+Airteagal 5 Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn aonair – tuairisciú ráithiúil
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
---+Airteagal 5 11.
---+Airteagal 5 12.
---+Airteagal 5 13.
---+Airteagal 5 14.
---+Airteagal 5 15.

Airteagal 5 Tuairisciú ar chistí dílse agus ar cheanglais cistí dílse ar bhonn aonair – tuairisciú ráithiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Chun faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo isteach le minicíocht ráithiúil.
Airteagal 5 2.
Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le cistí dílse agus ceanglais cistí dílse isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 1 go 5, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 1.
Airteagal 5 3.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal creidmheasa agus risíochtaí ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí lena bpléitear faoin gcur chuige caighdeánaithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 7, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.2.
Airteagal 5 4.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal creidmheasa agus risíochtaí ar phriacal creidmheasa an chontrapháirtí a láimhseáiltear faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 8.1 agus 8.2, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.3.
Airteagal 5 5.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le dáileadh geografach risíochtaí de réir tíre, chomh maith le risíochtaí comhiomlánaithe ar leibhéal iomlán, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 9, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.4.

Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach a shonraítear i dteimpléid 9.1 agus 9.2, agus go háirithe faisnéis maidir le dáileadh geografach risíochtaí de réir tíre, i gcás ina bhfuil risíochtaí tosaigh nach risíochtaí tosaigh intíre iad i ngach tír nach tír intíre í i ngach aicme risíochta, mar a tuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn I, teimpléad 4, ró 0850, mar a chéile le 10 % de risíochtaí tosaigh intíre iomlána agus risíochtaí tosaigh iomlána nach risíochtaí tosaigh intíre iad, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn I, teimpléad 4, ró 0860. Measfar risíochtaí a bheith ina risíochtaí intíre i gcás inar risíochtaí iad ar chontrapháirtithe atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid bunaithe.

Beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta a leagtar amach in Airteagal 4.

Airteagal 5 6.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal creidmheasa an chontrapháirtí mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 34.01 go 34.05 agus 34.08 go 34.10, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.
Airteagal 5 7.
Institiúidí a chuireann an cur chuige caighdeánaithe nó an cur chuige bunaithe ar shamhlacha inmheánacha i bhfeidhm chun risíochtaí ar phriacal creidmheasa contrapháirtí a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 3 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh siad isteach faisnéis maidir le priacal creidmheasa an chontrapháirtí mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 34.06, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.7.
Airteagal 5 8.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le risíochtaí ar chothromas a láimhseáiltear faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 10, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.5.
Airteagal 5 9.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le priacal socraíochta mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 11, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.6.
Airteagal 5 10.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le risíochtaí ar urrúsú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 13.01, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.7.
Airteagal 5 11.
Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse agus caillteanais a bhaineann le priacal oibriúcháin isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 16, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.1.
Airteagal 5 12.
Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le ceanglais cistí dílse a bhaineann leis an bpriacal margaidh isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 18 go 24, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointí 5.1 go 5.7.
Airteagal 5 13.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal um choigeartú luachála creidmheasa mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 25, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 5.8.
Airteagal 5 14.

Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le luacháil stuama mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6 mar a leanas:

(a) 

cuirfidh gach institiúid an fhaisnéis isteach a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32.1, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6;

(b) 

chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tuairisceoidh institiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún ( 1 ) an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 32.2, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6;

(c) 

chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, tuairiscíonn institiúidí a chuireann an cur chuige lárnach i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún agus a théann thar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 32.3 agus 32.4, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 6.

Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta a leagtar amach in Airteagal 4.

Airteagal 5 15.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir leis an gcúlstop stuamachta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (NPEnna) mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 35.01, 35.02 agus 35.03, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 8.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_ET -

    EULAW_ET