2. Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar sonraí agus úsáid sonraí nó le dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú na n-oibleagáidí a bhaineann le sonraí, nó maidir le foirceannadh na n-oibleagáidí sin, ní bheidh an téarma sin ceangailteach más rud é gurb ionann é agus téarma conarthach éagórach de réir bhrí Airteagal 13 nó, chun dochar don úsáideoir, má eisiatar leis éifeacht chur i bhfeidhm chearta an úsáideora faoi Chaibidil II, nó má mhaolaítear ar an éifeacht sin nó má athraítear í.