+RIALACHÁN (AE) 2020/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 2 Raon Feidhme
---------+Airteagal 2 1.
---------+Airteagal 2 2.
---------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+CAIBIDIL II FAISNÉIS RIALÁLA A CHUIRTEAR AR FÁIL GO LEICTREONACH
------+Airteagal 4 Ceanglais ar oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann
---------+Airteagal 4 1.
---------+Airteagal 4 2.
---------+Airteagal 4 3.
---------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 5 Ceanglais d’údaráis inniúla
---------+Airteagal 5 1.
---------+Airteagal 5 1a.
---------+Airteagal 5 3.
---------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 6 Faisnéis tráchtála rúnda
------+Airteagal 7 Tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair sonraí eFTI
---------+Airteagal 7 1.
---------+Airteagal 7 2.
---------+Airteagal 7 3.
---------+Airteagal 7 4.
------+Airteagal 8 Nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha maidir le rochtain
---------+Airteagal 8 1.
---------+Airteagal 8 2.
---------+Airteagal 8 3.
---------+Airteagal 8 4.
---+CAIBIDIL III ARDÁIN eFTI AGUS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ eFTI
------+ROINN 1 Ceanglais maidir le hardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI
---------+Airteagal 9 Ceanglais fheidhmiúla maidir le hardáin eFTI
------------+Airteagal 9 1.
------------+Airteagal 9 2.
------------+Airteagal 9 3.
---------+Airteagal 10 Ceanglais maidir le soláthraithe seirbhísí eFTI
------------+Airteagal 10 1.
------------+Airteagal 10 2.
------+ROINN 2 Deimhniú
---------+Airteagal 11 Comhlachtaí um measúnú comhréireachta
------------+Airteagal 11 1.
------------+Airteagal 11 2.
------------+Airteagal 11 3.
------------+Airteagal 11 4.
---------+Airteagal 12 Deimhniú ardáin eFTI
------------+Airteagal 12 1.
------------+Airteagal 12 2.
------------+Airteagal 12 3.
------------+Airteagal 12 4.
------------+Airteagal 12 5.
---------+Airteagal 13 Deimhniú soláthraithe seirbhísí eFTI
------------+Airteagal 13 1.
------------+Airteagal 13 2.
------------+Airteagal 13 3.
---+CAIBIDIL IV TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
------+Airteagal 14 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 14 1.
---------+Airteagal 14 2.
---------+Airteagal 14 3.
---------+Airteagal 14 4.
---------+Airteagal 14 5.
---------+Airteagal 14 6.
------+Airteagal 15 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 15 1.
---------+Airteagal 15 2.
---+CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 16 Athbhreithniú
---------+Airteagal 16 1.
---------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 17 Faireachán
------+Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
---------+Airteagal 18 1.
---------+Airteagal 18 2.
---------+Airteagal 18 3.
---+IARSCRÍBHINN I FAISNÉIS RIALÁLA A THAGANN FAOI RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO
---+IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
|
English -
European Union -
ICT -
RIALACHÁN (AE) 2020/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2020/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Iúil 2020
maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II FAISNÉIS RIALÁLA A CHUIRTEAR AR FÁIL GO LEICTREONACH
|
CAIBIDIL II FAISNÉIS RIALÁLA A CHUIRTEAR AR FÁIL GO LEICTREONACH
|
|
CAIBIDIL III ARDÁIN eFTI AGUS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ eFTI
|
CAIBIDIL III ARDÁIN eFTI AGUS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ eFTI
|
|
CAIBIDIL IV TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
|
CAIBIDIL IV TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
|
|
CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I FAISNÉIS RIALÁLA A THAGANN FAOI RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO
|
IARSCRÍBHINN I
FAISNÉIS RIALÁLA A THAGANN FAOI RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO
CUID A – Ceanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1)
Liosta na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1):
1.
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (
8
) lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta: Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g).
▼M2
CUID B – Dlí náisiúnta
Na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta lena gceanglaítear faisnéis a sholáthar a bheidh comhionann, go hiomlán nó go páirteach, leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2020/1056, liostaítear thíos iad.
