+IARSCRÍBHINN XIX
|
IARSCRÍBHINN XIX
IARSCRÍBHINN XIX
TREORACHA CHUN AN TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH UIRLISÍ FAIREACHÁIN BREISE D’IARSCRÍBHINN XVIII A CHOMHLÁNÚ
1. Uirlisí Faireacháin Breise
1.1. Ginearálta
2. Beidh na dliteanais airgeadais uile i gceist le cistiú iomlán, seachas díorthaigh agus suíomhanna gearra;
3. Aon chineál cistithe a bhfuil aibíocht oscailte aige, lena n-áirítear taiscí prapéilimh, measfar gur cistiú a aibíonn thar oíche é.
4. Is é a bheidh i gceist le haibíocht tosaigh an t-am idir an dáta tionscanta agus dáta aibíochta an chistithe. Cinnfear dáta aibíochta an chistithe i gcomhréir le pointe 12 d’Iarscríbhinn XXIII. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé, i gcás roghnaíochta amhail i gcás phointe 12 d’Iarscríbhinn XXIII, gur ghiorra aibíocht tosaigh míre cistithe ná an t-am atá caite óna tionscnamh.
5. Is é a bheidh i gceist le haibíocht iarmhair an t-am idir deireadh na tréimhse tuairiscithe agus dáta aibíochta an chistithe. Cinnfear dáta aibíochta an chistithe i gcomhréir le pointe 12 d’Iarscríbhinn XXIII.
6. Chun an mheánaibíocht ualaithe tosaigh nó iarmhair a ríomh, measfar go mbeidh aibíocht lae amháin ag taiscí a aibíonn thar oíche nó ag aon chineál cistithe a bhfuil aibíocht oscailte aige.
7. Chun an aibíocht tosaigh agus iarmhair a ríomh, i gcás ina mbeidh clásal tréimhse fógra nó clásal cealaithe nó clásal aistarraingthe luaithe ag gabháil le cistiú do chontrapháirtí na hinstitiúide, glacfar leis go ndéanfar aistarraingt ar an dáta is luaithe is féidir.
8. I gcás dliteanais shuthaine, seachas i gcás ina mbeidh siad faoi réir roghnaíochta dá dtagraítear i bpointe 12 d’Iarscríbhinn XXIII, glacfar leis go mbeidh aibíocht tosaigh agus iarmhair sheasta acu ar feadh 20 bliain.
9. Chun an tairseach céatadáin dá dtagraítear i dteimpléad C 67.00 a ríomh de réir airgeadra suntasach, úsáidfidh institiúidí tairseach 1 % de na dliteanais iomlána i ngach airgeadra.
1.2. Comhchruinniú cistithe de réir contrapháirtí (C 67.00)
1. Chun faisnéis a bhailiú faoi chomhchruinniú cistithe na n-institiúidí tuairiscithe de réir contrapháirtí i dteimpléad C 67.00, cuirfidh na hinstitiúidí na treoracha atá sa Roinn seo i bhfeidhm.
2. Tabharfaidh na hinstitiúidí tuarascáil maidir leis na deich gcontrapháirtí is mó nó grúpa cliant nasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (39), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inar mó ná tairseach 1 % de na dliteanais iomlána i rónna 020 go 110 de Roinn 1 den teimpléad an cistiú a fuarthas ó gach contrapháirtí nó grúpa cliant nasctha. An contrapháirtí a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú in ítim 1.01, beidh sé ar an méid is mó cistithe dá bhfuarthas ó chontrapháirtí amháin nó ó ghrúpa cliant nasctha, ar méid é atá os cionn na tairsí 1 % ar dháta an tuairiscithe. Beidh ítim 1.02 ar an dara hítim is mó os cionn na tairsí 1 % agus is mar an gcéanna é maidir leis na hítimí atá fágtha.
3. I gcás ina mbaineann contrapháirtí le roinnt grúpaí cliant nasctha, ní dhéanfar é a thuairisciú ach uair amháin sa ghrúpa a bhfuil an méid cistithe is mó aige.
4. Tuairisceoidh institiúidí méid iomlán an chistithe uile atá fágtha i Roinn 2
5. Beidh suim Roinn 1 (na deich gcontrapháirtí is mó) agus suim Roinn 2 (gach cistiú eile) cothrom le cistiú iomlán institiúide de réir a cláir chomhardaithe a tuairiscíodh faoin gcreat tuairiscithe airgeadais (FINREP - lena léirítear dliteanais airgeadais arna gcoigeartú chun díorthaigh agus suíomhanna gearra a eisiamh, i gcomhréir le pointe 2 de Roinn 1.1) le haghaidh na dtréimhsí tuairiscithe sin ina bhfuil an dá thuarascáil ar fáil (e.g. FINREP R1 agus C 67.00 Márta/R1).
6. I gcás gach contrapháirtí, tuairisceoidh institiúidí na colúin uile ó 0010 go 0080.
7. I gcás ina bhfaighfear cistiú i leith níos mó ná cineál táirge amháin, is é an cineál táirge a bhfuarthas an méid is mó cistithe ina leith an ceann a thuairisceofar. Féadfar sealbhóir foluiteach na n-urrús a shainaithint ar bhonn díchill. I gcás ina mbeidh faisnéis ag institiúid maidir le sealbhóir na n-urrús de bhua a róil mar an banc taisclainne, breithneoidh sí an méid sin le haghaidh thuairisciú chomhchruinniú na gcontrapháirtithe. I gcás nach mbeidh aon fhaisnéis ar fáil maidir le sealbhóir na n-urrús, ní gá an méid comhfhreagrach a thuairisciú.
