+IARSCRÍBHINN XXVII TREORACHA TUAIRISCITHE CHUN G-SIInna A SHAINAITHINT AGUS RÁTAÍ MAOLÁNACHA G-SII A SHANNADH

IARSCRÍBHINN XXVII TREORACHA TUAIRISCITHE CHUN G-SIInna A SHAINAITHINT AGUS RÁTAÍ MAOLÁNACHA G-SII A SHANNADH




IARSCRÍBHINN XXVII

TREORACHA TUAIRISCITHE CHUN G-SIInna A SHAINAITHINT AGUS RÁTAÍ MAOLÁNACHA G-SII A SHANNADH

Clár Ábhar

CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA

1.

STRUCHTÚR AGUS GNÁSANNA

1.1.

STRUCHTÚR

1.2.

GNÁS UIMHRIÚCHÁIN

1.3.

GNÁS MAIDIR LE COMHARTHAÍ

CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID

1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

2.

TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA

CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA

1.   Struchtúr agus gnásanna

1.1.   Struchtúr

1. Is éard atá sna ceanglais tuairiscithe seo a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le hinstitiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIIanna) a shainaithint agus lena sanntar rátaí maolánacha G-SII comhfhreagracha, teimpléad amháin lena léirítear faisnéis faoi tháscairí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus míreanna áirithe is gá chun modheolaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII comhfhreagracha a shannadh.

1.2.   Gnás uimhriúcháin

2. Cloítear sa doiciméad leis an ngnás lipéadaithe mar a leagtar amach i bpointí 3 go 5 i gcás ina dtagraítear do cholúin, rónna agus cealla na dteimpléad. Úsáidtear na cóid uimhriúla sin go forleathan sna rialacha bailíochtaithe.

3. Cloítear leis an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún}.

4. I gcás tagairtí a dhéantar laistigh de theimpléad, agus nach n-úsáidtear ach pointí sonraí an teimpléid sin dá bhrí sin, ní áirítear teimpléad leis an nodaireacht: {Ró; Colún}. I gcás teimpléid nach bhfuil ach aon cholún amháin iontu, ní thagraítear ach do rónna {Teimpléad; Ró}.

5. Úsáidtear réiltín le léiriú go ndéanann an tagairt na rónna nó na colúin a shonraítear roimhe a ghabháil.

1.3.   Gnás maidir le comharthaí

6. Déanfar aon mhéid lena méadaítear luach an táscaire, na sócmhainní, na ndliteanas nó na risíochtaí a thuairisciú mar fhigiúr deimhneach. Déanfar aon mhéid lena laghdaítear luach an táscaire, na sócmhainní, na ndliteanas nó na risíochtaí a thuairisciú mar fhigiúr diúltach. I gcás ina bhfuil comhartha diúltach (-) roimh lipéad ítime, níltear ag súil go dtuairiscítear aon fhigiúr deimhneach don ítim sin.

CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID

1.   Barúlacha ginearálta

8. Tá an teimpléad roinnte ina dhá roinn. Tá san áireamh leis an roinn uachtarach faoi tháscairí G-SII na táscairí chun institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo a aithint mar a shainmhínítear sa mhodheolaíocht a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht. Sa roinn íochtarach, tá líon míreanna is gá chun na táscairí ábhartha a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht mar a shainmhínítear ar bhonn Airteagal 131(18) de Threoir 2013/36/AE ( 21 ).

9. I gcás inarb ábhartha, beidh an fhaisnéis a sholáthraítear sa teimpléad seo comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a sholáthraítear d’údaráis ábhartha chun críocha bhailiú na luachanna táscaire ag údaráis ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún ( 22 ).

2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha



Ró

Tagairtí dlí agus treoracha

0010 – 0130

Táscairí G-SII

Beidh an míniú a thugtar ar na táscairí mar an gcéanna leis an míniú a cuireadh i bhfeidhm chun críocha an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún a chinneadh.

I gcás ina mbeidh athruithe ar na sainmhínithe sa mhodheolaíocht sin, is iad na sainmhínithe leasaithe sin sa mhodheolaíocht atá infheidhme maidir le luachanna na dtáscairí a chinneadh ag deireadh na bliana airgeadais (“modheolaíocht deireadh bliana”) a úsáidfear chun faisnéis a thuairisciú ag deireadh na chéad cheathrún, na dara ceathrún agus na tríú ceathrún den bhliain airgeadais chéanna. I gcás ina mbíonn an teimpléad d’Iarscríbhinn XXVI faoi réir leasuithe i gcaitheamh na bliana airgeadais i gceist, cuirfear an mhodheolaíocht deireadh bliana i bhfeidhm ó na chéad dátaí tagartha is infheidhme tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh.

Maidir le táscairí ar bearta sreafa iad, déanfar iad a thuairisciú ar bhonn carnach ó thús na bliana féilire nó na bliana airgeadais, de réir mar is infheidhme.

0010

Neamhchosaintí iomlána, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais

0020

Sócmhainní inchórais airgeadais, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais

0030

Dliteanais inchórais airgeadais, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais

0040

Urrúis gan íoc, lena n-áirítear urrúis arna n-eisiúint ag fochuideachtaí árachais

0050

Gníomhaíocht íocaíochtaí

0060

Sócmhainní faoi chumhdach

0070

Gníomhaíocht frithgheallta

0081

Méid trádála – ioncam seasta

0085

Méid trádála – cothromais agus urrúis eile

0090

Méid barúlach díorthach OTC, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais

0100

Urrúis trádála agus AFS

0110

Sócmhainní Leibhéal 3, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais

0120

Éilimh thrasdlínse

0130

Dliteanais trasdlínse

0140 – 0160

Ítimí a láimhseálann an tAontas Baincéireachta Eorpach (EBU) mar dhlínse aonair

Chun críocha na hítimí a shonraítear thíos a chinneadh agus in éagmais sonraíochtaí sna treoracha thíos, déanfar na sainmhínithe agus na coincheapa a chuirtear i bhfeidhm a ailíniú, a mhéid is féidir, leis na sainmhínithe agus na coincheapa a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le staitisticí baincéireachta idirnáisiúnta BIS a thuairisciú.

