|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Sa nós imeachta um shlándáil sonraí agus córas dá dtagraítear i mír 1 beidh na heilimintí uile seo a leanas a bhaineann le slándáil sonraí agus córas TFC, i gcomhréir leis an aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554:
(a)
na srianta rochtana dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo, lena dtacaítear leis na ceanglais cosanta i ndáil le gach leibhéal den aicmiú;
(b)
bunlíne cumraíochta sláine do shócmhainní TFC a shainaithint lena n-íoslaghdaítear neamhchosaint na sócmhainní TFC sin ar chibearbhagairtí agus bearta chun fíorú a dhéanamh go tráthrialta go gcuirtear na bunlínte sin in úsáid go héifeachtach;
(c)
bearta slándála a shainaithint chun a áirithiú nach suiteálfar ach bogearraí údaraithe i gcórais TFC agus i ngairis chríochphointe;
(d)
bearta slándála in aghaidh cóid mhailíseacha a shainaithint;
(e)
bearta slándála a shainaithint chun a áirithiú nach n-úsáidfear ach meáin stórála sonraí, córais agus gairis chríochphointe údaraithe chun sonraí an eintitis airgeadais a aistriú agus a stóráil;
(f)
na ceanglais seo a leanas maidir le húsáid gaireas críochphointe iniompartha agus gaireas críochphointe neamh-iniompartha príobháideach a dhaingniú:
(i)
an ceanglas go n-úsáidfear réiteach bainistíochta chun bainistíocht a dhéanamh ar na gairis chríochphointe go cianda agus chun sonraí an eintitis airgeadais a dhíothú go cianda;
(ii)
an ceanglas go n-úsáidfear sásraí slándála nach féidir le baill foirne ná soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a mhodhnú, a bhaint nó dul tharstu ar bhealach neamhúdaraithe;
(iii)
an ceanglas nach n-úsáidfear gairis stórála sonraí inbhainte ach i gcás ina mbeidh an riosca TFC iarmharach fós i gcomhréir le leibhéal lamháltais riosca an eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3 an chéad fhomhír, pointe (a);
(g)
an próiseas chun sonraí a scriosadh go slán, ar sonraí iad atá stóráilte ar áitreabh an eintitis airgeadais nó go seachtrach, nach gá don eintiteas airgeadais a bhailiú nó a stóráil a thuilleadh;
(h)
an próiseas chun gairis stórála sonraí, atá ar áitreabh an eintitis airgeadais nó stóráilte go seachtrach agus a bhfuil faisnéis rúnda iontu, a dhiúscairt nó a dhíchoimisiúnú go slán;
(i)
bearta slándála a shainaithint agus a chur chun feidhme chun caillteanas agus sceitheadh sonraí ó chórais agus gairis chríochphointe a chosc;
(j)
bearta slándála a chur chun feidhme chun a áirithiú nach mbeidh tionchar díobhálach ag teilea-obair ná úsáid gaireas críochphointe príobháideach ar shlándáil TFC an eintitis airgeadais;
(k)
i gcás sócmhainní nó seirbhísí TFC a oibríonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, ceanglais a shainaithint agus a chur chun feidhme maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil a choinneáil ar bun, i gcomhréir le torthaí an aicmithe sonraí agus an mheasúnaithe riosca TFC. Chun críocha phointe (b), cuirfear san áireamh sa bhunlíne cumraíochta sláine dá dtagraítear sa phointe sin cleachtais atá chun tosaigh agus teicnící iomchuí a leagtar síos sna caighdeáin a shainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Chun críocha phointe (k), breithneoidh eintitis airgeadais na nithe seo a leanas:
(a)
na socruithe a mholann an díoltóir a chur chun feidhme maidir leis na heilimintí a oibríonn an t-eintiteas airgeadais;
(b)
róil agus freagrachtaí slándála faisnéise a leithdháileadh go soiléir ar an eintiteas airgeadais agus ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, i gcomhréir leis an bprionsabal go bhfuil freagracht iomlán ag an eintiteas airgeadais as a sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, agus i gcás eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 28(2) den Rialachán sin, agus i gcomhréir le beartas an eintitis airgeadais maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
(c)
an gá le hinniúlachtaí leormhaithe laistigh den eintiteas airgeadais a áirithiú agus a choinneáil ar bun i dtaca le bainistiú agus slándáil na seirbhíse a úsáidtear;
(d)
bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an mbonneagar a úsáideann an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí le haghaidh a sheirbhísí TFC, agus breithniú á dhéanamh ar chleachtais atá chun tosaigh, agus ar chaighdeáin mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 1025/2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|