8. Treoracha a bhaineann le colúin shonracha:
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Ainm an chontrapháirtí
Gach contrapháirtí óna bhfuarthas níos mó cistithe ná 1 % de na dliteanais iomlána, tuairisceofar a ainm i gcolún 0010 in ord íslitheach, is é sin, de réir mhéid an chistithe a fuarthas.
Tuairisceofar ainm an chontrapháirtí, bíodh sé ina eintiteas dlítheanach nó ina dhuine nádúrtha. I gcás inarb eintiteas dlítheanach an contrapháirtí, is é ainm iomlán an eintitis dhlítheanaigh ainm an chontrapháirtí a thuairisceofar, is é sin ainm iomlán an eintitis dhlítheanaigh ónar tháinig an cistiú, lena n-áirítear aon tagairt do chineál na cuideachta i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí.
I gcásanna nach bhfuil máthairghnóthas ag an ngrúpa cliant nasctha, is é an contrapháirtí a thuairisceofar an t-eintiteas aonair a mheasann an institiúid a bheith ar an eintiteas is suntasaí laistigh den grúpa cliant nasctha. I ngach cás eile, comhfhreagróidh sé don chontrapháirtí aonair.
|
|
0015
|
Cód
Sainaitheantóir ró is ea an cód seo agus beidh sé uathúil le haghaidh gach contrapháirtí. I dtaca le hinstitiúidí agus gnóthais árachais, is é an cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cód a bheidh i gceist. I gcás eintitis eile, is é an cód LEI an cód a úsáidfear, nó mura bhfuil sin ar fáil, úsáidfear cód náisiúnta. Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad agus le himeacht ama. Beidh luach ag an gcód i gcónaí.
|
|
0016
|
An cineál cóid
Sainaithneoidh na hinstitiúidí an cineál cóid a thuairiscítear i gcolún 0015 mar “cód LEI” nó mar “cód neamh-LEI”.
Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.
|
|
0017
|
Cód náisiúnta
Féadfaidh institiúidí an cód náisiúnta a thuairisciú sa bhreis air sin nuair a thuairiscíonn siad cód LEI mar shainaitheantóir sa cholún “Cód”.
|
|
0030
|
Earnáil an chontrapháirtí
Déanfar earnáil amháin a leithdháileadh ar gach contrapháirtí ar bhonn na n-aicmí earnála eacnamaíche [FINREP] seo a leanas (cuid 1, Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo):
(i) Bainc Cheannais; (ii) Rialtais Ghinearálta; (iii) Institiúidí creidmheasa; (iv) Corparáidí airgeadais eile; (v) Corparáidí neamhairgeadais; (vi) Teaghlaigh.
I gcás grúpaí cliant nasctha, ní thuairisceofar aon earnáil.
|
|
0040
|
Áit Chónaithe an Chontrapháirtí
Úsáidfear cód ISO 3166-1-alpha-2 thír ionchorpraithe an chontrapháirtí, lena n-áirítear bréagchóid ISO le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta, atá le fáil sa leagan is déanaí de “Vademecum Comhardaithe Íocaíochtaí” Eurostat.
I gcás grúpaí cliant nasctha, ní thuairisceofar aon tír.
|
|
0050
|
Cineál táirge
Maidir leis na contrapháirtithe a thuairiscítear i gcolún 0010, sannfar cineál táirge dóibh a bheidh comhfhreagrach don táirge a eisíodh agus a bhfuarthas an cistiú ina leith nó a bhfuarthas an méid is mó cistithe ina leith le haghaidh cineálacha táirgí measctha, agus na cóid seo a leanas á n-úsáid a léirítear le cló trom:
UWF (cistiú neamhurraithe mórdhíola a fuarthas ó chustaiméirí airgeadais lena n-áirítear airgead idirbhainc)
UWNF (cistiú neamhurraithe mórdhíola a fuarthas ó chustaiméirí neamhairgeadais)
SFT (cistiú a fuarthas ó chomhaontuithe athcheannaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (82), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013)
CB (cistiú a fuarthas ó eisiúint bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear in Airteagal 129(4) nó (5), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE)
ABS (cistiú a fuarthas ó eisiúint urrúis shócmhainn-bhunaithe lena n-áirítear páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe)
CBM (cistiú bainc ceannais a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta)
IGUWF (cistiú neamhurraithe mórdhíola a fuarthas ó chontrapháirtithe inghrúpa)
IGSWF (cistiú urraithe mórdhíola a fuarthas ó chontrapháirtithe inghrúpa)
OSWF (cistiú urraithe mórdhíola eile)
OFP (táirgí cistiúcháin eile, e.g. cistiú miondíola)
|
|
0060
|
An méid a fuarthas
Maidir le méid iomlán an chistithe a fuarthas ó chontrapháirtithe a thuairiscítear i gcolún 0010, déanfar é a thaifeadadh i gcolún 0060 agus is sa cholún céanna a thuairisceoidh institiúidí na suimeanna glanluacha.
|
|
0070
|
Meánaibíocht ualaithe tosaigh
I gcás mhéid an chistithe a fuarthas agus a thuairiscítear i gcolún 0060, ón gcontrapháirtí a thuairiscítear i gcolún 0010, déanfar meánaibíocht ualaithe tosaigh (i laethanta) le haghaidh an chistithe sin a thaifeadadh i gcolún 0070.
