6. Ní bhainfidh an sealbhóir sonraí úsáid as sonraí atá ar fáil go héasca chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an tríú páirtí ná ar úsáid an tríú páirtí ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an tríú páirtí sna margaí ina bhfuil an tríú páirtí gníomhach, murar thug an tríú páirtí cead leis an úsáid sin agus mura bhfuil an deis theicniúil aige nó aici an cead sin a tharraingt siar go héasca tráth ar bith.