+IARSCRÍBHINN XXI

IARSCRÍBHINN XXI




IARSCRÍBHINN XXI

TREORACHA CHUN COMHCHRUINNIÚ ACMHAINNE FRITHCHOTHROMAITHE A CHUR I gCRÍCH (C 71.00) D’IARSCRÍBHINN XX

An t-eisitheoir/contrapháirtí (CCC) a bheith ag díriú an chumais fhrithchothromaithe (CCC) (C 71.00)

1. Chun faisnéis a bhailiú faoi chomhchruinniú acmhainne frithchothromaithe na n-institiúidí tuairiscithe de réir na ndeich sealúchas sócmhainní nó línte leachtachta is mó a deonaíodh don institiúid chun na críche sin faoi theimpléad C 71.00, cuirfidh na hinstitiúidí na treoracha atá san Iarscríbhinn seo i bhfeidhm.

2. I gcás ina sannfar eisitheoir nó contrapháirtí do níos mó ná cineál amháin táirge, airgeadra nó céim cáilíochta creidmheasa, déanfar an méid iomlán a thuairisciú. Maidir leis an gcineál táirge, airgeadra nó céim cáilíochta creidmheasa, is iad na cinn is ábhartha don chion is mó den chomhchruinniú acmhainne frithchothromaithe na cinn a bheidh le tuairisciú.

3. Beidh an acmhainn frithchothromaithe in C 71.00 mar atá sí in C 66.01 leis an riachtanas gur neamhualaithe a bheidh na sócmhainní a thuairiscítear mar acmhainn frithchothromaithe chun críocha C 71.00 ionas go mbeidh siad ar fáil don institiúid chun iad a athrú ina n-airgead ar an dáta tuairiscithe tagartha.

4. Chun na comhchruinnithe a ríomh chun críche teimpléad C 71.00 a thuairisciú de réir airgeadra suntasach, úsáidfidh institiúidí na comhchruinnithe i ngach airgeadra.

5. I gcás inarb amhlaidh gur le roinnt grúpaí cliant nasctha eisitheoir nó contrapháirtí, ní dhéanfar é a thuairisciú ach uair amháin sa ghrúpa a bhfuil an méid acmhainne frithchothromaithe is airde aige.

6. Cé is moite de ró 0120, ní dhéanfar comhchruinnithe acmhainne frithchothromaithe lena mbaineann banc ceannais mar eisitheoir nó contrapháirtí a thuairisciú sa teimpléad seo. I gcás ina mbeidh sócmhainní réamhshocraithe ag institiúid ag banc ceannais le haghaidh oibríochtaí leachtachta caighdeánacha agus a mhéid a thagann na sócmhainní sin faoi na deich n-eisitheoir nó na deich gcontrapháirtí is mó d’acmhainn frithchothromaithe neamhualaithe, déanfaidh an institiúid an t-eisitheoir bunaidh agus an cineál táirge bunaidh a thuairisciú.



Colún

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Ainm an Eisitheora

Déanfar ainm na ndeich n-eisitheoir sócmhainní neamhualaithe nó na ndeich gcontrapháirtí línte leachtachta tiomanta neamhtharraingthe is mó a deonaíodh don institiúid a thaifeadadh i gcolún 0010 in ord íslitheach. Déanfar an ítim is mó a thaifeadadh in 1.01, an dara hítim is mó i mír líne 1.02, agus mar sin de. Eisitheoirí agus contrapháirtithe atá ina gcuid de ghrúpa cliant nasctha, déanfar iad sin a thuairisciú mar aon chomhchruinniú amháin.

Is é ainm iomlán an eintitis dhlítheanaigh ainm an eisitheora nó an chontrapháirtí a thuairisceofar, is é sin ainm iomlán an eintitis dhlítheanaigh a d’eisigh na sócmhainní nó a dheonaigh na línte leachtachta, lena n-áirítear aon tagairt do chineál na cuideachta i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí.

0020

Cód LEI

Cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh an chontrapháirtí.

0030

Earnáil an Eisitheora

Leithdháilfear earnáil amháin ar gach eisitheoir nó contrapháirtí ar bhonn na n-aicmí earnála eacnamaíche sa tuairisciú airgeadais seo a leanas ([FINREP] (cuid 1, Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo):

(i) Rialtais ghinearálta; (ii) Institiúidí creidmheasa; (iii) Corparáidí airgeadais eile; (iv) Corparáidí neamhairgeadais; (v) Teaghlaigh.