Ríomhfar an mheánaibíocht ualaithe tosaigh mar mheánaibíocht tosaigh an chistithe a fuarthas ón gcontrapháirtí sin (i laethanta). Déanfar an meán a ualú bunaithe ar mhéid, is é sin go mbeidh an t-ualú bunaithe ar mhéideanna difriúla an chistithe a fuarthas i gcomhréir leis an gcistiú iomlán a fuarthas ón gcontrapháirtí sin.
I gcás dliteanais shuthaine, breithneoidh institiúidí aibíocht sheasta 20 bliana agus aibíocht aon lae le haghaidh taiscí prapéilimh.
|
|
0080
|
Meánaibíocht ualaithe iarmhair
I gcás mhéid an chistithe a fuarthas agus a thuairiscítear i gcolún 0060, ón gcontrapháirtí a thuairiscítear i gcolún 0010, déanfar meánaibíocht ualaithe iarmhair le haghaidh an chistithe sin a thaifeadadh i gcolún 0080 i laethanta.
Ríomhfar an mheánaibíocht ualaithe iarmhair mar mheánaibíocht an chistithe a fuarthas ón gcontrapháirtí sin, i dtéarmaí na laethanta atá fágtha. Déanfar an meán a ualú bunaithe ar mhéid, is é sin go mbeidh an t-ualú bunaithe ar mhéideanna difriúla an chistithe a fuarthas i gcomhréir leis an gcistiú iomlán a fuarthas ón gcontrapháirtí sin.
I gcás dliteanais shuthaine, breithneoidh institiúidí aibíocht sheasta 20 bliana agus aibíocht aon lae le haghaidh taiscí prapéilimh.
|
1.3. Comhchruinniú cistithe de réir an chineáil táirge (C 68.00)
1. Leis an teimpléad seo, bailítear faisnéis faoi chomhchruinniú cistiúcháin na n-institiúidí tuairiscithe de réir an chineáil táirge, arna léiriú mar chineálacha cistiúcháin mar a shonraítear sna treoracha seo a leanas maidir le rónna:
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
1. Cistiú miondíola
Taiscí miondíola mar a shainmhínítear iad in Airteagal 411, pointe 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus bannaí miondíola dá dtagraítear in Airteagal 28(6), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún.
|
|
0020
|
1.1. lena n-áirítear taiscí prapéilimh;
As an gcistiú miondíola i ró 0010 na taiscí ar taiscí prapéilimh iad.
|
|
0031
|
1.2. lena n-áirítear taiscí téarma nach bhfuil inaistarraingte laistigh de na 30 lá ina dhiaidh;
As an gcistiú miondíola i ró 0010 na taiscí ar taiscí téarma iad nach bhfuil inaistarraingte laistigh de na 30 lá ina dhiaidh.
|
|
0041
|
1.3. lena n-áirítear taiscí téarma atá inaistarraingte laistigh de na 30 lá ina dhiaidh;
As an gcistiú miondíola i ró 0010 na taiscí ar taiscí téarma iad atá inaistarraingthe laistigh de na 30 lá ina dhiaidh.
|
|
0070
|
1.4. Cuntais choigiltis
As an gcistiú miondíola i ró 0010 na cuntais choigiltis a bhfuil ceachtar den dá shaintréith seo ag baint leo:
— a bhfuil tréimhse fógra is faide ná 30 lá ag baint leo le haghaidh aistarraingthe
— nach bhfuil tréimhse fógra is faide ná 30 lá ag baint leo le haghaidh aistarraingthe.
Ní thuairisceofar an ró seo.
|
|
0080
|
1.4.1. a bhfuil tréimhse fógra is faide ná 30 lá ag baint leo le haghaidh aistarraingthe;
As an gcistiú miondíola i ró 0010 na cuntais choigiltis a bhfuil tréimhse fógra is faide ná 30 lá ag baint leo le haghaidh aistarraingthe
|
|
0090
|
1.4.2. nach bhfuil tréimhse fógra is faide ná 30 lá ag baint leo le haghaidh aistarraingthe
As an gcistiú miondíola i ró 0010 na cuntais choigiltis nach bhfuil tréimhse fógra is faide ná 30 lá ag baint leo le haghaidh aistarraingthe.
|
|
0100
|
2. Cistiú mórdhíola
Na contrapháirtithe uile seachas contrapháirtithe na dtaiscí miondíola mar a shainmhínítear in Airteagal 411, pointe (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 575/2013.
Ní thuairisceofar an ró seo.
|
|
0110
|
2.1. Cistiú neamhurraithe mórdhíola;
Na contrapháirtithe uile seachas contrapháirtithe na dtaiscí miondíola mar a shainmhínítear in Airteagal 411, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina bhfuil an cistiú neamhurraithe.
|
|
0120
|
2.1.1. lena n-áirítear iasachtaí agus taiscí ó chustaiméirí airgeadais;
As an gcistiú i ró 0110, an cistiú arb é atá ann iasachtaí agus taiscí ó chustaiméirí airgeadais.
Déanfar cistiú ó bhainc cheannais a eisiamh ón ró seo.
|
|
0130
|
2.1.2. lena n-áirítear iasachtaí agus taiscí ó chustaiméirí neamhairgeadais;
As an gcistiú i ró 0110, an cistiú arb é atá ann iasachtaí agus taiscí ó chustaiméirí neamhairgeadais.
Déanfar cistiú ó bhainc cheannais a eisiamh ón ró seo.
|
|
0140
|
2.1.3. lena n-áirítear iasachtaí agus taiscí ó eintitis inghrúpa;
As an gcistiú i ró 0110, an cistiú arb é atá ann iasachtaí agus taiscí ó eintitis inghrúpa, i gcás ina bhfuil an contrapháirtí ina mháthairghnóthas nó ina fhochuideachta den institiúid nó ina fhochuideachta eile den mháthairghnóthas céanna nó i gcás ina bhfuil sé nasctha leis an institiúid creidmheasa trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE.