An Ostair
(1)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire Uimh. 593/1995 (
9
): mír 17
(2)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire II Uimh. 399/1997 (
10
): mír 3
(3)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire II Uimh. 132/2007 (
11
): mír 3(1) agus mír 3(2)
(4)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire II Uimh. 207/2016 (
12
): mír 10(2)
(5)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire II Uimh. 395/2001 (
13
): mír 3(1)(2)(c)
(6)
An Reacht ó Rialtas Réigiúnach na Tioróile Uimh. 1413/1998 (
14
): mír 4; agus An Reacht ó Rialtas Réigiúnach Vorarlberg Uimh. 45/1998 (
15
): mír 4
(7)
An Reacht ó Rialtas Réigiúnach na Tioróile Uimh. 464/1999 (
16
): mír 4; agus An Reacht ó Rialtas Réigiúnach Salzburg Uimh. 68/1999 (
17
): mír 4
(8)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire Uimh. 1027/1994 (
18
): mír 2
(9)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire II Uimh. 192/2017 (
19
): mír 8
(10)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 102/2002 (
20
): mír 19(1)
(11)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire Uimh. 522/1973 (
21
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(12)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire II Uimh. 203/2019 (
22
): mír 5 agus mír 7(3)
(13)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire Uimh. 225/1985 (
23
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(14)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire III Uimh. 67/2008 (
24
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(15)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire I Uimh. 44/2016 (
25
): mír 21a (2)
(16)
Iris Oifigiúil Phoblacht na hOstaire III Uimh. 59/2003 (
26
): Airteagal 3(4)
An Bheilg
(1)
Foraithne Ríoga an 2 Samhain 2017 maidir le hiompar earraí contúirteacha d’iarnród, cé is moite de phléascáin agus substaintí radaighníomhacha (
27
): Airteagal 13 agus Cuid 5, Caibidil 5.4 d’Iarscríbhinn III
(2)
Foraithne Ríoga an 12 Iúil 2016 maidir le hiompar pléascán de bhóthar agus d’iarnród (
28
): Airteagal 15 maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(3)
Acht an 15 Iúil 2013 maidir le hiompar earraí de bhóthar (
29
):
b)
Airteagal 29(1), Airteagal 29(2)(1)
(4)
Foraithne Aireachta an 23 Bealtaine 2014 lena gcuirtear chun feidhme Foraithne Ríoga an 22 Bealtaine 2014 maidir le hiompar earraí de bhóthar (
30
): Airteagal 33, Airteagal 34(1) agus Airteagal 35(1)
(5)
Foraithne ó Rialtas Réigiún Príomhchathartha na Bruiséile an 22 Meán Fómhair 2022 maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre (
31
): Airteagal 15 agus Airteagal 16 maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(6)
Foraithne Ríoga an 28 Meitheamh 2009 maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar nó d’iarnród, cé is moite de phléascáin agus substaintí radaighníomhacha (
32
), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(7)
Foraithne Ríoga an 31 Iúil 2009 maidir le hiompar earraí contúirteacha d’uiscebhealach intíre (
33
): Airteagal 1 maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(8)
Foraithne an 6 Iúil 2012 maidir le hiompar earraí contúirteacha d’uiscebhealach intíre: (
34
): Airteagal 8(2) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(9)
Foraithne Ríoga an 24 Meán Fómhair 2006 lena leagtar síos rialacháin phóilíneachta ghinearálta maidir le loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre sa Bheilg (
35
): Iarscríbhinn, Airteagal 1.10.1(c) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(10)
Foraithne ó Rialtas Fhlóndras an 16 Meán Fómhair 2022 maidir le tuairisciú leictreonach sonraí ag longa (
36
), lena leasaítear an Fhoraithne ó Rialtas Fhlóndras an 25 Bealtaine 2018: Airteagal 5, pointí 2, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 17, 20 agus 21
An Bhulgáir
(1)
An tAcht um Iompar de Bhóthar (
37
): Airteagal 53(1), Airteagal 91(1), Airteagal 91(2) agus Airteagal 91(3)(1, 3, 5 agus 8)
(2)
Reacht Uimh. 33 an 03/11/1999 (
38
): Airteagal 89(3)
(3)
Reacht Uimh. 11 an 31/10/2002 (
39
): Airteagal 19(1)(3)
(4)
Reacht Uimh. N-14 an 27/08/2009 (
40
): Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(1)
