+RIALACHÁN (Euratom) 2025/1304 ÓN gCOMHAIRLE an 23 Meitheamh 2025 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh na tréimhse 2026-2027 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) 2021/765
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 2 Sainmhínithe
------+Airteagal 3 Cuspóirí an chláir
---------+Airteagal 3 1
---------+Airteagal 3 2
---------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 4 Buiséad
---------+Airteagal 4 1
---------+Airteagal 4 2
---------+Airteagal 4 3
---------+Airteagal 4 4
---------+Airteagal 4 5
---------+Airteagal 4 6
---------+Airteagal 4 7
------+Airteagal 5 Tríú tíortha atá comhlachaithe le Clár Euratom 2026-2027
---------+Airteagal 5 1
---------+Airteagal 5 2
---------+Airteagal 5 3
---------+Airteagal 5 4
---------+Airteagal 5 5
------+Airteagal 6 Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin
---------+Airteagal 6 1
---------+Airteagal 6 2
---------+Airteagal 6 3
---------+Airteagal 6 4
------+Airteagal 7 Comhpháirtíochtaí Eorpacha
---------+Airteagal 7 1
---------+Airteagal 7 2
---------+Airteagal 7 3
---------+Airteagal 7 4
------+Airteagal 8 An eolaíocht oscailte
------+Airteagal 9 Gníomhaíochtaí incháilithe agus rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh torthaí taighde
---------+Airteagal 9 1
---------+Airteagal 9 2
---------+Airteagal 9 3
---------+Airteagal 9 4
---------+Airteagal 9 5
------+Airteagal 10 Maoiniú carnach, malartach agus comhcheangailte
---------+Airteagal 10 1
---------+Airteagal 10 2
---------+Airteagal 10 3
---------+Airteagal 10 4
---+CAIBIDIL II CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
------+Airteagal 11 Cláir oibre
---------+Airteagal 11 1
---------+Airteagal 11 2
---------+Airteagal 11 3
------+Airteagal 12 Faireachán agus tuairisciú
---------+Airteagal 12 1
---------+Airteagal 12 2
---------+Airteagal 12 3
------+Airteagal 13 Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus scaipeadh agus saothrú
---------+Airteagal 13 1
---------+Airteagal 13 2
---------+Airteagal 13 3
---------+Airteagal 13 4
------+Airteagal 14 Meastóireacht
---------+Airteagal 14 1
---------+Airteagal 14 2
---------+Airteagal 14 3
------+Airteagal 15 Iniúchtaí
---------+Airteagal 15 1
---------+Airteagal 15 2
---------+Airteagal 15 3
---------+Airteagal 15 4
---------+Airteagal 15 5
---------+Airteagal 15 6
------+Airteagal 16 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 16 1
---------+Airteagal 16 2
---------+Airteagal 16 3
---------+Airteagal 16 4
---------+Airteagal 16 5
---------+Airteagal 16 6
------+Airteagal 17 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
---+CAIBIDIL III FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 18 Aisghairm
------+Airteagal 19 Forálacha idirthréimhseacha
---------+Airteagal 19 1
---------+Airteagal 19 2
---------+Airteagal 19 3
------+Airteagal 20 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ
---+IARSCRÍBHINN II
|
English -
European Union -
Energy -
RIALACHÁN (Euratom) 2025/1304 ÓN gCOMHAIRLE an 23 Meitheamh 2025 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh na tréimhse 2026-2027 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) 2021/765
RIALACHÁN (Euratom) 2025/1304 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meitheamh 2025
lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh na tréimhse 2026-2027 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) 2021/765
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 7, an chéad mhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Is é is aidhm don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhphobal’) an caighdeán maireachtála sna Ballstáit a fheabhsú trí thaighde núicléach a chur chun cinn agus a éascú sna Ballstáit agus é a chomhlánú trí chlár taighde agus oiliúna de chuid an Chomhphobail a chur i gcrích.
|
|
(2)
|
Is féidir don taighde núicléach rannchuidiú leis an bhfolláine shóisialta, an rathúnas eacnamaíoch agus an inbhuanaitheacht comhshaoil trí fheabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach an tslándáil núicléach agus an chosaint ar radaíocht. Leis an taighde ar an gcosaint ar radaíocht, tá feabhas tagtha ar theicneolaíochtaí leighis dá dtairbhíonn a lán saoránach agus is féidir don taighde sin a bheith ina chúis le feabhsuithe ar earnálacha eile amhail an tionscal, an talmhaíocht, an comhshaol agus an tslándáil.
|
|
(3)
|
Agus lánurraim á tabhairt do cheart na mBallstát cinneadh a dhéanamh faoin meascán fuinnimh a bheidh acu, d’fhéadfadh torthaí taighde an chláir a bhunaítear leis an Rialachán seo cur le haistriú chuig córas fuinnimh aeráidneodrach ar bhealach sábháilte, éifeachtach, slán.