Maidir le cistiú mórdhíola ó eintitis inghrúpa, ní dhéanfar sin a thuairisciú ach ar bhonn aonair nó fo-chomhdhlúite.
|
|
0150
|
2.2. Cistiú urraithe mórdhíola;
Na contrapháirtithe uile seachas contrapháirtithe na dtaiscí miondíola mar a shainmhínítear in Airteagal 411, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina bhfuil an cistiú urraithe.
|
|
0160
|
2.2.1. lena n-áirítear Idirbhearta um Maoiniú Urrús;
As an gcistiú i ró 0150, an cistiú sin ar cistiú é a fuarthas ó chomhaontuithe athcheannaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (82), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0170
|
2.2.2. lena n-áirítear eisiúintí bannaí faoi chumhdach;
As an gcistiú i ró 0150, an cistiú sin ar cistiú é a fuarthas ó eisiúint bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear in Airteagal 129(4) nó (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE.
|
|
0180
|
2.2.3. lena n-áirítear eisiúintí urrúis shócmhainn-bhunaithe;
As an gcistiú i ró 0150, an cistiú sin ar cistiú é a fuarthas ó eisiúint urrúis shócmhainn-bhunaithe lena n-áirítear páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe.
|
|
0190
|
2.2.4. lena n-áirítear dliteanais airgeadais seachas díorthaigh agus suíomhanna gearra ó eintitis inghrúpa.
As an gcistiú i ró 0150, an cistiú sin ar cistiú é a fuarthas ó eintitis inghrúpa, i gcás ina bhfuil an contrapháirtí ina mháthairghnóthas nó ina fhochuideachta den institiúid nó ina fhochuideachta eile den mháthairghnóthas céanna nó i gcás ina bhfuil sé nasctha leis an institiúid creidmheasa trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE.
Maidir le cistiú mórdhíola ó eintitis inghrúpa, ní dhéanfar sin a thuairisciú ach ar bhonn aonair nó fo-chomhdhlúite.
|
3. Le haghaidh gach cineáil táirge, tuairisceoidh na hinstitiúidí na colúin uile ó 0010 go 0050.
4. Na figiúirí a tuairiscíodh i rónna 1. “Miondíol”, 2.1. “Cistiú neamhurraithe mórdhíola”, 2.2. “Cistiú urraithe mórdhíola”, is féidir cineálacha táirgí níos leithne a bheith i gceist leo ná na hítimí foluiteacha a bhfuil “lena n-áirítear” luaite leo.
5. Ní thuairisceofar cothromas sa teimpléad seo.
6. Treoracha a bhaineann le colúin shonracha:
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Suim ghlanluacha a fuarthas
Déanfar suim ghlanluacha an chistithe a fuarthas le haghaidh gach ceann de na cineálacha táirgí a liostaítear sa cholún “Ainm an táirge” a thuairisciú i gcolún 0010 den teimpléad
|
|
0020
|
An méid a chumhdaítear le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE nó scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír
As méid iomlán an chistithe a fuarthas le haghaidh gach ceann de na cineálacha táirgí a liostaítear sa cholún “Ainm an táirge” a thuairiscítear i gcolún 0010, an méid a chumhdaítear le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE nó scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír.
Nóta: na méideanna a thuairiscítear i gcolúin 0020 agus 0030 le haghaidh gach ceann de na catagóirí táirgí a liostaítear sa cholún “Ainm an táirge”, beidh siad cothrom leis an méid iomlán a fuarthas a thuairiscítear i gcolún 0010.
|
|
0030
|
An méid nach gcumhdaítear le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE ná le scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír
As méid iomlán an chistithe a fuarthas le haghaidh gach ceann de na cineálacha táirgí a liostaítear sa cholún “Ainm an táirge” a thuairiscítear i gcolún 0010, an méid nach gcumhdaítear le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE nó scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír.
Nóta: na méideanna a thuairiscítear i gcolúin 0020 agus 0030 le haghaidh gach ceann de na cineálacha táirgí a liostaítear sa cholún “Ainm an táirge”, beidh siad cothrom leis an méid iomlán a fuarthas a thuairiscítear i gcolún 0010.
|
|
0040
|
Meánaibíocht ualaithe tosaigh
I gcás mhéid an chistithe a fuarthas agus a thuairiscítear i gcolún 0010, ó na cineálacha táirgí a liostaítear sa cholún “Ainm an táirge”, déanfar meánaibíocht ualaithe tosaigh (i laethanta) le haghaidh an chistithe sin a thaifeadadh i gcolún 0040.
Ríomhfar an mheánaibíocht ualaithe tosaigh mar mheánaibíocht tosaigh an chistithe a fuarthas le haghaidh an chineáil táirge sin (i laethanta). Déanfar an meán a ualú bunaithe ar mhéid, is é sin go mbeidh an t-ualú bunaithe ar mhéideanna difriúla an chistithe a fuarthas i gcomhréir leis an gcistiú iomlán a fuarthas ó gach eisiúint den chineál táirge sin.
|
|
0050
|
Meánaibíocht ualaithe iarmhair
I gcás mhéid an chistithe a fuarthas agus a thuairiscítear i gcolún 0010, ó na cineálacha táirgí a liostaítear sa cholún “Ainm an táirge”, déanfar meánaibíocht ualaithe iarmhair (i laethanta) le haghaidh an chistithe sin a thaifeadadh i gcolún 0050.