(5)
Reacht Uimh. 40 an 14/01/2004 (
41
): Airteagal 43(1)(1) agus Airteagal 43(1)(2) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(6)
An tAcht um Iompar d’Iarnród 97/2000 (
42
): Airteagal 90, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(7)
Reacht Uimh. 46 an 30/11/2001 (
43
): Airteagal 25(1) agus Airteagal 31a(1), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(8)
Reacht Uimh. 16 an 20/06/2006 (
44
): Airteagal 9(2) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(9)
Reacht Uimh. 53 an 10/02/2003 (
45
): Airteagal 12, Pointí 1 agus 2
(10)
Cód Loingseoireachta Ceannaíochta (
46
):
(a)
Airteagal 106, Airteagal 110
(b)
Airteagal 120(1), Airteagal 120(2)
An Chróit
(1)
An tAcht um Iompar Lastais Traschórais (Iris Oifigiúil Uimh. 120/2016) (
47
): Airteagal 7, Pointí 1 agus 2
(2)
An Dlí maidir le bainistiú dramhaíola inbhuanaithe (Iris Oifigiúil uimh. 84/2021) (
48
): Airteagal 24(3), Airteagal 24(8), i gcomhréir leis an Reacht maidir le bainistiú dramhaíola (Iris Oifigiúil uimh. 106/2022), Airteagal 7
(3)
An Dlí um iompar de bhóthar (Iris Oifigiúil uimh. 41/2018) (
49
): Airteagal 79, Airteagal 80, Airteagal 87(8) agus Airteagal 95(2)
(4)
An Reacht maidir le ceadanna san iompar lasta (Iris Oifigiúil uimh. 57/2018) (
50
): Airteagal 9(3)
(5)
An Dlí maidir le hiompar earraí contúirteacha (Iris Oifigiúil uimh. 79/2007) (
51
):
(a)
Airteagal 3(1) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR);
(b)
Airteagal 3(2), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF;
(c)
Airteagal 3(3) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)
An Chipir
(1)
An Dlí maidir le hEarraí Contúirteacha a Iompar de Bhóthar 2004 arna leasú go dtí seo: Airteagal 5(2), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) (
52
)
(2)
Treoir um Shábháilteacht Theicniúil (TSD) Uimh. 1 – Acht Cur Chun Feidhme an Chláir Náisiúnta um Shlándáil Eitlíochta Sibhialta (NASP) (leagan poiblí) an 6 Meitheamh 2020 (
53
): Caibidil 6.3.2.6, pointí (a)-(g)
(3)
An Dlí um Mótarfheithiclí agus Trácht ar Bhóithre, 1972 arna leasú go dtí seo: Airteagal 2(2D)(3)(e)
An tSeicia
(1)
Acht Uimh. 111/1994 Coll. um Iompar de Bhóthar (
54
): Roinn 23(2)(a)
(2)
Acht Uimh. 266/1994 Coll. (An tAcht um Iarnróid (
55
)): Airteagal 63(2) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(3)
Roinn 85a d’Acht Uimh. 49/1997 Coll. maidir le heitlíocht shibhialta agus lena leasaítear Acht Uimh. 455/1991 Coll., maidir le ceadúnú trádála (an tAcht maidir le Ceadúnú Trádála), arna leasú
(4)
Foraithne Uimh. 478/2000 Coll. (
56
): Roinn 1, lena gcuirtear chun feidhme Acht Uimh. 111/1994 Coll. um Iompar de Bhóthar, arna leasú
(5)
Teachtaireacht Uimh. 102/2011 Coll. ón Aire Gnóthaí Eachtracha (
57
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre
An Danmhairg
(1)
Ordú Feidhmiúcháin uimh. 531 an 24 Bealtaine 2018 maidir le cineálacha áirithe iompar lastais traschórais (
58
): mír 7(1)
(2)
An Dlí maidir le rialú comhlíontachta le Rialachán CEE Uimh. 11/1960 (LBK Uimh. 119 an 21 Feabhra 1990) (
59
): mír 2(1)
(3)
Ordú Feidhmiúcháin uimh. 828 an 10 Meitheamh 2017 maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar (
60
): mír 5(3), mír 17(1), mír 18(1) agus mír 19(1)
(4)
Ordú Feidhmiúcháin uimh. 601 an 23 Meitheamh 2009 maidir le hiompar earraí contúirteacha d’iarnród (
61
): mír 1(1), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(5)
Ordú Feidhmiúcháin Uimh. 541 an 12 Meitheamh 2012 maidir le húsáid RID san iompar náisiúnta agus iompar earraí contúirteacha i mbagáiste láimhe, etc. (
62
) mír 1(1), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(6)
Ordú Feidhmiúcháin uimh. 240 an 16 Feabhra 2022 maidir le hiompar lastais (
63
): mír 36
An Eastóin
(1)
Rialachán 150(1996) (
64
), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(2)
Acht na hEastóine um Iarnróid (
65
): Airteagal 111, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(3)
Acht na hEastóine um Dhramhaíl (
66
): Airteagal 108 (1), Airteagal 113 (1) agus Airteagal 115 (3)
(4)
Clár na hEastóine um Shlándáil Eitlíochta Sibhialta: pointe 6.3.2.6
(5)
Acht na hEastóine um Iompar de Bhóthar (
67
):
(a)
