+Airteagal 9 2
|
Airteagal 9 2
2. Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:
|
(a)
|
tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(i)
|
tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;
|
|
(ii)
|
ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an chúis arb inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis, trí thagairt do cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha sonracha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sáraíodh i gcomhréir le dlí an Aontais;
|
|
(iii)
|
faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;
|
|
(iv)
|
faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint agus a aimsiú, amhail URL beacht amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise;
|
|
(v)
|
faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-inneachar;
|
|
(vi)
|
i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le cé acu údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;
|
|
|
(b)
|
tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach;
|
|
(c)
|
déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|