Ríomhfar an mheánaibíocht ualaithe iarmhair mar an mheánaibíocht (i laethanta) atá fágtha ar an gcistiú a fuarthas le haghaidh an chineáil táirge sin. Déanfar an meán a ualú bunaithe ar mhéid, is é sin go mbeidh an t-ualú bunaithe ar mhéideanna difriúla an chistithe a fuarthas i gcomhréir leis an gcistiú iomlán a fuarthas ó gach eisiúint den chineál táirge sin.
|
1.4. Praghsanna ar Fhaid Éagsúla Cistiúcháin (C 69.00)
1. Tuairisceoidh na hinstitiúidí an fhaisnéis faoi líon na n-idirbheart agus na praghsanna a d’íoc na hinstitiúidí as an gcistiú a fuarthas i rith na tréimhse tuairiscithe agus atá fós i láthair ag deireadh na tréimhse tuairiscithe i dteimpléad C 69.00 i gcomhréir leis na haibíochtaí tosaigh seo a leanas:
(a)
thar oíche i gcolúin 0010 agus 0020;
(b)
níos mó ná thar oíche agus níos lú ná 1 seachtain nó cothrom leis i gcolúin 0030 agus 0040;
(c)
níos mó ná 1 seachtain agus níos lú ná 1 mhí nó cothrom leis i gcolúin 0050 agus 0060;
(d)
níos mó ná 1 mhí agus níos lú ná 3 mhí nó cothrom leis i gcolúin 0070 agus 0080;
(e)
níos mó ná 3 mhí agus níos lú ná 6 mhí nó cothrom leis i gcolúin 0090 agus 0100;
(f)
níos mó ná 6 mhí agus níos lú ná 1 bhliain nó cothrom leis i gcolúin 0110 agus 0120;
(g)
níos mó ná 1 bhliain agus níos lú ná 2 bhliain nó cothrom leis i gcolúin 0130 agus 0140;
(h)
níos mó ná 2 bhliain agus níos lú ná 5 bliana nó cothrom leis i gcolúin 0150 agus 0160;
(i)
níos mó ná 5 bliana agus níos lú ná 10 mbliana nó cothrom leis i gcolúin 0170 agus 0180.
I gcás athluachálacha airgeadra, ní fhaightear aon chistiú nua san airgeadra tosaigh agus níl aon rud íoctha ag an institiúid tuairiscithe sa bhreis ar an bpraghas tosaigh tráth a taisceadh na cistí ar dtús. Dá réir sin, ní dhéantar incrimint dheimhneach de bharr na hathluachála airgeadra a thuairisciú sa teimpléad seo.
Ní dhéanfar foinsí cistithe ag a bhfuil aibíocht tosaigh os cionn 10 mbliana a thuairisciú.
2. Chun aibíocht an chistithe a fuarthas a chinneadh, tabharfaidh na hinstitiúidí neamhaird ar an tréimhse idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta, e.g. déanfar socraíocht dliteanais 3 mhí i gceann coicíse a thuairisciú san aibíocht 3 mhí (colúin 0070 agus 0080).
3. Beidh ceann díobh seo a leanas i gceist leis an gcorrlach a thuairiscítear sa cholún ar an taobh clé de gach eatramh ama:
4. an corrlach is iníoctha ag an institiúid ar dhliteanais níos lú ná bliain amháin nó cothrom leis, dá mbeidís le babhtáil chuig an innéacs tagarmhairc thar oíche le haghaidh an airgeadra iomchuí tráth nach déanaí ná am scoir gnó lá an idirbhirt;
5. an corrlach is iníoctha ag an ngnólacht tráth a n-eisiúna ar dhliteanais ag a bhfuil aibíocht tosaigh níos mó ná bliain amháin, dá mbeidís le babhtáil chuig an innéacs tagarmhairc 3 mhí ábhartha le haghaidh an airgeadra iomchuí (e.g. cuir i gcás 3M euribor le haghaidh EUR), tráth nach déanaí ná am scoir gnó lá an idirbhirt.
6. Chun an corrlach a ríomh faoi phointí a) agus b) thuas, agus chun na gcríoch sin amháin, ar bhonn taithí stairiúil, féadfaidh an institiúid an aibíocht tosaigh a chinneadh agus roghnaíocht á cur san áireamh aici nó gan roghnaíocht a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí.
7. Déanfar corrlaigh a thuairisciú i mbonnphointí agus beidh comhartha diúltach ag gabháil leo i gcás ina mbeidh an cistiú nua níos saoire ná mar atá faoin ráta tagarmhairc ábhartha. Ríomhfar ar bhonn meán ualaithe iad.
8. Chun an meánchorrlach is iníoctha ar eisiúintí/taiscí/iasachtaí iomadúla a ríomh, déanfaidh institiúidí an costas iomlán a ríomh in airgeadra na heisiúna agus neamhaird á tabhairt acu ar aon bhabhtáil FX, ach cuirfidh siad aon phréimh nó lascaine agus táillí iníoctha nó infhaighte san áireamh, agus téarma aon bhabhtála ráta úis teoiriciúla nó iarbhír atá comhoiriúnach le téarma an dliteanais á ghlacadh mar bhonn. Is é a bheidh sa chorrlach an ráta dliteanais lúide an ráta babhtála.
9. Déanfar méid an chistithe a fuarthas le haghaidh na gcatagóirí cistiúcháin a liostaítear sa cholún “Ítim” a thuairisciú sa cholún “méid” den eatramh ama is infheidhme.
