla an teagmhas priacail oibriúcháin nó nuair a thosaigh an teagmhas ar dtús) agus “Dáta an aimsithe” (i.e. an dáta a tháinig an institiúid ar an eolas faoin teagmhas priacail oibriúcháin).
149. Déantar caillteanais a ghrúpáil i gcás inar caillteanais iad ar comhtheagmhas priacail oibriúcháin nó ilteagmhas is cúis leo, atá nasctha le teagmhas priacail oibriúcháin tosaigh lena ngintear teagmhais nó caillteanais (“fréamhtheagmhais”). Breithneofar agus tuairisceofar na teagmhais ghrúpáilte mar theagmhas amháin, agus dá bhrí sin, déanfar méideanna an chaillteanais chomhláin gaolmhara, méideanna na gcoigeartuithe caillteanais faoi seach, a shuimeáil.
150. Figiúirí eatramhacha a bheidh i gceist leis na figiúirí a thuairisceofar i mí an Mheithimh sa bhliain faoi seach, agus tuairisceofar na figiúirí críochnaitheacha i mí na Nollag. Dá bhrí sin, beidh tréimhse thagartha 6 mhí i gceist leis na figiúirí i mí an Mheithimh (i.e. ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh den bhliain féilire) agus beidh tréimhse thagartha 12 mhí ag na figiúirí i mí na Nollag (i.e. ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain féilire). Le haghaidh sonraí a thuairisceofar i mí an Mheithimh agus i mí na Nollag araon, ciallóidh “tréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe” gach tréimhse thuairiscithe thagartha go dtí an ceann lena dtagann deireadh ag deireadh na bliana féilire roimhe agus an ceann sin san áireamh.
4.2.2. C 17.01: Caillteanais agus aisghabhálacha priacail oibriúcháin de réir réimeanna gnó agus chineálacha na dteagmhas caillteanais le bliain anuas (SONRAÍ OPR 1)
4.2.2.1. Barúlacha Ginearálta
151. I dteimpléad C 17.01, cuirfear an fhaisnéis i láthair trí na caillteanais agus na haisghabhálacha a dháileadh os cionn tairseacha inmheánacha i measc réimeanna gnó (mar a liostaítear in Airteagal 317, Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an réim ghnó bhreise “ítimí corparáideacha” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) agus cineálacha na dteagmhas caillteanais (dá dtagraítear in Airteagal 324 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Is féidir go mbeidh na caillteanais a chomhfhreagraíonn do theagmhas caillteanais amháin á ndáileadh i measc roinnt réimeanna gnó.
152. Cuirtear cineálacha difriúla na dteagmhas caillteanais i láthair sna colúin mar aon leis na hiomláin le haghaidh gach réime gnó, in éineacht le hítim mheabhráin lena dtaispeántar an tairseach inmheánach is ísle a chuirtear i bhfeidhm i mbailiú sonraí na gcaillteanas, lena nochtar laistigh de gach réim ghnó an tairseach is ísle agus is airde i gcás ina bhfuil breis agus tairseach amháin i gceist.
153. Cuirtear na réimeanna gnó i láthair sna rónna, agus laistigh de gach réim ghnó, faisnéis ar líon na dteagmhas caillteanais (teagmhais chaillteanais nua), méid an chaillteanais chomhláin (teagmhais nua chaillteanais), líon na dteagmhas faoi réir coigeartuithe caillteanais, coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo, an t-uaschaillteanas aonair, suim na gcúig chaillteanas is mó agus na haisghabhálacha caillteanais iomlána (aisghabhálacha an chaillteanais dhírigh iomláin mar aon le haisghabhálacha de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacal).
154. Le haghaidh na réimeanna gnó iomlána, tuairisceofar sonraí ar líon na dteagmhas caillteanais agus ar mhéid an chaillteanais chomhiomláin le haghaidh raonta áirithe freisin bunaithe ar thairseacha seasta, is é sin 10,000, 20,000, 100,000, agus 1,000,000. Socraítear na tairseacha in EUR agus áirítear iad chun críocha na hinchomparáideachta i leith na gcaillteanas a thuairiscítear i measc institiúidí. Ní gá go mbaineann na tairseacha sin mar sin leis na híostairseacha caillteanais a úsáidtear chun sonraí inmheánacha maidir le caillteanas a bhailiú, atá le tuairisciú i roinn eile den teimpléad.
4.2.2.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0070
|
CINEÁLACHA TEAGMHAS
Tuairisceoidh institiúidí na caillteanais sna colúin 0010 go 0070 faoi seach i gcomhréir le cineálacha na dteagmhas caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 324 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Maidir le hinstitiúidí a ríomhann a gceanglas cistí dílse i gcomhréir le BIA, féadfaidh siad na caillteanais sin a thuairisciú nach sainaithnítear cineál an teagmhais caillteanais dóibh i gcolún 080 agus sa cholún sin amháin.
|
|
0080
|
CINEÁLACHA TEAGMHAS CAILLTEANAIS IOMLÁNA
I gcolún 0080, le haghaidh gach réime gnó, tuairisceoidh institiúidí an t-iomlán de “líon na dteagmhas caillteanais (teagmhais chaillteanais nua)”, an t-iomlán de “mhéid an chaillteanais chomhláin (teagmhais chaillteanais nua)”, an t-iomlán de “líon na dteagmhas caillteanais faoi réir coigeartuithe caillteanais”, an t-iomlán de “coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo”, an “t-uaschaillteanas aonair”, “suim na gcúig chaillteanas is mó”, an t-iomlán de “aisghabháil an chaillteanais dhírigh iomláin” agus an t-iomlán den “aisghabháil iomlán de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacal”.
Ar choinníoll go mbeidh cineálacha na dteagmhas caillteanais sainaitheanta ag an institiúid le haghaidh gach caillteanais, léireofar le colún 080 an comhiomlánú simplí de líon na dteagmhas caillteanais, an t-iomlán de mhéideanna an chaillteanais chomhiomláin, iomlán mhéideanna na n-aisghabhálacha caillteanais agus na “coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo” a thuairiscítear i gcolúin 0010 go dtí 0070.
Is é “an t-uaschaillteanas aonair” a thuairiscítear i gcolún 0080 an t-uaschaillteanas aonair laistigh de réim ghnó atá comhionann le huasmhéid “na n-uaschaillteanas aonair” a thuairiscítear i gcolúin 0010 go dtí 0070, ar choinníoll go mbeidh cineálacha na dteagmhas caillteanais sainaitheanta ag an institiúid le haghaidh gach caillteanais.
I gcás shuim na gcúig chaillteanas is mó, tuairisceofar suim na gcúig chaillteanas is mó laistigh d’aon réim ghnó amháin i gcolún 0080.
|
|
0090-0100
|
ÍTIM MHEABHRÁIN: AN TAIRSEACH A CHUIRTEAR I bhFEIDHM I mBAILIÚ SONRAÍ
Tuairisceoidh institiúidí i gcolúin 0090 agus 0100 na híostairseacha caillteanais atá in úsáid acu chun sonraí inmheánacha maidir le caillteanais a bhailiú i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 322(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás nach gcuireann an institiúid ach tairseach amháin i bhfeidhm le haghaidh gach réime gnó, ní líonfar isteach ach colún 0090.
I gcás ina gcuirfear tairseacha difriúla i bhfeidhm laistigh den réim ghnó rialaitheach chéanna, líonfar an tairseach is airde is infheidhme (colún 0100) isteach freisin.
|
|
Rónna
|
|
0010-0880
|
RÉIMEANNA GNÓ: MAOINIÚCHÁN CORPARÁIDEACH, TRÁDÁIL AGUS DÍOLACHÁIN, BRÓICÉIREACHT MHIONDÍOLA, BAINCÉIREACHT TRÁCHTÁLA, BAINCÉIREACHT MHIONDÍOLA, ÍOCAÍOCHT AGUS SOCRAÍOCHT, SEIRBHÍSÍ GNÍOMHAIREACHTA, BAINISTÍOCHT SÓCMHAINNÍ, ÍTIMÍ CORPARÁIDEACHA
Le haghaidh gach réime gnó dá dtagraítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an réim ghnó bhreise “Míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin, agus i dtaca le gach cineál teagmhais caillteanais, tuairisceoidh an institiúid, i gcomhréir leis na tairseacha inmheánacha, an fhaisnéis seo a leanas: líon na dteagmhas caillteanais (teagmhais chaillteanais nua), méid an chaillteanais chomhláin (teagmhais chaillteanais nua), líon na dteagmhas caillteanais faoi réir coigeartuithe caillteanais, coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo, an t-uaschaillteanas aonair, suim na gcúig chaillteanas is mó, aisghabháil an chaillteanais dhírigh iomláin agus an aisghabháil iomlán de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacal.
I dtaca le teagmhas caillteanais lena ndéantar difear do bhreis agus aon réim ghnó amháin, dáilfear “méid an chaillteanais chomhiomláin” i measc na réimeanna gnó uile dá ndéantar difear.
Maidir le hinstitiúidí a ríomhann a gceanglas cistí dílse i gcomhréir le BIA, is féidir leo na caillteanais sin a thuairisciú nach sainaithnítear an réim ghnó dóibh i rónna 0910-0980 agus sna rónna sin amháin.
|
|
0010, 0110, 0210, 0310, 0410, 0510, 0610, 0710, 0810
|
Líon na teagmhas caillteanais (teagmhais chaillteanais nua)
Is é líon na dteagmhas caillteanais líon na dteagmhas caillteanais dar tugadh cuntas i gcaillteanais chomhiomlána laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha.
Tagróidh líon na dteagmhas caillteanais do “theagmhais nua”, i.e. teagmhais priacail oibriúcháin:
(i) “dar tugadh cuntas den chéad uair” laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha; nó
(ii) “dar tugadh cuntas den chéad uair” laistigh de thréimhse thuairiscithe thagartha roimhe, i gcás nár áiríodh an teagmhas caillteanais in aon tuarascáil mhaoirseachta roimhe, e.g. toisc nár sainaithníodh mar theagmhas caillteanais priacail oibriúcháin é ach sa tréimhse thuairiscithe thagartha reatha nó toisc nár sháraigh an caillteanas carntha ab fhéidir a chur i leith an teagmhais caillteanais sin (i.e. an caillteanas bunaidh móide / lúide gach coigeartú caillteanais a rinneadh i dtréimhsí thuairiscithe tagartha roimhe) an tairseach inmheánach maidir le sonraí a bhailiú ach sa tréimhse thuairiscithe thagartha agus sa tréimhse sin amháin.
Ní áirítear teagmhais caillteanais “dar tugadh cuntas den chéad uair” laistigh de thréimhse thuairiscithe thagartha roimhe le “teagmhais chaillteanais nua”, i gcás inar áiríodh cheana iad i dtuarascálacha maoirseachta roimhe.
|
|
0020, 0120, 0220, 0320, 0420, 0520, 0620, 0720, 0820
|
Méid an chaillteanais chomhláin (teagmhais chaillteanais nua)
Is iad méideanna an chaillteanais chomhláin is ábhartha do theagmhais chaillteanais priacail oibriúcháin a bheidh i gceist le méid an chaillteanais chomhláin (e.g. muirir dhíreacha, forálacha, socraíochtaí). Déanfar gach caillteanas a bhaineann le teagmhas caillteanais aonair, dar tugadh cuntas laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha, a shuimiú agus measfar gurb iad an caillteanas comhlán iad i gcomhair an teagmhais caillteanais sin le haghaidh na tréimhse tuairiscithe tagartha sin.
Le méid an chaillteanais chomhláin a thuairiscítear, tagrófar do “theagmhais chaillteanais nua” dá dtagraítear sa ró thuas den tábla seo. I dtaca le teagmhais chaillteanais “dar tugadh cuntas den chéad uair” laistigh de thréimhse thuairiscithe thagartha roimhe agus nár áiríodh in aon tuarascáil mhaoirseachta roimhe, tuairisceofar an caillteanas iomlán a carnadh go dtí an dáta tuairiscithe tagartha (i.e. an caillteanas bunaidh móide / lúide gach coigeartú caillteanais a rinneadh i dtréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe) mar an caillteanas comhlán ar an dáta tuairiscithe tagartha.
Ní chuirfear san áireamh sna méideanna atá le tuairisciú aisghabhálacha a fuarthas.
|
|
0030, 0130, 0230, 0330, 0430, 0530, 0630, 0730, 0830
|
Líon na dteagmhas caillteanais faoi réir coigeartuithe caillteanais
Maidir le líon na dteagmhas caillteanais a bheidh faoi réir coigeartuithe caillteanais, is é líon na dteagmhas caillteanais priacail oibriúcháin a bheidh i gceist leo “dar tugadh cuntas den chéad uair” i dtréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe agus a cuireadh san áireamh cheana i dtuarascálacha roimhe, dá ndearnadh coigeartuithe sa tréimhse thuairiscithe thagartha reatha.
I gcás ina ndearnadh breis agus aon choigeartú caillteanais amháin i dtaca le teagmhas caillteanais laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha, déanfar suim na gcoigeartuithe caillteanais sin a áireamh mar aon choigeartú amháin sa tréimhse.
|
|
0040, 0140, 0240, 0340, 0440, 0540, 0640, 0740, 0840
|
Coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo
Is é suim na n-eilimintí seo a leanas (deimhneach nó diúltach) a bheidh i gceist le coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe:
(i) méideanna an chaillteanais chomhláin is ábhartha do choigeartuithe deimhneacha caillteanais a dhéantar laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha (e.g. méadú ar fhorálacha, teagmhais chaillteanais nasctha, socraíochtaí breise) de theagmhais priacail oibriúcháin “dar tugadh cuntas den chéad uair” agus a tuairiscíodh i dtréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe;
(ii) méideanna an chaillteanais chomhláin is ábhartha do choigeartuithe diúltacha caillteanais a dhéantar laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha (e.g. mar gheall ar laghdú ar fhorálacha) de theagmhais chaillteanais priacail oibriúcháin “dar tugadh cuntas den chéad uair” agus a tuairiscíodh i dtréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe.
I gcás ina ndearnadh breis agus aon choigeartú caillteanais amháin i dtaca le teagmhas caillteanais laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha, déanfar méideanna na gcoigeartuithe caillteanais uile sin a shuimiú, agus comhartha na gcoigeartuithe (deimhneach, diúltach) á chur san áireamh. Measfar gurb é an tsuim sin an coigeartú caillteanais i gcomhair an teagmhais caillteanais sin le haghaidh na tréimhse tuairiscithe tagartha sin.
I gcás, mar gheall ar choigeartú diúltach caillteanais, go dtiteann an méid caillteanais choigeartaithe is inchurtha i leith teagmhas caillteanais faoi bhun thairseach inmheánach na hinstitiúide maidir le sonraí a bhailiú, tuairisceoidh an institiúid an méid caillteanais iomlán le haghaidh an teagmhais caillteanais sin a charnfar go dtí an uair dheireanach a tuairiscíodh an teagmhas le haghaidh dáta tagartha i mí na Nollag (i.e. an caillteanas bunaidh móide / lúide gach coigeartú caillteanais a rinneadh i dtréimhsí thuairiscithe tagartha roimhe) le comhartha diúltach seachas méid an choigeartaithe dhiúltaigh caillteanais é féin.
Ní chuirfear san áireamh sna méideanna atá le tuairisciú aisghabhálacha a fuarthas.
|
|
0050, 0150, 0250, 0350, 0450, 0550, 0650, 0750, 0850
|
Uaschaillteanas aonair
Is é an ceann is mó díobh seo a leanas a bheidh i gceist leis an uaschaillteanas aonair:
(i) méid an chaillteanais chomhláin is mó a bhaineann le teagmhas caillteanais a thuairiscítear den chéad uair laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha; agus
(ii) an méid coigeartaithe deimhnigh caillteanais is mó (dá dtagraítear i rónna 0040, 0140, …, 0840 thuas) a bhaineann le teagmhas caillteanais a thuairiscítear den chéad uair laistigh de thréimhse thuairiscithe thagartha roimhe.
Ní chuirfear san áireamh sna méideanna atá le tuairisciú aisghabhálacha a fuarthas.
|
|
0060, 0160, 0260, 0360, 0460, 0560, 0660, 0760, 0860
|
Suim na gcúig chaillteanas is mó
Is é suim na gcúig chaillteanas is mó as a measc seo a bheidh i gceist le suim na gcúig chaillteanas is mó:
(i) méid an chaillteanais chomhláin i dtaca le teagmhais chaillteanais a thuairiscítear den chéad uair laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha; agus
(ii) méideanna an choigeartaithe diúltaigh caillteanais (mar a shainmhínítear le haghaidh rónna 0040, 0140, ..., 0840 thuas) a bhaineann le teagmhais chaillteanais a thuairiscítear den chéad uair laistigh de thréimhse thuairiscithe thagartha roimhe. Is é méid an choigeartaithe caillteanais féin a bheidh i gceist leis an méid ar féidir leis cáiliú mar cheann de na cúig cinn is mó, ní an caillteanas iomlán a bhaineann leis an teagmhas caillteanais roimh nó tar éis an choigeartaithe caillteanais faoi seach.
Ní chuirfear san áireamh sna méideanna atá le tuairisciú aisghabhálacha a fuarthas.
|
|
0070, 0170, 0270, 0370, 0470, 0570, 0670, 0770, 0870
|
Aisghabháil an chaillteanais dhírigh iomláin
Is éard a bheidh in aisghabhálacha caillteanais dhírigh ná na haisghabhálacha caillteanais uile a fhaightear, seachas iad siúd atá faoi réir Airteagal 323 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 dá dtagraítear sa ró den tábla seo thíos.
Is é suim na n-aisghabhálacha díreacha uile agus na gcoigeartuithe uile ar aisghabhálacha díreacha dar tugadh cuntas laistigh den tréimhse thuairiscithe agus is ábhartha do theagmhais chaillteanais priacail oibriúcháin dar tugadh cuntas den chéad uair laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha nó i dtréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe, a bheidh i gceist le haisghabháil an chaillteanais dhírigh iomláin.
|
|
0080, 0180, 0280, 0380, 0480, 0580, 0680, 0780, 0880
|
Aisghabháil iomlán de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacal
Is éard a bheidh in aisghabhálacha de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacail ná na haisghabhálacha sin atá faoi réir Airteagal 323 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Is é suim na haisghabhála iomláine de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacal agus na gcoigeartuithe ar aisghabhálacha den sórt sin dar tugadh cuntas laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha agus is ábhartha do theagmhais chaillteanais priacail oibriúcháin dar tugadh cuntas den chéad uair laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha nó i dtréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe, a bheidh i gceist leis an aisghabháil iomlán de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacal.
|
|
0910-0980
|
RÉIMEANNA GNÓ IOMLÁNA
I dtaca le gach cineál teagmhais caillteanais (colún 0010 go dtí 0080), ní mór an fhaisnéis ar réimeanna gnó iomlána a thuairisciú.
|
|
0910-0914
|
Líon na dteagmhas caillteanais
I ró 0910, tuairisceofar líon na dteagmhas caillteanais os cionn na tairsí inmheánaí de réir cineálacha teagmhais caillteanais le haghaidh na réimeanna gnó iomlána. Féadfaidh an figiúr sin a bheith níos ísle ná comhiomlánú líon na dteagmhas caillteanais de réir réimeanna gnó toisc go measfar gur teagmhas caillteanais amháin iad na teagmhais chaillteanais le tionchair iolracha (tionchair i réimeanna gnó difriúla). Féadfaidh an figiúr a bheith níos airde, i gcás nach féidir le hinstitiúid a ríomhann a gceanglais cistí dílse i gcomhréir le BIA an réim ghnó/na réimeanna gnó dá ndéantar difear leis an gcaillteanas i ngach cás a shainaithint.
I rónna 0911 – 0914, tuairisceofar líon na dteagmhas caillteanais le méid an chaillteanais chomhláin laistigh de na raonta a shainmhínítear i rónna ábhartha an teimpléid.
Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin nó gur shainaithin sí cineálacha na dteagmhas caillteanais i dtaca leis na caillteanais uile, beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le colún 0080, de réir mar is iomchuí:
— Maidir leis an líon iomlán teagmhas caillteanais a thuairiscítear i rónna 0910 go dtí 0914, beidh sé cothrom le comhiomlánú cothrománach líon na dteagmhas caillteanais sa ró comhfhreagrach, toisc, sna figiúirí sin, go mbeidh na teagmhais chaillteanais le tionchair i réimeanna gnó difriúla, measta mar aon teagmhas caillteanais amháin cheana féin.
— Ní gá go mbeidh an figiúr a thuairiscítear i gcolún 0080, ró 0910, cothrom le comhiomlánú ceartingearach líon na dteagmhas caillteanais a chuirtear san áireamh i gcolún 0080, toisc gur féidir tionchar i roinnt réimeanna gnó difriúla a bheith ag aon teagmhas caillteanais amháin go comhuaineach.
|
|
0920-0924
|
Méid an chaillteanais chomhláin (teagmhais chaillteanais nua)
Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin, is é comhiomlánú simplí méid an chaillteanais chomhláin de na teagmhais chaillteanais nua le haghaidh gach réime gnó a bheidh i gceist le méid an chaillteanais chomhláin (teagmhais chaillteanais nua) a thuairisceofar i ró 0920.
I rónna 0921 – 0924, tuairisceofar méid an chaillteanais chomhláin i dtaca le teagmhais chaillteanais le méid an chaillteanais chomhláin laistigh de na raonta a shainmhínítear sna rónna ábhartha.
|
|
0930, 0935, 0936
|
Líon na dteagmhas caillteanais faoi réir coigeartuithe caillteanais
I ró 0930, tuairisceofar an t-iomlán de líon na dteagmhas caillteanais faoi réir coigeartuithe caillteanais mar a thuairiscítear i rónna 0030, 0130, ..., 0830. Féadfaidh an figiúr sin a bheith níos ísle ná comhiomlánú líon na dteagmhas caillteanais faoi réir coigeartuithe caillteanais de réir réimeanna gnó toisc go measfar gur teagmhas caillteanais amháin iad teagmhais chaillteanais le tionchair iolracha (tionchair i réimeanna gnó difriúla). Féadfaidh an figiúr a bheith níos airde, i gcás nach féidir le hinstitiúid a ríomhann a gceanglais cistí dílse i gcomhréir le BIA an réim ghnó/na réimeanna gnó, dá ndéantar difear leis an gcaillteanas i ngach cás, a shainaithint.
Déanfar an líon teagmhas caillteanais atá faoi réir coigeartuithe caillteanais a mhiondealú de réir líon na dteagmhas caillteanais dá ndearnadh coigeartú deimhneach caillteanais laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha agus líon na dteagmhas caillteanais dá ndearnadh coigeartú diúltach caillteanais laistigh den tréimhse thuairiscithe (iad uile tuairiscithe le comhartha deimhneach).
|
|
0940, 0945, 0946
|
Coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo
I ró 0940, tuairisceofar iomlán mhéideanna na gcoigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe roimhe in aghaidh na réimeanna gnó (mar a thuairiscítear i rónna 0040, 0140, ..., 0840). Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin, is éard a bheidh sa mhéid a thuairisceofar i ró 0940 comhiomlánú simplí na gcoigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe tagartha a bhí ann roimhe seo arna dtuairisciú le haghaidh na réimeanna gnó éagsúla.