|
|
(4)
|
Chun leanúnachas an taighde núicléach ar leibhéal an Chomhphobail a áirithiú, is gá Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail a bhunú le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027 (‘Clár Euratom 2026-2027’) ionas go mbeidh fad a thréimhse ailínithe le fad tréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (1). Le Clár Euratom 2026-2027, ba cheart leanúint de phríomhghníomhaíochtaí taighde Chlár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach roimhe seo a chur i gcrích le haghaidh na mblianta 2021-2025 a bunaíodh le Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle (2) (‘Clár Euratom 2021-2025’), agus na cuspóirí céanna ag gabháil leis agus úsáid á bhaint as an modh cur chun feidhme céanna.
|
|
(5)
|
Sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar Chlár Euratom2021-2025, cuireadh i dtábhacht ábharthacht na ngnéithe éagsúla den Chlár sin. De réir na tuarascála, áirítear ar na gnéithe sin: (a) an phunann taighde fhairsing lena dtacaítear leis an tsábháilteacht núicléach, an tslándáil núicléach agus le coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht agus feidhmeanna neamhchumhachtacha; (b) breisluach AE i gcás taighde ar eamhnú; (c) tacaíocht do gheallsealbhóirí trí shábháilteacht fheabhsaithe agus tríd an mbonn eolais a bhaineann le saincheisteanna sábháilteachta i dtaobh oibriú fadtéarmach na ngléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair; (d) an obair ullmhúcháin a ghabhann leis an gcás sábháilteachta, slándála agus coimircí le haghaidh ardchórais núicléacha; (e) an taighde ar chomhleá a fhorbairt tuilleadh trí rialachas a fheabhsú; agus (f) tosaíochtaí an chláir a shainiú agus conairí níos inchreidte agus níos réalaíche a shainaithint. Ba é conclúid na tuarascála gur cheart na gnéithe sin a choinneáil ar bun maidir le Clár Euratom 2026-2027.
|
|
(6)
|
Tá Clár Euratom 2026-2027 ceaptha agus deartha in aghaidh an ghá atá le mais chriticiúil de ghníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh a bhunú. Tá an méid sin le baint amach trí líon teoranta de chuspóirí sonracha a bhunú, ar cuspóirí iad atá dírithe ar úsáid shábháilte a bhaint as eamhnú núicléach i gcomhair feidhmeanna cumhachta agus neamhchumhachta, ar an saineolas is gá a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, ar fhuinneamh comhleá a chothú agus ar thacaíocht a thabhairt do bheartais an Aontais agus a Bhallstát maidir leis an tsábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus an tslándáil núicléach.
|
|
(7)
|
Is cuid ríthábhachtach é Clár Euratom 2026-2027 d’iarrachtaí an Aontais maidir le ceannaireacht theicneolaíoch a fhorbairt tuilleadh agus barr feabhais sa taighde agus nuálaíocht núicléach a chur chun cinn, agus maidir lena áirithiú go mbaintear amach na caighdeáin is airde i dtaca le sábháilteacht, slándáil, coimircí, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte, bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú sa réimse núicléach, i gcomhréir le cuspóirí an chláir a leagtar amach sa Rialachán seo.
|
|
(8)
|
Ós rud é go mbaineann na Ballstáit uile úsáid as ábhair radaighníomhacha, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú ar bhealach freagrach agus sábháilte, mar a cheanglaítear le Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (3), chun nach bhforchuirtear ualaí míchuí ar na glúnta atá le teacht. Le Clár Euratom 2026-2027, ba cheart leanúint de bheith ag feabhsú taighde agus forbairt a bhaineann le teicneolaíochtaí agus inniúlachtaí i réimse an bhainistithe ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach, agus ba cheart leanúint de bheith ag tacú leis an taighde agus forbairt sin freisin.
|
|
(9)
|
Laistigh de Chlár Eurotam 2026-2027, ba cheart an taighde ar an bhfuinneamh comhleá a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Treochlár Comhleá Eorpach, ina leagtar amach an taighde agus na forbairtí a éilítear chun bonn a sholáthar do ghléasra cumhachta comhleá ginte leictreachais, agus i gcomhréir le Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle (4). Sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, is é is tábhachtaí tógáil agus oibriú tosaigh ITER a thabhairt i gcrích agus le clár láidir taighde ar an gcomhleá ba cheart gníomhaíochtaí na hEorpa maidir le ITER a chomhlánú chun tacú leis na hoibríochtaí ITER a bheidh ann amach anseo agus leis an ullmhúchán don chéad ghléasra cumhachta comhleá.
|
|
(10)
|
Trí thacú leis an taighde núicléach, le Clár Euratom 2026-2027, ba cheart rannchuidiú le cuspóirí an chláir Fís Eorpach- an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘Fís Eorpach’) a bhaint amach, ar clár é a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus ba cheart freisin cur chun feidhme straitéis Eoraip 2030 agus neartú an limistéir Eorpaigh taighde a éascú.
|
|
(11)
|
Le Clár Euratom 2026-2027, ba cheart sineirgí a lorg leis an gclár Fís Eorpach agus le cláir eile de chuid an Aontais, óna ndearadh agus óna bpleanáil straitéise, ar aghaidh go dtí roghnú tionscadal, bainistiú, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, mar aon le faireachán, iniúchadh agus rialachas.
|
|
(12)
|
Ba cheart gníomhaíochtaí Chlár Euratom 2026-2027 a bheith comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus ba cheart breisluach soiléir a bheith acu don Eoraip. Áiritheoidh an méid sin an chomhsheasmhacht idir gníomhaíochtaí Chlár Euratom 2026-2027 agus rialacha an Aontais maidir le státchabhair, agus seachnófar saobhadh míchuí iomaíochta sa mhargadh inmheánach.
