+Airteagal 17 2
|
Airteagal 17 2
2. Maidir le hiarraidh ar shonraí arna déanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méid seo a leanas i gceist léi:
|
(a)
|
déanfar i scríbhinn í agus cuirfear in iúl iad i bhfriotal soiléir, gonta agus simplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí;
|
|
(b)
|
beidh sí sonrach maidir leis an gcineál sonraí a iarrtar agus comhfhreagróidh sí do shonraí ag a bhfuil rialú ag sealbhóir na sonraí tráth an iarratais;
|
|
(c)
|
beidh sí comhréireach leis an riachtanas eisceachtúil atá ann agus beidh údar cuí léi, maidir le gráinneacht agus méid na sonraí a iarrtar agus maidir le minicíocht rochtana na sonraí arna n-iarraidh;
|
|
(d)
|
urramóidh sí aidhmeanna dlisteanacha an tsealbhóra sonraí, beidh sí tiomanta cosaint rún trádála a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 19(3), agus an costas agus iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil;
|
|
(e)
|
bainfidh sí le sonraí neamhphearsanta, agus sa chás amháin go léirítear nach leor sin chun freagairt don ghá eisceachtúil atá le sonraí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a), sonraí pearsanta faoi ainm bréige a iarraidh agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le déanamh chun na sonraí a chosaint a bhunú;
|
|
(f)
|
cuirfidh sí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi na pionóis a bheidh le forchur de bhun Airteagal 40 ag an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 i gcás neamh-chomhlíonadh na hiarrata;
|
|
(g)
|
i gcás inarb é comhlacht de chuid na hearnála poiblí a dhéanann an iarraidh, déanfar í a tharchur chuig an gcomhordaitheoir sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 37, de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí iarrthach bunaithe, agus cuirfidh sé an iarraidh ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí mura rud é go measann an comhordaitheoir sonraí go gcruthófaí le foilsiú den sórt sin riosca don tslándáil phoiblí;
|
|
(h)
|
i gcás ina ndéanann an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an iarraidh, cuirfear í ar fáil ar líne gan moill mhíchuí;
|
|
(i)
|
i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, tabharfar fógra gan moill mhíchuí don údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí bunaithe.
|
Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí an Aontais an Coimisiún ar an eolas faoina n-iarrataí.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|