Déanfar méid na gcoigeartuithe caillteanais a mhiondealú de réir an mhéid a bhaineann le teagmhais chaillteanais dá ndearnadh coigeartú deimhneach caillteanais sa tréimhse thuairiscithe thagartha (ró 0945, a tuairiscíodh le figiúr deimhneach) agus de réir an mhéid a bhaineann le teagmhais chaillteanais dá ndearnadh coigeartú diúltach caillteanais laistigh den tréimhse thuairiscithe (ró 0946, a tuairiscíodh mar fhigiúr diúltach). I gcás, mar gheall ar choigeartú diúltach caillteanais, go dtiteann an méid caillteanais choigeartaithe is inchurtha i leith teagmhais chaillteanais faoi bhun thairseach inmheánach na hinstitiúide maidir le sonraí a bhailiú, tuairisceoidh an institiúid an méid caillteanais iomlán i dtaca leis an teagmhas caillteanais sin a carnadh go dtí an uair dheireanach a tuairiscíodh an teagmhas caillteanais le haghaidh dáta tagartha i mí na Nollag (i.e. an caillteanas bunaidh móide / lúide gach coigeartú caillteanais a dhéantar i dtréimhsí tuairiscithe tagartha roimhe) le comhartha diúltach i ró 0946 seachas méid an choigeartaithe dhiúltaigh caillteanais é féin.
|
|
0950
|
Uaschaillteanas aonair
Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin, is éard a bheidh san uaschaillteanas aonair an t-uaschaillteanas atá os cionn na tairsí inmheánaí maidir le gach cineál teagmhais caillteanais agus i measc na réimeanna gnó uile. Féadfaidh na figiúirí sin a bheith níos airde ná an caillteanas aonair is airde dá dtaifeadtar i ngach réim ghnó i gcás ina n-imríonn teagmhas caillteanais tionchar ar réimeanna gnó difriúla.
Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin faoi seach agus gur shainaithin sí na cineálacha teagmhais caillteanais le haghaidh na gcaillteanas uile, beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le colún 0080:
— Beidh an t-uaschaillteanas aonair a thuairisceofar cothrom leis an gceann is airde de na luachanna a thuairiscítear i gcolúin 0010 – 0070 den ró seo.
— I gcás ina bhfuil tionchar á imirt ag teagmhais chaillteanais i réimeanna gnó difriúla, féadfaidh an méid a thuairiscítear i {r0950, c0080} a bheith níos airde ná méideanna “Caillteanas aonair uasta” in aghaidh na réime gnó a thuairiscítear i rónna eile de cholún 0080.
|
|
0960
|
Suim na gcúig chaillteanas is mó
Tuairisceofar suim na gcúig chaillteanas chomhlána is mó le haghaidh gach cineáil teagmhais caillteanais agus i measc gach réime gnó. Féadfaidh an tsuim sin a bheith níos airde ná suim na gcúig chaillteanas is mó dá dtaifeadtar i ngach réim ghnó. Ní mór an tsuim sin a thuairisciú gan beann ar an líon caillteanas.
Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corpráide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus gur shainaithin sí na cineálacha teagmhais caillteanais le haghaidh na gcaillteanas uile, i gcomhair cholún 0080, is é suim na gcúig chaillteanas is mó sa mhaitrís ar fad a bheidh i gceist le suim na gcúig chaillteanas is mó, rud a chiallaíonn nach gá go mbeidh sí cothrom le huasluach “shuim na gcúig chaillteanas is mó” i ró 0960 nó le huasluach “shuim na gcúig chaillteanas is mó” i gcolún 0080.
|
|
0970
|
Aisghabháil an chaillteanais dhírigh iomláin
Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh i gceist le haisghabháil an chaillteanais dhírigh iomláin ná comhiomlánú simplí aisghabháil an chaillteanais dhírigh iomláin le haghaidh gach réime gnó.
|
|
0980
|
Aisghabháil iomlán de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacal
Ar choinníoll gur shann an institiúid a caillteanais uile do réim ghnó a liostaítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó don réim ghnó “míreanna corparáide” dá dtagraítear in Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin, is éard a bheidh in iomlán na haisghabhála de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacail ná comhiomlánú simplí iomlán na haisghabhála caillteanais de bhíthin árachais agus sásraí eile aistrithe priacail le haghaidh gach réime gnó.
|
4.2.3. C 17.02: Priacal Oibriúcháin: Faisnéis mhionsonraithe ar na teagmhais chaillteanais is mó le bliain anuas (SONRAÍ OPR 2)
4.2.3.1. Barúlacha Ginearálta
155. I dteimpléad C 17.02, soláthrófar faisnéis ar theagmhais chaillteanais aonair (aon ró amháin in aghaidh an teagmhais caillteanais).
156. Tagróidh an fhaisnéis a thuairisceofar sa teimpléad seo do “teagmhais chaillteanais nua”, i.e. teagmhais priacail oibriúcháin:
(a)
“dar tugadh cuntas den chéad uair” laistigh den tréimhse thuairiscithe thagartha; nó
(b)
“dar tugadh cuntas den chéad uair” laistigh de thréimhse thuairiscithe thagartha roimhe, i gcás nár áiríodh an teagmhas caillteanais in aon tuarascáil mhaoirseachta roimhe, e.g. toisc nár sainaithníodh mar theagmhas caillteanais priacail oibriúcháin é ach sa tréimhse thuairiscithe thagartha reatha nó toisc nár sháraigh an caillteanas carntha ab fhéidir a chur i leith an teagmhais caillteanais sin (i.e. an caillteanas bunaidh móide / lúide gach coigeartú caillteanais a rinneadh i dtréimhsí thuairiscithe tagartha roimhe) an tairseach inmheánach maidir le sonraí a bhailiú ach sa tréimhse thuairiscithe thagartha agus sa tréimhse sin amháin.
157. Ní thuairisceofar ach teagmhais chaillteanais lena mbaineann méid an chaillteanais chomhláin de EUR 100 000 nó níos mó.
Faoi réir na tairsí sin:
(a)
an teagmhas is mó le haghaidh gach cineáil teagmhais ar choinníoll go mbeidh na cineálacha teagmhas i dtaca le caillteanais sainaitheanta ag an institiúid; agus
(b)
maidir leis na deich gcinn is mó ar a laghad de na teagmhais atá fágtha, in éineacht leis an gcineál teagmhais a shainaithnítear de réir mhéid an chaillteanais chomhláin nó dá uireasa, cuirfear san áireamh sa teimpléad iad.
(c)
Déanfar teagmhais chaillteanais a rangú bunaithe ar an gcaillteanas comhlán a chuirtear ina leith.
(d)
Ní bhreithneofar teagmhas caillteanais ach aon uair amháin.
4.2.3.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
Aitheantas teagmhais
Is aitheantóir ró é an t-aitheantas teagmhais agus beidh sé uathúil le haghaidh gach ró sa teimpléad.
I gcás ina mbeidh aitheantas inmheánach ar fáil, soláthróidh institiúidí an t-aitheantas inmheánach. Mura bhfuil sé ar fáil, leanfaidh an t-aitheantas tuairiscithe an t-ord uimhriúil 1, 2, 3, etc.
|
|
0020
|
Dáta na Cuntasaíochta
Ciallaíonn dáta na cuntasaíochta an dáta a tugadh aitheantas ar dtús do chaillteanas nó do chúlchiste / d’fhoráil in aghaidh caillteanas priacail oibriúcháin sa Ráiteas ar Bhrabús agus ar Chaillteanas.
|
|
0030
|
Dáta an tarlaithe
Is é dáta an tarlaithe an dáta a tharla an teagmhas caillteanais priacail oibriúcháin nó a thosaigh sé ar dtús.
|
|
0040
|
Dáta an aimsithe
Is é dáta an aimsithe an dáta a tháinig an institiúid ar an eolas faoin teagmhas caillteanais priacail oibriúcháin.
|
|
0050
|
Cineál teagmhais caillteanais
Cineálacha teagmhais caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 324 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
Caillteanas comhlán
Caillteanas comhlán a bhaineann leis an teagmhas caillteanais a thuairiscítear i rónna 0020, 0120, etc. de theimpléad C 17.01
|
|
0070
|
Caillteanas comhlán glan ar aisghabhálacha díreacha
Caillteanas comhlán a bhaineann leis an teagmhas caillteanais a thuairiscítear i rónna 0020, 0120, etc., de theimpléad C 17.01, glan ar aisghabhálacha díreacha is ábhartha don teagmhas caillteanais sin
|
|
0080-0160
|
Caillteanas comhlán de réir réim ghnó
Déanfar an caillteanas comhlán arna thuairisciú i gcolún 0060 a leithdháileadh ar na réimeanna gnó ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 317(4), Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 322(3), pointe (b), den Rialachán sin.
|
|
0170
|
Ainm an eintitis dhlítheanaigh
Ainm an eintitis dhlítheanaigh mar a thuairiscítear i gcolún 0011 de C 06.02 inar tharla an caillteanas – nó an sciar is mó den chaillteanas, más rud é go ndearnadh difear do roinnt eintiteas.
|
|
0181
|
Cód
Cód an eintitis dhlítheanaigh mar a thuairiscítear i gcolún 0021 de C 06.02 inar tharla an caillteanas – nó an sciar is mó den chaillteanas, más rud é go ndearnadh difear do roinnt eintiteas.
|
|
0185
|
CINEÁL CÓID
Sainaithneoidh na hinstitiúidí an cineál cóid a thuairiscítear i gcolún 0181 mar “chód LEI” nó mar “chód neamh-LEI” freisin i gcomhréir le colún 0026 de C 06.02. Déanfar an cineál cóid a thuairisciú i gcónaí.
|
|
0190
|
Aonad Gnó
Aonad gnó nó rannán corparáideach na hinstitiúide inar tharla an caillteanas – nó an sciar is mó den chaillteanas, más rud é go ndearnadh difear do roinnt aonaid ghnó nó do roinnt rannáin chorparáideacha.
|
|
0200
|
Tuairisc
Tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas caillteanais, ar bhealach ginearálta nó anaithnidithe i gcás inar gá, lena gcuimseofar ar a laghad faisnéis maidir leis an teagmhas féin agus faisnéis maidir leis na gníomhaithe nó na cúiseanna a spreag an teagmhas caillteanais, i gcás inar fios sin.
|
5. TEIMPLÉID UM PRIACAL MARGAIDH
158. Tagraíonn na treoracha seo do na teimpléid chun ríomh na gceanglas cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe i dtaca le priacal malairte eachtraí (MKR SA FX), priacal tráchtearraí (MKR SA COM), priacal ráta úis (MKR SA TDI, MKR SA SEC, MKR SA CTP) agus priacal cothromais (MKR SA EQU). Ina theannta sin, tá treoracha maidir leis an teimpléad chun ríomh na gceanglas cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir le cur chuige na samhlacha inmheánacha (MKR IM) san áireamh sa chuid seo.
159. Déanfar priacal an tsuímh ar ionstraim fiachais trádáilte nó ar chothromas (nó ar dhíorthach fiachais nó cothromais) a roinnt ina dhá chomhpháirt chun an caipiteal a cheanglaítear ina aghaidh a ríomh. Beidh an chéad cheann cothrom lena chomhpháirt priacal shonraigh — is é sin an priacal d’athrú i bpraghas na hionstraime lena mbaineann mar gheall ar fhachtóirí a bhaineann lena heisitheoir, nó i gcás díorthaigh, le heisitheoir na hionstraime foluití. Cuimseofar leis an dara comhpháirt a phriacal ghinearálta — is é sin an priacal d’athrú i bpraghas na hionstraime mar gheall ar athrú i leibhéal na rátaí úis (i gcás ionstraim fiachais trádáilte nó díorthaigh fiachais) nó (i gcás cothromais nó díorthaigh cothromais) mar gheall ar ghluaiseacht leathan sa mhargadh cothromais nach bhfuil baint aici le haon tréith shonrach d’urrúis aonair. Is féidir teacht ar láimhseáil ghinearálta ionstraimí sonracha agus nósanna imeachta glanluachála in Airteagail 326 go 333 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
5.1. C 18.00 – PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE LE HAGHAIDH PRIACAIL SUÍMH IN IONSTRAIMÍ FIACHAIS TRÁDÁILTE (MKR SA TDI)
5.1.1. Barúlacha Ginearálta
160. Leis an teimpléad seo, gabhtar na suíomhanna agus na ceanglais cistí dílse ghaolmhara i dtaca le priacail suímh ar ionstraimí fiachais trádáilte faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (Airteagal 325(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). Breithnítear de réir rónna na priacail dhifriúla agus na modhanna difriúla atá le fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní gá an priacal sonrach a bhaineann le risíochtaí a chuirtear san áireamh in MKR SA SEC agus MKR SA CTP a thuairisciú ach amháin i dTeimpléad iomlán MKR SA TDI. Déanfar na ceanglais cistí dílse a thuairiscítear sna teimpléid sin a aistriú chuig cill {0325;0060} (urrúsúcháin) agus {0330;0060} (CTP) faoi seach.
161. Ní mór an teimpléad a líonadh isteach ar leithligh le haghaidh “Iomlán”, móide liosta réamhshainithe de na hairgeadraí seo a leanas: EUR, ALL, BGN, CZK, DKK, EGP, GBP, HRK, HUF, ISK, JPY, MKD, NOK, PLN, RON, RUB, RSD, SEK, CHF, TRY, UAH, USD agus teimpléad iarmharach amháin do gach airgeadra eile.
5.1.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0020
|
GACH SUÍOMH (FADA AGUS GEARR)
Airteagal 102 agus Airteagal 105(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Suíomhanna comhlána is ea iad sin nach ndéantar a ghlanluacháil le hionstraimí ach lena n-eisiatar suíomhanna frithgheallta a ndéantar a shuibscríobh nó a fho-fhrithghealladh ag tríú páirtithe i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 345(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Maidir leis an idirdhealú idir Suíomhanna Fada agus Gearra, a bhfuil feidhm aige freisin maidir leis na suíomhanna comhlána sin, féach Airteagal 328(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030-0040
|
GLANSUÍOMHANNA (FADA AGUS GEARRA)
Airteagail 327 go 329 agus Airteagal 334 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Maidir leis an idirdhealú idir Suíomhanna Fada agus Gearra, féach Airteagal 328(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR MUIREAR CAIPITIL
Na glansuíomhanna sin a fhaigheann muirear caipitil, i gcomhréir leis na cuir chuige dhifriúla a bhreithnítear i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
An muirear caipitil ar aon suíomh ábhartha i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0070
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Toradh iolrú na gceanglas cistí dílse faoi 12,5.
|
|
Rónna
|
|
0010-0350
|
IONSTRAIMÍ FIACHAIS TRÁDÁILTE SA LEABHAR TRÁDÁLA
Maidir le suíomhanna in ionstraimí fiachais trádáilte i Leabhar Trádála agus a gceanglais cistí dílse chomhfhreagracha i dtaca le priacal an tsuímh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), pointe (b)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus de Cuid a Trí, Caibidil 2, Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceofar iad ag brath ar an gcatagóir phriacail, ar an aibíocht agus ar an gcur chuige a úsáidtear.
|
|
0011
|
PRIACAL GINEARÁLTA
|
|
0012
|
Díorthaigh
Díorthaigh a chuirtear san áireamh agus priacal ráta úis na suíomhanna leabhair trádála á ríomh, agus Airteagail 328 go 331 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.
|
|
0013
|
Sócmhainní agus dliteanais eile
Ionstraimí seachas díorthaigh a chuirtear san áireamh i ríomh phriacal ráta úis na suíomhanna leabhair trádála.
|
|
0020-0200
|
CUR CHUIGE BUNAITHE AR AN AIBÍOCHT
Suíomhanna in ionstraimí fiachais trádáilte atá faoi réir an chur chuige bunaithe ar aibíocht dá dtagraítear in Airteagal 339, míreanna 1 go 8 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 339(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar an suíomh a dheighilt de réir chriosanna 1, 2 agus 3 agus déanfar na criosanna sin a dheighilt de réir aibíocht na n-ionstraimí.
|
|
0210-0240
|
PRIACAL GINEARÁLTA CUR CHUIGE BUNAITHE AR FHAD TRÉIMHSE
Suíomhanna in ionstraimí fiachais trádáilte atá faoi réir an chur chuige bunaithe ar fhad tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 340, míreanna 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 340(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar an suíomh a dheighilt de réir chriosanna 1, 2 agus 3.
|
|
0250
|
PRIACAL SONRACH
Suim na méideanna a thuairiscítear i rónna 0251, 0325 agus 0330.
Suíomhanna in ionstraimí fiachais trádáilte atá faoi réir na gceanglas caipitil maidir le priacal sonrach agus a gceanglas caipitil comhfhreagrach i gcomhréir le hAirteagal 92(3), pointe (b) agus Airteagal 335, Airteagal 336, míreanna 1, 2 agus 3 Airteagail 337 agus 338 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Bí ar an eolas freisin faoin abairt dheireanach in Airteagal 327(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0251-0321
|
Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí fiachais nach ionstraimí urrúsúcháin iad
Suim na méideanna a thuairiscítear i rónna 260 go dtí 321.
I dtaca leis an gceanglas cistí dílse a bhaineann leis na díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain nach ndéantar a rátáil go seachtrach, ríomhfar iad trí ualaí priacal na n-eintiteas tagartha a shuimiú (Airteagal 332(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus an dara fomhír d’Airteagal 332(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 – “trébhreathnú”). Maidir le díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a dhéantar a rátáil go seachtrach (an tríú fomhír d’Airteagal 332(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), tuairisceofar iad ar leithligh i líne 321.
Tuairisciú suíomhanna atá faoi réir Airteagal 336(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: Tá láimhseáil speisialta ann le haghaidh bannaí a cháilíonn d’ualú priacal 10 % sa leabhar baincéireachta i gcomhréir le hAirteagal 129(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (bannaí faoi chumhdach). Leath an chéatadáin den dara catagóir dá dtagraítear in Airteagal 336, Tábla 1 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheidh i gceist leis na ceanglais shonracha cistí dílse. Ní mór na suíomhanna sin a shannadh do rónna 0280-0300 i gcomhréir leis an tréimhse iarmhair go dtí aibíocht deiridh.
I gcás ina mbeidh priacal ginearálta na suíomhanna ráta úis fálaithe le díorthach creidmheasa, cuirfear Airteagail 346 agus 347 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm.
|
|
0325
|
Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí urrúsúcháin
Iomlán na gceanglas cistí dílse a thuairiscítear i gcolún 0601 de theimpléad MKR SA SEC. Ní dhéanfar iomlán na gceanglas cistí dílse sin a thuairisciú ach amháin ar an leibhéal Iomlán de MKR SA TDI.
|
|
0330
|
Ceanglas cistí dílse maidir leis an bpunann trádála comhghaoil
Iomlán na gceanglas cistí dílse a thuairiscítear i gcolún 0450 de theimpléad MKR SA CTP. Ní dhéanfar iomlán na gceanglas cistí dílse sin a thuairisciú ach amháin ar an leibhéal Iomlán de MKR SA TDI.
|
|
0350-0390
|
CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE ROGHANNA (PRIACAIL NEAMHDHEILTE)
Airteagal 329(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar na ceanglais bhreise maidir le roghanna a bhaineann le priacail neamhdheilte a thuairisciú agus iad miondealaithe de réir an mhodha a úsáidtear chun iad a ríomh.
|
5.2. C 19.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE I dTACA LE PRIACAL SONRACH IN URRÚSÚCHÁIN (MKR SA SEC)
5.2.1. Barúlacha Ginearálta
162. Iarrtar faisnéis leis an teimpléad seo ar shuíomhanna (gach suíomh/glansuíomhanna agus suíomhanna fada/gearra) agus ar na ceanglais cistí dílse ghaolmhara i dtaca le comhpháirt priacail shonraigh phriacal an tsuímh in urrúsuithe / athurrúsuithe a shealbhaítear sa leabhar trádála (nach bhfuil incháilithe don phunann trádála comhghaoil) faoin gCur Chuige Caighdeánach.
163. Le teimpléad MKR SA SEC ní chuirtear an ceanglas cistí dílse i láthair ach maidir le priacal sonrach na suíomhanna urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 335 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca le 337 den Rialachán sin. I gcás ina ndéantar fálú ar shuíomhanna urrúsúcháin an leabhair trádála le díorthaigh chreidmheasa, tá feidhm ag Airteagail 346 agus 347 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Níl ach aon teimpléad amháin ann i dtaca le suíomhanna uile an leabhair trádála, gan beann ar an gcur chuige a chuireann institiúidí i bhfeidhm chun an t-ualú priacal le haghaidh gach ceann de na suíomhanna a chinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal ginearálta na suíomhanna sin a thuairisciú i dteimpléad MKR SA TDI nó MKR IM.
164. De rogha air sin, is féidir suíomhanna a fhaigheann ualú priacal 1 250 % a asbhaint ó CET1 (féach Airteagal 244(1), pointe (b), Airteagal 245(1), pointe (b) agus Airteagal 253 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). I gcás inarb amhlaidh sin, ní mór na suíomhanna sin a thuairisciú i ró 0460 de CA1.
5.2.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0020
|
GACH SUÍOMH (FADA AGUS GEARR)
Airteagal 102 agus Airteagal 105(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 337 den Rialachán sin (suíomhanna urrúsúcháin). Maidir leis an idirdhealú idir suíomhanna Fada agus Gearra, a bhfuil feidhm aige freisin maidir leis na suíomhanna comhlána sin, féach Airteagal 328(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030-0040
|
(-) SUÍOMHANNA ASBHAINTE AS CISTÍ DÍLSE (FADA AGUS GEARRA)
Airteagal 244(1), pointe (b), Airteagal 245(1), pointe (b) agus Airteagal 253 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050-0060
|
GLANSUÍOMHANNA (FADA AGUS GEARRA)
Airteagail 327, 328, 329 agus 334 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Maidir leis an idirdhealú idir suíomhanna fada agus gearra, féach Airteagal 328(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0061-0104
|
MIONDEALÚ AR NA GLANSUÍOMHANNA DE RÉIR UALUITHE PRIACAL
Airteagal 259 go 262, Airteagal 263, Táblaí 1 agus 2, Airteagal 264, Táblaí 3 agus Tábla 4 agus Airteagal 266 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar an miondealú ar leithligh le haghaidh suíomhanna fada agus gearra.
|
|
0402-0406
|
MIONDEALÚ AR NA GLANSUÍOMHANNA DE RÉIR CUIR CHUIGE
Airteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0402
|
SEC-IRBA
Airteagail 259 agus 260 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0403
|
SEC-SA
Airteagail 261 agus 262 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0404
|
SEC-ERBA
Airteagail 263 agus 264 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0405
|
CUR CHUIGE BUNAITHE AR MHEASÚNÚ INMHEÁNACH
Airteagail 254, 265 agus Airteagal 266(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0900
|
LÁIMHSEÁIL SHONRACH Le hAGHAIDH TRÁINSÍ SINSEARACHA D’URRÚSUITHE RISÍOCHTAÍ NEAMHTHUILLMHEACHA (NPE) CÁILITHEACHA
Airteagal 269a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0406
|
Eile (RW = 1 250 %)
Airteagal 254(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0530-0540
|
ÉIFEACHT FHORIOMLÁN (COIGEARTÚ) I nGEALL AR SHÁRÚ CHAIBIDIL 2 DE RIALACHÁN (AE) 2017/2402
Airteagal 270a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0570
|
ROIMH CHAIDHP
Airteagal 337 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan rogha Airteagal 335 den Rialachán sin a chur san áireamh, lena gceadaítear d’institiúid caidhp a chur ar thoradh an ualaithe agus an ghlansuímh ag uasleibhéal féideartha an chaillteanais a bhaineann le priacal mainneachtana.
|
|
0601
|
TAR ÉIS NA CAIDHPE / IOMLÁN NA gCEANGLAS CISTÍ DÍLSE
Airteagal 337 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus rogha Airteagal 335 den Rialachán sin á cur san áireamh.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA
Méid iomlán na n-urrúsuithe agus na n-athurrúsuithe gan íoc (a shealbhaítear sa leabhar trádála) a thuairiscíonn an institiúid agus í i ról/róil an tionscnóra nó an infheisteora nó an urraitheora.
|
|
0040, 0070 agus 0100
|
SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN
Airteagal 4(1), pointe (62), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0020, 0050, 0080 agus 0110
|
SUÍOMHANNA ATHURRÚSÚCHÁIN
Airteagal 4(1), pointe (64), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0041, 0071 agus 0101
|
LENA nÁIRÍTEAR: IAD SIÚD A CHÁILÍONN DON LÁIMHSEÁIL DHIFREÁILTE CAIPITIL
Méid iomlán na suíomhanna urrúsúcháin lena gcomhlíontar critéir Airteagail 243 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 270 den Rialachán sin agus a cháilíonn dá bhrí sin don láimhseáil dhifreáilte caipitil.
|
|
0030-0050
|
TIONSCNÓIR
Airteagal 4(1), pointe (13), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0060-0080
|
INFHEISTEOIR
Institiúid creidmheasa ag a bhfuil suíomhanna urrúsúcháin in idirbheart urrúsúcháin nach bhfuil sí ina tionscnóir, ina hurraitheoir ná ina hiasachtóir bunaidh dó.
|
|
0090-0110
|
URRAITHEOIR
Airteagal 4(1), pointe (14), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina n-urrúsaíonn urraitheoir a shócmhainní féin freisin, líonfaidh sé isteach rónna an tionscnóra leis an bhfaisnéis maidir lena shócmhainní urrúsaithe féin.
|
5.3. C 20.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE MAIDIR LE PRIACAL SONRACH DO SHUÍOMHANNA A SANNADH DON PHUNANN TRÁDÁLA COMHGHAOIL (MKR SA CTP)
5.3.1. Barúlacha Ginearálta
165. Iarrtar faisnéis leis an teimpléad seo ar shuíomhanna na Punainne Trádála Comhghaoil (CTP) (lena gcuimsítear urrúsuithe, díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain agus suíomhanna eile CTP a chuirtear san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 338(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) agus ar na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha faoin gCur Chuige Caighdeánach.