|
|
(13)
|
Cé gur faoi gach Ballstát atá sé a roghnú úsáid a bhaint nó gan a bhaint as an gcumhacht núicléach, aithnítear freisin go mbíonn róil dhifriúla ag an bhfuinneamh núicléach i mBallstáit éagsúla. Beidh Clár Euratom 2026-2027 ina rannchuidiú freisin trí bhíthin a chuid gníomhaíochtaí taighde chun plé leathan a chothú i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir maidir leis na deiseanna agus rioscaí a bhaineann leis an bhfuinneamh núicléach.
|
|
(14)
|
D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ann i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, ba cheart, le Clár Euratom 2026-2027, tacaíocht a thabhairt trí ranníocaíochtaí airgeadais chun go mbeidh taighdeoirí sa réimse núicléach incháilithe chun tairbhiú de Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, ar comhchéim le taighdeoirí i réimsí eile.
|
|
(15)
|
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais d’fhad tréimhse iomlán Chlár Euratom 2026-2027 arb éard a bheidh ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua freisin, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (6), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
|
|
(16)
|
Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (‘an Rialachán Airgeadais’) maidir le Clár Euratom. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. Cuimsítear freisin leis na rialacha a glacadh ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.
|
|
(17)
|
Maidir leis na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a n-oiriúnachta maidir le cuspóirí sonracha a ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus maidir le torthaí a bhaint amach, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na costais rialuithe, an ualach riaracháin agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Maidir le deontais, ba cheart a chuimsiú leis sin breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid.
|
|
(18)
|
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar rannpháirtíocht leordhóthanach na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus na hearnála príobháidí i gcoitinne a áirithiú. Ba cheart measúnuithe cainníochtúla agus cáilíochtúla a dhéanamh ar rannpháirtíocht FBManna mar chuid de na socruithe meastóireachta agus faireacháin.
|
|
(19)
|
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na gníomhaíochtaí a fhorbrófar faoi Chlár Euratom 2026-2027 deireadh a chur leis an neamhionannas inscne agus an comhionannas idir fir agus mná sa taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn, i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 8 de CFAE. Ba cheart an ghné inscne a chomhtháthú sa taighde agus nuálaíocht agus ba cheart leanúint den ghné sin ag gach céim den timthriall taighde.
|
|
(20)
|
Chun an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí a neartú agus muinín an phobail san eolaíocht a neartú, ba cheart, le Clár Euratom 2026-2027, tús áite a thabhairt do rannpháirtíocht eolach na saoránach agus na sochaí sibhialta i ndáil le hábhair thaighde agus nuálaíochta tríd an oideachas eolaíochta a chur chun cinn, trí rochtain níos fearr ar an eolas eolaíoch a sholáthar, trí chláir oibre fhreagracha maidir le taighde agus le nuálaíocht a fhorbairt lena bhfreastalaítear ar ábhair imní agus ionchas na saoránach agus na sochaí sibhialta agus trína n-éascaítear rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta i ngníomhaíochtaí faoi Chlár Euratom 2026-2027.
|
|
(21)
|
Le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chlár Euratom 2026-2027, ba cheart na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe.
|
|
(22)
|
Is den tábhacht go leanfar d’éascaíocht a dhéanamh ar shaothrú na maoine intleachtúla a fhorbróidh na rannpháirtithe, agus leasanna dlisteanacha rannpháirtithe eile agus an Chomhphobail á gcosaint i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 2, den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’).
|
|
(23)
|
Chun an tionchar is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú ó Euratom a áirithiú, féadfaidh an Comhphobal, i gcás inarb iomchuí, breithniú a dhéanamh ar Chomhpháirtíochtaí Eorpacha le comhpháirtithe ón earnáil phoiblí nó ón earnáil phríobháideach, ar choinníoll gur féidir an tionchar inmhianaithe a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí i gcomhpháirtíocht ná mar a dhéanfadh an Comhphobal as féin, agus nuair a chuirtear i gcomparáid iad le cineálacha eile tacaíochta de Chlár Euratom 2026-2027. Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go mbeidh cur chuige soiléir ag baint le comhpháirtíochtaí den sórt sin, ar cur chuige é atá bunaithe ar shaolré, agus go leanfaidh na comhpháirtíochtaí sin próiseas trédhearcach roghnúcháin agus cinnteoireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695.
|
|
(24)
|
Ba cheart é a bheith indéanta freisin aghaidh a thabhairt ar chuspóirí Chlár Euratom 2026-2027 trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha faoi chláir atá bunaithe ar CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí cuspóirí agus rialacha na gclár sin.
