|
+Airteagal 17 Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite |
Airteagal 17 Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúiteAirteagal 17 Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite Chun faisnéis ar chistiúcháin cobhsaí a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn XII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII, le minicíocht ráithiúil mar seo a leanas:
(a)
maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta a roghnaigh a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (NSFR) a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid a Sé, Teideal IV, Caibidlí 6 agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le cead roimh ré óna n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 428ai den Rialachán sin, cuirfidh siad isteach teimpléid 82 agus 83 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)
institiúidí seachas na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (a), cuirfidh siad isteach teimpléid 80 agus 81 d’Iarscríbhinn XII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII;
(c)
cuirfidh gach institiúid isteach teimpléad 84 d’Iarscríbhinn XII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|