166. Le teimpléad MKR SA CTP ní chuirtear an ceanglas cistí dílse i láthair ach amháin maidir le priacal sonrach na suíomhanna a shanntar do CTP i gcomhréir le hAirteagal 335 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dteannta Airteagal 338, míreanna 2 agus 3 den Rialachán sin. I gcás ina ndéantar fálú ar shuíomhanna CTP an leabhair trádála le díorthaigh chreidmheasa, tá feidhm ag Airteagail 346 agus 347 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Níl ach aon teimpléad amháin ann i dtaca le suíomhanna CTP uile an leabhair trádála, gan beann ar an gcur chuige a chuireann institiúidí i bhfeidhm chun an t-ualú priacal le haghaidh gach ceann de na suíomhanna a chinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal ginearálta na suíomhanna sin a thuairisciú i dteimpléad MKR SA TDI nó MKR IM.
167. Déantar suíomhanna urrúsúcháin, díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain agus suíomhanna CTP eile a dheighilt leis an teimpléad. Tuairisceofar suíomhanna urrúsúcháin i gcónaí i rónna 0030, 0060 nó 0090 (ag brath ar ról na hinstitiúide san urrúsú). Tuairisceofar díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain i ró 0110 i gcónaí. Is suíomhanna iad “suíomhanna CTP eile” nach suíomhanna urrúsúcháin ná díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain iad (féach Airteagal 338(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), ach tá siad “nasctha” go sainráite le ceann den dá shuíomh sin (mar gheall ar an intinn fálúcháin).
168. De rogha air sin, is féidir suíomhanna a fhaigheann ualú priacal 1 250 % a asbhaint ó CET1 (féach Airteagal 244(1), pointe (b), Airteagal 245(1), pointe (b) agus Airteagal 253 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013). I gcás inarb amhlaidh sin, ní mór na suíomhanna sin a thuairisciú i ró 0460 de CA1.
5.3.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0020
|
GACH SUÍOMH (FADA AGUS GEARR)
Airteagal 102 agus Airteagal 105(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dteannta mhíreanna (2) agus (3) d’Airteagal 338 den Rialachán sin (suíomhanna a shanntar don Phunann Trádála Comhghaoil)
Maidir leis an idirdhealú idir suíomhanna fada agus gearra, rud is infheidhme maidir leis na suíomhanna comhlána sin freisin, féach Airteagal 328(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030-0040
|
(-) SUÍOMHANNA A ASBHAINTEAR AS CISTÍ DÍLSE (FADA AGUS GEARRA)
Airteagal 253 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050-0060
|
GLANSUÍOMHANNA (FADA AGUS GEARRA)
Airteagail 327, 328, 329 agus 334 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Maidir leis an idirdhealú idir suíomhanna fada agus gearra, féach Airteagal 328(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0071-0097
|
MIONDEALÚ AR NA GLANSUÍOMHANNA DE RÉIR UALUITHE PRIACAL
Airteagal 259 go 262, Airteagal 263, Táblaí 1 agus 2, Airteagal 264, Táblaí 3 agus Tábla 4 agus Airteagal 266 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0402-0406
|
MIONDEALÚ AR NA GLANSUÍOMHANNA DE RÉIR CUIR CHUIGE
Airteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0402
|
SEC-IRBA
Airteagail 259 agus 260 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0403
|
SEC-SA
Airteagail 261 agus 262 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0404
|
SEC-ERBA
Airteagail 263 agus 264 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0405
|
CUR CHUIGE BUNAITHE AR MHEASÚNÚ INMHEÁNACH
Airteagail 254 agus 265 agus Airteagal 266(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0900
|
LÁIMHSEÁIL SHONRACH Le hAGHAIDH TRÁINSÍ SINSEARACHA D’URRÚSUITHE RISÍOCHTAÍ NEAMHTHUILLMHEACHA (NPE) CÁILITHEACHA
Airteagal 269a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0406
|
Eile (RW = 1 250 %)
Airteagal 254(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0410-0420
|
ROIMH AN gCAIDHP – GLANSUÍOMHANNA UALAITHE FADA / GEARRA
Airteagal 338 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan rogha Airteagal 335 den Rialachán sin á cur san áireamh
|
|
0430-0440
|
TAR ÉIS NA CAIDHPE – GLANSUÍOMHANNA UALAITHE FADA / GEARRA
Airteagal 338 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus rogha Airteagal 335 den Rialachán sin á cur san áireamh
|
|
0450
|
IOMLÁN NA gCEANGLAS CISTÍ DÍLSE
Déantar an ceanglas cistí dílse a chinneadh mar an ceann is mó de (i) mhuirear an phriacail shonraigh nárbh infheidhme ach amháin maidir leis na glansuíomhanna fada (colún 0430) nó de (ii) mhuirear an phriacail shonraigh nárbh infheidhme ach amháin maidir leis na glansuíomhanna gearra (colún 0440).
|
|
Rónna
|
|
0010
|
RISÍOCHTAÍ IOMLÁNA
Méid iomlán na n-urrúsuithe gan íoc (a shealbhaítear sa phunann trádála comhghaoil) a thuairiscíonn an institiúid agus í i ról/róil an tionscnóra, an infheisteora nó an urraitheora.
|
|
0020-0040
|
TIONSCNÓIR
Airteagal 4(1), pointe (13), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050-0070
|
INFHEISTEOIR
Institiúid creidmheasa ag a bhfuil suíomhanna urrúsúcháin in idirbheart urrúsúcháin nach bhfuil sí ina tionscnóir, ina hurraitheoir ná ina hiasachtóir bunaidh dó
|
|
0080-0100
|
URRAITHEOIR
Airteagal 4(1), pointe (14), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I gcás ina n-urrúsaíonn urraitheoir a shócmhainní féin freisin, líonfaidh sé isteach rónna an tionscnóra leis an bhfaisnéis maidir lena shócmhainní urrúsaithe féin.
|
|
0030, 0060 agus 0090
|
SUÍOMHANNA URRÚSÚCHÁIN
Leis an bpunann trádála comhghaoil, cuimseofar urrúsuithe, díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain agus b’fhéidir suíomhanna fálúcháin eile lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 338, míreanna 2 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Cuirfear san áireamh i ró “Suíomhanna CTP eile” díorthaigh de risíochtaí urrúsúcháin lena soláthraítear sciar pro rata mar aon le suíomhanna lena bhfálaítear suíomhanna CTP.
|
|
0110
|
DÍORTHAIGH CHREIDMHEASA DON N-Ú MAINNEACHTAIN
Tuairisceofar anseo díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain atá á bhfálú le díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 347 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ní oireann an tionscnóir, an t-infheisteoir ná an t-urraitheoir suíomhanna do dhíorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain. Dá réir sin, ní féidir an miondealú mar is amhlaidh le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin a sholáthar i dtaca le díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain.
|
|
0040, 0070, 0100 agus 0120
|
SUÍOMHANNA CTP EILE
Tá na suíomhanna seo a leanas san áireamh:
— Díorthaigh ó risíochtaí urrúsúcháin a sholáthraíonn sciar pro rata mar aon le suíomhanna lena bhfálaítear suíomhanna CTP;
— Suíomhanna CTP arna bhfálú le díorthaigh chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 346 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
— Suíomhanna eile lena gcomhlíontar Airteagal 338(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
5.4. C 21.00 – PRIACAL MARGAIDH: CUR CHUIGE CAIGHDEÁNAITHE LE HAGHAIDH PRIACAL AN TSUÍMH I GCOTHROMAS (MKR SA EQU)
5.4.1. Barúlacha Ginearálta
169. Iarrtar faisnéis leis an teimpléad seo ar na suíomhanna agus ar na ceanglais chomhfhreagracha cistí dílse i dtaca le priacal suímh i gcothromais a shealbhaítear sa leabhar trádála agus a láimhseáiltear faoin gCur Chuige Caighdeánach.
170. Ní mór an teimpléad a líonadh isteach ar leithligh le haghaidh “Iomlán”, móide liosta statach réamhshainithe de na margaí seo a leanas: An Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Éigipt, an Ungáir, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Pholainn, an Rómáin, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe, an Albáin, an tSeapáin, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Cónaidhm na Rúise, an tSeirbia, an Eilvéis, an Tuirc, an Úcráin, SAM, an Limistéar Euro móide aon teimpléad iarmhair amháin le haghaidh na margaí eile uile. Chun críoch an cheanglais tuairiscithe sin, léifear an téarma “margadh” mar “tír” (ach amháin i gcás tíortha atá sa Limistéar Euro, féach Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 525/2014 ón gCoimisiún (
9
)).
5.4.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0020
|
GACH SUÍOMH (FADA AGUS GEARR)
Airteagal 102 agus Airteagal 105(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Suíomhanna comhlána is ea iad sin nach ndéantar a ghlanluacháil le hionstraimí ach lena n-eisiatar suíomhanna frithgheallta a ndéantar a shuibscríobh nó a fho-fhrithghealladh ag tríú páirtithe dá dtagraítear sa dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 345(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030-0040
|
GLANSUÍOMHANNA (FADA AGUS GEARRA)
Airteagail 327, 329, 332, 341 agus 345 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR MUIREAR CAIPITIL
Na glansuíomhanna sin a fhaigheann muirear caipitil, i gcomhréir leis na cuir chuige dhifriúla a bhreithnítear i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní mór an muirear caipitil a ríomh le haghaidh gach margaidh náisiúnta ar leithligh. Ní chuirfear suíomhanna i dtodhchaíochtaí innéacsanna stoic dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 344(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 san áireamh sa cholún seo.
|
|
0060
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
An ceanglas cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le haon suíomh ábhartha
|
|
0070
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Toradh iolrú na gceanglas cistí dílse faoi 12,5.
|
|
Rónna
|
|
0010-0130
|
COTHROMAIS SA LEABHAR TRÁDÁLA
Ceanglais cistí dílse i dtaca le priacal an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, pointe (b)(i) agus Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 3 den Rialachán sin.
|
|
0020-0040
|
PRIACAL GINEARÁLTA
Suíomhanna i gcothromas atá faoi réir riosca ginearálta (Airteagal 343 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) agus an ceanglas cistí dílse comhfhreagrach i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 3 den Rialachán sin
Miondealú a bhaineann le gach suíomh atá faoi réir priacal ginearálta is ea an dá mhiondealú (rónna 0021/0022 mar aon le rónna 0030/0040).
Le rónna 0021 agus 0022, iarrtar faisnéis ar an miondealú de réir ionstraimí.
Ní úsáidfear ach an miondealú i rónna 0030 agus 0040 mar bhonn chun na ceanglais cistí dílse a ríomh.
|
|
0021
|
Díorthaigh
Díorthaigh a chuirtear san áireamh i ríomh phriacal cothromais na suíomhanna leabhair trádála agus Airteagail 329 agus 332 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme
|
|
0022
|
Sócmhainní agus dliteanais eile
Ionstraimí seachas díorthaigh a chuirtear san áireamh i ríomh phriacal cothromais shuíomhanna an leabhair trádála.
|
|
0030
|
Todhchaíochtaí innéacsanna stoic a thrádáiltear ar an stocmhalartán, a éagsúlaítear go forleathan agus faoi réir cur chuige áirithe.
Todhchaíochtaí innéacsanna stoic arna dtrádáil ar an stocmhalartán, a éagsúlaítear go forleathan agus atá faoi réir cur chuige áirithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 945/2014 ón gCoimisiún (1)
Ní bheidh na suíomhanna sin ach faoi réir priacal ginearálta agus, dá réir sin, níor cheart iad a thuairisciú i ró 0050.
|
|
0040
|
Cothromais eile seachas todhchaíochtaí innéacsanna stoic a thrádáiltear ar an stocmhalartán a éagsúlaítear go forleathan
Suíomhanna eile i gcothromas atá faoi réir priacal sonrach mar aon leis na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha i gcomhréir le hAirteagal 343 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear suíomhanna i dtodhchaíochtaí innéacsanna stoic a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 344(3) den Rialachán sin
|
|
0050
|
PRIACAL SONRACH
Suíomhanna i gcothromas atá faoi réir priacal sonrach agus na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha i gcomhréir le hAirteagal 342 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-eisiatar suíomhanna i dtodhchaíochtaí innéacsanna stoic a láimhseáiltear i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 344(4) den Rialachán sin
|
|
0090-0130
|
CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE ROGHANNA (PRIACAIL NEAMHDHEILTE)
d’Airteagal 329, míreanna 2 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Déanfar na ceanglais bhreise maidir le roghanna a bhaineann le priacail neamhdheilte a thuairisciú sa mhodh a úsáidtear chun iad a ríomh.
|
(1)
9 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 945/2014 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le hinnéacsanna arna n-éagsúlú go hiomchuí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
|
5.5. C 22.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUIR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE MAIDIR LE PRIACAL MALAIRTE EACHTRAÍ (MKR SA FX)
5.5.1. Barúlacha Ginearálta
171. Tuairisceoidh institiúidí faisnéis ar na suíomhanna i ngach airgeadra (airgeadra tuairiscithe san áireamh) agus na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha i dtaca le priacal malairte eachtraí a láimhseáiltear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Déanfar an suíomh a ríomh le haghaidh gach airgeadra (lena n-áirítear EUR), ór, agus suímh i leith CIUnna.
172. Tuairisceofar rónna 0100 go 0480 den teimpléad seo fiú i gcás nach gceanglaítear ar institiúidí ceanglais cistí dílse a ríomh i dtaca le priacal malairte eachtraí i gcomhréir le hAirteagal 351 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Sna hítimí meabhráin sin, áirítear na suíomhanna uile san airgeadra tuairiscithe, gan beann ar cibé acu a bhreithnítear nó nach mbreithnítear iad chun críocha Airteagal 354 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar rónna 0130 go 0480 de na hítimí meabhráin den teimpléad a líonadh isteach ar leithligh le haghaidh airgeadraí uile Bhallstáit an Aontais, airgeadraí GBP, USD, CHF, JPY, RUB, TRY, AUD, CAD, RSD, ALL, UAH, MKD, EGP, ARS, BRL, MXN, HKD, ICK, TWD, NZD, NOK, SGD, KRW, CNY agus gach airgeadra eile.
5.5.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0020-0030
|
GACH SUÍOMH (FADA AGUS GEARR)
Suíomhanna comhlána de thoradh sócmhainní, méideanna a bheidh le fáil agus ítimí comhchosúla dá dtagraítear in Airteagal 352(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
I gcomhréir le hAirteagal 352(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi réir chead na n-údarás inniúil, ní thuairisceofar suíomhanna a ghlactar chun fálú in aghaidh éifeacht dhíobhálach an ráta malairte ar a gcóimheasa i gcomhréir le hAirteagal 92(1) den Rialachán sin agus suíomhanna a bhaineann le hítimí a asbhaineadh cheana féin i ríomh na gcistí dílse.
|
|
0040-0050
|
GLANSUÍOMHANNA (FADA AGUS GEARRA)
Airteagal 352(3), Airteagal 352(4), an chéad dá abairt agus Airteagal 353 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Ríomhtar na glansuíomhanna de réir gach airgeadra i gcomhréir le Airteagal 352(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá réir sin, féadfar idir shuíomhanna fada agus suíomhanna gearra a thuairisciú an tráth céanna.
|
|
0060-0080
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR MUIREAR CAIPITIL
Airteagal 352(4), an tríú habairt agus Airteagail 353 agus 354 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0060-0070
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR MUIREAR CAIPITIL (FADA AGUS GEARRA)
Déanfar na glansuíomhanna fada agus gearra le haghaidh gach airgeadra a ríomh trí iomlán na suíomhanna gearra a asbhaint as iomlán na suíomhanna fada.
Suimeofar glansuíomhanna fada le haghaidh gach oibriúcháin in airgeadra chun an glansuíomh fada san airgeadra sin a fháil.
Suimeofar glansuíomhanna gearra le haghaidh gach oibriúcháin in airgeadra chun an glansuíomh gearr san airgeadra sin a fháil.
Cuirfear suíomhanna neamh-mheaitseáilte in airgeadraí neamhthuairiscithe le suíomhanna atá faoi réir muirear caipitil le haghaidh airgeadraí eile (ró 030) i gcolún 060 nó 070, ag brath ar a socrú gearr nó a socrú fada.
|
|
0080
|
SUÍOMHANNA ATÁ FAOI RÉIR MUIREAR CAIPITIL (MEAITSEÁILTE)
Suíomhanna meaitseáilte le haghaidh airgeadraí atá comhghaolaithe go dlúth le chéile.
|
|
0090
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
An muirear caipitil ar aon suíomh ábhartha i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0100
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Toradh iolrú na gceanglas cistí dílse faoi 12,5.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
SUÍOMHANNA IOMLÁNA
Gach suíomh in airgeadraí neamhthuairiscithe agus na suíomhanna sin san airgeadra tuairiscithe a mheastar chun críocha Airteagal 354 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar aon lena gceanglais cistí dílse chomhfhreagracha le haghaidh an phriacail malairte eachtraí dá dtagraítear in Airteagal 92(3), pointe (c)(i), agus Airteagal 352, míreanna 2 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur san áireamh (maidir le tiontú san airgeadra tuairiscithe).
|
|
0020
|
AIRGEADRAÍ ATÁ COMHGHAOLAITHE GO DLÚTH LE CHÉILE
Suíomhanna agus a gceanglais cistí dílse chomhfhreagracha le haghaidh airgeadraí atá comhghaolaithe go dlúth le chéile dá dtagraítear in Airteagal 354 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0025
|
Airgeadraí atá comhghaolaithe go dlúth le chéile: lena n-áirítear: airgeadra tuairiscithe
Suíomhanna san airgeadra tuairiscithe a rannchuidíonn le ríomh na gceanglas caipitil i gcomhréir le hAirteagal 354 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030
|
GACH AIRGEADRA EILE (lena n-áirítear GCanna a láimhseáiltear mar airgeadraí difriúla)
Suíomhanna agus a gceanglais cistí dílse chomhfhreagracha le haghaidh airgeadraí atá faoi réir an nós imeachta ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 351 agus Airteagal 352, míreanna 2 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tuairisciú gnóthas comhinfheistíochta (GCanna) a láimhseáiltear mar airgeadraí ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 353 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
Tá dhá láimhseáil dhifriúla ann maidir le GCanna a láimhseáiltear mar airgeadraí ar leithligh chun na ceanglais chaipitil a ríomh:
1. An modh leasaithe chun ór a láimhseáil, i gcás nach bhfuil treo infheistíocht GCanna ar fáil (cuirfear na GCanna sin le glansuíomh foriomlán na hinstitiúide in airgeadra eachtrach);
2. I gcás ina bhfuil treo infheistíocht GCanna ar fáil, cuirfear na GCanna sin leis an suíomh oscailte iomlán in airgeadra eachtrach (fada nó gearr, ag brath ar threo GC).
Leanfaidh tuairisciú na GCanna sin ríomh na gceanglas caipitil.
|
|
0040
|
ÓR
Suíomhanna agus a gceanglais cistí dílse chomhfhreagracha le haghaidh airgeadraí atá faoi réir an nós imeachta ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 351 agus Airteagal 352, míreanna 2 agus 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0050 - 0090
|
CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE ROGHANNA (PRIACAIL NEAMHDHEILTE)
Airteagal 352, míreanna 5 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Déanfar na ceanglais bhreise maidir le roghanna a bhaineann le priacail neamhdheilte a thuairisciú agus iad miondealaithe de réir an mhodha a úsáidtear chun iad a ríomh.
|
|
0100-0120
|
Miondealú ar na suíomhanna iomlána (airgeadra tuairiscithe san áireamh) de réir cineálacha risíochta
Déanfar suíomhanna iomlána a mhiondealú ina ndíorthaigh, ina sócmhainní eile agus ina ndliteanais eile, agus ina n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe.
|
|
0100
|
Sócmhainní agus dliteanais eile seachas ítimí agus díorthaigh lasmuigh den chlár comhardaithe
Cuirfear suíomhanna, nach bhfuil san áireamh i ró 0110 nó 0120, san áireamh anseo.
|
|
0110
|
Ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe
Ítimí laistigh de raon feidhme Airteagal 352 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan beann ar airgeadra na hainmníochta, a áirítear in Iarscríbhinn I den Rialachán sin, cé i moite díobh sin a áirítear mar Idirbhearta Maoiniúcháin Urrús & Idirbhearta Socraíochta Iarchurtha nó ó Ghlanluacháil Trastáirgí Conarthach.
|
|
0120
|
Díorthaigh
Suíomhanna a luacháiltear i gcomhréir le hAirteagal 352 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0130-0480
|
ÍTIMÍ MEABHRÁIN: SUÍOMHANNA AIRGEADRA
Déanfar na hítimí meabhráin den teimpléad a líonadh isteach ar leithligh le haghaidh airgeadraí uile Bhallstáit an Aontais, GBP, USD, CHF, JPY, RUB, TRY, AUD, CAD, RSD, ALL, UAH, MKD, EGP, ARS, BRL, MXN, HKD, ICK, TWD, NZD, NOK, SGD, KRW, CNY agus gach airgeadra eile.
|
5.6. C 23.00 - PRIACAL MARGAIDH: CUIR CHUIGE CHAIGHDEÁNAITHE MAIDIR LE TRÁCHTEARRAÍ (MKR SA COM)
5.6.1. Barúlacha Ginearálta
173. Iarrtar faisnéis leis an teimpléad seo ar na suíomhanna i dtráchtearraí agus ar na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha a láimhseáiltear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe.