|
|
(25)
|
Chun an cur chun feidhme is éifeachtaí is féidir a áirithiú agus creat comhleanúnach cuimsitheach trédhearcach a bheith ann do na tairbhithe, ba cheart an rannpháirtíocht i gClár Euratom 2026-2027 mar aon le scaipeadh na dtorthaí taighde, a bheith faoi réir rialacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/695, maille le roinnt modhnuithe agus eisceachtaí. Na sainmhínithe ábhartha agus príomhchineálacha gníomhaíochta a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith acu chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
(26)
|
Tá sé léirithe gur sásra coimirce tábhachtach atá sa chiste um ráthaíocht rannpháirtithe a bunaíodh faoin gClár Fís 2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus a ndéanann an Coimisiún bainistiú air, ar sásra é lena maolaítear na rioscaí a bhaineann leis na méideanna atá dlite agus nach bhfuil aisíoctha ag rannpháirtithe mainneachtana. Ba cheart, dá bhrí sin, leanúint leis an sásra coimirce sin. Thairis sin, ba cheart gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an Rialacháin seo a chumhdach leis an sásra árachais fhrithpháirtigh a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2021/695.
|
|
(27)
|
Ba cheart don Airmheán Comhpháirteach Taighde (‘JRC’) leanúint d’fhianaise neamhspleách eolaíoch, a bheidh dírithe ar chustaiméirí, agus tacaíocht theicniúil a sholáthar don Aontas agus do na Ballstát, mar is iomchuí, ar feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Ba cheart gníomhaíochtaí díreacha JRC a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha, éifeachtúil, trédhearcach, agus riachtanais ábhartha úsáideoirí JRC agus riachtanais bheartais an Aontais, go háirithe i réimse na sábháilteachta núicléiche, na gcoimircí núicléacha agus na slándála núicléiche, á gcur san áireamh, agus an chosaint ar leasanna airgeadais an Aontais á háirithiú. De réir na gconclúidí ón gComhairle an 26 Aibreán 1994 maidir le ról JRC, ba cheart don JRC leanúint d’acmhainní breise a ghiniúint trí ghníomhaíochtaí iomaíocha tacaíochta do bheartais an Aontais nó thar ceann tríú páirtithe. Ba cheart JRC a bheith in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí indíreacha, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa chlár oibre ábhartha.
|
|
(28)
|
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (10), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (11) agus (AE) 2017/1939 (12) ón gComhairle, tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go sonrach, i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Cumhachtaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, chun coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (13). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas, táthar le hoibriú i gcomhar go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i ndáil leis na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus táthar le háirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha a thabhairt.
|
|
(29)
|
Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach i gClár Euratom 2026-2027 ar bhonn a n-ionstraimí dlí féin. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh siad a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.
|
|
(30)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na gníomhaíochtaí faoi Chlár Euratom a chur chun feidhme agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).
|
|
(31)
|
De bhun mhíreanna 22 agus 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar Chlár Euratom ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a chuimsiú, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí Chlár Euratom 2026-2027 ar an láthair.
|
|
(32)
|
Maidir le Bord Gobharnóirí JRC, a bunaíodh le Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún (16), chuathas i gcomhairle leis maidir le hinneachar eolaíoch agus teicneolaíoch ghníomhaíochtaí díreacha JRC.
|
|
(33)
|
Chuathas i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar bhonn deonach agus tá tuairim tugtha uaithi (17). Chuathas i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar bhonn deonach agus tá tuairim tugtha uaidh (18).
|
|
(34)
|
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Rialachán (Euratom) 2021/765 a aisghairm,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
|
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
|
CAIBIDIL II CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
|
|
CAIBIDIL III FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL III FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ
|
IARSCRÍBHINN I
GNÍOMHAÍOCHTAÍ
Saothrófar na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) trí Chlár Euratom 2026-2027 ina iomláine, de réir phríomhairíonna na ngníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo. Trí na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme, le Clár Euratom 2026-2027, tacaítear leis na Ballstáit reachtaíocht Euratom (1) a chur chun feidhme agus treisítear iarrachtaí taighde na mBallstát sin mar aon le hiarrachtaí taighde na hearnála príobháidí. Ba cheart, leis na cuspóirí sonracha sin, rannchuidiú leis an gceannaireacht theicneolaíoch sa réimse núicléach a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh.
Chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhaint amach, le Clár Euratom 2026-2027 tacófar le gníomhaíochtaí trasearnála lena n-áirithítear sineirge na n-iarrachtaí taighde maidir le dúshláin chomhchoiteanna a réiteach. Áiritheofar go ndéantar naisc agus idirphlé iomchuí, amhail glaonna comhpháirteacha leis an gclár Fís Eorpach. Féadfaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara tairbhiú den tacaíocht airgeadais arna soláthar ag na cistí faoi Rialachán (AE) 2021/1060- ach iad a bheith i gcomhréir le cuspóirí agus rialacháin na gcistí sin.
Ar na gníomhaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn seo, tá comhar idirnáisiúnta sa taighde agus nuálaíocht núicléach le húsáid shíochánta, bunaithe ar spriocanna comhroinnte agus ar mhuinín fhrithpháirteach d’fhonn tairbhí soiléire móra a chur ar fáil don Aontas, dá shaoránaigh agus don chomhshaol. Áirítear leis sin an comhar idirnáisiúnta trí chreataí iltaobhacha. Leanfaidh JRC, arb é Gníomhaire Cur Chun Feidhme Euratom a aithnítear go foirmiúil d’Fhóram Idirnáisiúnta Ghlúin IV (FIG) (2) é, de rannchuidiú Chomhphobal Euratom le gníomhaíochtaí taighde agus oiliúna FIG, agus de rannpháirtíocht an Chomhphobail sin sna gníomhaíochtaí sin, a éascú agus a chomhordú. An rannchuidiú le gníomhaíochtaí FIG faoi raon feidhme Chlár Euratom 2026-2027, is rannchuidiú é atá dírithe ar ghníomhaíochtaí taighde agus oiliúna maidir leis an méid seo a leanas an tsábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, coimircí agus neamhleathadh a bhaineann go sonrach le córais Ghlúin IV.
