1. Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh, ina n-aonar nó, i gcás inarb ábhartha, i dteannta a chéile, leis an údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, ina bhfuil a n-ionad oibre nó a n-áit bhunaithe má mheasann siad gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo. Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, arna iarraidh sin, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha chun a ngearáin a dhéanamh leis an údarás inniúil iomchuí.