10. Sa cholún “méid”, soláthróidh na hinstitiúidí na méideanna a léiríonn suim ghlanluacha an chistithe nua a fuarthas san eatramh ama is infheidhme i gcomhréir le haibíocht tosaigh.
11. Le haghaidh gach ítime, agus le haghaidh gealltanais lasmuigh den chlár comhardaithe, ní dhéanfaidh na hinstitiúidí ach na méideanna gaolmhara a léirítear sa chlár comhardaithe a thuairisciú. Maidir le gealltanas lasmuigh den chlár comhardaithe a thugtar don institiúid, ní dhéanfar é a thuairisciú in C 69.00 ach amháin tar éis íostarraingthe. I gcás íostarraingthe, is é an méid a tarraingíodh agus an corrlach is infheidhme ag deireadh na tréimhse tuairiscithe an méid agus an corrlach a bheidh le tuairisciú. I gcás nach féidir an íostarraingt a thar-rolladh de rogha na hinstitiúide, déanfar aibíocht iarbhír na híostarraingthe a thuairisciú. I gcás inar bhain an institiúid leas as an tsaoráid cheana féin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe, agus i gcás ina méadaíonn an institiúid an úsáid a bhaineann sí as an tsaoráid ina dhiaidh sin, ní dhéanfar ach an méid breise a tarraingíodh a thuairisciú.
12. Is é a bheidh i dtaiscí arna ndéanamh ag custaiméirí miondíola taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 411, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
13. Le haghaidh cistiú a tar-rolladh i rith na tréimhse tuairiscithe agus atá fós gan íoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, déanfar meán na gcorrlach is infheidhme ag an am sin (i.e. deireadh na tréimhse tuairiscithe) a thuairisciú. Chun críocha C 69.00, cistiú a tar-rolladh agus atá fós ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, measfar gur cistiú nua atá ann.
14. De chlaonadh ón gcuid eile de Roinn 1.4, ní dhéanfar méid agus corrlach taiscí prapéilimh a thuairisciú ach amháin i gcás nach raibh taisce prapéilimh ag an taisceoir sa tréimhse tuairiscithe roimhe nó i gcás ina bhfuil méadú ar mhéid na taisce i gcomparáid leis an dáta tagartha a bhí ann roimhe, agus sa chás sin, déileálfar leis an incrimint mar chistiú nua. Is é a bheidh sa chorrlach an corrlach ag deireadh na tréimhse.
15. I gcás nach mbeidh aon rud le tuairisciú, fágfar folamh na cealla a bhaineann le corrlaigh.
16. Ní thuairisceofar cothromas sa teimpléad seo.
17. Treoracha a bhaineann le rónna sonracha:
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
1 Cistiú Iomlán
Gheofar méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe an chistithe uile le haghaidh gach ceann de na faid ama a leanas mar a leanas:
(a) thar oíche i gcolúin 0010 agus 0020;
(b) níos mó ná thar oíche agus níos lú ná 1 seachtain nó cothrom leis i gcolúin 0030 agus 0040;
(c) níos mó ná 1 seachtain agus níos lú ná 1 mhí nó cothrom leis i gcolúin 0050 agus 0060;
(d) níos mó ná 1 mhí agus níos lú ná 3 mhí nó cothrom leis i gcolúin 0070 agus 0080;
(e) níos mó ná 3 mhí agus níos lú ná 6 mhí nó cothrom leis i gcolúin 0090 agus 0100;
(f) níos mó ná 6 mhí agus níos lú ná 1 bhliain nó cothrom leis i gcolúin 0110 agus 0120;
(g) níos mó ná 1 bhliain agus níos lú ná 2 bhliain nó cothrom leis i gcolúin 0130 agus 0140;
(h) níos mó ná 2 bhliain agus níos lú ná 5 bliana nó cothrom leis i gcolúin 0150 agus 0160;
(i) níos mó ná 5 bliana agus níos lú ná 10 mbliana nó cothrom leis i gcolúin 0170 agus 0180.
|
|
0020
|
1.1 Cistiú miondíola
As an gcistiú iomlán a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú ítim 1, méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe an chistithe miondíola a fuarthas.
|
|
0030
|
1.2 Cistiú neamhurraithe mórdhíola
As an gcistiú iomlán a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú ítim 1, méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe an chistithe neamhurraithe mórdhíola a fuarthas.
|
|
0035
|
1.2.1 lena n-áirítear: Urrúis shinsearacha neamhurraithe
As an gcistiú iomlán a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú ítim 1.2, méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe na n-urrús sinsearach neamhurraithe a fuarthas.
|
|
0045
|
1.3 Cistiú urraithe (nach ó Bhanc Ceannais é)
As an gcistiú iomlán a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú ítim 1, méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe an chistithe urraithe a fuarthas ó chontrapháirtí, nach Banc Ceannais é.
|
|
0065
|
1.3.1 lena n-áirítear: Bannaí faoi chumhdach
As an gcistiú urraithe iomlán a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú ítim 1.3, méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe gach eisiúna bannaí faoi chumhdach lena n-ualaítear sócmhainní dílse na hinstitiúide.
|
|
0075
|
1.3.2 lena n-áirítear: Urrúis shócmhainn-bhunaithe lena n-áirítear ABCP
As an gcistiú urraithe iomlán a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú ítim 1.3, méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe na n-urrús sócmhainn-bhunaithe a eisíodh lena n-áirítear páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe.
|
|
0080
|
1.4 Cistiú eile
As an gcistiú iomlán a thuairiscítear an dáta maidir le tuairisciú ítim 1, méid iomlán agus meánchorrlach ualaithe an chistithe nach n-áirítear an dáta maidir le tuairisciú ítimí 1.1 go 1.3, lena n-áirítear cistiú urraithe ó Bhainc Cheannais.
|
1.5. Tar-rolladh cistiúcháin (C 70.00)
1. Leis an teimpléad seo, bailítear faisnéis faoi mhéid na gcistí atá ag teacht in aibíocht agus faoi chistiú nua a fuarthas i.e. “tar-rolladh cistiúcháin” ar bhonn laethúil le linn na míosa roimh an dáta maidir le tuairisciú.