Déanfaidh Bord Gobharnóirí JRC anailís ar aon ghníomhaíocht nua a shannfar do JRC d’fhonn a chomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí atá ann cheana sna Ballstáit a sheiceáil agus dúbailt taighde agus forbartha sa réimse núicléach a sheachaint san Aontas.
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin an chláir oibre ábhartha faoi Chlár Euratom 2026-2027, leanúint de dheontais arna ndámhachtain faoi Rialachán (Euratom) 2021/765 a chistiú.
Tá tosaíochtaí na gclár oibre le bunú ag an gCoimisiún ar bhonn ionchuir ó údaráis phoiblí, ó gheallsealbhóirí sa taighde núicléach agus ó aon eagraíocht nó fóram ábhartha de chuid na ngeallsealbhóirí sa réimse núicléach.
Tá taighde agus oiliúint sna réimsí seo a leanas incháilithe do chistiú ó Chlár Euratom 2026-2027:
|
(a)
|
feabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú, lena n-áirítear úsáid shábháilte, shlán, éifeachtúil an fhuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin (3):
|
(i)
|
an tsábháilteacht núicléach: córas imoibritheora agus timthriallta breosla, atá in úsáid sa Chomhphobal, a mhéid is gá chun saineolas fairsing a choinneáil ar bun sa Chomhphobal maidir le sábháilteacht núicléach, na cineálacha imoibritheoirí sin agus a dtimthriallta breosla iomlána, cuir i gcás scaradh agus claochlú, a fhéadfar a úsáid amach anseo;
|
|
(ii)
|
breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí: an bainistiú, go háirithe na gníomhaíochtaí réamhdhiúscartha, agus an diúscairt a ghabhann le dramhaíl radaighníomhach agus le breosla núicléach spíonta idirmheánach, ardleibhéil agus fadsaolach, agus le sruthanna dramhaíola radaighníomhaí agus le cineálacha eile nach ann do phróisis faoi láthair ina leith atá aibí go tionsclaíoch nó a bhféadfaí iad a fheabhsú; dramhaíl radaighníomhach a íoslaghdú agus radatocsaineacht na dramhaíola sin a laghdú; an bainistiú agus an t-aistriú eolais agus inniúlachtaí idir glúine agus ar fud chláir na mBallstát maidir le dramhaíl radaighníomhach agus bainistiú breosla spíonta;
|
|
(iii)
|
an díchoimisiúnú: taighde chun forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um dhíchoimisiúnú agus um leigheas comhshaoil saoráidí núicléacha; tacaíocht a thabhairt maidir le dea-chleachtais agus eolas ar an díchoimisiúnú a mhalartú;
|
|
(iv)
|
eolaíocht núicléach agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin, cosaint ar radaíocht, ullmhacht i gcomhair éigeandála:
|
—
|
eolaíocht núicléach agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin a chur i bhfeidhm i réimsí taighde leighis, tionsclaíocha agus eile;
|
|
—
|
éifeachtaí agus rioscaí ó dháileoga ísle a eascraíonn ó nochtadh tionsclaíoch, leighis nó comhshaoil;
|
|
—
|
ullmhacht éigeandála i gcás tionóiscí lena mbaineann radaíocht, agus taighde ar an raidi-éiceolaíocht;
|
|
—
|
soláthar agus úsáid raidiseatóp atá slán agus sábháilte;
|
|
—
|
samhlacha d’easrú raideolaíoch sa chomhshaol, agus tacaíocht do mhalartú sonraí, córais foláirimh agus comhar maidir le teicnící tomhais (4) (atá le cur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí díreacha);
|
|
|
(v)
|
slándáil núicléach, coimircí núicléacha agus neamhleathadh (atá le cur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí díreacha):
|
—
|
modhanna agus teicneolaíocht chun tacú le coimircí an Chomhphobail agus coimircí idirnáisiúnta agus chun iad a neartú;
|
|
—
|
tacaíocht agus oiliúint oibríochtúil do chóras coimirce Euratom;
|
|
—
|
tacaíocht theicniúil do chur chun feidhme an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach i réimse na gcoimircí núicléacha lena n-áirítear tacaíocht chun córas rialaithe onnmhairí an Aontais a neartú;
|
|
—
|
taighde agus tacaíocht chun an tsábháilteacht núicléach agus raideolaíoch agus an tslándáil a fheabhsú i gcomhthéacs an chreat domhanda CBRN (Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach) agus straitéisí gaolmhara an Aontais;
|
|
—
|
modhanna agus teicneolaíocht chun ábhair núicléacha agus radaighníomhacha a bhrath nach ndéantar rialú rialála orthu agus chun teagmhais a bhaineann le hábhair den chineál sin, lena n-áirítear fóiréinsic núicléach, a chosc agus chun freagairt orthu;
|
|
—
|
tacaíocht don fhothú acmhainní ar shlándáil núicléach trí úsáid a bhaint as Ionad Oiliúna na hEorpa um Shlándáil Núicléach;
|
|
|
|
(b)
|
saineolas agus inniúlacht sa réimse núicléach laistigh den Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh:
|
(i)
|