5.6.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010-0020
|
GACH SUÍOMH (FADA AGUS GEARR)
Suíomhanna comhlána fada/gearra a bhreithnítear sa tráchtearra céanna i gcomhréir le hAirteagal 357(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (féach freisin Airteagal 359(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
|
|
0030-0040
|
GLANSUÍOMHANNA (FADA AGUS GEARRA)
Mar a shainmhínítear in Airteagal 357(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050
|
SUÍOMHANNA FAOI RÉIR MUIREAR CAIPITIL
Na glansuíomhanna sin a fhaigheann muirear caipitil, i gcomhréir leis na cuir chuige dhifriúla a bhreithnítear i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
An ceanglas cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le haon suíomh ábhartha
|
|
0070
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Toradh iolrú na gceanglas cistí dílse faoi 12,5.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
SUÍOMHANNA IOMLÁNA I dTRÁCHTEARRAÍ
Suíomhanna i dtráchtearraí agus a gceanglais cistí dílse chomhfhreagracha le haghaidh priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3), pointe (c)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0020-0060
|
SUÍOMHANNA DE RÉIR CHATAGÓIR AN TRÁCHTEARRA
Chun críoch tuairiscithe, déanfar tráchtearraí a ghrúpáil sna ceithre ghrúpa tráchtearraí dá dtagraítear in Airteagal 361, Tábla 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0070
|
CUR CHUIGE AN DRÉIMIRE AIBÍOCHTA
Suíomhanna i dtráchtearraí atá faoi réir chur chuige an dréimire aibíochta dá dtagraítear in Airteagal 359 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0080
|
CUR CHUIGE AN DRÉIMIRE AIBÍOCHTA SÍNTE
Suíomhanna i dtráchtearraí atá faoi réir chur chuige an dréimire aibíochta sínte dá dtagraítear in Airteagal 361 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0090
|
CUR CHUIGE SIMPLITHE
Suíomhanna i dtráchtearraí atá faoi réir an chur chuige shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 360 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0100-0140
|
CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE ROGHANNA (PRIACAIL NEAMHDHEILTE)
Airteagal 358(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Déanfar na ceanglais bhreise maidir le roghanna a bhaineann le priacail neamhdheilte a thuairisciú sa mhodh a úsáidtear chun iad a ríomh.
|
5.7. C 24.00 - SAMHAIL INMHEÁNACH I LEITH PRIACAL MARGAIDH (MKR IM)
5.7.1. Barúlacha Ginearálta
174. Soláthraítear miondealú leis an teimpléad seo ar fhigiúirí VaR agus VaR struis (sVaR) de réir na bpriacal difriúil margaidh (fiachas, cothromas, malairt eachtrach, tráchtearraí) agus faisnéis eile is ábhartha chun na ceanglais cistí dílse a ríomh.
175. Go ginearálta, braitheann sé ar struchtúr shamhail na n-institiúidí cibé acu is féidir nó nach féidir na figiúirí i dtaca le priacal ginearálta agus priacal sonrach a chinneadh agus a thuairisciú ar leithligh nó mar iomlán amháin. Is amhlaidh sin freisin maidir le dí-chomhdhéanamh an VaR / VaR-Struis sna catagóirí priacail (priacal an ráta úis, priacal cothromais, priacal tráchtearraí agus priacal malairte eachtraí). Is féidir le hinstitiúid staonadh ó na dí-chomhdhéanaimh sin a thuairisciú má chruthaíonn sí go mbeadh tuairisciú na bhfigiúirí sin ródhian.
5.7.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0030-0040
|
Luach faoi Phriacal (VaR)
Ciallaíonn VaR an t-uaschaillteanas féideartha a d’eascródh as athrú i bpraghas le dóchúlacht áirithe thar thréimhse ionchasach shonrach.
|
|
0030
|
Fachtóir iolrúcháin (mc) x Meán an 60 lá oibre roimhe VaR (VaRavg)
Airteagal 364(1), pointe (a)(ii) agus Airteagal 365(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
VaR an lae roimhe (VaRt-1)
Airteagal 364(1), pointe (a)(i) agus Airteagal 365(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050-0060
|
VaR Struis
Ciallaíonn VaR Struis an t-uaschaillteanas féideartha a d’eascródh as athrú i bpraghas lena mbaineann dóchúlacht áirithe thar thréimhse ionchasach shonrach a fhaightear trí ionchur a úsáid a chalabraítear de réir sonraí stairiúla ó thréimhse leanúnach 12 mhí de strus airgeadais is ábhartha do phunann na hinstitiúide.
|
|
0050
|
Fachtóir iolrúcháin (ms) x Meán an 60 lá oibre roimhe sin (SVaRavg)
Airteagal 364(1), pointe (b)(ii) agus Airteagal 365(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0060
|
An ceann is déanaí atá ar fáil (SVaRt-1)
Airteagal 364(1), pointe (b)(i) agus Airteagal 365(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070-0080
|
MUIREAR CAIPITIL AR PHRIACAL INCRIMINTEACH MAINNEACHTANA AGUS IMIRCE
Ciallaíonn muirear caipitil ar phriacal incriminteach mainneachtana agus imirce an t-uaschaillteanas féideartha a d’eascródh as athrú i bpraghas atá nasctha le priacail mhainneachtana agus imirce a ríomhtar i gcomhréir le Airteagal 364(2), pointe (b) i gcomhar le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 5, Roinn 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0070
|
Tomhas meánach 12 sheachtain
Airteagal 364(2), pointe (b)(ii) i gcomhar le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 5, Roinn 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0080
|
Tomhas Deireanach
Airteagal 364(2), pointe (b)(i) i gcomhar le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 5, Roinn 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0090-0110
|
MUIREAR CAIPITIL AR PHRIACAIL PRAGHAIS UILE LE hAGHAIDH CTP
|
|
0090
|
ÍOSRÁTA ÚIS
Airteagal 364(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
8 % den mhuirear caipitil a ríomhfaí i gcomhréir le hAirteagal 338 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do gach suíomh sa mhuirear caipitil “priacail praghais uile”.
|
|
0100-0110
|
TOMHAS MEÁNACH 12 SHEACHTAIN AGUS TOMHAS DEIREANACH
Airteagal 364(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0110
|
TOMHAS DEIREANACH
Airteagal 364(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0120
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
Ceanglais cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 364 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le gach fachtóir priacail, agus éifeachtaí comhghaolaithe á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, móide priacal incriminteach mainneachtana agus imirce agus priacail praghais uile le haghaidh CTP, ach gan na Muirir chaipitil urrúsúcháin a áireamh i dtaca le hUrrúsúchán agus le díorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain de réir Airteagal 364(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0130
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Toradh iolrú na gceanglas cistí dílse faoi 12,5
|
|
0140
|
Líon na róluaineachtaí (le linn an 250 lá oibre roimhe sin)
Dá dtagraítear in Airteagal 366 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar líon na róluaineachtaí ar a ndéanfar an tsuimeann a chinneadh. I gcás ina gceadófar d’institiúidí róluaineachtaí áirithe a eisiamh ó ríomh na suiminne i gcomhréir le hAirteagal 500c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh líon na róluaineachtaí a thuairisceofar sa cholún seo glan ar na róluaineachtaí eisiata sin.
|
|
0150-0160
|
Fachtóir Iolrúcháin VaR (mc) agus Fachtóir Iolrúcháin SVaR (ms)
Dá dtagraítear in Airteagal 366 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceofar na fachtóirí iolrúcháin is infheidhme go héifeachtach maidir le ceanglais cistí dílse a ríomh; i gcás inarb infheidhme, tar éis Airteagal 500c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm.
|
|
0170-0180
|
MUIREAR TOIMHDITHE LE hAGHAIDH ÍOSLEIBHÉAL CTP – GLANSUÍOMHANNA UALAITHE FADA/GEARRA TAR ÉIS NA CAIDHPE
An méid a thuairiscítear atá ina bhonn chun íosleibhéal an mhuirir caipitil a ríomh i dtaca le priacail praghais uile i gcomhréir le hAirteagal 364(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus rogha Airteagal 335 an Rialacháin sin á cur san áireamh, lena sonraítear go bhféadfaidh an institiúid caidhp a chur ar thoradh an ualaithe agus an ghlansuímh ag uasleibhéal féideartha an chaillteanais a bhaineann le priacal mainneachtana.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
SUÍOMHANNA IOMLÁNA
Comhfhreagraíonn sin don chuid de phriacal an tsuímh, de phriacal malairte eachtraí agus de phriacal tráchtearraí dá dtagraítear in Airteagal 363 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá nasctha leis na fachtóirí priacail a shonraítear in Airteagal 367 (2) den Rialachán sin.
Maidir leis na colúin 0030 go dtí 0060 (VAR agus VAR-Struis), níl na figiúirí sa ró iomlán cothrom le dí-chomhdhéanamh na bhfigiúirí le haghaidh VaR/VaR-Struis na gcomhpháirteanna ábhartha priacail.
|
|
0020
|
IONSTRAIMÍ FIACHAIS TRÁDÁILTE
Comhfhreagraíonn sin don chuid de phriacal an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 363(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá nasctha leis na fachtóirí priacail rátaí úis a shonraítear in Airteagal 367(2), pointe (a), den Rialachán sin.
|
|
0030
|
TDI – PRIACAL GINEARÁLTA
Comhpháirt priacail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 362 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
TDI – PRIACAL SONRACH
Comhpháirt priacail shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 362 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0050
|
COTHROMAIS
Comhfhreagraíonn sin don chuid de phriacal an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 363(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá nasctha leis na fachtóirí priacail cothromais a shonraítear in Airteagal 367(2), pointe (c), den Rialachán sin.
|
|
0060
|
COTHROMAIS – PRIACAL GINEARÁLTA
Comhpháirt priacail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 362 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070
|
COTHROMAIS – PRIACAL SONRACH
Comhpháirt priacail shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 362 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0080
|
PRIACAL MALAIRTE EACHTRAÍ
Airteagail 363(1) agus Airteagal 367(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0090
|
PRIACAL TRÁCHTEARRAÍ
Airteagail 363(1) agus Airteagal 367(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0100
|
MÉID IOMLÁN LE hAGHAIDH PRIACAL GINEARÁLTA
Priacal margaidh arb iad gluaiseachtaí ginearálta ionstraimí fiachais trádáilte, cothromais, malairte eachtraí agus tráchtearraí is cúis leis. VaR le haghaidh priacal ginearálta gach fachtóra priacail (agus éifeachtaí comhghaolaithe á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme)
|
|
0110
|
MÉID IOMLÁN LE hAGHAIDH PRIACAL SONRACH
Comhpháirt priacail shonraigh d’ionstraimí fiachais trádáilte agus cothromais. VaR le haghaidh priacal sonrach cothromas agus ionstraimí fiachais trádáilte an leabhair trádála (agus éifeachtaí comhghaolaithe á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme)
|
5.8. C 25.00 - PRIACAL Ó CHOIGEARTÚ AR LUACHÁIL CREIDMHEASA (CVA)
5.8.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
Luach na risíochta
Airteagal 271 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 382 den Rialachán sin.
EAD iomlán ó gach idirbheart atá faoi réir mhuirear CVA.
|
|
0020
|
Lena n-áirítear: Díorthaigh OTC
Airteagal 271 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 382(1) den Rialachán sin.
An chuid de risíocht iomlán ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí atá ann de thoradh dhíorthaigh OTC agus dá thoradh sin amháin. Ní éilítear an fhaisnéis ó institiúidí IMM a shealbhaíonn díorthaigh OTC agus SFTanna sa tacar glanluachála céanna.
|
|
0030
|
Lena n-áirítear: SFT
Airteagal 271 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 382(2) den Rialachán sin
An chuid de risíocht iomlán ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí atá ann de thoradh dhíorthaigh SFT agus dá thoradh sin amháin. Ní éilítear an fhaisnéis ó institiúidí IMM a shealbhaíonn díorthaigh OTC agus SFTanna sa tacar glanluachála céanna.
|
|
0040
|
FACHTÓIR IOLRÚCHÁIN (mc) x MEÁN AN 60 LÁ OIBRE ROIMHE SIN (VaRavg)
Airteagal 383 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 363(1), pointe (d), den Rialachán sin.
Ríomh VaR bunaithe ar shamhlacha inmheánacha i dtaca le priacal margaidh
|
|
0050
|
AN LÁ ROIMHE SIN (VaRt-1)
Féach na treoracha i dtaca le colún 0040.
|
|
0060
|
FACHTÓIR IOLRÚCHÁIN (ms) x MEÁN AN 60 LÁ OIBRE ROIMHE SIN (SVaRavg)
Féach na treoracha i dtaca le colún 0040
|
|
0070
|
AN CEANN IS DÉANAÍ ATÁ AR FÁIL (SVaRt-1)
Féach na treoracha i dtaca le colún 0040
|
|
0080
|
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE
Airteagal 92(3), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceanglais cistí dílse le haghaidh Phriacal CVA a ríomhtar leis an modh roghnaithe.
|
|
0090
|
MÉID IOMLÁN NA RISÍOCHTA AR PHRIACAL
Airteagal 92(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Ceanglais cistí dílse a iolraítear faoi 12,5.
|
|
|
Ítimí meabhráin
|
|
0100
|
An líon contrapháirtithe
Airteagal 382 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
An líon contrapháirtithe a chuirtear san áireamh i ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh phriacal CVA.
Is fothacar oibleagáideoirí iad contrapháirtithe. Ní ann dóibh ach amháin i gcás idirbhearta díorthach nó SFTanna inarb iad an páirtí conarthach eile iad.
|
|
0110
|
Lena n-áirítear: cás inar úsáideadh athróg ionadach chun an raon difríochta creidmheasa a chinneadh
An líon contrapháirtithe inar cinneadh an raon difríochta trí athróg ionadach a úsáid seachas sonraí margaidh a bhraitear go díreach.
|
|
0120
|
CVA FABHRAITHE
Forálacha cuntasaíochta mar gheall ar laghdú ar acmhainneacht creidmheasa dhíorthaigh na gcontrapháirtithe.
|
|
0130
|
CDS AONAINM
Airteagal 386(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méideanna barúlacha iomlána CDS aonainm a úsáidtear mar fhálú le haghaidh phriacal CVA.
|
|
0140
|
INNÉACS CDS
Airteagal 386(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Méideanna barúlacha iomlána innéacs CDS a úsáidtear mar fhálú le haghaidh phriacal CVA.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
Priacal CVA iomlán
Suim rónna 0020-0040
|
|
0020
|
Ardmhodh
Ardmhodh priacail CVA mar a fhorordaítear le hAirteagal 383 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0030
|
Modh caighdeánaithe
Modh caighdeánaithe priacail CVA mar a fhorordaítear le hAirteagal 384 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0040
|
Bunaithe ar OEM
Méideanna faoi réir Airteagal 385 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm
|
6. LUACHÁIL STUAMA (PruVal)
6.1. C 32.01 – LUACHÁIL STUAMA: SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR (PruVal 1)
6.1.1. Barúlacha ginearálta
176. Líonfaidh gach institiúid an teimpléad seo isteach, gan beann ar cibé acu a ghlac nó nár ghlac siad an cur chuige simplithe chun “Coigeartuithe Luacha Breise” (“AVAnna”) a chinneadh. Tá an teimpléad seo tiomnaithe do dhearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a úsáidtear chun a chinneadh cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 (
10
) ón gCoimisiún maidir leis an gcur chuige simplithe a úsáid chun AVAnna a chinneadh.
177. Maidir le hinstitiúidí a bheith ag úsáid an chur chuige shimplithe, soláthrófar leis an teimpléad seo AVA iomlán atá le hasbhaint ó chistí dílse de bhun Airteagail 34 agus 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, rud a thuairisceofar dá réir sin i ró 0290 de C 01.00.
6.1.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010
|
SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir, mar a luaitear sna ráitis airgeadais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, roimh aon eisiamh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0020
|
LENA NÁIRÍTEAR: LEABHAR TRÁDÁLA
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir, mar a tuairiscíodh in 010, a chomhfhreagraíonn do shuíomhanna a shealbhaítear sa leabhar trádála.
|
|
0030-0070
|
SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR A EISIATAR MAR GHEALL AR PHÁIRT-THIONCHAR AR CET1
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a eisiadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0030
|
COMHOIRIÚNAITHE GO CRUINN
Sócmhainní agus dliteanais fritháirimh ar luach cóir atá comhoiriúnaithe go cruinn agus a eisiadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0040
|
CUNTASAÍOCHT FÁLAITHE
I gcás suíomhanna atá faoi réir cuntasaíocht fálaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a eisiadh i gcomhréir le tionchar an athraithe luachála ábhartha ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0050
|
SCAGAIRÍ STUAMACHTA
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a eisiadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 mar gheall ar chur i bhfeidhm idirthréimhseach na scagairí stuamachta dá dtagraítear in Airteagail 467 agus 468 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0060
|
EILE
Aon suíomh eile a eisiadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 mar gheall ar choigeartuithe ar a luach de réir na leabhar gan ach éifeacht chomhréireach acu ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1.
Ní líonfar isteach an ró seo ach amháin i gcásanna tearca nach féidir eilimintí, a eisiadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, a shannadh do cholúin 0030, 0040 nó 0050 den teimpléad seo.
|
|
0070
|
BARÚIL MAIDIR LE NÍ EILE
Soláthrófar na príomhchúiseanna a eisiadh na suíomhanna a thuairiscítear i gcolún 0060.
|
|
0080
|
SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR A CHUIRTEAR SAN ÁIREAMH I DTAIRSEACH AIRTEAGAL 4(1)
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh go hiarbhír i ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0090
|
LENA NÁIRÍTEAR: LEABHAR TRÁDÁLA
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir, mar a thuairiscítear i gcolún 0080, a chomhfhreagraíonn do shuíomhanna a shealbhaítear sa leabhar trádála.
|
|
Rónna
|
|
0010 – 0210
|
Beidh sainmhínithe na gcatagóirí sin ag teacht leo siúd a bhaineann le rónna comhfhreagracha theimpléid FINREP 1.1. agus 1.2.
|
|
0010
|
1 SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR
Iomlán na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a thuairiscítear i rónna 0020 go dtí 0210.
|
|
0020
|
1.1 SÓCMHAINNÍ AR LUACH CÓIR
Iomlán na sócmhainní ar luach cóir a thuairiscítear i rónna 0030 go dtí 0140.
Tuairisceofar cealla ábhartha de rónna 0030 go dtí 0130 i gcomhréir le teimpléad FINREP F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, ag brath ar chaighdeáin infheidhme na hinstitiúide:
— IFRS mar a d’fhormhuinigh an tAontas i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“IFRS AE”) (1);
— Caighdeáin náisiúnta chuntasaíochta atá comhoiriúnach do IFRS AE (“GAAP Náisiúnta atá comhoiriúnach do IFRS”); nó
— GAAP Náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (FINREP “GAAP Náisiúnta” bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle’).
|
|
0030
|
1.1.1 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS ARNA SEALBHÚ LE hAGHAIDH TRÁDÁLA
IFRS 9. Aguisín A.
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0050 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0040
|
1.1.2 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS TRÁDÁLA
Airteagail 32 agus 33 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; Cuid 1.17 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do shócmhainní a thomhaistear ar luach cóir agus a chuirtear san áireamh sa luach a thuairiscítear i ró 0091 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0050
|
1.1.3 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS NEAMHTHRÁDÁLA AR LUACH CÓIR GO hÉIGEANTACH TRÍ BHRABÚS NÓ CAILLTEANAS
IFRS 7.8(a)(ii); IFRS 9.4.1.4.
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0096 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0060
|
1.1.4 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS A AINMNÍTEAR AR LUACH CÓIR TRÍ BHRABÚS NÓ CAILLTEANAS
IFRS 7.8(a)(i); IFRS 9.4.1.5; Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8(6) de Threoir 2013/34/AE
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0100 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0070
|
1.1.5 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS AR LUACH CÓIR TRÍ IONCAM CUIMSITHEACH EILE
IFRS 7.8(h); IFRS 9.4.1.2A.
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0141 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0080
|
1.1.6 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS NEAMHTHRÁDÁLA NEAMHDHÍORTHACH A THOMHAISTEAR AR LUACH CÓIR TRÍ BHRABÚS NÓ CAILLTEANAS
Airteagal 36(2) de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0171 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0090
|
1.1.7 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS NEAMHTHRÁDÁLA NEAMHDHÍORTHACHA A THOMHAISTEAR AR LUACH CÓIR MAIDIR LE COTHROMAS
Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8(8) de Threoir 2013/34/AE
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0175 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0100
|
1.1.8 SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS NEAMHTHRÁDÁLA NEAMHDHÍORTHACH EILE
Airteagal 37 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; Airteagal 12(7) de Threoir 2013/34/AE; Cuid 1.20 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do shócmhainní a thomhaistear ar luach cóir agus a chuirtear san áireamh sa luach a thuairiscítear i ró 0234 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0110
|
1.1.9 DÍORTHAIGH – CUNTASAÍOCHT FÁLAITHE
IFRS 9.6.2.1; Cuid 1.22 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo; Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8, míreanna 6 agus 8 de Threoir 2013/34/AE; IAS 39.9
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0240 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0120
|
1.1.10 ATHRUITHE AR LUACH CÓIR AR NA hÍTIMÍ FÁLAITHE SAN FHALÚ PUNAINNE UM PRIACAL AN RÁTA ÚIS
IAS 39.89A(a); IFRS 9.6.5.8; Airteagal 8, míreanna 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0250 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0130
|
1.1.11 INFHEISTÍOCHTAÍ I bhFOCHUIDEACHTAÍ, I gCOMHFHIONTAIR AGUS I gCOMHLAIGH
IAS 1.54(e); Codanna 1.21 agus 2.4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo; Airteagal 4, pointí (7) agus (8), de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; Airteagal 2(2) de Threoir 2013/34/AE
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0260 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0140
|
1.1.12 (-) CAOLCHORRLAIGH LE hAGHAIDH SÓCMHAINNÍ TRÁDÁLA AR LUACH CÓIR
Cuid 1.29 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0375 de theimpléad F 01.01 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0142
|
1.1.13 SÓCMHAINNÍ EILE
Sócmhainní dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, cuid 2, míreanna 5 agus 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, a mhéid a luacháiltear iad ar luach cóir.
|
|
0143
|
1.1.14 SÓCMHAINNÍ NEAMHREATHA AGUS GRÚPAÍ DIÚSCARTHA ARNA nAICMIÚ MAR GHRÚPAÍ ATÁ Á SEALBHÚ LENA nDÍOL
Sócmhainní dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, cuid 2, mír 7 den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, a mhéid a luacháiltear iad ar luach cóir.
|
|
0150
|
1.2 DLITEANAIS IOMLÁNA AR LUACH CÓIR
Iomlán na ndliteanas ar luach cóir a thuairiscítear i rónna 0160 go dtí 0210.
Tuairisceofar cealla ábhartha de rónna 0150 go dtí 0190 i gcomhréir le teimpléad FINREP F 01.02 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ag brath ar chaighdeáin infheidhme na hinstitiúide:
— IFRS mar a d’fhormhuinigh an tAontas i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 (“IFRS AE”)
— Caighdeáin náisiúnta chuntasaíochta atá comhoiriúnach do IFRS Aontais (“GAAP Náisiúnta atá comhoiriúnach do IFRS”)
— nó GAAP Náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (FINREP “GAAP Náisiúnta” bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle’).
|
|
0160
|
1.2.1 DLITEANAIS AIRGEADAIS ARNA SEALBHÚ LENA dTRÁDÁIL
IFRS 7.8 (e)(ii); IFRS 9.BA.6.
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0010 de theimpléad F 01.02 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0170
|
1.2.2 DLITEANAIS AIRGEADAIS TRÁDÁLA
Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8, míreanna 3 agus 6 de Threoir 2013/34/AE
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0061 de theimpléad F 01.02 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0180
|
1.2.3 DLITEANTAIS AIRGEADAIS A AINMNÍTEAR AR LUACH CÓIR TRÍ BHRABÚS NÓ CAILLTEANAS
IFRS 7.8 (e)(i); IFRS 9.4.2.2; Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8(6) de Threoir 2013/34/AE IAS 39.9.
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0070 de theimpléad F 01.02 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0190
|
1.2.4 DÍORTHAIGH - CUNTASAÍOCHT FÁLAITHE
IFRS 9.6.2.1; Cuid 1.26 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo; Airteagal 8(1), pointe (a) (6) agus (8), pointe (a) de Threoir 2013/34/AE
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0150 de theimpléad F 01.02 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0200
|
1.2.5 ATHRUITHE AR LUACH CÓIR NA nÍTIMÍ FÁLAITHE SAN FHALÚ PUNAINNE UM PRIACAL AN RÁTA ÚIS
IAS 39.89A(b), IFRS 9.6.5.8; Airteagal 8, míreanna 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE; Cuid 2.8 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0160 de theimpléad F 01.02 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0210
|
1.2.6 CAOLCHORRLAIGH I dTACA LE DLITEANAIS TRÁDÁLA AR LUACH CÓIR
Cuid 1.29 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
Comhfhreagróidh an fhaisnéis a thuairiscítear sa ró seo do ró 0295 de theimpléad F 01.02 d’Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
0220
|
1.2.7 DLITEANAIS EILE
Dliteanais dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, cuid 2, mír 13 den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, a mhéid a luacháiltear iad ar luach cóir.
|
|
0230
|
1.2.8 DLITEANAIS A ÁIRÍTEAR I nGRÚPAÍ DIÚSCARTHA ARNA nAICMIÚ MAR GHRÚPAÍ ATÁ Á SEALBHÚ LENA nDÍOL
Dliteanais dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, cuid 2, mír 14 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, a mhéid a luacháiltear iad ar luach cóir.
|
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
(2)
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
|
6.2. C 32.02 - LUACHÁIL STUAMA: CUR CHUIGE LÁRNACH (PruVal 2)
6.2.1. Barúlacha ginearálta
178. Is é cuspóir an teimpléid seo faisnéis a sholáthar maidir le comhdhéanamh an AVA iomláin atá le hasbhaint ó chistí dílse faoi Airteagail 34 agus 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar aon le faisnéis ábhartha faoi luacháil chuntasaíochta na suíomhanna is bonn le AVAnna a chinneadh.
