+12. cikk A pénzügyi információkra vonatkozó összevont alapú adatszolgáltatás a nemzeti számviteli szabályozást alkalmazó intézmények esetében
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.

12. cikk A pénzügyi információkra vonatkozó összevont alapú adatszolgáltatás a nemzeti számviteli szabályozást alkalmazó intézmények esetében

1. Áttekintés

,
Megnevezés Szabályozás
Airteagal 12 1.
I gcás inar leathnaigh údarás inniúil na ceanglais tuairiscithe maidir le faisnéis airgeadais chun institiúidí a chumhdach a bunaíodh i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 430(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach ar bhonn comhdhlúite mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 12 2.

Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 1, le minicíocht ráithiúil;

(b) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 3, le minicíocht leathbhliantúil;

(c) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, seachas an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad 47, le minicíocht bhliantúil;

(d) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 20, le minicíocht ráithiúil i gcás ina dtéann an institiúid thar an tairseach a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 5(5);

(e) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 21, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin mar a chéile le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 1.1;

(f) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 22, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t-ioncam coimisiúin mar a chéile le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 2;

(g) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléid 23 go 26, le minicíocht ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

nach bhfuil an institiúid beag agus neamhchasta;

(ii) 

go bhfuil cóimheas na hinstitiúide mar a shonraítear in Airteagal 11(2), pointe (g)(ii), mar a chéile le 5 % nó níos airde ná sin;

(h) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, teimpléad 47, le minicíocht bhliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.

Chun críocha phointí (d) agus (h) den mhír seo, beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

1.1 Hivatkozások

1.2 Azonosított követelmények

1.3 Kapcsolódó szabványok

2. Azonosított követelmények

Követelmények
Forrás Követelmény

3. Kapcsolódó szabványok

Szabványok
Forrás Követelmény
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_GA -

    EULAW_GA