oideachas, oiliúint agus soghluaisteacht, lena n-áirítear scéimeanna oideachais agus oiliúna amhail Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;
|
|
(ii)
|
nuálaíocht, bainistiú eolais, eolaíocht agus teicneolaíocht núicléach a scaipeadh agus a shaothrú, go háirithe ar mhaithe le sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha agus cosaint ar radaíocht;
|
|
(iii)
|
tacaíocht don teicneolaíocht a aistriú ón taighde go dtí an tionscal;
|
|
(iv)
|
tacaíocht d’acmhainn tionsclaíoch comhleá na hEorpa atá iomaíoch a ullmhú agus a fhorbairt;
|
|
(v)
|
tacaíocht do bhonneagair taighde Eorpacha agus idirnáisiúnta a sholáthar, a chur ar fáil agus rochtain iomchuí a thabhairt orthu, lena n-áirítear bonneagair JRC (5);
|
|
(vi)
|
chun eolaíocht núicléach a chothú mar bhonn chun tacú leis an gcaighdeánú, le gníomhaíochtaí díreacha soláthrófar sonraí tagartha, ábhair agus tomhais úrscothacha a bhaineann le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, chomh maith le feidhmeanna eile cuir i gcás leigheas núicléach;
|
|
|
(c)
|
forbairt fuinnimh comhleá a chothú agus rannchuidiú le cur chun feidhme an treochláir comhleá Eorpaigh:
cuirfear comhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe sa taighde comhleá an treochlár chun feidhme faoin dara leath den chéad seo, ar treochlár i dtreo na sprice maidir le giniúint leictreachais comhleá é. Féadfar a áireamh leis sin, inter alia:
|
(i)
|
saoráidí comhleá atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a shaothrú, lena n-áirítear deontais oibriúcháin a leithdháileadh ar bhonneagair taighde comhleá nuair is iomchuí;
|
|
(ii)
|
ullmhúchán do ghléasraí cumhachta comhleá sa todhchaí trí thaighde a dhéanamh ar gach gné ábhartha, lena n-áirítear ábhair, teicneolaíochtaí agus dearaí, agus trí na gnéithe sin a fhorbairt;
|
|
(iii)
|
clár dírithe oideachais agus oiliúna a chur chun feidhme chomh maith le gníomhaíochtaí faoi phointe (b)(i);
|
|
(iv)
|
gníomhaíochtaí comhchoiteanna a chomhordú leis an gComhghnóthas um Fhuinneamh Comhleá;
|
|
(v)
|
comhoibriú leis an eagraíocht ITER;
|
|
(vi)
|
comhoibriú eolaíoch faoi chuimsiú chomhaontuithe idirnáisiúnta Euratom;
|
Cuirfear an Chomhpháirtíocht Eorpach Chomhchistithe i réimse an chomhleá chun feidhme trí bhíthin deontas a bhronnfar ar na heintitis dhlítheanacha arna mbunú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag aon tríú tír atá comhlachaithe le Clár Euratom 2026-2027. Féadfaidh acmhainní comhchineáil ón gComhphobal, nó baill foirne de chuid an Choimisiúin a thabhairt ar iasacht, a bheith san áireamh sa deontas.
Maidir le cistiú breise le haghaidh taighde agus nuálaíocht comhleá, féadfar sin a sholáthar trí bhíthin glaonna ar thograí;
|
|
(d)
|
tacaíocht a thabhairt do bheartas an Aontais gona Bhallstáit maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach;
|
leis na gníomhaíochtaí díreacha, tacófar leis an mbeartas maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach agus le cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha trí fhianaise agus saineolas neamhspleách eolaíoch agus teicniúil a sholáthar.
(1) Go háirithe, Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta (IO L 337, 5.12.2006, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/117/oj); Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/71/oj); Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle; Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/51/oj); Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos bunchaighdeáin sábháilteachta maidir le cosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/59/oj) agus Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialacháin (Euratom) Uimh. 944/89 agus (Euratom) Uimh. 770/90 ón gCoimisiún (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/52/oj).
(2) I gcomhréir le hAirteagal III.2 den Chreat-Chomhaontú maidir le Comhoibriú Idirnáisiúnta ar Thaighde agus ar Fhorbairt Ghlúin IV de Chórais Fuinnimh Núicléacha.
(3) Seachas an tslándáil núicléach, na coimircí núicléacha agus an neamhleathadh núicléach, féadfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme le gníomhaíochtaí díreacha agus indíreacha.
(4) Airt. 35, 36, 38 de Chonradh Euratom; Cinneadh 87/600/Euratom ón gComhairle an 14 Nollaig 1987 maidir le socruithe an Chomhphobail maidir le malartú luath faisnéise i gcás éigeandáil raideolaíoch (IO L 371, 30.12.1987, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1987/600/oj).