179. Líonfaidh gach institiúid a chomhlíonann na critéir seo a leanas an teimpléad seo isteach:
(a)
ceanglaítear orthu an cur chuige lárnach a úsáid toisc go sáraíonn siad an tairseach dá dtagraítear i Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Rialachán sin; nó
(b)
roghnaigh siad an cur chuige lárnach a chur i bhfeidhm d’ainneoin nach sáraíonn siad an tairseach.
180. Chun críocha an teimpléid seo, is é an chiall seo a leanas a bheidh le “neamhchinnteacht dhearfach”: Mar a chinntear le hAirteagal 8(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, ríomhtar AVAnna mar an difríocht idir an luach cóir agus luacháil stuama a chinntear ar bhonn leibhéal muiníne 90 % gur féidir le hinstitiúidí imeacht ón risíocht ag an bpointe sin nó ag pointe níos fearr laistigh de raon barúlach na luachanna sochreidte. Is é an luach dearfach nó an “neamhchinnteacht dhearfach” an pointe contrártha maidir le dáileadh luachanna sochreidte nach bhfuil ach muinín 10 % ag institiúidí gur féidir leo an suíomh a scoir ag an bpointe sin nó ag pointe níos fearr. Déanfar an neamhchinnteacht dhearfach a ríomh agus a chomhiomlánú ar an mbonn céanna le AVA iomlán ach cuirfear leibhéal cinnteachta 10 % in ionad 90 %, an leibhéal a úsáidtear nuair a dhéantar AVA iomlán a chinneadh.
6.2.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0010 - 0100
|
AVA AR LEIBHÉAL CATAGÓIRE
Déantar AVAnna ar leibhéal catagóire a bhaineann le neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costais ghlanta cuntais, priacal de bharr an tsamhaltaithe, suíomhanna comhchruinnithe, costais riaracháin todhchaí, luathfhoirceannadh agus priacal oibriúcháin a ríomh mar a thuairiscítear in Airteagail 9, 10, 11 agus 14 go dtí 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 faoi seach.
Maidir leis na catagóirí i dtaca le neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costais ghlanta cuntais agus priacal de bharr an tsamhaltaithe, atá faoi réir sochar éagsúlaithe mar a leagtar amach in Airteagal 9(6), in Airteagal 10(7) agus in Airteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, faoi seach, tuairisceofar AVAnna ar leibhéal catagóire, mura léirítear a mhalairt, mar shuim dhíreach AVAnna aonair roimh an sochar éagsúlaithe [toisc go dtuairiscítear in ítimí 1.1.2, 1.1.2.1 agus 1.1.2.2 den teimpléad sochair éagsúlaithe a ríomhtar trí mhodhanna 1 nó 2 d’Iarscríbhinn Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 a úsáid].
Maidir leis na catagóirí i dtaca le neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costais ghlanta cuntais agus priacal de bharr an tsamhaltaithe, méideanna a ríomhtar faoin gcur chuige bunaithe ar shaineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (b), Airteagal 10(6), pointe (b) agus Airteagal 11(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, tuairisceofar ar leithligh iad i gcolúin 0020, 0040 agus 0060.
|
|
0010
|
NEAMHCHINNTEACHT PHRAGHAS AN MHARGAIDH
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0020
|
LENA nÁIRÍTEAR: IAD SIÚD A RÍOMHTAR AGUS AN CUR CHUIGE BUNAITHE AR SHAINEOLAITHE Á ÚSÁID
AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 9(5), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0030
|
COSTAIS GHLANTA CUNTAIS
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
AVAnna costais ghlanta cuntais a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0040
|
LENA nÁIRÍTEAR: IAD SIÚD A RÍOMHTAR AGUS AN CUR CHUIGE BUNAITHE AR SHAINEOLAITHE Á ÚSÁID
AVAnna costais ghlanta cuntais a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 10(6), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0050
|
PRIACAL DE BHARR AN tSAMHALTAITHE
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
AVAnna priacail de bharr an tsamhaltaithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0060
|
LENA nÁIRÍTEAR: IAD SIÚD A RÍOMHTAR AGUS AN CUR CHUIGE BUNAITHE AR SHAINEOLAITHE Á ÚSÁID
AVAnna priacail de bharr an tsamhaltaithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0070
|
SUÍOMHANNA COMHCHRUINNITHE
Airteagal 105(11) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
AVAnna suíomhanna comhchruinnithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0080
|
COSTAIS RIARACHÁIN TODHCHAÍ
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
AVAnna costas riaracháin todhchaí a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0090
|
LUATHFHOIRCEANNADH
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
AVAnna luathfhoirceanta a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0100
|
PRIACAL OIBRIÚCHÁIN
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
AVAnna priacail oibriúcháin a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0110
|
AVA IOMLÁN
Ró 0010: AVA iomlán le hasbhaint ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a thuairiscítear dá réir sin i ró 0290 de C 01.00. Is éard a bheidh i gceist le AVA iomlán suim rónna 0030 agus 0180.
Ró 0020: Sciar de AVA iomlán a thuairiscítear i ró 0010 a eascraíonn as suíomhanna leabhair trádála (dearbhluach).
Rónna 0030 go dtí 0160: Suim na gcolún 0010, 0030, 0050 agus 0070 go dtí 0100.
Rónna 0180 go 0210: AVA iomlán a eascraíonn as punanna faoin gcur chuige cúltaca.
|
|
0120
|
NEAMHCHINNTEACHT DHEARFACH
Airteagal 8(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Déanfar an neamhchinnteacht dhearfach a ríomh agus a chomhiomlánú ar an mbonn céanna le AVA iomlán arna ríomh i gcolún 0110, ach cuirfear leibhéal cinnteachta 10 % in ionad 90 %, leibhéal a úsáidtear nuair a dhéantar AVA iomlán a chinneadh.
|
|
0130 -0140
|
SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do mhéideanna AVA a thuairiscítear i rónna 0010 go dtí 0130 agus i ró 0180. Le haghaidh roinnt rónna, go háirithe rónna 0090 go dtí 0130, féadfaidh sé gur gá na méideanna sin a chomhfhogasú nó a leithdháileadh bunaithe ar bhreithiúnas saineolach.
Ró 0010: Dearbhluach iomlán na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh i ríomh tairsí Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101. Áirítear leis sin dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir dá measúnaítear AVAnna a bheith ar luach nialasach i gcomhréir le hAirteagal 9(2), le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, a thuairiscítear ar leithligh freisin i rónna 0070 agus 0080.
Is éard atá i gceist le ró 0010 suim ró 0030 agus ró 0180.
Ró 0020: sciar de dhearbhluach iomlán na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a thuairiscítear i ró 0010 a eascraíonn as suíomhanna leabhair trádála (dearbhluach).
Ró 0030: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na punanna dá dtagraítear in Airteagail 9 go dtí 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101. Áirítear leis sin dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir dá measúnaítear AVAnna a bheith ar luach nialasach i gcomhréir le hAirteagal 9(2), le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, a thuairiscítear ar leithligh freisin i rónna 0070 agus 0080. Is éard atá i gceist le ró 0030 suim ró 0090 agus ró 0130.
Ró 0050: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh i raon feidhme ríofa AVA raoin difríochta creidmheasa neamhthuillte. Chun an AVA sin a ríomh, maidir le sócmhainní agus dliteanais fritháirimh ar luach cóir, atá comhoiriúnaithe go cruinn, agus a eisiadh ó ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, féadfar nach measfar iad a bheith ina sócmhainní agus ina ndliteanais fritháirimh, atá comhoiriúnaithe go cruinn, a thuilleadh.
Ró 0060: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh i raon feidhme ríofa AVA costas infheistíochta agus cistithe. Chun an AVA sin a ríomh, maidir le sócmhainní agus dliteanais fritháirimh ar luach cóir, atá comhoiriúnaithe go cruinn, agus a eisiadh ó ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, féadfar nach measfar iad a bheith ina sócmhainní agus ina ndliteanais fritháirimh, atá comhoiriúnaithe go cruinn, a thuilleadh.
Ró 0070: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na risíochtaí luachála a measúnaítear AVA ar luach nialasach a bheith acu dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Ró 0080: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na risíochtaí luachála a measúnaítear AVA ar luach nialasach a bheith acu dá dtagraítear in Airteagal 10, míreanna 2 agus 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Rónna 0090 go 0130: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a leithdháiltear mar a leagtar amach thíos (féach treoracha na rónna comhfhreagracha) i gcomhréir leis na catagóirí priacail seo a leanas: rátaí úis, malairt eachtrach, creidmheas, cothromas, tráchtearraí. Áirítear leis sin dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir dá measúnaítear AVAnna a bheith ar luach nialasach i gcomhréir le hAirteagal 9(2), le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, a thuairiscítear ar leithligh freisin i rónna 0070 agus 0080.
Ró 0180: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na punanna faoin gcur chuige cúltaca
|
|
0130
|
SÓCMHAINNÍ AR LUACH CÓIR
Luach absalóideach sócmhainní ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na rónna difriúla mar a mhínítear sna treoracha maidir le colúin 0130-0140 thuas.
|
|
0140
|
DLITEANAIS AR LUACH CÓIR
Luach absalóideach dliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na rónna difriúla mar a mhínítear sna treoracha maidir le colúin 0130-0140 thuas.
|
|
0150
|
IONCAM QTD
Ioncaim na ráithe cothrom le dáta (“Ioncam QTD”) ó bhí an dáta tuairiscithe deireanach ann a bhaineann leis na sócmhainní agus dliteanais ar luach cóir agus a chomhfhreagraíonn do na rónna difriúla mar a mhínítear sna treoracha maidir le colúin 0130-0140 thuas, arna leithdháileadh nó arna gcomhfhogasú ar bhonn breithiúnas ó shaineolaithe i gcás inarb ábhartha.
|
|
0160
|
DIFRÍOCHT IPV
Suim na méideanna difríochta neamhchoigeartaithe i dtaca le gach suíomh agus fachtóir priacail (“difríocht IPV”) arna ríomh ag deireadh na míosa is gaire don dáta tuairiscithe faoin bpróiseas maidir le fíorú neamhspleách ar phraghsanna arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 105(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i leith na sonraí neamhspleácha is fearr atá ar fáil i ndáil leis an suíomh ábhartha nó leis an bhfachtóir priacail ábhartha.
Tagraíonn méideanna difríochta neamhchoigeartaithe do dhifríochtaí neamhchoigeartaithe idir luachálacha a ghintear leis an gcóras trádála agus na luachálacha a mheasúnaítear le linn an phróisis mhíosúil IPV.
Ní chuirfear san áireamh aon mhéid difríochta coigeartaithe i leabhair agus i dtaifid na hinstitiúide le haghaidh dháta dheireadh na míosa ábhartha agus difríocht IPV á ríomh.
|
|
0170 - 0250
|
COIGEARTUITHE AR LUACH CÓIR
Coigeartuithe, dá ngairtear “cúlchistí” uaireanta freisin, a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm i luach cóir cuntasaíochta na hinstitiúide a dhéantar lasmuigh den tsamhail luachála a úsáidtear chun suimeanna glanluacha a ghiniúint (seachas gnóthachain agus caillteanais lá a haon a chur siar) agus is féidir a shainaithint mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA ábhartha. D’fhéadfaidís fachtóirí priacail a léiriú nach ngabhtar laistigh den teicníc luachála atá i bhfoirm préimhe priacail nó costais scoir agus a chomhlíonann an tsainmhínithe ar luach cóir. Breithneoidh rannpháirtithe margaidh iad mar sin féin agus praghas á shocrú. (IFRS 13.9 agus IFRS13.88)
|
|
0170
|
NEAMHCHINNTEACHT PHRAGHAS AN MHARGAIDH
Coigeartú a chuirtear i bhfeidhm i luach cóir na hinstitiúide chun an phréimh phriacail a léiriú a eascraíonn as raon praghsanna braite a bheith ann le haghaidh ionstraimí coibhéiseacha nó, i leith ionchur paraiméadair margaidh i samhail luachála, na hionstraimí ónar calabraíodh an t-ionchur, agus is féidir a shainaithint mar sin mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh.
|
|
0180
|
COSTAIS GHLANTA CUNTAIS
Coigeartú a chuirtear i bhfeidhm i luach cóir na hinstitiúide chun coigeartú a dhéanamh maidir leis an bhfíoras nach léirítear leis na luachálacha ar leibhéal an tsuímh praghas scoir le haghaidh an tsuímh nó na punainne, go háirithe i gcás ina gcalabraítear na luachálacha sin de réir praghas meánmhargaidh, agus is féidir a shainaithint dá réir sin mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA costas glanta cuntais.
|
|
0190
|
PRIACAL DE BHARR AN tSAMHALTAITHE
Coigeartú a chuirtear i bhfeidhm ar luach cóir na hinstitiúide chun an margadh nó fachtóirí táirge a léiriú nach ngabhtar leis an tsamhail a úsáidtear chun luachanna laethúla suímh agus priacail laethúla suímh a ríomh (“samhail luachála”) nó chun leibhéal iomchuí stuamachta a léiriú mar gheall ar an neamhchinnteacht a eascraíonn as raon de shamhlacha malartacha bailí agus calabruithe samhla a bheith ann, agus is féidir a shainaithint dá réir sin mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA priacail de bharr an tsamhaltaithe.
|
|
0200
|
SUÍOMHANNA COMHCHRUINNITHE
Coigeartú a chuirtear i bhfeidhm ar luach cóir na hinstitiúide chun an fíoras a léiriú gur mó an suíomh comhlán a shealbhaíonn an institiúid ná toilleadh a thrádáiltear de ghnáth nó gur mó é ná na méideanna suímh ar a bhfuil luachana inbhraite nó trádálacha inbhraite bunaithe a úsáidtear chun an praghas nó na hionchuir a chalabrú a úsáidtear leis an tsamhail luachála, agus is féidir a shainaithint dá réir sin mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA suíomhanna comhchruinnithe.
|
|
0210
|
RAON DIFRÍOCHTA CREIDMHEASA NEAMHTHUILLTE
Coigeartú a chuirtear i bhfeidhm i luach cóir na hinstitiúide chun caillteanais ionchasacha a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain an chontrapháirtí ar shuíomhanna díorthach (i.e. Coigeartú ar Luacháil Creidmheasa “CVA” iomlán ar leibhéal institiúide).
|
|
0220
|
COSTAIS INFHEISTÍOCHTA AGUS CHISTITHE
Coigeartú a chuirtear i bhfeidhm i luach cóir na hinstitiúide chun cúiteamh a dhéanamh i gcás nach léirítear go hiomlán le samhlacha luachála an costas cistithe a chuirfeadh rannpháirtithe margaidh san áireamh sa phraghas scoir le haghaidh suímh nó punainne (i.e. Coigeartú ar Luacháil Cistithe iomlán ar leibhéal institiúide i gcás ina ríomhann institiúid coigeartú den sórt sin, nó de mhalairt air sin, coigeartú coibhéiseach).
|
|
0230
|
COSTAIS RIARACHÁIN TODHCHAÍ
Coigeartú a chuirtear i bhfeidhm i luach cóir na hinstitiúide chun costais riaracháin a thabhaíonn an phunann nó an suíomh a léiriú nach léirítear leis an tsamhail luachála nó sna praghsanna a úsáidtear chun ionchuir sa tsamhail sin a chalabrú, agus is féidir a shainaithint mar sin mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA costas riaracháin todhchaí.
|
|
0240
|
LUATHFHOIRCEANNADH
Coigeartuithe a chuirtear i bhfeidhm i luach cóir na hinstitiúide chun ionchais luathfhoirceanta chonarthacha nó neamhchonarthacha a léiriú nach léirítear leis an tsamhail luachála agus is féidir a shainaithint mar sin mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA luathfhoirceanta.
|
|
0250
|
PRIACAL OIBRIÚCHÁIN
Coigeartuithe a chuirtear i bhfeidhm i luach cóir na hinstitiúide chun an phréimh phriacail a mhuirearódh rannpháirtithe margaidh chun cúiteamh a dhéanamh ar phriacail oibriúcháin a eascraíonn as fálú, riar agus socrú conarthaí sa phunann, agus is féidir a shainaithint mar sin mar chinn lena dtéitear i ngleic leis an bhfoinse chéanna de neamhchinnteacht luachála agus a dhéantar le AVA priacail oibriúcháin.
|
|
0260
|
LÁ 1 P&L
Coigeartuithe chun cásanna a léiriú nár léiríodh leis an tsamhail luachála móide gach coigeartú ábhartha eile um luach cóir is infheidhme maidir le suíomh nó punann an praghas a íocadh nó a fuarthas an lá a tugadh aitheantas den chéad uair, i.e. gnóthachain agus caillteanais lá a haon a chur siar (IFRS 9.B5.1.2.A).
|
|
0270
|
TUAIRISC MHÍNIÚCHÁIN
Tuairisc ar na suíomhanna a láimhseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 7(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 agus ar an gcúis nárbh fhéidir Airteagail 9 go 17 de a chur i bhfeidhm.
|
|
Rónna
|
|
0010
|
1. CUR CHUIGE LÁRNACH IOMLÁN
Airteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Le haghaidh gach catagóire ábhartha de AVAnna dá dtagraítear i gcolúin 0010 go dtí 0110, AVAnna iomlána a ríomhtar faoin gcur chuige lárnach mar a leagtar amach i gCaibidil 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 le haghaidh sócmhainní agus dliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh i ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin. Áirítear leis sin sochair an éagsúlaithe a thuairiscítear i ró 0140 i gcomhréir le hAirteagal 9(6), le hAirteagal 10(7) agus le hAirteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0020
|
LENA nÁIRÍTEAR: LEABHAR TRÁDÁLA
Airteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Le haghaidh gach catagóire ábhartha AVAnna dá dtagraítear i gcolúin 0010 go dtí 0110, sciar de AVAnna iomlána a thuairiscítear i ró 0010 a eascraíonn as suíomhanna leabhair trádála (dearbhluach).
|
|
0030
|
1.1 PUNANNA FAOI AIRTEAGAIL 9 GO 17 DE RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2016/101 ÓN gCOIMISIÚN – LEIBHÉAL CATAGÓIRE IOMLÁN TAR ÉIS ÉAGSÚLSAITHE
Airteagal 7(2), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Le haghaidh gach catagóire ábhartha de AVAnna dá dtagraítear i gcolúin 0010 go 0110, AVAnna iomlána a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagail 9 go 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 le haghaidh sócmhainní agus dliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh i ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin, seachas sócmhainní agus dliteanas ar luach cóir agus atá faoi réir na láimhseála a thuairiscítear in Airteagal 7(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Áirítear leis sin AVAnna a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 a thuairiscítear i rónna 0050 agus 0060 agus a chuirtear san áireamh in AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, AVAnna costas glanta cuntais agus AVAnna priacail de bharr an tsamhaltaithe mar a leagtar amach in Airteagal 12(2) agus in Airteagal 13(2) den Rialachán sin.
Áirítear leis sin sochair an éagsúlaithe a thuairiscítear i ró 0140 i gcomhréir le hAirteagal 9(6), le hAirteagal 10(7) agus le hAirteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Is éard a bheidh i gceist le ró 0030 an difríocht idir rónna 0040 agus 0140.
|
|
0040 - 0130
|
1.1.1 LEIBHÉAL CATAGÓIRE IOMLÁN ROIMH ÉAGSÚLÚ
Le haghaidh rónna 0090 go dtí 0130, leithdháilfidh institiúidí a sócmhainní agus a ndliteanais ar luach cóir a chuirtear san áireamh i ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 (leabhar trádála agus leabhar neamhthrádála) ar na catagóirí priacail seo a leanas: rátaí úis, malairt eachtrach, creidmheas, cothromas, tráchtearraí.
Chun na críche sin, braithfidh institiúidí ar a struchtúr inmheánach bainistíochta priacail agus, tar éis mapáil a fhorbairt bunaithe ar bhreithiúnas saineolaithe, leithdháilfidh institiúidí a réimeanna gnó nó a ndeasca trádála ar an gcatagóir phriacail is iomchuí. Maidir le AVAnna, Coigeartuithe ar Luach Cóir agus faisnéis eile a éileofar a chomhfhreagraíonn do na réimeanna gnó leithdháilte nó do na deasca trádála leithdháilte, déanfar iad a leithdháileadh ar an gcatagóir phriacail ábhartha chéanna chun forbhreathnú comhsheasmhach a sholáthar ar leibhéal ró i dtaca le gach catagóir phriacail ar na coigeartuithe a fheidhmítear chun críoch stuamachta agus cuntasaíochta, mar aon le léiriú ar mhéid na suíomhanna lena mbaineann (i dtéamaí sócmhainní agus dliteanas ar luach cóir). I gcás ina ríomhtar AVAnna nó coigeartuithe eile ar leibhéal comhiomlánaithe difriúil, go háirithe ar leibhéal gnólachta, forbróidh institiúidí modheolaíocht leithdháilte maidir le AVAnna i leith na dtacar ábhartha suíomhanna. Fágfaidh an mhodheolaíocht leithdháilte gurb é suim rónna 0050 go dtí 0130 a bheidh i gceist le ró 0040 le haghaidh na gcolún ó 0010 go dtí 0100.
Gan beann ar an gcur chuige a chuirfear i bhfeidhm, beidh an fhaisnéis a thuairiscítear, oiread agus is féidir, comhsheasmhach ar leibhéal rónna, toisc go gcuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear i gcomparáid ag an leibhéal sin (méideanna AVA, neamhchinnteacht dhearfach, méideanna de luach cóir agus coigeartuithe féideartha maidir le luach cóir).
Ní áirítear leis an miondealú i rónna 0090 go dtí 0130 AVAnna a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 a thuairiscítear i rónna 0050 agus 0060 agus a chuirtear san áireamh in AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, AVAnna costas glanta cuntais agus AVAnna priacail de bharr an tsamhaltaithe mar a leagtar amach in Airteagal 12(2) agus in Airteagal 13(2) den Rialachán sin.
Déantar sochair éagsúlaithe a thuairisciú i ró 0140 i gcomhréir le hAirteagal 9(6), le hAirteagal 10(7) agus le hAirteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 agus eisiatar mar sin iad ó rónna 0040 go dtí 0130.
|
|
0050
|
LENA nÁIRÍTEAR: AVA RAONTA DIFRÍOCHTA CREIDMHEASA NEAMHTHUILLTE
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
AVA iomlán a ríomhtar le haghaidh raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte (“AVA ar CVA”) agus a leithdháileadh idir AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costas glanta cuntais nó priacail de bharr an tsamhaltaithe faoi Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Colún 0110: Ní thugtar AVA iomlán ach ar mhaithe le faisnéis amháin toisc go bhfágann a leithdháileadh idir AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costas glanta cuntais nó priacail de bharr an tsamhaltaithe go ndéantar é a chur san áireamh – tar éis sochair éagsúlaithe cuntais a chur san áireamh – faoi AVAnna leibhéil catagóire faoi seach.