Airteagal 29(3), Airteagal 29(4), Airteagal 29(5)
(d)
Airteagal 35(10)(1), Airteagal 35(10)(2)
An Fhionlainn
(1)
An tAcht um Chonarthaí Iompair de Bhóthar 345/1979 (
68
): Roinn 9
(2)
An tAcht um Sheirbhísí Iompair 320/2017 (
69
): Roinn 24
(3)
Rialachán maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar (
70
): maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(4)
Rialachán maidir le hIompar Earraí Contúirteacha d’Iarnród (
71
): maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
An Fhrainc
(1)
Cód Iompair na Fraince (
72
):
(b)
Airteagal L 4461 Mír 1, Airteagal R 4412 Mír 1, Airteagal R 4461 Mír 1, Airteagal R 4461 Mír 2
(2)
Ordú an 9 Samhain 1999 maidir leis na doiciméid iompair nó cíosa nach mór a bheith ar bord feithiclí chun earraí a iompar de bhóthar (
73
):
(a)
Airteagal 4-II, Airteagal 5-I, Airteagal 5-II, Airteagal 6
(3)
Ordú an 25 Meán Fómhair 1991 maidir le feidhmiú iompair traschórais earraí idir Ballstáit Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (
74
): Airteagal 2, Airteagal 5
(4)
Ordú an 24 Iúil 2018 (
75
) maidir leis an dearbhú um luchtú ar uiscebhealaí intíre faoi bhainistíocht Voies Navigables de France arna leasú le hOrdú an 23 Nollaig 2021 (
76
): Mír 2
(5)
Ordú Leasaithe an 29 Bealtaine 2009 maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Thalamh: 3.4.2.1 Iarscríbhinn I (
77
), 3.5 Iarscríbhinn I (
78
), 3.9.4 Iarscríbhinn I (
79
), Foscríbhinn IV.9 (
80
) agus Foscríbhinn IV.10 (
81
)
An Ghearmáin
(1)
Rialachán maidir le Tarlú Bóthair Trasteorann agus Cabatáiste an 28/12/2011 (
82
): Airteagal 17
(2)
An tAcht maidir le Tarlú Bóthair an 22/06/1998 (
83
): Airteagal 7(1)(3)
(3)
An Reacht maidir le hIompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, Iarnród agus Uiscebhealaí Intíre an 26/03/2021 (
84
): mír 1(3) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF, Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN); mír 35(2)
(4)
An Reacht maidir le Díolúintí ó na Rialacháin maidir le hIompar Earraí Contúirteacha an 11/03/2019 (
85
): Díolúine 9, Díolúine 18, Díolúine 20, Díolúine 21, Díolúine 22, Díolúine 24 agus Díolúine 28
An Ghréig
(1)
Foraithne 63/1986 ón Uachtarán (
86
): Airteagal 4
(2)
Dlí Uimh. 1815/1988 (
87
): Airteagal 98(2)
(3)
Cinneadh Comhpháirteach Aireachta 200035/2023 (
88
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I (ADR) a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme
(4)
Cinneadh Comhpháirteach Aireachta 200035/2023 (
89
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de Roinn II.1 (RID) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme
(5)
Dlí Uimh. 3646/2008 (
90
): Airteagal 7
(6)
Dlí Uimh. 2203/1994 (
91
): Airteagal 4(7)(c)
(7)
Cinneadh Υ.Π.Α. Δ15/Α/17143/1505/2016 (
92
): Caibidil 6
(8)
Cinneadh Comhpháirteach Aireachta Γ5/55376/2022 (
93
): Airteagal 6(2)
An Ungáir
(1)
Foraithne Rialtais 261/2011. (XII. 7.) (
94
): Mír 22
(2)
Foraithne Rialtais 386/2021. (VI. 30.) (
95
): Mír 3 (1) agus Iarscríbhinn 1, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(3)
Foraithne Rialtais 387/2021. (VI. 30.) (
96
): Mír 3 (1) agus Iarscríbhinn 1, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(4)
Foraithne Rialtais 388/2021. (VI. 30.) (
97
): Mír 3 (1) agus Iarscríbhinn 1, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(5)
Foraithne ón Aire Nuálaíochta agus Teicneolaíochta 39/2021. (VII. 30.) (
98
): Iarscríbhinn 1(2), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(6)
Foraithne Rialtais 266/2003. (XII. 24.) (
99
): Mír 3
(7)
Foraithne Rialtais 313/2014 (XII. 12.) (
100
): Iarscríbhinn 1
(8)
Foraithne Rialtais 101/1996 (VII. 12.) (
101
): Airteagal 4 (7)(c)
Éire
(1)
I.R. Uimh. 175/1975 (
102
)
(2)
I.R. Uimh. 60/1994 (
103
): Rialachán 5 agus Rialachán 6
(3)
I.R. Uimh. 698/2011 (
104
): Rialachán 3(1)(b)
(4)
I.R. Uimh. 419/2007 (
105
)
(5)
I.R. Uimh. 349/2011 (
106
): Rialachán 57(g)(vii), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(6)
I.R. Uimh. 651/2010 (
107
): Rialacháin 8(e) agus 12(3)(b) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(7)
I.R. Uimh. 226/2003 (
108
): tagairt do Phointe 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún
An Iodáil
(1)