(5) Ar bhonn an phlean infheistíochta leanúnaigh do bhonneagair JRC.
|
|
IARSCRÍBHINN II
|
IARSCRÍBHINN II
Le conairí tionchair, agus príomhtháscairí na gconairí tionchair gaolmhara, déanfar struchtúrú ar an bhfaireachán ar fheidhmíocht Chlár Euratom 2026-2027 i dtreo a chuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2). Beidh na conairí tionchair am-íogair: déanfar idirdhealú leo idir an gearrthéarma, an meántéarma agus an fadtéarma. Feidhmeoidh táscairí na gconairí tionchair mar tháscairí ionadaíocha ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo na gcuspóirí sonracha a bhaint amach. Na micreashonraí atá taobh thiar de phríomhtháscairí na gconairí tionchair, ar micreashonraí iad a chomhroinntear leis an gclár Fís Eorpach, baileofar iad ar dhóigh a mbainisteofar go lárnach agus go comhchuibhithe, agus ar dhóigh a fhágfaidh go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar na tairbhithe chomh beag agus is féidir.
Táscairí na gconairí tionchair eolaíocha
Meastar go ndéanfar dul chun cinn le Clár Euratom 2026-2027 a mhéid a bhaineann le heolas i dtaca leis an tsábháilteacht núicléach agus an tslándáil núicléach a threisiú, feidhmeanna sábháilte na radaíochta ianúcháin, breosla spíonta agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí; cosaint ar radaíocht; agus fuinneamh comhleá a fhorbairt. An dul chun cinn a dhéanfar sna réimsí sin, déanfar é a thomhas leis na táscairí a bhaineann le foilseacháin eolaíocha, le dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an treochláir comhleá, le forbairt saineolais agus scileanna, agus rochtain ar bhonneagair thaighde.
|
I dtreo tionchair eolaíocha
|
Gearrthéarmach
|
Meántéarmach
|
Fadtéarmach
|
|
Feabhas a chur ar úsáid shábháilte shlán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú
|
Foilseacháin -
An líon foilseachán eolaíochta a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu faoi Euratom
|
Luanna -
Innéacs na Luanna Ualaithe de réir Réimse le haghaidh na bhfoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu faoi Euratom
|
Eolaíocht den chéad scoth – An líon agus an sciar foilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu ó Chlár Euratom 2026-2027, ar foilseacháin iad a rannchuidíonn ar leibhéal bunúsach le réimsí eolaíocha
|
|
Eolas comhroinnte -
An sciar d’aschuir thaighde (sonraí oscailte/foilseacháin/bogearraí etc.) arna gcomhroinnt faoi bhonneagar eolais oscailte
|
Scaipeadh eolais - An sciar d’aschuir thaighde faoi rochtain oscailte arna n-úsáid/arna lua go gníomhach
|
Comhar nua - Sciar na dtairbhithe ó Euratom a d’fhorbair comhar nua trasdisciplíneach/trasearnála le húsáideoirí a n-aschur (T&N) oscailte taighde agus nuálaíochta ó Euratom
|
|
Fuinneamh comhleá a chothú agus a fhorbairt
|
Dul chun cinn maidir leis an treochlár comhleá a chur chun feidhme -
Céatadán de gharspriocanna an treochláir comhleá a bunaíodh le haghaidh na tréimhse 2021-2027 atá bainte amach ag Clár Euratom 2026-2027
|
|
Saineolas agus barr feabhais san Aontas a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh
|
Scileanna -
An líon taighdeoirí a thairbhigh de ghníomhaíochtaí uas-scilithe Chlár Euratom 2026-2027 (trí oiliúint, soghluaisteacht agus rochtain ar bhonneagar)
|
Gairmréimeanna -
An líon agus an sciar taighdeoirí uas-scilithe a bhfuil tionchar is mó acu ina réimse T&N
|
Dálaí oibre -
An líon agus an sciar taighdeoirí uas-scilithe a bhfuil dálaí oibre feabhsaithe acu
|
|
An líon taighdeoirí a bhfuil rochtain acu ar bhonneagar taighde trí bhíthin tacaíocht ó Chlár Euratom 2026-2027
|
|
Ábhair thagartha arna seachadadh agus tomhais tagartha arna n-ionchorprú i leabharlann
|
An líon caighdeán idirnáisiúnta arna modhnú
|
Táscairí na gconairí tionchair shóisialta
Táthar ag súil go gcuideofar le Clár Euratom 2026-2027 aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Chomhphobail maidir le sábháilteacht núicléach agus slándáil núicléach, cosaint ar radaíocht, agus feidhmeanna radaíochta ianúcháin trí bhíthin taighde agus nuálaíochta, mar a léiríonn punanna na dtionscadal lena ngintear aschuir a rannchuidíonn le dul i ngleic le dúshláin sna réimsí sin. Déanfar an tionchar sóisialta a thomhas freisin i dtéarmaí na forbartha sonraí i réimse na slándála núicléiche agus na gcoimircí núicléacha.
