+RIALACHÁN (AE) 2016/1952 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
------+Airteagal 2 (1)
------+Airteagal 2 (2)
------+Airteagal 2 (3)
------+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 3 Foinsí sonraí
------+Airteagal 3 (a)
------+Airteagal 3 (b)
------+Airteagal 3 (c)
---+Airteagal 4 Cumhdach
------+Airteagal 4 1
------+Airteagal 4 2
------+Airteagal 4 3
---+Airteagal 5 Sonraí a tharchur
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 5 3
---+Airteagal 6 Tréimhsí tagartha agus minicíocht tarchuir
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
---+Airteagal 7 Dearbhú cáilíochta
------+Airteagal 7 1
------+Airteagal 7 2
------+Airteagal 7 3
------+Airteagal 7 4
------+Airteagal 7 5
---+Airteagal 8 Scaipeadh
---+Airteagal 9 Maoluithe
------+Airteagal 9 1
------+Airteagal 9 2
------+Airteagal 9 3
------+Airteagal 9 4
---+Airteagal 10 An nós imeachta coiste
------+Airteagal 10 1
------+Airteagal 10 2
---+Airteagal 11 Treoir 2008/92/CE a aisghairm
------+Airteagal 11 1
------+Airteagal 11 2
------+Airteagal 11 3
---+Airteagal 12 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I
------+1. Praghsanna
------+2. Gás nádúrtha
------+3. Aonaid tuairiscithe
------+4. Aonaid tomhais
------+5. Bandaí tomhaltais
------+6. Leibhéal an mhionsonraithe
------+7. Méideanna tomhaltais
---+IARSCRÍBHINN II
------+1. Praghsanna
------+2. Aonaid tuairiscithe
------+3. Aonaid tomhais
------+4. Bandaí tomhaltais
------+5. Leibhéal an mhionsonraithe
------+6. Méideanna tomhaltais
|
English -
European Union -
Energy -
RIALACHÁN (AE) 2016/1952 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
RIALACHÁN (AE) 2016/1952 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Deireadh Fómhair 2016
maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1)
|
Is iad an t-iomaíochas, an inbhuanaitheacht agus slándáil fuinnimh na spriocanna uileghabhálacha atá ag teastáil le haghaidh aontas fuinnimh athléimneach a chuireann beartas réamhbhreathnaitheach um athrú aeráide i bhfeidhm.
|
|
(2)
|
Is gá na sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh a bheith ar ardcháilíocht, inchomparáide, cothrom le dáta, iontaofa agus comhchuibhithe chun beartas an aontais fuinnimh a dhréachtú agus chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh na mBallstát.
|
|
(3)
|
Is é is aidhm don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le creat coiteann do staidreamh Eorpach chun tacú le beartais fuinnimh, go háirithe ar mhaithe le margadh fuinnimh a bheidh lánpháirtithe ina iomláine a chruthú do chustaiméirí. Ba cheart níos mó trédhearcachta i dtaobh costais agus praghsanna fuinnimh, agus i dtaobh leibhéal na tacaíochta poiblí, a chur ar fáil chun lánpháirtiú an mhargaidh a fheabhsú. Sa Rialachán seo, níl aon chomhchuibhiú ar struchtúr na bpraghsanna nó na muirear ar fud na mBallstát i gceist.
|
|
(4)
|
Go dtí seo, bhí creat coiteann ann faoi Threoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun staidreamh inchomparáide i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí tionsclaíocha san Aontas a tháirgeadh, a tharchur agus a scaipeadh.
|
|
(5)
|
Go dtí seo, bailíodh na sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh san earnáil teaghlaigh ar bhonn comhaontú deonach.
|
|
(6)
|
I ngeall ar chastacht an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh, castacht atá ag dul i méid, tá sé ag éirí níos deacra sonraí iontaofa agus cothrom le dáta i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a fháil in éagmais oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh dlí a bheith i bhfeidhm chun sonraí den sórt sin a sholáthar, go háirithe i dtaobh na hearnála teaghlaigh.
|
|
(7)
|
Chun tuairisciú sonraí ardcháilíochta i dtaobh praghsanna a áirithiú don earnáil teaghlaigh agus don earnáil neamhtheaghlaigh, ba cheart bailiú an dá chineál sonraí sin a chumhdach faoi ghníomh reachtach.
|
|
(8)
|
I bhformhór na mBallstát, tá sonraí i dtaobh córais tarchuir ar fáil ó rialtóirí fuinnimh. Mar sin féin, tá líon i bhfad níos mó tiomsaitheoirí sonraí páirteach i gcostais dáileacháin agus meastar go bhfuil an tuairisciú sonraí níos deacra i mBallstáit áirithe. I bhfianaise a shuntasaí agus atá costais dáileacháin agus an gá atá le trédhearcacht sa chás seo, le bailiú sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, ba cheart na cleachtais sheanbhunaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach a leanúint.
|
|
(9)
|
Ba cheart an margadh a bheith trédhearcach agus sonraí neamhrúnda i dtaobh praghsanna a bheith á scaipeadh go forleathan de bharr an chórais um bandaí tomhaltais atá in úsáid ag an gCoimisiún (Eurostat) ina bhfoilseacháin maidir le praghsanna, agus ba cheart bheith in ann comhiomláin Eorpacha a ríomh ar an gcaoi sin freisin.
|
|
(10)
|
Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an creat tagartha maidir le staidreamh Eorpach. Foráiltear leis an Rialachán sin go ndéanfar staidreamh a bhailiú i gcomhréir le prionsabail na neamhchlaontachta, na trédhearcachta, na hiontaofachta, na hoibiachtúlachta, an neamhspleáchais ghairmiúil agus na héifeachtúlachta costais, agus go ndéanfar rúndacht an staidrimh a chosaint ag an am céanna.
