11. In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil arna ndéanamh ag an tríú páirtí de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin, ar bhonn eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí arna n-iarraidh, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don triú páirtí gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé nó sí fógra don údarás inniúil náisiúnta arna ainmniú de bhun Airteagal 37.