Foraithne ón Aireacht Iompair agus Loingseoireachta an 15 Feabhra 2001 (
109
): Airteagal 3(1)
(2)
Dlí Uimh. 298 an 6 Meitheamh 1974 (
110
), arna leasú: Airteagal 46-bis (1-bis), Airteagal 46-ter (1) agus (2)
(3)
Foraithne Reachtach Uimh. 35 an 27 Eanáir 2010 (
111
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
An Laitvia
(1)
An Dlí um Iompar de Bhóthar, 23.08.1995 (
112
): Roinn 9, lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta i bpointe 6.1 de Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 411 an 24.05.2011“Nósanna Imeachta um Rialú Iompair de Bhóthar a Eagrú agus a Chur Chun Feidhme”
(2)
Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 225, 29.04.2003 (
113
): Pointí 3 agus 4
(3)
An Dlí um Iompar d’Iarnród, 21.12.2000 (
114
): Roinn 24(1) agus Roinn 25(1)
(4)
Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 226 (
115
): Pointe 2, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF, lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta i bpointe 6 de Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 541 an 05.07.2011“Nósanna imeachta um Ghluaiseacht Earraí Contúirteacha a Rialú”
(5)
Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 674 (
116
): Pointe 3 maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
An Liotuáin
(1)
Cód an Iompair d’Uiscebhealaí Intíre (
117
): Airteagal 26(2), Airteagal 40, Airteagal 42(3) agus (4) agus Airteagal 47(4)
(2)
Rialacha maidir le hIompar Earraí d’Uiscebhealaí Intíre (Ordú Uimh. 269) (
118
): Pointí 36, 37, 41, 44, 45, 52, 54, 80, 110, 111, 117, 124, 125 agus 128
(3)
Cód an Iompair de Bhóthar (
119
):
(b)
Airteagal 14(2), Airteagal 29(2), Airteagal 29(3), Airteagal 29(5)
(4)
Rún Uimh. 1613-7 ó Rialtas Phoblacht na Liotuáine an 10 Samhain 2010 (
120
): Pointe 66.2 lena dtagraítear d’Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún
(5)
Ordú Uimh. D1-207 ó Aire Comhshaoil Phoblacht na Liotuáine an 27 Aibreán 2004 (
121
): Pointe 20
(6)
Ordú Uimh. 3D-90 ó Aire Talmhaíochta Phoblacht na Liotuáine an 12 Feabhra 2018 (
122
): Pointe 35
Lucsamburg
(1)
Rialachán an Ard-Diúic an 13 Eanáir 1966 maidir le hiompar earraí de bhóthar (
123
): Airteagal 3
(2)
Rialachán ón Aire an 8 Aibreán 1968 maidir le nósanna imeachta um uimhriú doiciméad iompair (
124
): Airteagal 1
(3)
Rialachán an Ard-Diúic an 19 Aibreán 2012 lena gcuirtear chun feidhme agus lena ndaingnítear Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 (
125
): Airteagal 6
(4)
Foraithne an Ard-Diúic an 6 Feabhra 2009 lena bhfoilsítear an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) (
126
): Airteagal 1 maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(5)
Dlí an 13 Márta 2007 lena nglactar an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN) (
127
): Airteagal 1 maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(6)
Foraithne an Ard-Diúic an 6 Feabhra 2009 lena bhfoilsítear an Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID) (
128
): Airteagal 1, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(7)
Rialachán an Ard-Diúic an 27 Feabhra 2011 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le gníomhairí rialáilte agus coinsíneoirí aitheanta a fhormheas agus na coinníollacha maidir le coinsíneoirí cuntais a ainmniú i dtaca le rialuithe slándála eitlíochta (
129
): Airteagal 11(6) lena dtagraítear d’Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún
Málta
(1)
Rialacháin maidir le Mótarfheithiclí (Iompar Earraí de Bhóthar) (S.L. 65.19) (
130
):
(b)
Rialachán 78, Rialachán 79(1), Rialachán 80
(2)
Rialacháin maidir le Mótarfheithiclí (Iompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar) (S.L.65.22) (
131
): Rialachán 3(2) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
An Pholainn
(1)
Acht an 6 Meán Fómhair 2001 maidir le hiompar de bhóthar (
132
):
(a)
—
Airteagal 4(22)(j), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 38(2) den Acht um an Dlí Iompair an 15 Samhain 1984
(
133
), arna léamh i gcomhpháirt, i gcás inarb infheidhme, le sainmhínithe ar “iompar traschórais” agus “seoltóir” dá bhforáiltear in Airteagal 4, pointí 13 agus 14b den Acht maidir le hiompar de bhóthar
—