|
I dtreo tionchair shóisialta
|
Gearrthéarmach
|
Meántéarmach
|
Fadtéarmach
|
|
Feabhas a chur ar úsáid shábháilte shlán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú
|
Aschuir -
An líon agus an sciar aschur arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais sonracha
|
Réitigh -
An líon agus an sciar nuálaíochtaí agus torthaí eolaíocha lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí beartais sonracha
|
Sochair -
Éifeachtaí measta comhiomlána as torthaí arna gcistiú le Euratom a úsáid, maidir le dul i ngleic le tosaíochtaí beartais sonracha, lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe
|
|
An líon seirbhísí arna cuireadh ar fáil chun tacú le coimircí
|
An líon córas teicniúil arna soláthar agus arna n-úsáid
|
|
|
An líon seisiún oiliúna arna dtabhairt d’oifigigh thúslíne
|
|
Comhchruthú -
An líon agus an sciar tionscadal ó Euratom ina rannchuidíonn saoránaigh an Aontais agus úsáideoirí deiridh le hinneachar T&N a chomhchruthú
|
Rannpháirtíocht -
An líon agus an sciar eintiteas is tairbhithe Euratom a bhfuil sásraí rannpháirtíochta acu le saoránaigh agus úsáideoirí deiridh tar éis thionscadal Euratom
|
Glacadh T&N sa tsochaí
Glacadh agus for-rochtain na dtorthaí eolaíocha agus réiteach nuálach arna gcomhchruthú faoi Euratom
|
Táscairí nuálaíochta na gconairí tionchair
Meastar go n-eascróidh tionchair nuálaíochta as Clár Euratom 2026-2027, ar tionchar iad a thacaíonn leis an dul chun cinn i dtreo a chuspóirí sonracha. An dul chun cinn a dhéanfar sa réimse sin, déanfar é a thomhas le táscairí a bhaineann le cearta maoine intleachtúla (CMI), táirgí, modhanna agus próisis nuálacha agus a n-úsáid, mar aon le cruthú post.
|
I dtreo tionchar eacnamaíoch/nuálaíochta
|
Gearrthéarmach
|
Meántéarmach
|
Fadtéarmach
|
|
Feabhas a chur ar úsáid shábháilte shlán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú
Fuinneamh comhleá a chothú agus a fhorbairt
Saineolas agus barr feabhais san Aontas a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh
|
Aschuir nuálacha -
An líon táirgí, próiseas nó modhanna nuálacha ó Chlár Euratom 2026-2027 (de réir cineál nuálaíochta) agus feidhmeanna CMI
|
Nuálaíochtaí -
An líon nuálaíochtaí ó thionscadail Euratom (de réir cineál nuálaíochta) lena n-áirítear nuálaíochtaí ó CMInna arna ndámhachtain
|
Fás eacnamaíoch -
Cruthú, fás agus scaireanna margaidh ag cuideachtaí a d’fhorbair nuálaíochtaí arna gcistiú ag Euratom
|
|
Fostaíocht a dtacaítear léi -
An líon na bpost coibhéiseach lánaimseartha (FTE) arna gcruthú, agus an líon post arna gcoinneáil ar bun sna heintitis is tairbhithe le haghaidh thionscadal Euratom (de réir cineál poist)
|
Fostaíocht arna coinneáil ar bun -
An méadú ar phoist FTE sna heintitis is tairbhithe tar éis thionscadal Euratom (de réir cineál poist)
|
Fostaíocht iomlán – An líon post díreach agus indíreach arna gcruthú nó arna gcoinneáil ar bun i ngeall ar thorthaí ó Euratom a scaipeadh (de réir cineál poist)
|
|
Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna slógadh le hinfheistíocht tosaigh Euratom
|
Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna slógadh chun torthaí Euratom a shaothrú nó a uas-scálú
|
Dul chun cinn an Aontais i dtreo na sprice 3 % de OTI de bharr Chlár Euratom 2026-2027
|
Táscairí beartais na gconairí tionchair
Táthar ag súil le Clár Euratom 2026-2027 go soláthraítear fianaise eolaíoch le haghaidh ceapadh beartas. Baineann sin, go háirithe, le tacaíocht eolaíoch do sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, amhail tacaíocht do choimircí Euratom, nó do na Ballstáit gníomhartha dlí a bhaineann leis an radaíocht núicléach agus ianúcháin a chur chun feidhme (1).
|
I dtreo tionchar beartais
|
Gearrthéarmach
|
Meántéarmach
|
Fadtéarmach
|
|
Tacú le beartas maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach
|
An líon agus an sciar tionscadal Euratom as a n-eascraíonn torthaí atá ábhartha ó thaobh beartais de
|
An líon aschur a bhfuil tionchar inléirithe acu ar an mbeartas
|
An líon agus an sciar torthaí ar thionscadail Euratom a luaitear i ndoiciméid bheartais/chlársceidealaithe
|
Socrófar spriocanna i ndáil le gníomhaíochtaí indíreacha agus díreacha araon chun na torthaí a bhfuiltear ag coinne i ngach cuid de Chlár Euratom 2026-2027 a léiriú.
(1) Rialachán (Euratom) Uimh. 302/2005 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2005 maidir le cur i bhfeidhm choimircí Euratom (IO L 54, 28.2.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/302/oj); Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle agus Treoir 2014/87/Euratom an 8 Iúil 2014 ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/71/Euratom lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 219, 25.7.2014, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/87/oj).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|