De mhaolú air sin, maidir le gníomhaíochtaí na n-eintiteas tuairiscithe sna Ballstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déanfar iad a eisiamh, i.e. measfar gur aon dlínse amháin iad na Ballstáit rannpháirteacha.

0140

Éilimh eachtracha iomlána ar bhonn priacal deiridh

Is éard a bheidh sna héilimh eachtracha iomlána suim na n-éileamh trasteorann agus éilimh áitiúla cleamhnaithe eachtracha san airgeadra áitiúil nó seachtrach. Eisiafar éilimh ó shuímh i gconarthaí díorthach. Maidir le “éilimh”, “éilimh thrasteorann”, “éilimh áitiúla cleamhnaithe eachtracha san airgeadra áitiúil agus seachtrach”, beidh an bhrí chéanna leo agus a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le staitisticí baincéireachta idirnáisiúnta BIS a thuairisciú.

Ciallóidh “ar bhonn priacal deiridh”, chun críocha a chinneadh cibé acu an éileamh trasteorann nó áitiúil an t-éileamh i gceist, go sannfar an suíomh do thríú páirtí atá ar conradh chun fiachais nó oibleagáidí an chontrapháirtí phríomha a ghlacadh má theipeann ar an gcontrapháirtí sin feidhmiú, i gcás inarb ann do thríú páirtí den sórt sin. Déanfar an sannadh sin i gcomhréir leis na forálacha maidir le haistrithe priacal dá bhforáiltear sna Treoirlínte maidir le staitisticí baincéireachta idirnáisiúnta BIS a thuairisciú.

0150

Éilimh díorthach eachtracha ar bhonn priacal deiridh

Luach cóir deimhneach na n-éileamh díorthach ar éilimh thrasteorann nó éilimh áitiúla cleamhnaithe eachtracha san airgeadra áitiúil nó seachtrach iad.

Díorthaigh lena n-áirítear réamhchonarthaí, babhtálacha, agus roghanna a bhaineann le hionstraimí malairte eachtraí, ráta úis, cothromais, tráchtearraí agus creidmheasa. Áirítear leis sin díorthaigh chreidmheasa a ceannaíodh lena bhfálaítear nó lena ndéantar cosaint creidmheasa a dhíoltar a fhritháireamh nó díorthaigh chreidmheasa arna sealbhú le trádáil.

I gcás díorthaigh chreidmheasa den sórt sin a ceannaíodh, ní dhéanfar luach an díorthaigh a uasteorannú ag luach an éilimh láithrigh dar ceannaíodh é lena ráthú.

Ní fhéadfaí luachanna córa deimhneacha conarthaí díorthach a fhritháireamh in aghaidh luachanna córa diúltacha ach amháin i gcás ina ndearnadh na suímh a fhorghníomhú leis an gcontrapháirtí céanna faoi chomhaontú glanluachála is infheidhme le dlí. Ní áireofar san ítim seo ach tacair ghlanluachála a bhfuil luach deimhneach acu.

Déanfar na héilimh díorthach a thuairisciú glan ar aon chomhthaobhacht airgid.

Chun críocha faisnéis a thuairisciú ar bhonn priacal deiridh, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

a)  I gcás ina mbainfidh an priacal deiridh leis an gcontrapháirtí, meastar go bhfuil díorthach ina dhíorthach eachtrach mura bhfuil an contrapháirtí i ndlínse baile na n-eintiteas tuairiscithe.

b)  I gcás ina mbainfidh an priacal deiridh leis an ráthóir, meastar go bhfuil díorthach ina dhíorthach eachtrach mura bhfuil an ráthóir i ndlínse baile na n-eintiteas tuairiscithe.

0160

Dliteanais eachtracha ar bhonn priacal láithreach, lena n-áirítear díorthaigh

Is éard a bheidh i gceist le dliteanais eachtracha, lena n-áirítear díorthaigh, suim na ndliteanas eachtrach agus na ndliteanas eachtrach a thagann de dhíorthaigh. Eisiafar ón ítim seo dliteanais urrús ar sócmhainní airgeadais intrádála iad a eisíonn an institiúid tuairiscithe.

Beidh an míniú ar dhíorthaigh mar an gcéanna leis an míniú a cuireadh i bhfeidhm i ró 0150.

Ní fhéadfar luachanna córa diúltacha conarthaí díorthach a fhritháireamh in aghaidh luachanna córa deimhneacha ach amháin i gcás ina ndearnadh na suíomhanna a fhorghníomhú leis an gcontrapháirtí céanna faoi chomhaontú glanluachála is infheidhme le dlí. Déanfar na dliteanais díorthach a thuairisciú glan ar aon chomhthaobhacht (airgid agus neamhairgid).

‘Ciallóidh “ar bhonn priacal deiridh”, chun críocha a chinneadh cibé acu an éileamh trasteorann nó áitiúil an t-éileamh i gceist, go sannfar an suíomh do chontrapháirtí díreach an chonartha.

(1)   

Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_FR -

    EULAW_FR