Airteagal 4(22)(x), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 6(1) de Choinbhinsiún CMR
(b)
Airteagal 4(22)(e), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009
(d)
Airteagal 4(22)(c), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 16 agus Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(e)
Airteagal 4(22)(v), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 67(2)(1) den Acht um Iompar Dramhaíola an 14 Nollaig 2012
(2)
Acht an 28 Márta 2003 maidir le hiompar d’iarnród (
134
): Airteagal 13(4), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 38(2) den Acht um an Dlí Iompair an 15 Samhain 1984
(3)
Acht an 21 Nollaig 2000 maidir le loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre (
135
): Airteagal 9(2)(7), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 38(2) den Acht um an Dlí Iompair an 15 Samhain 1984, agus Airteagal 16 arna léamh i gcomhpháirt le hIarscríbhinn an Rialacháin ón Aire Bonneagair an 23 Eanáir 2003 maidir le foirm na fianaise a chuirtear i bhfeidhm sa loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre
(4)
Acht an 19 Márta 2021 maidir le hIompar Earraí Contúirteacha (
136
): Airteagal 11, lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta i gCaibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(5)
Acht an 14 Nollaig 2012 maidir le dramhaíl (
137
): Airteagal 24a(1), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta i mír 8 den Rialachán ón Aire Comhshaoil an 7 Deireadh Fómhair 2016 maidir le ceanglais mhionsonraithe i dtaca le hiompar dramhaíola
(6)
Acht an 3 Iúil 2002 - An Dlí Eitlíochta (
138
): Airteagal 21(2a), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún
An Phortaingéil
(1)
Dlí Foraithne Uimh. 257/2007 an 16 Iúil 2007 (
139
): Airteagal 19
(2)
Dlí Foraithne Uimh 41-A/2010 an 29 Aibreán 2010 (
140
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
An Rómáin
(1)
Coinbhinsiúin maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR), arna dhaingniú le Foraithne Uimh. 451/1972 (
141
): Airteagal 6(1), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta lin Airteagal 2(1) agus Airteagal 7(2) de Reacht uimh. 26 an 31/08/2011 maidir le bunú Chigireacht an Stáit um Rialú Iompair de Bhóthar
(2)
Reacht Uimh. 88/1999 (
142
):
(a)
Airteagal 3, Pointí 1 agus 2
(3)
Reacht Uimh. 27 an 31 Lúnasa 2011 maidir le tarlú bóthair (
143
): Airteagal 3(14), Airteagal 24(1), Airteagal 27 agus Airteagal 32
(4)
Ordú Uimh. 980 ón Aire Iompair agus Bonneagair an 30 Samhain 2011 (
144
): Airteagal 19, Airteagal 29(1), Airteagal 39(1), Airteagal 39(2) agus Airteagal 46(2)
(5)
Cinneadh Uimh. 1326/2009 maidir le hiompar earraí contúirteacha sa Rómáin (
145
): Airteagal 6, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR), Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(6)
Cinneadh Rialtais Uimh. 1193/2012 lena bhformheastar an Clár Náisiúnta um Shlándáil Eitlíochta (
146
): Airteagal 1 lena tagraítear d’Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún
An tSlóvaic
(1)
Foraithne Uimh. 274/2002 Coll. (
147
): mír 9, le tagairt d’oibleagáid an oibreora aerárthaigh Lastliosta a chur isteach ar theacht isteach ar chríoch Phoblacht na Slóvaice
(2)
Cinneadh ó Aireacht Iompair agus Tógála Phoblacht na Slóvaice Uimh. 08204/2016/C410-SCLVD/04511 (
148
): Airteagal 6.6.1 lena dtagraítear d’Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún
(3)
Fógra ó Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Slóvaice Uimh. 331/2010 Coll. (
149
): mír 5c(1) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(4)
Acht Uimh. 56/2012 Coll. (
150
): mír 34(2) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(5)
Acht Uimh. 514/2009 Coll. (
151
): mír 23(2) agus mír 23(3), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
An tSlóivéin
(1)
An tAcht um Chonarthaí Iompair de Bhóthar (UL RS Uimhreacha 126/03, 102/07 agus 49/11 – ZPCP-2C) (
152
): Airteagal 41
(2)
An Fhoraithne um iompar traschórais (UL RS Uimhreacha 4/01 agus 49/13) (
153
): Airteagal 8
(3)
An tAcht um Iompar de Bhóthar (UL RS Uimhreacha 6/16) (
154
): Airteagal 109(1)
(4)
An Fhoraithne um chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le loingsiú ar dhramhaíl (UL RS Uimhreacha 78/16 agus 94/21) (