Colúin 0130 agus 0140: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh i raon feidhme ríofa AVAnna raoin difríochta creidmheasa neamhthuillte. Chun an AVA sin a ríomh, maidir le sócmhainní agus dliteanais fritháirimh ar luach cóir atá comhoiriúnaithe go cruinn, a eisiadh ó ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, ní mheasfar iad a bheith ina sócmhainní agus ina ndliteanais fritháirimh, atá comhoiriúnaithe go cruinn, a thuilleadh.
|
|
0060
|
LENA nÁIRÍTEAR: AVA COSTAS INFHEISTÍOCHTA AGUS CISTIÚCHÁIN
Airteagal 105(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
AVA iomlán a ríomhtar le haghaidh costais infheistíochta agus chistithe agus a leithdháileadh idir AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costas glanta cuntais nó priacail de bharr an tsamhaltaithe faoi Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
Colún 0110: Ní thugtar AVA iomlán ach ar mhaithe le faisnéis amháin toisc go bhfágann a leithdháileadh idir AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costas glanta cuntais nó priacail de bharr an tsamhaltaithe go ndéantar é a chur san áireamh – tar éis sochair éagsúlaithe cuntais a chur san áireamh – faoi AVAnna leibhéil catagóire faoi seach.
Colúin 0130 agus 0140: Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chuirtear san áireamh i raon feidhme ríofa AVA costas infheistíochta agus cistithe. Chun an AVA sin a ríomh, maidir le sócmhainní agus dliteanais fritháirimh ar luach cóir atá comhoiriúnaithe go cruinn, a eisiadh ó ríomh na tairsí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, ní mheasfar iad a bheith ina sócmhainní agus ina ndliteanais fritháirimh, atá comhoiriúnaithe go cruinn, a thuilleadh.
|
|
0070
|
LENA nÁIRÍTEAR: AVA A MHEASÚNAÍTEAR LUACH NIALASACH A BHEITH AIR FAOI AIRTEAGAL 9(2) DE RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2016/101
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na risíochtaí luachála a mheastar AVA ar luach nialasach a bheith orthu faoi Airteagail 9(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0080
|
LENA nÁIRÍTEAR: AVA A MHEASÚNAÍTEAR LUACH NIALASACH A BHEITH AIR FAOI AIRTEAGAL 10. MÍREANNA 2 AGUS 3 DE RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2016/101
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a chomhfhreagraíonn do na risíochtaí luachála a mheasúnaítear AVA ar luach nialasach a bheith orthu faoi Airteagail 10(2) nó 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0090
|
1.1.1.1 RÁTAÍ ÚIS
|
|
0100
|
1.1.1.2 MALAIRT EACHTRACH
|
|
0110
|
1.1.1.3 CREIDMHEAS
|
|
0120
|
1.1.1.4 COTHROMAS
|
|
0130
|
1.1.1.5 TRÁCHTEARRAÍ
|
|
0140
|
1.1.2 (-) SOCHAIR ÉAGSÚLAITHE
Sochar éagsúlaithe iomlán. Suim rónna 0150 agus 0160.
|
|
0150
|
1.1.2.1 (-) SOCHAIR ÉAGSÚLAITHE A RÍOMHTAR AGUS MODH 1 Á ÚSÁID
I gcás na gcatagóirí AVA sin a chomhiomlánaítear faoi Mhodh 1 i gcomhréir le hAirteagail 9(6), 10(7) agus 11(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, an difríocht idir suim na AVAnna aonair agus AVA iomlán ar leibhéal catagóire tar éis a choigeartaithe i dtaca le comhiomlánú.
|
|
0160
|
1.1.2.2 (-) SOCHAR ÉAGSÚLAITHE A RÍOMHTAR TRÍ MHODH 2 A ÚSÁID
I gcás na gcatagóirí AVA sin a chomhiomlánaítear faoi Mhodh 2 i gcomhréir le hAirteagail 9(6), 10(7) agus 11(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, an difríocht idir suim na AVAnna aonair agus AVA iomlán ar leibhéal catagóire tar éis a choigeartaithe i dtaca le comhiomlánú.
|
|
0170
|
1.1.2.2* ÍTIM MHEABHRÁIN: AVANNA ROIMH ÉAGSÚLÚ A LAGHDAÍTEAR BREIS AGUS 90 % TRÍ ÉAGSÚLÚ FAOI MHODH 2
I dtéarmaíocht Mhodh 2, an tsuim FV – PV le haghaidh gach risíochta luachála ina bhfuil APVA < 10 % (FV – PV).
|
|
0180
|
1.2 PUNANNA A RÍOMHTAR FAOIN GCUR CHUIGE CÚLTACA
Airteagal 7(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
I dtaca le punanna atá faoi réir an chur chuige cúltaca faoi Airteagal 7(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, déanfar AVA iomlán a ríomh mar shuim de rónna 0190, 0200 agus 0210.
Soláthrófar an clár comhardaithe ábhartha agus faisnéis chomhthéacsúil eile i gcolúin 0130 – 0260. Soláthrófar i gcolún 0270 tuairisc ar na suíomhanna agus ar an gcúis nárbh fhéidir Airteagail 9 go dtí 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 a chur i bhfeidhm.
|
|
0190
|
1.2.1 CUR CHUIGE CÚLTACA; 100 % DEN BHRABÚS NÁR RÉADAÍODH
Airteagal 7(2), pointe (b)(i) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0200
|
1.2.2 CUR CHUIGE CÚLTACA; 10 % DEN LUACH BARÚLACH
Airteagal 7(2), pointe (b)(ii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0210
|
1.2.3 CUR CHUIGE CÚLTACA; 25 % DEN LUACH TOSAIGH
Airteagal 7(2), pointe (b)(iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
6.3. C 32.03 - Luacháil Stuama: AVA Priacail de bharr an tSamhaltaithe (PruVal 3)
6.3.1. Barúlacha ginearálta
181. Institiúidí a sháraíonn an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ar a leibhéal a líonfaidh an teimpléad seo isteach agus na hinstitiúidí sin amháin. Ceanglaítear ar institiúidí atá ina gcuid de ghrúpa a sháraíonn an tairseach ar bhonn comhdhlúite an teimpléad seo a thuairisciú i gcás ina sáraíonn siad an tairseach ar a leibhéal féin freisin agus sa chás sin amháin.
182. Úsáidfear an teimpléad seo chun mionsonraí a thuairisciú ar an 20 AVA aonair is airde a bhaineann le priacal de bharr an tsamhaltaithe i dtéarmaí méid AVA a rannchuidíonn le hiomlán AVA priacail de bharr an tsamhaltaithe ar leibhéal catagóire a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101. Comhfhreagraíonn an fhaisnéis sin don fhaisnéis a thuairiscítear i gcolún 0050 de theimpléad C 32.02.
183. Maidir leis an 20 AVA aonair is airde a bhaineann le priacal de bharr an tsamhaltaithe, agus an fhaisnéis chomhfhreagrach faoin táirge, déanfar iad a thuairisciú in ord laghdaitheach lena dtosófar ó AVAnna aonair is mó a bhaineann le priacal de bharr an tsamhaltaithe.
184. Tuairisceofar táirgí a chomhfhreagraíonn do na AVAnna aonair is mó a bhaineann le priacal de bharr an tsamhaltaithe tríd an bhfardal táirgí a éilítear le hAirteagal 19(3), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 a úsáid.
185. I gcás ina mbeidh táirgí aonchineálach a ndóthain maidir leis an tsamhail luachála agus AVA priacail de bharr an tsamhaltaithe, déanfar iad a chumasc agus a thaispeáint ar aon líne amháin chun cumhdach an teimpléid sin a uasmhéadú maidir le AVA iomlán priacail de bharr an tsamhaltaithe ar leibhéal catagóire de chuid na hinstitiúide.
6.3.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0005
|
CÉIM THOSAÍOCHTA
Sainaitheantóir ró is ea an chéim thosaíochta agus beidh sé uathúil le haghaidh gach ró sa teimpléad. Leanfaidh sé an t-ord uimhriúil 1, 2, 3, etc., agus sannfar 1 do na AVAnna aonair is airde a bhaineann le priacail de bharr an tsamhaltaithe, 2 don dara ceann is airde agus mar sin de.
|
|
0010
|
SAMHAIL
Ainm inmheánach (alfa-uimhriúil) na samhla a úsáideann an institiúid chun an tsamhail a shainaithint.
|
|
0020
|
CATAGÓIR PHRIACAIL
An chatagóir phriacail (rátaí úis, malairt eachtrach, creidmheas, cothromas, tráchtearraí) is iomchuí mar shaintréithe an táirge nó an ghrúpa táirgí as a n-eascraíonn coigeartú luachála an phriacail de bharr an tsamhaltaithe.
Tuairisceoidh institiúidí na cóid seo a leanas:
IR – rátaí úis
FX – malairt eachtrach
CR – creidmheas
EQ – cothromas
CO – tráchtearraí
|
|
0030
|
TÁIRGE
Ainm inmheánach (alfa-uimhriúil) an táirge nó an ghrúpa táirgí, i gcomhréir leis an bhfardal táirgí a éilítear le Airteagal 19(3), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, a dhéantar a luacháil agus an tsamhail á húsáid.
|
|
0040
|
INBHREATHNAITHEACHT
An líon breathnóireachtaí praghsanna le haghaidh an táirge nó an ghrúpa táirgí le 12 mhí anuas lena gcomhlíontar ceann amháin de na critéir seo a leanas:
— Is praghas í an bhreathnóireacht praghsanna ag a bhfuil idirbheart déanta ag an institiúid;
— Is praghas infhíoraithe é le haghaidh idirbheart iarbhír idir tríú páirtithe;
— Faightear an praghas ó luachan thiomanta.
Tuairisceoidh institiúidí ceann amháin de na luachanna seo a leanas: “dada”, “1-6”, “6-24”, “24-100”, “100+”.
|
|
0050
|
AVA PRIACAIL DE BHARR AN tSAMHALTAITHE
Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
AVA aonair priacail de bharr an tsamhaltaithe roimh shochar éagsúlaithe, ach tar éis glanluacháil punainne i gcás inarb ábhartha.
|
|
0060
|
LENA nÁIRÍTEAR: IAD SIÚD A RÍOMHADH AGUS AN CUR CHUIGE BUNAITHE AR SHAINEOLAITHE Á ÚSÁID
Méideanna i gcolún 0050 a ríomhadh faoin gcur chuige bunaithe ar shaineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0070
|
LENA nÁIRÍTEAR: IAD SIÚD A COMHIOMLÁNAÍODH AGUS MODH 2 Á ÚSÁID
Méideanna i gcolún 0050 a comhiomlánaíodh faoi Mhodh 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101. Comhfhreagraíonn na méideanna sin do FV – PV i dtéarmaíocht na hIarscríbhinne sin.
|
|
0080
|
AVA COMHIOMLÁNAITHE A RÍOMHTAR FAOI MHODH 2
An ranníocaíocht i dtreo AVA leibhéil catagóire iomlán i dtaca le priacail de bharr an tsamhaltaithe, mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11(7) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 de AVAnna aonair a bhaineann le priacal de bharr an tsamhaltaithe a dhéantar a chomhiomlánú agus Modh 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán (AE) sin á úsáid. Comhfhreagraíonn an méid sin do APVA i dtéarmaíocht na hIarscríbhinne.
|
|
0090 -0100
|
SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS AR LUACH CÓIR
Dearbhluach na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir a luacháiltear agus an tsamhail a tuairiscíodh i gcolún 0010 á húsáid mar a luaitear sna ráitis airgeadais faoin gcreat is infheidhme.
|
|
0090
|
SÓCMHAINNÍ AR LUACH CÓIR
Dearbhluach na sócmhainní ar luach cóir a luacháiltear agus an tsamhail a tuairiscíodh i gcolún 0010 á húsáid mar a luaitear sna ráitis airgeadais faoin gcreat is infheidhme.
|
|
0100
|
DLITEANAIS AR LUACH CÓIR
Dearbhluach na ndliteanas ar luach cóir a luacháiltear agus an tsamhail a tuairiscíodh i gcolún 0010 á húsáid mar a luaitear sna ráitis airgeadais faoin gcreat is infheidhme.
|
|
0110
|
DIFRÍOCHT IPV (TÁSTÁIL ASCHUIR)
Suim méideanna difríochta neamhchoigeartaithe (“Difríocht IPV”) a ríomhtar ag deireadh na míosa is cóngaraí don dáta tuairiscithe faoin bpróiseas um fhíorú praghais neamhspleách a fheidhmítear i gcomhréir le hAirteagal 105(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir leis na sonraí neamhspleácha is fearr dá bhfuil ar fáil le haghaidh an táirge chomhfhreagraigh nó an ghrúpa táirgí chomhfhreagraigh.
Tagraíonn méideanna difríochta neamhchoigeartaithe do dhifríochtaí neamhchoigeartaithe idir luachálacha a ghintear leis an gcóras trádála agus na luachálacha a mheasúnaítear le linn an phróisis mhíosúil IPV.
Ní chuirfear san áireamh aon mhéid difríochta coigeartaithe i leabhair agus i dtaifid na hinstitiúide le haghaidh dháta dheireadh na míosa ábhartha agus difríocht IPV á ríomh.
Ní chuirfear san áireamh anseo ach na torthaí a calabraíodh de réir praghsanna ionstraimí a mhapálfaí de réir an táirge chéanna (tástáil aschuir). Níor chuirfear san áireamh anseo torthaí tástála ionchuir ó ionchuir shonraí margaidh, a dhéantar a thástáil de réir leibhéil a calabraíodh de réir táirgí difriúla.
|
|
0120
|
CUMHDACH IPV (TÁSTÁIL ASCHUIR)
Céatadán na suíomhanna sin a mhapáiltear de réir na samhla a ualaítear le AVA priacail de bharr an tsamhaltaithe a chumhdaítear le torthaí tástála aschuir IPV a thugtar i gcolún 0110.
|
|
0130 – 0140
|
COIGEARTUITHE AR LUACH CÓIR
Coigeartuithe ar Luach Cóir dá dtagraítear i gcolúin 0190 agus 0240 de theimpléad C 32.02 a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna a mhapáiltear ar an tsamhail i gcolún 0010.
|
|
0150
|
LÁ 1 P&L
Coigeartuithe mar a sainmhínítear i gcolún 0260 de theimpléad C 32.02 a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna a mhapáiltear ar an tsamhail i gcolún 0010.
|
6.4 C 32.04 – LUACHÁIL STUAMA: AVA SUÍOMHANNA COMHCHRUINNITHE (PruVal 4)
6.4.1. Barúlacha ginearálta
186. Institiúidí a sháraíonn an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/101 amháin a líonfaidh isteach an teimpléad seo. Ní thuairisceoidh institiúidí atá ina gcuid de ghrúpa a sháraíonn an tairseach ar bhonn comhdhlúite an teimpléad seo ach amháin i gcás ina sáraíonn siad an tairseach ar a leibhéal freisin.
187. Úsáidfear an teimpléad seo chun mionsonraí a thuairisciú ar an 20 AVA aonair suíomhanna comhchruinnithe is airde i dtéarmaí méid AVA a rannchuidíonn le AVA suíomhanna comhchruinnithe iomlán ar leibhéal catagóire a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101. Comhfhreagróidh an fhaisnéis sin don fhaisnéis a thuairiscítear i gcolún 0070 de theimpléad C 32.02.
188. Maidir leis an 20 AVA suíomhanna comhchruinnithe is airde, agus leis an bhfaisnéis chomhfhreagrach faoin táirge, déanfar iad a thuairisciú in ord laghdaitheach lena dtosófar ó AVAnna aonair suíomhanna comhchruinnithe is mó.
189. Tuairisceofar táirgí a chomhfhreagraíonn do AVAnna aonair suíomhanna comhchruinnithe is airde, agus an fardal táirgí a éilítear le hAirteagal 19(3), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 á úsáid.
190. Maidir le suíomhanna atá aonchineálach i dtéarmaí mhodheolaíocht ríofa AVA, déanfar iad a chomhiomlánú i gcás inar féidir sin chun cumhdach an teimpléid sin a uasmhéadú.
6.4.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
|
0005
|
CÉIM THOSAÍOCHTA
Sainaitheantóir ró is ea an chéim thosaíochta agus beidh sé uathúil le haghaidh gach ró sa teimpléad. Leanfaidh sé an t-ord uimhriúil 1, 2, 3, etc., agus sannfar 1 do na AVAnna suíomhanna comhchruinnithe is airde, 2 don dara ceann is airde agus mar sin de.
|
|
0010
|
CATAGÓIR PHRIACAIL
An catagóir phriacail (rátaí úis, malairt eachtrach, creidmheas, cothromas, tráchtearraí) is iomchuí mar shaintréithe an tsuímh.
Tuairisceoidh institiúidí na cóid seo a leanas:
IR – Rátaí Úis
FX – Malairt Eachtrach
CR – Creidmheas
EQ – Cothromas
CO – Tráchtearraí
|
|
0020
|
TÁIRGE
Ainm inmheánach an táirge nó an ghrúpa táirgí, i gcomhréir leis an bhfardal táirgí a éilítear de réir Airteagal 19(3), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0030
|
FOLUITEACH
Ainm inmheánach an ní fhorluitigh, nó na nithe forluiteacha, i gcás díorthach nó i gcás na n-ionstraimí i gcás neamhdhíorthach.
|
|
0040
|
MÉID AN tSUÍMH CHOMHCHRUINNITHE
Méid an tsuímh luachála chomhchruinnithe aonair a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, a shloinntear san aonad ar a dtugtar tuairisc i gcolún 0050.
|
|
0050
|
TOMHAS MÉIDE
Aonad tomhais méide a úsáidtear go hinmheánach mar chuid de shainaithint an tsuímh luachála chomhchruinnithe chun méid an tsuímh chomhchruinnithe dá dtagraítear i gcolún 0040 a ríomh.
I gcás suíomhanna i mbannaí nó i gcothromas, tuairiscigh an t-aonad a úsáidtear le haghaidh bainistíocht priacail inmheánach, amhail “an líon bannaí”, “an líon scaireanna” nó “margadhluach”.
I gcás suímh i ndíorthaigh, tuairiscigh an t-aonad a úsáidtear le haghaidh bainistíocht priacail inmheánach, mar shampla “PV01; EUR in aghaidh 1 bhonnphointe amháin ar bhonn athrú comhthreomhar ar an gcuar toraidh”.
|
|
0060
|
MARGADHLUACH
Margadhluach an tsuímh.
|
|
0070
|
TRÉIMHSE SCOIR STUAMA
An tréimhse scoir stuama i líon laethanta a mheastar i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
|
|
0080
|
AVA SUÍOMHANNA COMHCHRUINNITHE
Méid AVA suíomhanna comhchruinnithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 i gcomhair an tsuímh luachála chomhchruinnithe aonair lena mbaineann.
|
|
0090
|
COIGEARTÚ AR LUACH CÓIR SUÍMH CHOMHCHRUINNITHE
Méid aon choigeartú ar luach cóir a dhéantar chun an fíoras a léiriú gur mó an suíomh comhiomlán a shealbhaíonn an institiúid ná an toilleadh a thrádáiltear de ghnáth nó gur mó é ná méideanna suímh agus ar a bhfuil luachana nó trádálacha bunaithe, a úsáidtear chun an praghas nó na hionchuir a chalabrú a úsáidtear sa tsamhail luachála.
Comhfhreagróidh an méid a thuairiscítear don mhéid atá curtha i bhfeidhm maidir leis an suíomh luachála comhchruinnithe aonair lena mbaineann.
|
|
0100
|
DIFRÍOCHT IPV
Suim méideanna difríochta neamhchoigeartaithe (“Difríocht IPV”) a ríomhtar ag deireadh na míosa is cóngaraí don dáta tuairiscithe faoin bpróiseas um fhíorú praghais neamhspleách a fheidhmítear i gcomhréir le hAirteagal 105(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir leis na sonraí neamhspleácha is fearr dá bhfuil ar fáil i dtaca leis an suíomh luachála comhchruinnithe aonair lena mbaineann.
Tagróidh méideanna difríochta neamhchoigeartaithe do dhifríochtaí neamhchoigeartaithe idir na luachálacha a ghintear leis an gcóras trádála agus na luachálacha a mheasúnaítear le linn an phróisis mhíosúil IPV.
Ní chuirfear san áireamh aon mhéid difríochta coigeartaithe i leabhair agus i dtaifid na hinstitiúide le haghaidh dháta dheireadh na míosa ábhartha agus difríocht IPV á ríomh.
|
7. C 33.00 – RISÍOCHTAÍ AR RIALTAIS GHINEARÁLTA (GOV)
7.1. BARÚLACHA GINEARÁLTA
191. Leis an bhfaisnéis chun críoch theimpléad C 33.00, cumhdófar gach risíocht ar “Rialtais ghinearálta” dá dtagraítear i bpointe (b), de mhír 42 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
192. I gcás ina mbíonn na risíochtaí ar “Rialtais ghinearálta” faoi réir ceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirtear risíochtaí ar “Rialtais ghinearálta” san áireamh in aicmí risíochta difriúla i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 147 den Rialachán sin, mar a shonraítear leis na treoracha maidir le teimpléid C 07.00, C 08.01 agus C 08.02 a líonadh isteach.
193. Déanfar Tábla 2 (Cur Chuige Caighdeánaithe) agus Tábla 3 (Cur Chuige IRB), a chuirtear san áireamh i gCuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, a bhreathnú maidir le mapáil aicmí risíochta a úsáidtear chun ceanglais chaipitil a ríomh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar “Rialtais ghinearálta” na hearnála contrapháirtí.
194. Tuairisceofar faisnéis maidir leis na risíochtaí comhiomlánaithe iomlána (rud a chiallaíonn suim na dtíortha uile ina bhfuil risíochtaí ceannasacha ag an mbanc) agus maidir le gach tír ar bhonn chónaí an chontrapháirtí ar bhonn iasachtóir láithreach.
195. Leithdháilfear na risíochtaí ar aicmí risíochta nó ar dhlínsí gan teicnící maolaithe creidmheasa a bhreithniú agus go háirithe gan iarmhairtí ar ionadú a bhreithniú. Cuirfear san áireamh i ríomh na luachanna risíochta agus méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh gach aicme risíochta agus gach dlínse, áfach, tarlú na dteicnící um maolú priacail creidmheasa, lena n-áirítear iarmhairtí ar ionadú.
196. Tá tuairisciú na faisnéise ar risíochtaí ar “Rialtais ghinearálta” de réir dhlínse cónaithe an chontrapháirtí láithrigh seachas dhlínse bhaile na hinstitiúide tuairiscithe faoi réir na dtairseacha a leagtar síos in Airteagal 6(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
7.2. RAON FEIDHME AN TEIMPLÉID I DTACA LE RISÍOCHTAÍ AR “RIALTAIS GHINEARÁLTA”
197. Cumhdaítear le raon feidhme theimpléad GOV risíochtaí díreacha laistigh den chlár comhardaithe, lasmuigh den chlár comhardaithe agus díorthaigh ar “Rialtais ghinearálta” sa leabhar baincéireachta agus trádála. Ina theannta sin, iarrtar ítim mheabhráin ar risíochtaí neamhdhíreacha i bhfoirm díorthaigh chreidmheasa a dhíoltar ar risíochtaí rialtais ghinearálta freisin.
198. Risíocht dhíreach is ea risíocht i gcás inarb eintiteas é an gar-chontrapháirtí ar “Rialtas ginearálta” é dá dtagraítear i bpointe (b), de mhír 42 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
199. Tá an teimpléad roinnte ina dhá roinn. Tá an chéad cheann bunaithe ar mhiondealú risíochtaí de réir priacail, cur chuige rialála agus aicmí risíochta agus tá an dara ceann bunaithe ar mhiondealú de réir aibíocht iarmhair.