2. Tuairisceoidh na hinstitiúidí, i laethanta féilire, an cistiú atá acu atá ag teacht in aibíocht i gcomhréir leis na heatraimh ama seo a leanas i gcomhréir leis an aibíocht tosaigh:
(a)
thar oíche i gcolúin 0010 go 0040;
(b)
idir 1 lá agus 7 lá i gcolúin 0050 go 0080;
(c)
idir 7 lá agus 14 lá i gcolúin 0090 go 0120;
(d)
idir 14 lá agus 1 mhí i gcolúin 0130 go 0160;
(e)
idir 1 mhí agus 3 mhí i gcolúin 0170 go 0200;
(f)
idir 3 mhí agus 6 mhí i gcolúin 0210 go 0240;
(g)
níos faide ná 6 mhí i gcolúin 0250 go 0280.
3. Le haghaidh gach eatraimh ama ar a dtugtar tuairisc i bpointe 2, tuairisceofar an méid atá ag teacht in aibíocht sa cholún ar chlé, tuairisceofar an mhéid cistí a tar-rolladh sa cholún “Tar-rolladh”, tuairisceofar cistí nua a fhaightear sa cholún “Cistí Nua” agus tuairisceofar an ghlandifríocht idir cistí nua ar thaobh amháin agus méideanna tar-rollta lúide cistí atá ag teacht in aibíocht ar an taobh eile sa cholún ar dheis.
4. Tuairisceofar an glansreabhabh airgid iomlán i gcolún 290 agus beidh siad cothrom le suim gach colún “Glanmhéid” darb uimhir 0040, 0080, 0120, 0160, 0200, 0240 agus 0280.
5. Déanfar an meántéarma cistiúcháin, i laethanta, le haghaidh cistí téarma atá ag teacht in aibíocht, a thuairisciú i gcolún 0300.
6. Déanfar an meántéarma cistiúcháin, i laethanta, le haghaidh cistí tar-rollta, a thuairisciú i gcolún 0310
7. Déanfar an meántéarma cistiúcháin, i laethanta, le haghaidh cistí téarma nua, a thuairisciú i gcolún 0320.
8. Is é a bheidh sa mhéid atá “Ag teacht in aibíocht” na dliteanais uile a d’fhéadfadh soláthraí an chistithe a aistarraingt de réir an chonartha nó na dliteanais uile a bhí dlite ar an lá ábhartha sa tréimhse tuairiscithe. Déanfar é a thuairisciú le comhartha deimhneach i gcónaí.
9. Is é a bheidh sa mhéid “Tar-rollta” an méid atá ag teacht in aibíocht mar a shainmhínítear i bpointí 2 agus 3 atá fágtha leis an institiúid ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe. Déanfar é a thuairisciú le comhartha deimhneach i gcónaí. I gcás ina dtiocfaidh athrú ar aibíocht an chistithe i ngeall ar thar-rolladh, déanfar an méid “tar-rollta” a thuairisciú in eatramh ama i gcomhréir leis an aibíocht nua.
10. Is é a bheidh sa mhéid “Cistí nua” insreabhabh iarbhír cistithe ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe. Déanfar é a thuairisciú le comhartha deimhneach i gcónaí.
11. Measfar gur athrú cistithe laistigh de thréimhse ama aibíochta tosaigh ar leith é an “Glanmhéid” ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe, agus déanfar é a ríomh trí na cistí nua móide na cistí tar-rollta lúide na cistí atá teacht in aibíocht a chur isteach sa cholún “glanmhéid”.
12. Treoracha a bhaineann le colúin shonracha:
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010 go 0040
|
Thar oíche
Maidir le méid iomlán an chistithe atá ag teacht in aibíocht ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh thar oíche aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0010 d’ítim líne 1.1-1.31. Le haghaidh míonna ina bhfuil níos lú ná 31 lá agus le haghaidh deirí seachtaine freisin, fágfar folamh línte neamhábhartha.
Maidir le méid iomlán an chistithe a tar-rolladh ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh thar oíche aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0020 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir le méid iomlán an chistithe nua a fuarthas ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe a bhfuil aibíocht tosaigh thar oíche aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0030 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir leis an nglandifríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú a thagann in aibíocht go laethúil agus, ar an taobh eile, méideanna tar-rollta móide cistiú laethúil nua a fhaightear, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0040 d’ítim líne 1.1-1.31.
|
|
0050 go 0080
|
> 1 lá ≤ 7 lá
Maidir le méid iomlán an chistithe atá ag teacht in aibíocht ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir lá amháin agus seachtain amháin aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0050 d’ítim líne 1.1-1.31. Le haghaidh míonna ina bhfuil níos lú ná 31 lá agus le haghaidh deirí seachtaine freisin, fágfar folamh línte neamhábhartha.