155
): tagairt d’Airteagal 16(c) agus Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(5)
An tAcht um Iompar Earraí Contúirteacha (UL RS Uimh. 33/06) (
156
): Airteagal 3, maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) agus Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(6)
Comhaontú idir Aire Iompair Phoblacht na Slóivéine agus Aire Cónaidhme Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta Phoblacht na hOstaire maidir le hiompar earraí contúirteacha trí thollán bhóthar Karavanka (
157
): Airteagal 3(4)
An Spáinn
(1)
Ordú FOM/2861/2012 an 13 Nollaig (
158
): Airteagal 1 agus Airteagal 3(1)
(2)
Ordú an 30 Meán Fómhair 1993 lena leagtar síos rialacha speisialta le haghaidh cineálacha áirithe iompair traschórais earraí idir Bhallstáit CEE (
159
): Airteagal 5
(3)
Rún an 21 Eanáir 2021 ón Ardrúnaíocht Iompair agus Soghluaisteachta (
160
): Iarscríbhinn. Caibidil 6. Pointe 6.3.2.6
(4)
Foraithne Ríoga 97/2014 (
161
),maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(5)
Foraithne Ríoga 412/2001 (
162
) maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
An tSualainn
(1)
Rialacháin Ghníomhaireacht na Sualainne um Theagmhais Shibhialta (MSBFS 2022:3) (
163
): Iarscríbhinn S Caibidil 11.1, Caibidil 16.4, Ranna 18.1.2-18.1.4
(2)
Rialacháin Ghníomhaireacht na Sualainne um Theagmhais Shibhialta (MSBFS 2022:4) (
164
): Iarscríbhinn S Caibidil 16.4
(3)
Reacht Dramhaíola (2020:614) (
165
): Caibidil 6 mír 19
(4)
Rialacháin Ghníomhaireacht Iompair na Sualainne (TSFS 2020:80) (
166
) maidir le slándáil eitlíochta: Caibidil 17 mír 4 lena tagraítear d’Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún
(5)
Rialacháin agus Treoirlínte Ginearálta Ghníomhaireacht Iompair na Sualainne (TSFS 2019:39) (
167
): mír 3
(6)
Reacht (SFS 1998:786) (
168
) maidir le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE): mír 3f agus mír 3g
An Ísiltír
(1)
Foraithne an 26 Deireadh Fómhair 1983 (
169
), lena leagtar síos rialacháin chun imbhualadh nó tiomáint a chosc ar na huiscí poiblí sa Ríocht, atá oscailte don loingseoireacht (Stb. 1984, 682), Airteagal 1.10(1b), lena dtagraítear d’Airteagal 8.1.2.1.b agus 8.1.2.1.c den Chomhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(2)
Foraithne an 15 Meán Fómhair 1994 (
170
), lena gcuirtear chun feidhme Rialacháin na bPóilíní maidir le loingseoireacht ar an Réin (Stb. 1994, 770), Airteagal 1.10(1t), lena dtagraítear d’Airteagal 8.1.2.1.b agus 8.1.2.1.c den Chomhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
(3)
Rialachán maidir le hiompar earraí de bhóthar (Stcrt. 2009, 75) (
171
), lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 2.13 den Acht um Iompar de Bhóthar (Stb. 2008, 492) (
172
): Airteagal 15(1) agus Airteagal 15(5)(b)(2)
(4)
Rialachán maidir le hiompar earraí contúirteacha de bhóthar (
173
): Airteagal 3, lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 2 d’Fhoraithne an 5 Meitheamh 1996 (Stb.1996, 297) (
174
), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)
(5)
Rialachán maidir le hiompar earraí contúirteacha d’iarnród (
175
): Airteagal 3, lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 2 d’Fhoraithne an 5 Meitheamh 1996 (Stb.1996, 297) (
176
), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Chuid 5 den Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF
(6)
Rialachán maidir le hiompar earraí contúirteacha d’uiscebhealaí intíre: (
177
): Airteagal 3, lena gcumasaítear na seiceálacha comhlíontachta in Airteagal 2 d’Fhoraithne an 5 Meitheamh 1996 (Stb.1996, 297) (
178
), maidir le ceanglais faisnéise i gcomhréir le Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN)
▼B
|
|
IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
|
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
1. Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
2. Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an ardán eFTI nó ar an soláthraí seirbhísí ardáin ar a ndéanfaidh sé measúnú.