|
|
(11)
|
Ba cheart do na Ballstáit na sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a thiomsú trí úsáid a bhaint as na foinsí agus na modhanna is iomchuí chun an fhaisnéis is gá a sholáthar.
|
|
(12)
|
Leis na sonraí i dtaobh praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha agus leictreachais, ba cheart bheith in ann comparáidí a dhéanamh le praghsanna tráchtearraí fuinnimh eile.
|
|
(13)
|
Ba cheart faisnéis faoi bhailiú sonraí i dtaobh praghsanna agus faoi cháilíocht na sonraí a chur ar fáil mar chuid de nós imeachta tuairiscithe caighdeánach.
|
|
(14)
|
Is cuid riachtanach de staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais iad sonraí mionsonraithe i dtaobh miondealú bandaí tomhaltais agus a sciaranna faoi seach den mhargadh.
|
|
(15)
|
Ní féidir anailís a dhéanamh ar phraghsanna ach amháin má tá staidreamh oifigiúil ar ardcháilíocht ar fáil ó na Ballstáit i dtaca leis na comhpháirteanna agus na fo-chomhpháirteanna éagsúla de phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais. Beifear in ann anailís a dhéanamh ar thionchar na ngnéithe éagsúla ar na praghsanna deiridh a bhuíochas le modheolaíocht athbhreithnithe lena ndéantar miondealú mionsonraithe ar chomhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna éagsúla praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh.
|
|
(16)
|
Sna sonraí a chuirtear ar fáil don Choimisiún (Eurostat) i dtaobh praghsanna agus coinníollacha díola le custaiméirí deiridh, agus sa mhiondealú a dhéantar ar an líon custaiméirí deiridh de réir tomhaltais i ngach banda tomhaltais, ba cheart an fhaisnéis go léir a bheith iontu chun a chur ar chumas an Choimisiúin bearta nó tograí iomchuí a chinneadh i dtaca le beartas fuinnimh.
|
|
(17)
|
Is gá tuiscint mhaith ar na cánacha, ar na táillí, ar na tobhaigh agus ar na muirir i ngach Ballstát chun trédhearcacht praghsanna a áirithiú. Táthar tar éis a shainaithint a thábhachtaí atá sé sonraí a mhiondealú de réir costais ghréasáin, cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir.
|
|
(18)
|
Ba cheart na Ballstáit ina bhfuil tomhaltas gáis nádúrtha ina chion íseal de thomhaltas fuinnimh deiridh na dteaghlach a dhíolmhú ón oibleagáid sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh deiridh a sholáthar.
|
|
(19)
|
Chun iontaofacht sonraí a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún (Eurostat), in éineacht leis na Ballstáit, measúnú a dhéanamh agus, más gá sin, feabhas a chur ar an modheolaíocht chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil ar bhealach beacht, agus é a thabhairt i gcomhréir leis an gcreat rialachais maidir le staidreamh. Ba cheart, dá bhrí sin, tuarascálacha cáilíochta a ullmhú go rialta agus measúnuithe ar cháilíocht na sonraí i dtaobh praghsanna a dhéanamh go rialta.
|
|
(20)
|
Ar bhonn iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát, ba cheart an Coimisiún bheith i dteideal maoluithe a dheonú don Bhallstát sin i ndáil le hoibleagáidí sonracha i gcás ina dteastódh coigeartuithe móra ar chóras staidrimh náisiúnta an Bhallstáit sin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm nó nuair is dócha go mbeadh ualach suntasach breise ar fhreagróirí dá bhrí sin.
|
|
(21)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an bhformáid agus na socruithe i dtaca leis na sonraí a tharchur, i ndáil leis na ceanglais theicniúla um dhearbhú cáilíochta maidir le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta caighdeánacha, agus i ndáil le maoluithe a dheonú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
|
|
(22)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú chun staidreamh Eorpach maidir le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a thiomsú go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
|
|
(23)
|
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/92/CE a aisghairm.
|
|
(24)
|
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Deireadh Fómhair 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
I. LESAY
|
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann chun staidreamh inchomparáide Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh san Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
Airteagal 3 Foinsí sonraí
|
Tiomsóidh na Ballstáit sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, agus a gcomhpháirteanna agus a bhfo-chomhpháirteanna a bhaineann le costais gréasáin, cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir, agus i dtaobh méideanna tomhaltais, i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II. Úsáidfear ceann amháin nó níos mó de na foinsí seo a leanas, tar éis an prionsabal maidir leis an ualach ar fhreagróirí a laghdú agus prionsabal an tsimplithe riaracháin a chur san áireamh:
|
|
Airteagal 4 Cumhdach
|
|
|
Airteagal 5 Sonraí a tharchur
|
|
|
Airteagal 6 Tréimhsí tagartha agus minicíocht tarchuir
|
|
|
Airteagal 7 Dearbhú cáilíochta
|
|
|
Airteagal 8 Scaipeadh
|
Airteagal 8
Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais tráth nach déanaí ná cúig mhí tar éis dheireadh gach tréimhse tagartha.
|
|
Airteagal 9 Maoluithe
|
|
|
Airteagal 10 An nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 11 Treoir 2008/92/CE a aisghairm
|
|
|
Airteagal 12 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 12
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2016.
(2) Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh tionsclaíocha a fheabhsú (IO L 298, 7.11.2008, lch. 9).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch.1).
(6) Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).
(7) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
|
|
IARSCRÍBHINN I
|
IARSCRÍBHINN I
|
|
IARSCRÍBHINN II
|
IARSCRÍBHINN II
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|