|
“12.
|
Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 4 de Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás nach bhfuil nósanna imeachta fónta riaracháin nó cuntasaíochta, sásraí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha um measúnú riosca, nó socruithe éifeachtacha rialaithe nó cosanta aici chun córais TFC a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ; nó i gcás nach ndéanann sí nósanna imeachta cinnteoireachta nó struchtúir eagraíochtúla a chur chun feidhme agus a chothabháil, mar a cheanglaítear leis an bpointe sin.”.
|