+Airteagal 15 Tuairisciú ar chóimheas luamhánaithe ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.

Airteagal 15 Tuairisciú ar chóimheas luamhánaithe ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Chun faisnéis ar an gcóimheas luamhánaithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn X, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XI, le minicíocht ráithiúil. Cuirfidh institiúidí móra, agus iad sin amháin, teimpléad 48.00 d’Iarscríbhinn X isteach.
Airteagal 15 2.

Is iad seo a leanas, agus iad sin amháin, a chuirfidh isteach an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn X, teimpléad 40.00, cill {r0410;c0010}:

(a) 

institiúidí móra ar G-SSIanna iad nó a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte le minicíocht leathbhliantúil;

(b) 

institiúidí móra seachas G-SSIanna nach institiúidí liostaithe iad le minicíocht leathbhliantúil;

(c) 

institiúidí seachas institiúidí móra agus institiúidí beaga neamhchasta a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte le minicíocht bhliantúil.

Airteagal 15 3.
Déanfaidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe a ríomh ar dháta tagartha maidir le tuairisc i gcomhréir le hAirteagal 429 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Airteagal 15 4.

Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 13 a thuairisciú, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is mó ná 1,5 % an scair díorthach dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 5;

(b) 

is mó ná 2 % an scair díorthach dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 5.

Mura ndéanann institiúid ach coinníoll phointe (a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

Má dhéanann institiúid coinníollacha phointe (a) agus (b) araon a chomhlíonadh, cuirfidh sé tús leis an bhfaisnéis sin a thuairisciú le haghaidh an dáta tagartha a thagann tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú a chuaigh sé thar an tairseach sin.

Airteagal 15 5.
Maidir le hinstitiúidí a dtéann luach barúlach iomlán a ndíorthach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 8 thar EUR 10 000  milliún, tuairisceoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, Pointe 13, fiú mura gcomhlíonann a scair díorthach na coinníollach a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo.

Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag critéir iontrála Airteagal 4(3). Cuirfidh institiúidí tús le faisnéis a thuairisciú ón gcéad dáta tagartha maidir le tuairisc i gcás ina ndeachaigh siad thar an tairseach ar aon dáta tagartha maidir le tuairisc amháin.

Airteagal 15 6.

Ceanglaítear ar institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 14 a thuairisciú, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a) 

is mó ná EUR 300 milliún méid na ndíorthach creidmheasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 9;

(b) 

is mó ná EUR 500 milliún méid na ndíorthach creidmheasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 9.

Mura ndéanann institiúid ach coinníoll phointe (a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3). Má dhéanann institiúid coinníollacha phointe (a) agus (b) araon a chomhlíonadh, cuirfidh sí tús leis an bhfaisnéis sin a thuairisciú le haghaidh an dáta tagartha a thagann tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisc a chuaigh sé thar an tairseach sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_ES -

    EULAW_ES