Maidir le méid iomlán an chistithe a tar-rolladh ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir lá amháin agus seachtain amháin aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0060 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir le méid iomlán an chistithe nua a fuarthas ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir lá amháin agus seachtain amháin aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0070 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir leis an nglandifríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú atá ag teacht in aibíocht agus, ar an taobh eile, méideanna tar-rollta móide cistiú nua a fhaightear, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0080 d’ítim líne 1.1-1.31.
|
|
0090 go 0120
|
> 7 lá ≤ 14 lá
Maidir le méid iomlán an chistithe atá ag teacht in aibíocht ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir seachtain amháin agus coicís aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0090 d’ítim líne 1.1-1.31. Le haghaidh míonna ina bhfuil níos lú ná 31 lá agus le haghaidh deirí seachtaine freisin, fágfar folamh línte neamhábhartha.
Maidir le méid iomlán an chistithe a tar-rolladh ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir seachtain amháin agus coicís aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0100 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir le méid iomlán an chistithe nua a fuarthas ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir seachtain amháin agus coicís aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0110 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir leis an nglandifríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú atá ag teacht in aibíocht agus, ar an taobh eile, méideanna tar-rollta móide cistiú nua a fhaightear, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0120 d’ítim líne 1.1-1.31.
|
|
0130 go 0160
|
> 14 lá ≤ 1 mhí
Maidir le méid iomlán an chistithe atá ag teacht in aibíocht ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir coicís agus mí amháin aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0130 d’ítim líne 1.1-1.31. Le haghaidh míonna ina bhfuil níos lú ná 31 lá agus le haghaidh deirí seachtaine freisin, fágfar folamh línte neamhábhartha.
Maidir le méid iomlán an chistithe a tar-rolladh ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir coicís agus mí amháin aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0140 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir le méid iomlán an chistithe nua a fuarthas ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir coicís agus mí amháin aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0150 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir leis an nglandifríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú atá ag teacht in aibíocht agus, ar an taobh eile, méideanna tar-rollta móide cistiú nua a fhaightear, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0160 d’ítim líne 1.1-1.31.
|
|
0170 go 0200
|
> 1 Mhí ≤ 3 Mhí
Maidir le méid iomlán an chistithe atá ag teacht in aibíocht ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir mí amháin agus trí mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0170 d’ítim líne 1.1-1.31. Le haghaidh míonna ina bhfuil níos lú ná 31 lá agus le haghaidh deirí seachtaine freisin, fágfar folamh línte neamhábhartha.
Maidir le méid iomlán an chistithe a tar-rolladh ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir mí amháin agus trí mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0180 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir le méid iomlán an chistithe nua a fuarthas ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir mí amháin agus trí mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0190 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir leis an nglandifríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú atá ag teacht in aibíocht agus, ar an taobh eile, méideanna tar-rollta móide cistiú nua a fhaightear, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0200 d’ítim líne 1.1-1.31.
|
|
0210 go 0240
|
> 3 mhí ≤ 6 Mhí
Maidir le méid iomlán an chistithe atá ag teacht in aibíocht ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir trí mhí agus sé mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0210 d’ítim líne 1.1-1.31. Le haghaidh míonna ina bhfuil níos lú ná 31 lá agus le haghaidh deirí seachtaine freisin, fágfar folamh línte neamhábhartha.
Maidir le méid iomlán an chistithe a tar-rolladh ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir trí mhí agus sé mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0220 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir le méid iomlán an chistithe nua a fuarthas ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh d’idir trí mhí agus sé mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0230 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir leis an nglandifríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú atá ag teacht in aibíocht agus, ar an taobh eile, méideanna tar-rollta móide cistiú nua a fhaightear, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0240 d’ítim líne 1.1-1.31.
|
|
0250 go 0280
|
> 6 Mhí
Maidir le méid iomlán an chistithe atá ag teacht in aibíocht ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh níos mó ná sé mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0250 d’ítim líne 1.1-1.31. Le haghaidh míonna ina bhfuil níos lú ná 31 lá agus le haghaidh deirí seachtaine freisin, fágfar folamh línte neamhábhartha.
Maidir le méid iomlán an chistithe a tar-rolladh ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh níos mó ná sé mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0260 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir le méid iomlán an chistithe nua a fuarthas ar an lá ábhartha den tréimhse tuairiscithe agus a bhfuil aibíocht tosaigh níos mó ná sé mhí aige, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0270 d’ítim líne 1.1-1.31.
Maidir leis an nglandifríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú atá ag teacht in aibíocht agus, ar an taobh eile, méideanna tar-rollta móide cistiú nua a fhaightear, déanfar an méid sin a thuairisciú i gcolún 0280 d’ítim líne 1.1-1.31.
|
|
0290
|
Glansreabhabh airgid iomlán
Maidir leis an nglansreabhabh airgid iomlán atá cothrom le suim gach colún “Glanmhéid” darb uimhir 0040, 0080, 0120, 0160, 0200, 0240, 0280, déanfar é sin a thuairisciú i gcolún 0290.
|
|
0300 go 0320
|
Meántéarma (laethanta)
Maidir le meántéarma ualaithe na gcistí uile atá ag teacht in aibíocht, déanfar é a thuairisciú, i laethanta, i gcolún 0300. Maidir le meántéarma ualaithe na gcistí tar-rollta uile, déanfar é a thuairisciú, i laethanta, i gcolún 0310 agus maidir le meántéarma ualaithe na gcistí nua uile, déanfar é sin a thuairisciú, i laethanta, i gcolún 0320.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_FR -
EULAW_FR
|