7.3. TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010-0260
|
RISÍOCHTAÍ DÍREACHA
|
|
0010-0140
|
RISÍOCHTAÍ LAISTIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE
|
|
0010
|
Suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha
Comhiomlán na suime glanluacha comhláine, mar a chinntear i gcomhréir le mír 34 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, de shócmhainní airgeadais neamhdhíorthach chuig Rialtais ghinearálta, le haghaidh gach punainne cuntasaíochta faoi IFRS nó GAAP náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle a shainmhínítear i míreanna 15 go 22 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, agus a liostaítear i gcolúin 0030 go 0120
Ní laghdófar le coigeartuithe luachála stuama an tsuim ghlanluacha chomhlán a bhaineann le risíochtaí trádála agus neamhthrádála a thomhaistear ar luach cóir.
|
|
0020
|
Suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha (glan ar shuíomhanna gearra)
Comhiomlán na suime glanluacha, dá dtagraítear i mír 27 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, de shócmhainní airgeadais neamhdhíorthach chuig Rialtais ghinearálta le haghaidh gach punainne cuntasaíochta faoi IFRS nó GAAP náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle a shainmhínítear i míreanna 15 go 22 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo agus a liostaítear i gcolúin 0030 go 0120, glan ar shuíomhanna gearra.
I gcás ina bhfuil suíomh gearr ag an institiúid le haghaidh na haibíochta iarmhair céanna agus le haghaidh an chontrapháirtí láithrigh chéanna a ainmnítear san airgeadra céanna, déanfar suim ghlanluacha an tsuímh ghearr a ghlanluacháil in aghaidh shuim ghlanluacha an tsuímh dhírigh. Measfar an glanmhéid sin a bheith ina nialas i gcás inar méid diúltach é. I gcás ina bhfuil suíomh gearr ag institiúid gan suíomh díreach comhoiriúnaithe, measfar gur nialas é méid an tsuímh ghearr chun críocha an cholúin seo.
|
|
0030-0120
|
SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS NEAMHDHÍORTHACH DE RÉIR PUNANNA CUNTASAÍOCHTA
Suim ghlanluacha chomhiomlán sócmhainní airgeadais neamhdhíorthach, mar a shainmhínítear sa ró lastuas den tábla seo, ar Rialtais ghinearálta, a mhiondealaítear de réir punann chuntasaíochta faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
|
|
0030
|
Sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil
IFRS 7.8(a)(ii); IFRS 9 Aguisín A.
|
|
0040
|
Sócmhainní airgeadais trádála
Airteagail 32 agus 33 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; Mír 16 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo; Airteagal 8(1), pointe (a), de Threoir 2013/34/AE
Níl sé le tuairisciú ag institiúidí ach amháin faoi Phrionsabail Chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil Glacadh leo go Ginearálta (GAAP).
|
|
0050
|
Sócmhainní airgeadais neamhthrádála ar luach cóir go héigeantach trí bhrabús nó caillteanas
IFRS 7.8(a)(ii); IFRS 9.4.1.4
|
|
0060
|
Sócmhainní airgeadais atá ainmnithe ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas
IFRS 7.8(a)(i); IFRS 9.4.1.5 agus Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8(6) de Threoir 2013/34/AE
|
|
0070
|
Sócmhainní airgeadais neamhthrádála neamhdhíorthacha arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas
Airteagal 36(2) de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; Airteagal 8(1), pointe (a), de Threoir 2013/34/AE
Níl sé le tuairisciú ag institiúidí ach amháin faoi Phrionsabail Chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil Glacadh leo go Ginearálta (GAAP).
|
|
0080
|
Sócmhainní airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile
IFRS 7.8(d); IFRS 9.4.1.2A
|
|
0090
|
Sócmhainní airgeadais neamhthrádála neamhdhíorthacha arna dtomhas ar luach cóir chuig cothromas
Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8(8) de Threoir 2013/34/AE
Níl sé le tuairisciú ag institiúidí ach amháin faoi Phrionsabail Chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil Glacadh leo go Ginearálta (GAAP).
|
|
0100
|
Sócmhainní airgeadais ar chostas amúchta
IFRS 7.8(f); IFRS 9.4.1.2; Mír 15 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
|
|
0110
|
Sócmhainní airgeadais neamhthrádála neamhdhíorthacha arna dtomhas ar mhodh costasbhunaithe
Airteagal 35 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; Airteagal 6(1), pointe (i) agus Airteagal 8(2) de Threoir 2013/34/AE; Iarscríbhinn V, cuid 1, mír 16 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
Níl sé le tuairisciú ag institiúidí ach amháin faoi Phrionsabail Chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil Glacadh leo go Ginearálta (GAAP).
|
|
0120
|
Sócmhainní airgeadais neamhthrádála neamhdhíorthacha eile
Airteagal 37 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; Airteagal 12(7) de Threoir 2013/34/AE; Iarscríbhinn V, cuid 1, mír 16 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo
Níl sé le tuairisciú ag institiúidí ach amháin faoi Phrionsabail Chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil Glacadh leo go Ginearálta (GAAP).
|
|
0130
|
Suíomhanna gearra
Suim ghlanluacha suíomhanna gearra, mar a shainmhínítear in IRFS 9 BA.7(b) i gcás inar Rialtas ginearálta é an contrapháirtí díreach mar a shainmhínítear i míreanna 155 go 160 den Iarscríbhinn seo.
Tagann suíomhanna gearra chun cinn i gcás ina ndíolann an institiúid urrúis a fuarthas in iasacht athcheannaigh droim ar ais nó a fuarthas ar iasacht in idirbheart maidir le hiasacht urrús.
Is é luach cóir na suíomhanna gearra an tsuim ghlanluacha.
Déanfar suíomhanna gearra a thuairisciú de réir bhuicéad na haibíochta iarmhair, mar a liostaítear i rónna 0170 go 0230, agus de réir contrapháirtí láithreach.
Is féidir na suíomhanna gearra a thuairiscítear sa cholún seo a ghlanluacháil in aghaidh suíomhanna ag a bhfuil an aibíocht iarmhair chéanna agus an contrapháirtí láithreach céanna agus a ainmnítear san airgeadra céanna a thuairiscítear i gcolúin 0030 go 0120 chun an glansuíomh a fháil a thuairiscítear i gcolún 0020.
|
|
0140
|
Lena n-áirítear: Suíomhanna gearra ó iasachtaí athcheannaigh droim ar ais a aicmítear mar iasachtaí arna sealbhú le trádáil nó sócmhainní airgeadais trádála
Suim ghlanluacha suíomhanna gearra, mar a shainmhínítear in IRFS 9 BA.7(b), a thagann chun cinn nuair a dhíolann an institiúid na hurrúis a fuarthas in iasachtaí athcheannaigh droim ar ais, i gcás inar Rialtas ginearálta é contrapháirtí díreach na n-urrús sin agus go gcuirtear san áireamh iad i bpunanna cuntasaíochta arna sealbhú le trádáil nó i bpunanna cuntasaíochta sócmhainní airgeadais trádála (colúin 0030 nó 0040).
Ní áireofar sa cholún seo suíomhanna gearra a thagann chun cinn nuair a fuarthas na hurrúis a díoladh ar iasacht i dtrasdul iasachta urrúis.
|
|
0150
|
Lagú carntha
Lagú carntha comhiomlán a bhaineann le sócmhainní airgeadais neamhdhíorthach a thuairiscítear i gcolúin 0080 go 0120 (míreanna 70 agus 71 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo)
|
|
0160
|
Lagú carntha – lena n-áirítear: ó shócmhainní airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile nó ó shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha neamhthrádála a thomhaistear ar luach cóir maidir le cothromas
Comhiomlán de lagú carntha a bhaineann le sócmhainní airgeadais neamhdhíorthach a thuairiscítear i gcolúin 0080 go 0090.
|
|
0170
|
Athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa
Comhiomlán d’athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa a bhaineann le suíomhanna a chuirtear in iúl i gcolúin 0050, 0060, 0070, 0080 agus 0090 (mír 69 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo)
|
|
0180
|
Athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa – lena n-áirítear: ó shócmhainní airgeadais neamhthrádála go héigeantach ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas, sócmhainní airgeadais atá ainmnithe ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas nó ó shócmhainní airgeadais neamhthrádála a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas
Comhiomlán d’athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa a bhaineann le suíomhanna a chuirtear in iúl i gcolúin 0050, 0060 agus 0070.
|
|
0190
|
Athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa – lena n-áirítear: ó shócmhainní airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile nó ó shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha neamhthrádála a thomhaistear ar luach cóir maidir le cothromas
Comhiomlán d’athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa a bhaineann le suíomhanna a chuirtear in iúl i gcolúin 0080 agus 0090.
|
|
0200-0230
|
DÍORTHAIGH
Tuairisceofar suíomhanna díorthacha díreacha i gcolúin 0200 go 0230.
Chun díorthaigh a thuairisciú atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí mar aon le muirir chaipitil um priacal margaidh, féach na treoracha maidir leis an miondealú ró.
|
|
0200-0210
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir deimhneach acu
Gach ionstraim dhíorthach le contrapháirtí is Rialtas ginearálta a bhfuil luach cóir deimhneach aici maidir leis an institiúid ar an dáta tuairiscithe, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na hionstraimí sin i ngaolmhaireacht fálaithe cháilitheach, cé acu a shealbhaítear nó nach sealbhaítear lena dtrádáil iad, nó cé acu a chuirtear nó ngach gcuirtear san áireamh sa phunann trádála iad faoi IRFS agus faoi GAAP náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle.
Maidir le díorthaigh a úsáidtear i bhfálú eacnamaíoch, tuairisceofar anseo iad nuair a chuirtear san áireamh iad sna punanna cuntasaíochta trádála nó sna punanna cuntasaíochta arna sealbhú le trádáil (míreanna 120, 124, 125 agus 137 go 140 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo).
|
|
0200
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir deimhneach acu: Suim ghlanluacha
Suim ghlanluacha na ndíorthach dar tugadh cuntas mar shócmhainní airgeadais ar an dáta tuairiscithe tagartha.
Faoi GAAP bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle, ar na díorthaigh nach mór a thuairisciú sna colúin seo, tá na hionstraimí díorthacha a thomhaistear ar bhonn a gcostais nó ar bhonn gcostais nó a margadhluacha, cibé acu is ísle, díorthaigh a áirítear sa phunann trádála nó a ainmnítear mar ionstraimí fálaithe.
|
|
0210
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir deimhneach acu: Méid barúlach
Faoi IFRS agus GAAP náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle, méid barúlach, mar a shainmhínítear i míreanna 133 go 135 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, de gach conradh díorthach a thugtar i gcrích agus nach bhfuil socraithe fós ar an dáta tuairiscithe tagartha, i gcás inar Rialtas ginearálta é an contrapháirtí mar a shainmhínítear i míreanna 191 go 196 den Iarscríbhinn seo agus i gcás ina bhfuil luach cóir an díorthaigh deimhneach le haghaidh na hinstitiúide ar an dáta tagartha.
|
|
0220-0230
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir diúltach acu
Gach ionstraim dhíorthach le contrapháirtí is Rialtas ginearálta a bhfuil luach cóir diúltach aici maidir leis an institiúid ar an dáta tuairiscithe tagartha, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na hionstraimí sin i ngaolmhaireacht fálaithe cháilitheach, nó cé acu a shealbhaítear nó nach sealbhaítear lena dtrádáil iad, nó cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear san áireamh sa phunann trádála iad faoi IRFS agus faoi GAAP náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle.
Maidir le díorthaigh a úsáidtear i bhfálú eacnamaíoch, tuairisceofar anseo iad nuair a chuirtear san áireamh iad sna punanna cuntasaíochta trádála nó sna punanna cuntasaíochta arna sealbhú le trádáil (míreanna 120, 124, 125 agus 137 go 140 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo).
|
|
0220
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir diúltach acu: Suim ghlanluacha
Suim ghlanluacha na ndíorthach dar tugadh cuntas mar dhliteanais airgeadais ar an dáta tuairiscithe tagartha.
Faoi GAAP bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle, ar na díorthaigh nach mór a thuairisciú sna colúin seo, tá na hionstraimí díorthacha a thomhaistear ar bhonn a gcostais nó ar bhonn gcostais nó a margadhluacha, cibé acu is ísle, díorthaigh a áirítear sa phunann trádála nó a ainmnítear mar ionstraimí fálaithe.
|
|
0230
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir diúltach acu: Méid barúlach
Faoi IFRS agus faoi GAAP náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle, méid barúlach, mar a shainmhínítear i míreanna 133 go 135 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, de gach conradh díorthach a thugtar i gcrích agus nach bhfuil socraithe fós ar an dáta tagartha, i gcás inar Rialtas ginearálta é an contrapháirtí mar a shainmhínítear i míreanna 191 go 196 den Iarscríbhinn seo agus i gcás ina bhfuil luach cóir an díorthaigh diúltach le haghaidh na hinstitiúide ar an dáta tagartha.
|
|
0240-0260
|
RISÍOCHTAÍ LASMUIGH DEN CHLÁR COMHARDAITHE
|
|
0240
|
Méid ainmniúil
I gcás inar Rialtas ginearálta é contrapháirtí díreach na hítime lasmuigh den chlár comhardaithe, mar a shainmhínítear i míreanna 155 go 160 den Iarscríbhinn seo, méid ainmniúil na ngealltanas agus na ráthaíochtaí airgeadais nach meastar mar dhíorthach i gcomhréir le IFRS nó faoi GAAP náisiúnta bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (míreanna 102-119 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo).
I gcomhréir le míreanna 43 agus 44 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, is é an Rialtas ginearálta an contrapháirtí díreach: (a) i ráthaíocht airgeadais a thugtar, nuair is é contrapháirtí díreach na hionstraime fiachais ráthaithe é, agus (b) i ngealltanas iasachta agus i ngealltanas tugtha eile, nuair is é an contrapháirtí a nglacann an institiúid tuairiscithe a phriacal creidmheasa.
|
|
0250
|
Forálacha
Airteagal 4, “Dliteanais”, pointe (6)(c) agus “Ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe”, Airteagal 27(11), Airteagal 28(8) agus Airteagal 33 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle; IFRS 9.4.2.1(c)(ii),(d)(ii), 9.5.5.20; IAS 37, IFRS 4, cuid 2.11 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
Forálacha ar na risíochtaí uile lasmuigh den chlár comhardaithe gan beann ar an mbealach a ndéantar iad a thomhas, seachas iad sin a dhéantar a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas i gcomhréir le IFRS 9.
Faoi IFRS, tuairisceofar lagú gealltanais iasachta tugtha i gcolún 150 i gcás nach féidir leis an institiúid na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a shainaithint ar leithligh i gcás ina mbaineann siad le méid tarraingthe agus neamhtharraingthe na hionstraime fiachais. I gcás ina sáraíonn na comhchaillteanais chreidmheasa ionchasacha le haghaidh na hionstraime airgeadais sin an tsuim ghlanluacha chomhlán de chomhpháirt iasachta na hionstraime, tuairisceofar iarmhéid na gcaillteanas creidmheasa ionchasach a bheidh fágtha mar fhoráil i gcolún 0250.
|
|
0260
|
Athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa
I dtaca le hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas faoi IFRS 9, athruithe diúltacha carntha sa luach cóir mar gheall ar phriacal creidmheasa (mír 110 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo)
|
|
0270-280
|
Ítim mheabhráin: díorthaigh chreidmheasa a díoladh ar risíochtaí rialtais ghinearálta
Maidir le díorthaigh chreidmheasa nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar ráthaíochtaí airgeadais in Iarscríbhinn V, Cuid 2, mír 58 atá frithgheallta ag an institiúid tuairiscithe le contrapháirtithe seachas Rialtais ghinearálta agus ar Rialtas ginearálta é a risíocht tagartha, tuairisceofar na díorthaigh sin.
Ní thuairisceofar na colúin sin le haghaidh risíochtaí a mhiondealaítear de réir priacal, cur chuige rialála agus aicme risíochta (rónna 0020 go 0160).
|
|
0270
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir deimhneach acu – Suim ghlanluacha
Suim ghlanluacha chomhiomlánaithe na ndíorthach creidmheasa a dhíoltar ar risíochtaí rialtais ghinearálta a thuairiscítear agus ag a bhfuil luach cóir deimhneach le haghaidh na hinstitiúide ar an dáta tuairiscithe tagartha, gan coigeartuithe luachála stuama a bhreithniú.
I dtaca le díorthaigh faoi IFRS, is é an méid a bheidh le tuairisciú sa cholún seo suim ghlanluacha na ndíorthach ar sócmhainní airgeadais iad ar an dáta tuairiscithe.
I dtaca le díorthaigh faoi GAAP bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle, is é luach cóir na ndíorthach ag a bhfuil luach cóir deimhneach ar an dáta tuairiscithe tagartha a bheidh i gceist leis an méid a bheidh le tuairisciú sa cholún seo, go neamhspleách ar an mbealach a dtugtar cuntas orthu.
|
|
0280
|
Díorthaigh a bhfuil luach cóir diúltach acu – Suim ghlanluacha
Suim ghlanluacha chomhiomlánaithe na ndíorthach creidmheasa a dhíoltar ar risíochtaí rialtais ghinearálta a thuairiscítear agus ag a bhfuil luach cóir diúltach le haghaidh na hinstitiúide ar an dáta tuairiscithe tagartha, gan coigeartuithe luachála stuama a bhreithniú.
I dtaca le díorthaigh faoi IFRS, is é an méid a bheidh le tuairisciú sa cholún seo suim ghlanluacha na ndíorthach ar dliteanais airgeadais iad ar an dáta tuairiscithe.
I dtaca le díorthaigh faoi GAAP bunaithe ar Threoir 86/635/CEE ón gComhairle, is é luach cóir na ndíorthach ag a bhfuil luach cóir diúltach ar an dáta tuairiscithe tagartha a bheidh i gceist leis an méid a bheidh le tuairisciú sa cholún seo, go neamhspleách ar an mbealach a dtugtar cuntas orthu.
|
|
0290
|
Luach na risíochta
Luach risíochta le haghaidh risíochtaí atá faoi réir an chreata priacail creidmheasa.
Le haghaidh risíochtaí faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (SA): féach Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Le haghaidh risíochtaí faoin gCur Chuige IRB: féach Airteagal 166 agus an dara habairt d’Airteagal 230(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Chun díorthaigh a thuairisciú atá faoi réir phriacal creidmheasa an chontrapháirtí mar aon le muirir chaipitil um priacal margaidh, féach na treoracha maidir leis an miondealú ró.
Níl na risíochtaí a thuairiscítear i gcolúin 0270 agus 0280 le breithniú chun críocha an cholúin seo, toisc go bhfuil an luach sa cholún seo bunaithe ar risíochtaí díreacha agus orthu sin amháin.
|
|
0300
|
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal
Méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí atá faoi réir an chreata priacail creidmheasa.
Le haghaidh risíochtaí faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (SA): féach Airteagal 113, míreanna 1 go 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Le haghaidh risíochtaí faoin gCur Chuige IRB: féach Airteagal 153, míreanna 1 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Chun risíochtaí díreacha a thuairisciú laistigh de raon feidhme Airteagal 271 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi réir ceanglais cistí dílse maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí agus priacal margaidh araon, féach na treoracha maidir leis an miondealú ró.
Ní bhreithneofar na risíochtaí a thuairiscítear i gcolúin 0270 agus 0280 chun críocha an cholúin seo, toisc go bhfuil an luach sa cholún seo bunaithe ar risíochtaí díreacha agus orthu sin amháin.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ DE RÉIR CUR CHUIGE RIALÁLA
|
|
0010
|
Risíochtaí iomlána
Comhiomlán na risíochtaí ar Rialtais ghinearálta, mar a shainmhínítear i míreanna 191 go 196 den Iarscríbhinn seo.
|
|
0020-0155
|
Risíochtaí faoin gcreat priacal creidmheasa
Comhiomlán risíochtaí ar Rialtais ghinearálta a dhéanfar a ualú ó thaobh priacail i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áirítear le risíochtaí faoin gcreat priacail creidmheasa risíochtaí ón leabhar neamhthrádála agus ón leabhar trádála araon faoi réir muirear caipitil i dtaca le priacal creidmheasa an chontrapháirtí.
Maidir le risíochtaí díreacha faoi raon feidhme Airteagal 271 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi réir ceanglais cistí dílse i dtaca le priacal creidmheasa an chontrapháirtí agus priacail margaidh araon, tuairisceofar iad sna rónna maidir le priacal creidmheasa (0020 go 0155) agus sa ró maidir le priacal margaidh (ró 0160) araon: maidir leis na risíochtaí mar gheall ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí, tuairisceofar iad sna rónna maidir le priacal creidmheasa, agus tuairisceofar na risíochtaí mar gheall ar phriacal margaidh sa ró maidir le priacal margaidh.
|
|
0030
|
Cur Chuige Caighdeánaithe
Na risíochtaí ar rialtais ghinearálta ar a ndéanfar ualú priacail i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear risíochtaí ón leabhar neamhthrádála ina gcuirtear priacal creidmheasa an chontrapháirtí san áireamh san ualú priacail i gcomhréir leis an gCaibidil sin.
|
|
0040
|
Rialtais láir
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar rialtais láir iad. Leithdháiltear na risíochtaí sin ar an aicme risíochta “Rialtais láir nó bainc cheannais” i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 114 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a sonraíodh sna treoracha le haghaidh theimpléad C 07.00, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0050
|
Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla iad. Leithdháiltear na risíochtaí sin ar an aicme risíochta “Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla” i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 115 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 07.00, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0060
|
Eintitis san earnáil phoiblí
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar eintitis san earnáil phoiblí iad. Leithdháiltear na risíochtaí sin ar an aicme risíochta “Eintitis san earnáil phoiblí” i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 116 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 07.00, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0070
|
Eagraíochtaí Idirnáisiúnta
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar eagraíochtaí idirnáisiúnta iad. Leithdháiltear na risíochtaí sin ar na haicmí risíochta “Eagraíochtaí Idirnáisiúnta” i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 07.00, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0075
|
Risíochtaí eile rialtais ghinearálta faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta seachas iad siúd a chuirtear san áireamh i rónna 0040 go 0070 thuas, a leithdháiltear ar aicmí risíochtaí SA i gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun ceanglais cistí dílse a ríomh.
|
|
0080
|
Cur Chuige IRB
Na risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar a ndéanfar ualú priacail i gcomhréir le Cuid 3, Teideal II, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear risíochtaí ón leabhar neamhthrádála ina gcuirtear priacal creidmheasa an chontrapháirtí san áireamh san ualú priacail i gcomhréir leis an gCaibidil sin.
|
|
0090
|
Rialtais láir
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta, ar rialtais láir iad, agus a leithdháiltear ar an aicme risíochta “Rialtais láir agus bainc cheannais” i gcomhréir le hAirteagail 147(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 08.01 agus C 08.02, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0100
|
Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla [Rialtais láir agus bainc cheannais]
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta, ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla iad, agus a leithdháiltear ar an aicme risíochta “Rialtais láir agus bainc cheannais” i gcomhréir le hAirteagal 147(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 08.01 agus C 08.02, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0110
|
Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla [Institiúidí]
Risíochtaí ar rialtais ghinearálta, ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla iad, agus a leithdháiltear ar an aicme risíochta “Institiúidí” i gcomhréir le hAirteagal 147(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 08.01 agus C 08.02, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0120
|
Eintitis san earnáil phoiblí [Rialtais láir agus bainc cheannais]
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta arb eintitis san earnáil phoiblí iad i gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a leithdháiltear ar an aicme risíochta “Rialtais láir nó bainc cheannais” i gcomhréir le hAirteagal 147(3), pointe (a), den Rialachán sin, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 08.01 agus C 08.02, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0130
|
Eintitis san earnáil phoiblí [Institiúidí]
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta arb eintitis san earnáil phoiblí iad i gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a leithdháiltear ar an aicme risíochta “Institiúidí” i gcomhréir le hAirteagal 147(4), pointe (b), den Rialachán sin, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 08.01 agus C 08.02, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0140
|
Eagraíochtaí idirnáisiúnta [Rialtais láir agus bainc cheannais]
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta arb Eagraíochtaí Idirnáisiúnta iad agus a leithdháiltear ar an aicme risíochta “Rialtais láir agus bainc cheannais” i gcomhréir le hAirteagal 147(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a shonraítear sna treoracha le haghaidh theimpléad C 08.01 agus C 08.02, cé is moite de na sonraíochtaí a mhéid a bhaineann leis an athdháileadh risíochtaí ar Rialtais ghinearálta ar aicmí eile risíochtaí de thoradh cur i bhfeidhm teicnící um maolú priacail creidmheasa a bhfuil iarmhairtí ar ionadú ag gabhail leo maidir leis an risíocht, nach mbeidh feidhm acu.
|
|
0155
|
Risíochtaí eile ar rialtais ghinearálta atá faoi réir Chur Chuige IRB
Risíochtaí ar Rialtais ghinearálta seachas iad siúd a chuirtear san áireamh i rónna 0090 go 0140 thuas agus a leithdháiltear ar aicmí risíochtaí IRB i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun ceanglais cistí dílse a ríomh.
|
|
0160
|
Risíochtaí atá faoi réir priacal margaidh
Cumhdaítear suíomhanna leis an ró seo a ríomhtar ceann amháin de na ceanglais cistí dílse seo a leanas de Chuid a Trí, Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina leith:
— Ceanglais cistí dílse i dtaca le priacal an tsuímh i gcomhréir le hAirteagal 326 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
— Ceanglais cistí dílse i dtaca le priacal sonrach nó ginearálta i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Maidir le risíochtaí díreacha faoi raon feidhme Airteagal 271 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi réir ceanglais cistí dílse i dtaca le priacal creidmheasa an chontrapháirtí agus priacal margaidh araon, tuairisceofar iad sna rónna maidir le priacal creidmheasa (0020 go 0155) agus sa ró maidir le priacal margaidh (ró 0160): maidir leis an risíocht de thoradh phriacal creidmheasa an chontrapháirtí, tuairisceofar í sna rónna maidir le priacal creidmheasa, agus tuairisceofar an risíocht de thoradh priacal margaidh sa ró maidir le priacal margaidh.
|
|
0170-0230
|
MIONDEALÚ AR RISÍOCHTAÍ DE RÉIR AIBÍOCHT IARMHAIR
Ríomhfar aibíocht iarmhair i laethanta idir dáta conarthach na haibíochta agus an dáta tuairiscithe tagartha le haghaidh gach suímh.