Comhlacht ar le cumann gnó nó cónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar son gnóthas atá bainteach i ndearadh, monaraíocht, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil ardán eFTI nó soláthraí seirbhísí ardáin ar a ndéanann sé measúnú, d’fhéadfaí a mheas, ar choinníoll go léireofar a neamhspleáchas agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ag baint leis, gur comhlacht den sórt sin atá ann.
3. Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ina dhearthóir, ina mhonaróir, ina sholáthróir, ina shuiteálaí, ina cheannaitheoir, ina úinéir, ina úsáideoir ná ina chothabhálaí den ardán eFTI nó den soláthraí seirbhísí ardáin, nó ní bheidh sé ina ionadaí ar son aon cheann de na páirtithe sin.
Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh bainteach go díreach le dearadh, monarú nó tógáil, margaíocht, suiteáil, úsáid nó cothabháil an ardáin eFTI nó an tsoláthraí seirbhísí ardáin, nó ní dhéanfaidh sé ionadaíocht ar son na bpáirtithe a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Ní bheidh siad páirteach in aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar a neamhspleáchas breithiúnais nó ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dtugtar creidiúnaithe dóibh ina leith. Beidh feidhm ag an méid sin go háirithe maidir le seirbhísí sainchomhairleoireachta.
Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach rachaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí nó a bhfochonraitheoirí i gcion ar rúndacht, oibiacht nó neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.
4. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta le hionracas gairmiúil den scoth agus leis an gcumas teicniúil riachtanach sa réimse sonrach agus beidh siad saor ó gach brú agus gach dreasacht, go háirithe ó thaobh airgeadais de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, go háirithe i ndáil le daoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
5. Beidh ar chumas an chomhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta go léir a chur i gcrích a shanntar dó faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo, cibé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó a dhéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.
Beidh an méid seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta:
(a)
pearsanra ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí dhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;
(b)
cur síos ar na nósanna imeachta a ndéantar an measúnú comhréireachta dá réir;
(c)
nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an teicneolaíocht lena mbaineann.
Beidh an acmhainn ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ar mhodh iomchuí.
6. Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh:
(a)
oiliúint fhónta theicniúil agus ghairme a chumhdóidh na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta uile;
(b)
eolas sásúil faoi cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
(c)
eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo;
(d)
an cumas deimhnithe um chomhlíonadh, taifid agus tuarascálacha ina léirítear go ndearnadh na measúnuithe a dhréachtú.
7. Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh.
Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta barrleibhéil agus an phearsanra atá freagrach as cúraimí measúnaithe comhréireachta de chuid comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar líon na measúnuithe a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
8. Glacfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta árachas dliteanais mura bhfuil dliteanas glactha ag an Stát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó más é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.
9. Cloífidh pearsanra an chomhlachta um measúnú comhréireachta le rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis ar fad a gheofar agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo nó faoi aon fhoráil den dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dóibh, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.
10. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus sna gníomhaíochtaí rialála ábhartha nó áiritheoidh siad go gcuirfear a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe gníomhaíochtaí ar an eolas fúthu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|