+Airteagal 6 3.

Airteagal 6 3.

Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le risíochtaí ceannasacha isteach mar a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil suim ghlanluacha chomhiomlán na sócmhainní airgeadais ó earnáil an chontrapháirtí “Rialtais ghinearálta” mar a chéile le 1 % de shuim na suime glanluacha iomláine le haghaidh “Urrús fiachais” agus “Iasachtaí agus airleacain”, nó níos airde ná sin, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, agus leanfaidh siad na treoracha in Iarscríbhinn V maidir le teimpléad 4 in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV, mar is infheidhme, chun na luachanna ábhartha a ríomh;

(b) 

i gcás ina bhfuil an luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre ar shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha mar a shainítear i ró 0010, colún 0010 in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, níos lú ná 90 % den luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre agus risíochtaí nach risíochtaí intíre iad le haghaidh an phointe sonraí chéanna, cuirfidh institiúidí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le miondealú iomlán de réir tíre;

(c) 

institiúidí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), cuirfidh siad an fhaisnéis isteach a shonraítear i dteimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le risíochtaí comhiomlánaithe ar:

(i) 

an leibhéal iomlán; agus

(ii) 

an leibhéal intíre.

Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_FI -

    EULAW_FI