Déanfar risíochtaí ar Rialtais ghinearálta a mhiondealú de réir aibíocht iarmhair agus leithdháilfear iad ar na buicéid dá bhforáiltear mar a leanas:
— [0 - 3M] : Níos lú ná 90 lá;
— [3M - 1B] : Comhionann le nó níos mó ná 90 lá agus níos lú ná 365 lá;
— [1B – 2B] : Comhionann le nó níos mó ná 365 lá agus níos lú ná 730 lá;
— [2B – 3B] : Comhionann le nó níos mó ná 730 lá agus níos lú ná 1 095 lá;
— [3B – 5B] : Comhionann le nó níos mó ná 1 095 lá agus níos lú ná 1 825 lá;
— [5B – 10B] : Comhionann le nó níos mó ná 1 825 lá agus níos lú ná 3 650 lá;
— [10B – níos mó] : Comhionann le nó níos mó ná 3 650 lá.
I gcás inar luaithe dáta conarthach na haibíochta ná an dáta tuairiscithe tagartha (i.e. tá luach diúltach i gceist leis an difríocht idir an dáta tuairiscithe tagartha agus an dáta aibíochta), leithdháilfear an risíocht ar an mbuicéad [0 – 3M].
Leithdháilfear risíochtaí gan aibíocht iarmhair ar an mbuicéad aibíochta iarmhair ar bhonn a dtréimhse fógra nó ar bhonn léirithe conarthacha eile faoin aibíocht. Mura bhfuil aon tréimhse fógra réamhshainithe ann ná aon léiriú conarthach eile faoin aibíocht, leithdháilfear risíochtaí ar an mbuicéad aibíochta iarmhair [10B – níos mó].
|
8. CUMHDACH CAILLTEANAIS NPE (NPE LC)
8.1. BARÚLACHA GINEARÁLTA
200. Tá faisnéis i dteimpléid cumhdaigh caillteanais NPE faoi risíochtaí neamhthuillmheacha (NPEnna) chun an t-íoscheanglas maidir le cumhdach caillteanais a ríomh le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha mar a shonraítear in Airteagail 47a, 47b agus 47c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
201. Tá tacar de thrí theimpléad sa bhloc teimpléad:
a)
Asbhaintí le haghaidh NPEnna a ríomh (C 35.01): is teimpléad forléargais é sin lena léirítear méid an chumhdaigh neamhleoir is infheidhme, a ríomhtar mar an difríocht idir na híoscheanglais iomlána maidir le cumhdach le haghaidh NPEnna agus na forálacha iomlána agus na coigeartuithe iomlána nó na hasbhaintí iomlána a rinneadh cheana féin. Cumhdaítear leis an teimpléad idir na risíochtaí neamhthuillmheacha i gcás nár deonaíodh beart staonta, agus risíochtaí staonta neamhthuillmheacha.
b)
Íoscheanglais maidir le cumhdach agus luachanna risíochta risíochtaí neamhthuillmheacha, seachas risíochtaí staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (C 35.02): ríomhtar leis an teimpléad na híoscheanglais iomlána maidir le cumhdach le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha nach risíochtaí staonta neamhthuillmheacha iad a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena léirítear na fachtóirí atá le cur i bhfeidhm ar na luachanna risíochta chun críocha an ríomha seo, i bhfianaise cé acu an risíocht urraithe nó neamhurraithe atá inti agus i bhfianaise na tréimhse ó tháinig an risíocht chun bheith ina risíocht neamhthuillmheach.
c)
Íoscheanglais maidir le cumhdach agus luachanna risíochta na risíochtaí staonta neamhthuillmheacha a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (C 35.03): ríomhtar leis an teimpléad na híoscheanglais iomlána maidir le cumhdach le haghaidh risíochtaí staonta neamhthuillmheacha a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena léirítear na fachtóirí atá le cur i bhfeidhm ar na luachanna risíochta críocha an ríomha seo, i bhfianaise cé acu an risíocht urraithe nó neamhurraithe atá inti agus i bhfianaise na tréimhse ó tháinig an risíocht chun bheith ina risíocht neamhthuillmheach.
202. Tá feidhm ag an íoscheanglas maidir le cumhdach caillteanais le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha maidir le (i) risíochtaí, a tionscnaíodh an 26 Aibreán 2019 agus tar a éis sin, a thagann chun bheith ina risíochtaí neamhthuillmheacha, agus (ii) risíochtaí a tionscnaíodh roimh an 26 Aibreán 2019 nuair a mhodhnaítear iad tar éis an dáta sin ar bhealach lena méadaítear a luach risíochta don oibleagáideoir (Airteagal 469a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013), a thagann chun bheith neamhthuillmheach.
203. Ríomhfaidh institiúidí na hasbhaintí le haghaidh NPEnna i gcomhréir le hAirteagal 47c(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear íoscheanglais maidir le cumhdach agus forálacha iomlána agus coigeartuithe iomlána nó asbhaintí iomlána a ríomh, ar leibhéal risíochta aonair (“bunaithe ar idirbheart”) agus ní ar leibhéal an fhéichiúnaí nó na punainne.
204. Chun na hasbhaintí le haghaidh NPEnna a ríomh, déanfaidh institiúidí idirdhealú idir an chuid neamhurraithe agus an chuid urraithe de NPE i gcomhréir le hAirteagal 47c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chuige sin, tuairisceoidh institiúidí luachanna risíochta agus íoscheanglais maidir le cumhdach ar leithligh i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de NPEnna agus i dtaca leis an gcuid urraithe de NPEnna.
205. Chun fachtóirí ábhartha infheidhme a mhapáil agus íoscheanglais maidir le cumhdach a ríomh, aicmeoidh institiúidí an chuid urraithe de NPEnna ag brath ar an gcineál cosanta creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 47c(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas: (i) “a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201”, (ii) “a urraítear le cosaint eile chistithe nó neamhchistithe creidmheasa” nó (iii) “ a rathaíonn nó a árachaíonn gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil”. I gcás ina n-urraítear risíocht neamhthuillmheach le breis agus cineál cosanta creidmheasa amháin, leithdháilfear a luach risíochta de réir cháilíocht na cosanta creidmheasa, ag tosú leis an gceann lena mbaineann an cháilíocht is fearr.
8.2. C 35.01 – RÍOMH NA nASBHAINTÍ LE hAGHAIDH RISÍOCHTAÍ NEAMHTHUILLMHEACHA (NPE LC1)
8.2.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010 – 0100
|
An t-am a caitheadh ó aicmíodh risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha
Ciallóidh “an t-am a caitheadh ó aicmíodh risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha” an t-am i mblianta a caitheadh, ón dáta tagartha, ó aicmíodh risíocht mar risíocht neamhthuillmheach. Le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha ceannaithe, tosóidh an t-am i mblianta ón dáta a aicmíodh na risíochtaí mar risíocht neamhthuillmheach ar dtús, agus ní ón dáta a ceannaíodh iad.
Tuairisceoidh institiúidí sonraí ar risíochtaí dá dtagann an dáta tagartha faoi chuimsiú an eatraimh ama chomhfhreagraigh lena léirítear an tréimhse i mblianta tar éis do risíochtaí a bheith aicmithe mar risíochtaí neamhthuillmheacha gan beann ar aon bheart staonta a chur i bhfeidhm.
I dtaca leis an eatramh ama “> X bhliain/bliana/mbliana, <= Y bhliain/bliana/mbliana”, tuairisceoidh institiúidí sonraí ar risíochtaí dá gcomhfhreagraíonn an dáta tagartha don tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den Yú bliain tar éis do na risíochtaí sin a bheith aicmithe mar risíochtaí neamhthuillmheacha.
|
|
0110
|
Iomlán
Tuairisceoidh institiúidí suim na gcolún uile ó 0010 go 0100.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010
|
Méid infheidhme de chumhdach neamhleor
Airteagal 47c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Chun méid infheidhme an chumhdaigh neamhleoir a ríomh, asbhainfidh institiúidí na forálacha iomlána agus na coigeartuithe iomlána nó na hasbhaintí iomlána (caidhpeáilte) (ró 0080) ón íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (ró 0020).
Beidh méid infheidhme an chumhdaigh neamhleoir (i.e. an t-easnamh san íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha) cothrom le nialas nó níos mó ná nialas.
|
|
0020
|
Íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha
Airteagal 47c(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Chun an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a ríomh, suimeoidh institiúidí an t-íoscheanglas maidir le cumhdach i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de NPEnna (ró 0030) agus i dtaca leis an gcuid urraithe de NPEnna (ró 0040).
|
|
0030
|
An chuid neamhurraithe de NPEnna
Airteagal 47c(1), pointe (a)(i), agus Airteagal 47c(2), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de NPEnna, i.e. comhiomlán na ríomhanna ar leibhéal risíochta.
Beidh an méid a thuairisceofar i ngach colún cothrom le suim na méideanna a thuairiscítear i ró 0020 de C 35.02 agus i ró 0020 de C 35.03 (i gcás inarb infheidhme) sna colúin faoi seach.
|
|
0040
|
An chuid urraithe de NPEnna
Airteagal 47c(1), pointe (a)(ii), Airteagal 47c(3), Airteagal 47c(4), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Tuairisceoidh institiúidí an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach i dtaca leis an gcuid urraithe de NPEnna, i.e. comhiomlán na ríomhanna ar leibhéal risíochta.
Beidh an méid a thuairisceofar i ngach colún cothrom le suim na méideanna a thuairiscítear i ró 0030-0050 de C 35.02 agus i ró 0030-0040 de C 35.03 (i gcás inarb infheidhme) sna colúin faoi seach.
|
|
0050
|
Luach na risíochta
Airteagal 47a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán NPEnna lena n-áirítear risíochtaí neamhurraithe agus risíochtaí urraithe araon. Comhfhreagróidh sé sin do shuim ró 0060 agus ró 0070.
|
|
0060
|
An chuid neamhurraithe de NPEnna
Airteagal 47a(2) agus Airteagal 47c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0070
|
An chuid urraithe de NPEnna
Airteagal 47a(2) agus Airteagal 47c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0080
|
Iomlán na bhforálacha agus na gcoigeartuithe nó na n-asbhaintí iomlána (caidhpeáilte)
Tuairisceoidh na hinstitiúidí méid caidhpeáilte shuim na n-ítimí a liostaítear i rónna 0100-0150 i gcomhréir le hAirteagal 47c(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is é méid an íoscheanglais maidir le cumhdach ar leibhéal risíochta an uasteorainn le haghaidh forálacha caidhpeáilte agus coigeartú nó asbhaintí.
Ríomhfar an méid caidhpeáilte ar leithligh le haghaidh gach risíochta mar an méid is ísle idir an t-íoscheanglas maidir le cumhdach le haghaidh na risíochta sin agus iomlán na bhforálacha agus na gcoigeartuithe nó na n-asbhaintí le haghaidh na risíochta céanna.
|
|
0090
|
Iomlán na bhforálacha agus na gcoigeartuithe nó na n-asbhaintí (neamhchaidhpeáilte)
Tuairisceoidh institiúidí suim mhéid neamhchaidhpeáilte na n-ítimí a liostaítear i rónna 0100-0150 i gcomhréir le hAirteagal 47c(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ní bheidh forálacha agus coigeartuithe nó asbhaintí (neamhchaidhpeáilte) teoranta do mhéid an íoscheanglais maidir le cumhdach ar leibhéal risíochta.
|
|
0100
|
Coigeartuithe sonracha ar phriacal creidmheasa
Airteagal 47c(1), pointe (b)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0110
|
Coigeartuithe luacha breise
Airteagal 47c(1), pointe (b)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0120
|
Laghduithe eile ar chistí dílse
Airteagal 47c(1), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0130
|
Easnamh IRB
Airteagal 47c(1), pointe (b)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0140
|
An difríocht idir an praghas ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí
Airteagal 47c(1), pointe (b)(v) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
|
0150
|
Méideanna a dhíscríobh an institiúid ó aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.
Airteagal 47c(1), pointe (b)(vi) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
|
8.3. C 35.02 – ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE CUMHDACH AGUS LUACHANNA RISÍOCHTA RISÍOCHTAÍ NEAMHTHUILLMHEACHA SEACHAS RISÍOCHTAÍ STAONTA A THAGANN FAOI AIRTEAGAL 47c(6) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 (NPE LC2)
8.3.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010 – 0100
|
An t-am a caitheadh ó aicmíodh risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha
Ciallóidh “an t-am a caitheadh ó aicmíodh risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha” an t-am i mblianta a caitheadh ó aicmíodh risíocht mar risíocht neamhthuillmheach. Tuairisceoidh institiúidí sonraí ar risíochtaí dá dtagann an dáta tagartha faoi chuimsiú an eatraimh ama chomhfhreagraigh lena léirítear an tréimhse i mblianta tar éis do risíochtaí a bheith aicmithe mar risíochtaí neamhthuillmheacha, gan beann ar aon bheart staonta a chur i bhfeidhm.
I dtaca leis an eatramh ama “> X bhliain/bliana/mbliana, <= Y bhliain/bliana/mbliana”, tuairisceoidh institiúidí sonraí ar risíochtaí dá gcomhfhreagraíonn an dáta tagartha don tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den Yú bliain tar éis do na risíochtaí sin a bheith aicmithe mar risíochtaí neamhthuillmheacha.
|
|
0110
|
Iomlán
Tuairisceoidh institiúidí suim na gcolún uile ó 0010 go 0100.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010
|
Íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach
Airteagal 47c(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Chun an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a ríomh, seachas risíochtaí staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, suimeoidh institiúidí an t-íoscheanglas maidir le cumhdach i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de NPEnna (ró 0020) agus an t-íoscheanglas maidir le cumhdach i dtaca leis an gcuid urraithe de NPEnna (rónna 0030-0050).
|
|
0020
|
An chuid neamhurraithe de NPEnna (risíochtaí neamhthuillmheacha)
Airteagal 47c(1), pointe (a)(i), agus Airteagal 47c(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Déanfar an t-íoscheanglas maidir le cumhdach a ríomh trí na luachanna risíochta comhiomlána i ró 0070 a iolrú faoin bhfachtóir comhfhreagrach in aghaidh an cholúin.
|
|
0030
|
An chuid de NPEnna a urraítear le maoin dhochorraithe nó iasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe
Airteagal 47c(1), pointe (a)(ii), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (d), (f), (h) agus (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Déanfar an t-íoscheanglas maidir le cumhdach a ríomh trí na luachanna risíochta comhiomlána i ró 0080 a iolrú faoin bhfachtóir comhfhreagrach in aghaidh an cholúin.
|
|
0040
|
An chuid de NPEnna a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile
Airteagal 47c(1), pointe (a)(ii), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (e) agus (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Déanfar an t-íoscheanglas maidir le cumhdach a ríomh trí na luachanna risíochta comhiomlána i ró 0090 a iolrú faoin bhfachtóir comhfhreagrach in aghaidh an cholúin.
|
|
0050
|
An chuid de NPEnna a ráthaíonn nó a árachaíonn gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil
Airteagal 47c(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar an t-íoscheanglas maidir le cumhdach a ríomh trí na luachanna risíochta comhiomlána i ró 0100 a iolrú faoin bhfachtóir comhfhreagrach in aghaidh an cholúin.
|
|
0060
|
Luach na risíochta
Airteagal 47a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Chun ró 0060 a ríomh, suimeoidh institiúidí na luachanna risíochta a thuairiscítear i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de NPEnna (ró 0070), an chuid de NPEnna a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe (ró 0080), an chuid de NPEnna a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile (ró 0090) agus an chuid de NPEnna a ráthaíonn nó a árachaíonn gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil (ró 0100).
|
|
0070
|
An chuid neamhurraithe de NPEnna
Airteagal 47a(2), Airteagal 47c(1) agus Airteagal 47c(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán na coda neamhurraithe de NPEnna a mhiondealaítear de réir am a caitheadh ó aicmíodh risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha.
|
|
0080
|
An chuid de NPEnna a urraítear le maoin dhochorraithe nó iasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe
Airteagal 47a(2), Airteagal 47c(1), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (d), (f), (h) agus (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán na gcodanna de NPEnna a urraítear le maoin dhochorraithe de bhun Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó atá ina iasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 den Rialachán sin.
|
|
0090
|
An chuid de NPEnna a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile
Airteagal 47a(2), Airteagal 47c(1), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (e), agus (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán na gcodanna de NPEnna a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile de bhun Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0100
|
An chuid de NPEnna a ráthaíonn nó a árachaíonn gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil
Airteagal 47a(2) agus Airteagal 47c(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán na gcodanna de NPEnna a ráthaíonn nó a árachaíonn gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil nó a ráthaíonn nó a fhrithráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe eile dá dtagraítear in Airteagal 47c(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
8.4. C 35.03 – ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE CUMHDACH AGUS LUACHANNA RISÍOCHTA RISÍOCHTAÍ STAONTA NEAMHTHUILLMHEACHA A THAGANN FAOI AIRTEAGAL 47C (6) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 (NPE LC3)
8.4.1. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colúin
|
Treoracha
|
|
0010 – 0100
|
An t-am a caitheadh ó aicmíodh risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha
Ciallóidh “an t-am a caitheadh ó aicmíodh risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha” an t-am i mblianta a caitheadh ó aicmíodh risíocht mar risíocht neamhthuillmheach. Tuairisceoidh institiúidí sonraí ar risíochtaí dá dtagann an dáta tagartha faoi chuimsiú an eatraimh ama chomhfhreagraigh lena léirítear an tréimhse i mblianta tar éis do risíochtaí a bheith aicmithe mar risíochtaí neamhthuillmheacha, gan beann ar aon bheart staonta a chur i bhfeidhm.
I dtaca leis an eatramh ama “> X bhliain/bliana/mbliana, <= Y bhliain/bliana/mbliana”, tuairisceoidh institiúidí sonraí ar risíochtaí dá gcomhfhreagraíonn an dáta tagartha don tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den Yú bliain tar éis do na risíochtaí sin a bheith aicmithe mar risíochtaí neamhthuillmheacha.
|
|
0110
|
Iomlán
Tuairisceoidh institiúidí suim na gcolún uile ó 0010 go 0100.
|
|
Rónna
|
Treoracha
|
|
0010
|
Íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach
Airteagal 47c(1), pointe (a), agus Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Chun an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach a ríomh i dtaca le risíochtaí staonta neamhthuillmheacha a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, suimeoidh institiúidí na híoscheanglais maidir le cumhdach i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de NPEnna staonta (ró 0020), an chuid de NPEnna staonta a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe (ró 0030) agus an chuid de NPEnna staonta a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile (ró 0040).
|
|
0020
|
An chuid neamhurraithe de NPEnna
Airteagal 47c(1), pointe (a)(i), agus Airteagal 47c(2), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de risíochtaí staonta neamhthuillmheacha a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i.e. comhiomlán na ríomhanna ar leibhéal risíochta.
|
|
0030
|
An chuid de NPEnna a urraítear le maoin dhochorraithe nó iasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe
Airteagal 47c(1), pointe (a)(ii), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (d), (f), (h) agus (i), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach i dtaca le codanna de risíochtaí staonta neamhthuillmheacha a urraítear le maoin dhochorraithe de bhun Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó atá ina n-iasachtaí cónaithe a rathaíonn soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 den Rialachán sin, a thagann faoi Airteagal 47c(6) den Rialachán sin, i.e. comhiomlán na ríomhanna ar leibhéal risíochta.
|
|
0040
|
An chuid de NPEnna a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile
Airteagal 47c(1), pointe (a)(ii), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (e) agus (g), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí an t-íoscheanglas iomlán maidir le cumhdach i dtaca le codanna de risíochtaí staonta neamhthuillmheacha a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile, a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i.e. comhiomlán na ríomhanna ar leibhéal risíochta.
|
|
0050
|
Luach na risíochta
Airteagal 47a(2) agus Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Chun luach risíochta a ríomh, suimeoidh institiúidí luachanna risíochta i dtaca leis an gcuid neamhurraithe de NPEnna (ró 0060), an chuid de NPEnna a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe (ró 0070) agus an chuid de NPEnna a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile (ró 0120), i gcás inarb infheidhme.
|
|
0060
|
An chuid neamhurraithe de NPEnna
Airteagal 47a(2), Airteagal 47c(1), Airteagal 47c(2), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán na coda neamhurraithe de NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den dara bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach (> 1 bhliain; <=2 bhliain).
|
|
0070
|
An chuid de NPEnna a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe
Airteagal 47a(2), Airteagal 47c(1), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (d), (f), (h) agus (i), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán na gcodanna de NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le maoin dhochorraithe de bhun Chuid a Trí, Teideal II den Rialachán sin nó atá ina n-iasachtaí cónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 den Rialachán sin.
|
|
0080
|
> 2 bhliain agus <= 3 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den tríú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
|
0090
|
> 3 agus <= 4 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den cheathrú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
|
0100
|
> 4 agus <= 5 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den chúigiú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
|
0110
|
> 5 agus <= 6 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le maoin dhochorraithe nó le hiasacht chónaithe a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den séú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
|
0120
|
An chuid de NPEnna a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile
Airteagal 47c(1), agus Airteagal 47c(3), pointí (a), (b), (c), (e) agus (g), Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta iomlán na gcodanna de NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile de bhun Chuid a Trí, Teideal II de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0130
|
> 2 bhliain agus <= 3 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile, i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den tríú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
|
0140
|
> 3 agus <= 4 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile, i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach cheathrú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
|
0150
|
> 4 agus <= 5 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile, i gcás inar deonaíodh an chéad bheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den chúigiú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
|
0160
|
> 5 agus <= 6 bliana tar éis a bheith aicmithe mar NPE
Tuairisceoidh institiúidí luach risíochta NPEnna staonta a thagann faoi Airteagal 47c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a urraítear le cosaint chistithe nó neamhchistithe creidmheasa eile, i gcás inar deonaíodh an chéad idirbheart staonta idir an chéad lá agus an lá deireanach den séú bliain tar éis don risíocht a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_EL -
EULAW_EL
|