I gcás grúpaí cliant nasctha, ní thuairisceofar aon earnáil.

0040

Cónaí an Eisitheora

Úsáidfear cód ISO code 3166-1-alpha-2 thír ionchorpraithe an eisitheora nó an chontrapháirtí, lena n-áirítear bréagchóid ISO le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta, atá le fáil sa leagan is déanaí de “Vademecum Comhardaithe Íocaíochtaí” Eurostat.

I gcás grúpaí cliant nasctha, ní thuairisceofar aon tír.

0050

Cineál táirge

Maidir leis na hEisitheoirí/na Contrapháirtithe a thuairiscítear i gcolún 0010, sannfar cineál táirge dóibh a bheidh comhfhreagrach don táirge ina gcoinnítear an tsócmhainn nó a bhfuarthas an tsaoráid leachtachta teannta ina leith, ag úsáid na gcód seo a leanas a léirítear faoi chló trom:

SrB (Banna Sinsearach)

SubB (Fobhanna)

CP (Páipéar Tráchtála)

CB (Bannaí faoi Chumhdach)

US (slándáil-GCUI, i.e. ionstraimí airgeadais atá in ionannas le scair nó urrús a eisíonn Gnóthas le haghaidh Comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe)

ABS (Urrúis Shócmhainn-bhunaithe)

CrCl (Éileamh Creidmheasa)

Eq (Cothromas)

Ór (más ór fisiciúil atá ann, ar féidir é a láimhseáil mar chontrapháirtí aonair)

LiqL (líne leachtachta tiomanta neamhtharraingthe a deonaíodh don institiúid)

OPT (Cineál táirge eile)

0060

Airgeadra

Maidir le heisitheoirí nó contrapháirtithe a thuairiscítear i gcolún 0010, sannfar cód airgeadra ISO dóibh i gcolún 0060 a bheidh comhfhreagrach d’ainmníocht na sócmhainne a fuarthas nó do na línte leachtachta tiomanta neamhtharraingthe a deonaíodh don institiúid. Tuairisceofar cód aonaid trí litir an airgeadra i gcomhréir le ISO 4217.

I gcás ina mbeidh líne ilairgeadra ina cuid de chomhchruinniú in acmhainn frithchothromaithe, déanfar an líne a chomhaireamh san airgeadra arb é an t-airgeadra príomha é sa chuid eile den chomhchruinniú. Maidir le tuairisciú ar leithligh in airgeadraí suntasacha mar a shonraítear faoi Airteagal 415(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí measúnú ar an airgeadra inar dócha go dtarlóidh an sreabhadh agus ní dhéanfaidh siad an ítim a thuairisciú ach amháin san airgeadra suntasach sin, i gcomhréir leis na treoracha le haghaidh tuairisciú ar leithligh in airgeadraí suntasacha sna ceanglais maidir le cumhdach leachtachta (LCR), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/451.

0070

Céim na cáilíochta creidmheasa

Sannfar an chéim cáilíochta creidmheasa iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus beidh sí mar an gcéanna le céim cáilíochta creidmheasa na n-ítimí a thuairiscítear sa dréimire aibíochta. I gcás nach mbeidh aon rátáil ann, sannfar an chéim “neamh-rátáilte”.

0080

luach MMM/ainmniúil

Margadhluach nó luach cóir na sócmhainní, nó, i gcás inarb infheidhme, luach ainmniúil na líne leachtachta neamhtharraingthe a deonaíodh don institiúid.

0090

Luach na comhthaobhachta CB-incháilithe

An luach comhthaobhach i gcomhréir le rialacha an bhainc ceannais le haghaidh saoráidí seasmhacha le haghaidh na sócmhainní sonracha.

I gcás sócmhainní a ainmnítear in airgeadra a áirítear i Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/233 (*1) ón gCoimisiún mar airgeadra a bhfuil incháilitheacht bainc ceannais fíorchúng acu, fágfaidh institiúidí an réimse seo folamh.

(*1)   

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/233 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2015 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le hairgeadraí ina bhfuil sainmhíniú an-chúng ar incháilitheacht an bhainc cheannais de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 39, 14.2.2015, lch. 11).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_FR -

    EULAW_FR